Showing posts with label Comóradh. Show all posts
Showing posts with label Comóradh. Show all posts

9.9.19

Quare nó aisteach?

Bhí mé ag scríobh píosa cúpla lá ó shin ar Litríocht na hÉireann (Béarla). Mar chuid den taighde bhí mé ag breathnú ar stampaí na hÉireann ag comóradh scríobhnóirí na hÉireann. Ar ndóigh tá nios mó béim ar údair i mBéarla ach tá roinnt ag comóradh scríobhnóirí i nGaeilge. Uaireanta bhíonn troid ann le aitheantas a fháil ón bPost - mar shampla cheann Mhairtín Uí Chadhain. Ní dóigh liom go ndearnadh siad comóradh ar file Ghaelach ar bith ach tá Yeats i ngach áit!

Bíodh sin mar atá fuair mé amach rud éigin a bhí an aisteach dár liom.


Bhí comóradh ar 50 blian ó bhás Breandáin Uí Bheacháin sa bhliain 2014. Bhí searmanas ann le fógraíocht a dheanamh ar dhéaradh an stampa agus tháinig a iníon agus a garpháistí as Sasana don comóradh.

Chomh maith leis sin cuireadh preas ráiteas (Béarla) amach le pictiúir den stampa.

Má thugann tú faoi deara tá ainm an údair ar an stampa an soiléir "Breandán Ó Beacháin - 1923-1964."

Ach faoin am a fhoilsithe (20 Márta 2014) tháinig athrú ar an dearadh agus bhí leagan i mBéarla dá ainm scríofa air.

Meas tú cén fáth?
As leabhair na stampaí sa bhliain 2014 (Foilseacháin An Post - Nollaig 2014).

Preas Ráiteas 20 Márta 2014

11.11.18

Síochán agus aontas!

Chuireann Ciaraíoch an cheist i Nós ar maidin, "Cén fáth nach bhfuil tusa ag caitheamh an Phóipín?"
Tá rogha eile ann - Bluet na Fraince!

Ó thárla na toghchán i Meiriceá níos túisce sa seachtain thosaíomar ag breathnú ar an stáisiún CNN sin. Tá sé suimiúil agus an disfriúil ón na stáisiún nuachta ar an taobh seo den Atlantach.

Bleuet-de-France
Ar maidin bhí comóradh an sos cogaidh a chuir deireadh leis an gCogadh Mór 1914-18 ina bhfuair níos mó daoine bás ná in aon chogadh roimhe nó ó shin. Chuireamar an teilfís ar siúl agus ar na Stáisiún Sasanach - Nuacht BBC & Sky News bhí clúdach ar chomóradh sollúnta míleata i Londain agus an phóipín úd le feiscint i ngach áit. Ach ar na stáisiún nach bhfuil bunaithe i Sasana CNN & Euronews is beag póipín a bhí le feiscint. I ndairíre is beag tagairt a bhí á dheanamh ar bith don gcomóradh i Londain. Is ar an gcomóradh i bPáras a bhí a n-aird.

Cheap an breathnóir áirithe seo go raibh an searmanas ag "Cenotaph" na Breatine an chúng. "Ár saighdiúirí a fuair bás ar son an Rí is a dtír." Ar an lámh eile bhi an gcomóradh i bPáras an idirnáisiúnta. Cé gur léir gur sa bhFrainca bhí sé - agus bhí sé an Fhrancach - bhí an béim ar an lá atá inniú ann agus an dualgas atá ar ceannaire ár linne bheith ag troid ar son na síochána. Ní ar son náisiúnachas cúng a thógann ballaí ach ar son grá tíre uileghabhálach síochánta.

Bhí sé simplí a fheiscint go raibh súile an domhain ar Pháras agus an Eoraip agus ní ar an Ríocht Aontaithe. Ceacht do luchr Bhreatimeachta?

Má caitear an Phóipín cad tá á chomóradh? Síochán nó bua?

Páras, 11 Samhain 2018

3.8.18

Murlach - Mian Ruairí Mhic Easmainn.


Ar an lá seo (3 Lúnasa 1916) crocadh an cheannaire deireannach d'Éirí Amach na Cásca, Ruairí Mac Easmainn,  i bPentonville Sasana. Cuireadh ansin é go dtí na seascaidí nuair a thógadh thár n-ais go hÉireann é (1965). Tá sé curtha i nGlas Naoín (BÁC) ó shin. Is cosúil gur thastaigh uaidh féin a bheith curtha i gCré na Cille i Murlach atá suite ar bhruach Sruth na Maoile ag breathnú amach ar an bhfarraige agus ar Alban soir agus ó thuaidh uaidh.

Thugamar cuairt ar an áit álainn sin i rith na míosa seo caite agus tá crois adhmaid símplí ann. Tógadh an cros fhéin ann sa bhliaon 1903 mar comóradh ar an nGorta Mór is cosúil agus is dócha go ndéantar athnuachan ar ó am go h-am. Tá an cros anois tiomnaithe do Mhac Easmuinn anois agus dóibh siúd a bhí gníomhach i gcúrsaí Gaelach sa cheantair ag tús an chéid sin. Tá pictiúr greamaithe air de thógáil na croise den gcéad uair agus ainmneach na daoine faoi.

Tá dán "In Memoriam - Patrick McCarrick" ag a bun scríofa ag duine faoin ainm "Benmore." Ba poblachtánach ag tús an fichiú aois déag é Patrick McCarrick agus maraíodh é sa bhliain 1921 ag duine de na B-Speisialta.  Ní fios dom cérbh é Benmore an scríobhnóir. Bhfuil fhios ag éinne?

Seo roinnt pictiúirí a togadh ag tús na míosa seo againn.
Dán "Bhenmore!"
 "Take my body back with you and let it lie in the old churchyard in Murlough Bay." - Litir Mhic Easmainn dá cholcheathair Gertrude Bannister  ó Phentonville.


• Féach leis: Ruairí Mac Easmainn - Crann fuinseoige le cur ag an gCeathrú Rua! (Lúnasa 2016)

Foilsíodh píosa suimiúil ag Stair na hÉireann/History of Ireland chomh maith: "Roger Casement's last dying wish!"(3/8/2018)

1.8.16

Ruairí Mac Easmainn - Crann fuinseoige le cur ag an gCeathrú Rua!


Beidh TG4 i lathair nuair a chuirfear crann i gcuimhne ar chuairt 1913 Ruairi Mhic Easamainn ar Chonamara ag 1.00 ar an gCeadaoin seo ag Aras Ui Chadhain ar an gCeatharu Rua.

Tabharfaidh Cumann Liam agus Thomáis Uí Fhlaithearta chun cuimhne an saothar a rinne Ruairí Mac Easmainn ar son na hÉireann agus an cúnamh a thug sé do ghasúir scoile ar an gCeathrú Rua nuair a chuirfear crann ina onóir ar an mbaile sin ag a 1p.m. ar an 3ú Lúnasa. Sin é cothrom an lae ar chuir Impireacht na Breataine chun báis é.

Ruairí Mac Easmainn le John Devoy 2014
Sa mbliain 1913 thug Mac Easmainn cuairt ar Chonamara agus chuaigh sé isteach i gcuid de scoileanna an cheantair. Bhí Scoil Náisiúnta na Ceathrún Rua ar cheann acu. Scríobh sé cuntais ina dhiaidh sin ar an mbochtaineacht a chonaic sé. Bhí an cás chomh dona, a dúirt sé, le rud ar bith a bhí feicthe aige sa gCongó ná i measc na nIndiach Putumayo le bruacha na hAmasóine. Chuir sé ciste airgid ar bun le lón a chur ar fáil chuile lá do dhaltaí Scoil Náisiúnta na Ceathrún Rua. Ar na dreamanna a chuir airgead sa gciste bhí comhlacht Chadbury—lucht déanta na seacláidí.

A dtógaint ón gcúirt i Londain!

Ba iad Patrick agus Jane Tubridy an dá mhúinteoir a bhí sa scoil ag an am—sin-seanathair Ryan Tubridy, RTE, agus a bhean. Scríobh Jane Tubridy chuig Mac Easmainn ag glacadh buíochais leis faoina chúnamh. Ar sise: “No one but an eyewitness can fully realise the depth of their poverty. It is touching in the extreme to see them coming in, many of them half-naked, to partake of the daily meal.”

Is í Mairéad Mhic Dhonncha atá ina Príomhoide ar Scoil Mhic Dara na Ceathrún Rua anois. Dé Céadaoin, , an 3 Lúnasa, cuirfidh sise crann fuinseoige san áit a raibh an bhunscoil nuair a tháinig Ruairí Mac Easmainn an bealach i 1913. Ar an suíomh sin atá Áras Uí Chadhain inniu.

Is fiú a lua go raibh baint ag Ruairí Mac Easmainn le Árainn freisin, le Liam agus le Tomás Ó Flaithearta go háithrid.. Thug sé cuairt ar Scoil Náisiúnta Fhearann an Choirce agus bhronn sé leabhra ar Thomás Ó Flaithearta a bhí ina dhalta sa scoil ag an am.

Beidh fáilte roimh chuile dhuine ag plandáil an chrainn cuimhneacháin ag 1p.m. Dé Céadaoin, 3 Lúnasa 2016.

Tuairisc i mBearla faoin ocáid san Galway Advertiser 28 Iúl 2016

22.5.16

Réabhlóid i gCois Fharraige! #Éire2016


Club Scannán Sailearna ag reachtáil féile scannán i gConamara i 2016 mar chomóradh céad bliain ar Éirí Amach na Cásca 1916.

Tá an clár iomlán le fáil anois. Beidh scannáin Éireannacha faoin Éirí Amach agus Cogadh na Saoirse ach chomh maith le le sin beidh scannáin aitheanta idirnáisiúnta ar théama na réabhlóide á dtaispeáint freisean. Cinn  as an Fhrainc, an Pholainn agus ceann le hainm a cuireadh dán an Phiarsaigh i gcuimhne dúinn ó Chuba - "Soy Cuba!" (Mise Cuba!).

Táthar ag súil cainteoirí atá deimhnithe beidh na saineolaithe staire agus scannáin mar aon le scannánóirí aitheanta.

Bunaíodh Club Scannán Sailearna in 2007 agus ó shin i leith táthar ag taispeáint scoth na scannán sainealaíne idirnáisiúnta agus Gaelach thar dhá shéasúr in aghaidh na bliana don phobal. Cláraítear thart ar thrí scór ball leis an gclub gach séasúr agus bíonn taispeántais speisialta á n-eagrú ag an gclub go rialta a dhéanann céiliúradh ar scannánaíocht i mionteangacha agus faoi mhionchultúir.

I measc na cinn a thaitn go mór liom féin bhí "I mBéal na Stoirme" a léirigh streachailt John O'Brien agus iascairí beaga oileánda i gcoinne maorlathas an AE len saol a noileán a caomhnú. Troid atá fós ar siúl. Oíche eile a bhí an in omós do shaothar Bhob Quinn a thaispeánn pobal Chonamara iad fhéin ar an scálán mór don gcéad úair!

Mar a duradh tá an féile seo a eagrú mar chuid de chomóradh Éirí Amach na Cásca 1916.  Seo an clár:


Airithint anseo!
Tá ticéidí le fáil anseo!

Tá lóistín le fáil sna comharsanacht. Liosta anseo!

15.4.16

Reibiliún reibhléiseach beartaithe ar TG4.


Deir an seanfhocal linn nach bhfeicfidh ach an té a shiúlfaidh agus is mó fós a fheicfidh an té a bheadh in ann dul ar ais siar sa stair agus imeachtaí móra cinniúnacha ag tarlú. Sin go díreach mar atá sa sraithdhráma ar Éirí Amach na Cásca a chraolfaidh TG4 faoi cheann seachtaine.

Seo féinín eile a thóg muid le taobh an Fhir Mhóir!
Is beag atá ag tarlú sa saol ag triúr fear i mBaile Átha Cliath an lae inniu. Níl de spórt agus de chaitheamh aimsire acu ach a bheith ag déanamh athchruthú ar imeachtaí stairiúla 1916. Agus iad ag ullmhú do chleachtadh feistis, tugann bosca rúndiamhracht ar aistear ama iad, siar san am a caitheadh, go 1916, díreach roimh an Éirí Amach.

Ní túisce ann iad ná a dhéanann siad dearmad mór a chuireann athrú ó bhun ar an saol. Agus fios acu go bhfuil Éirí Amach na Cásca millte acu agus gan é tosaithe fiú amháin, caithfidh siad teacht ar phlean chun cúrsa na staire a choinneáil.

Dátaí Craolta
Mír 1 – SATHARN 23 AIBREÁN 9.30PM
Mír 2 – DOMHNACH 24 AIBREÁN 9.30PM
Mír 3 – LUAN 25 AIBREÁN 9.30PM
Cé go bhfuil faitíos agus imní orthu caithfidh siad féin anois an gaisce a dhéanamh.....agus go tapa. Ní foláir dóibh freisin filleadh ar ais ón stair agus go saol an lae inniu – ach cén sórt saoil a bheidh ann rompu, fiú má éiríonn leo san iarracht sin?

Is é an comhlacht aitheanta Tile Films (Béarla) a léirigh an tsraith seo do TG4 agus craolfar an trí chlár ar an gcainéal trí lá i ndiaidh a chéile, céad bliain díreach ó dháta an Éirí Amach féin. Fuair an togra maoiniú ó TG4, ó Údarás Craolacháin na hÉireann agus ó scéim tacaíochta atá bunaithe an Rialtais do thograí scannán teilifíse (Alt 481).

Chruthaigh cliar aisteoirí agus foireann léiriúcháin den chéad-scoth an saothar seo, bunaithe ar scéal a scríobh James Phelan, duaiseoir as a shaothar roimhe seo do TG4 (Rásaí na Gaillimhe). Ar na haisteoirí atá páirteach, tá Peter Coonan (Love/Hate), Owen McDonnell (Singlehanded), Sean T. Ó Meallaigh (Rásaí na Gaillimhe, Charlie), Jeanne O’Connor (Sineater), Enda Oates (Moone Boy), Eva Jane Gaffney (What Richard Did) agus Olga Wehrly (Dark Touch).

Is é Stephen Rooke, Tile Films, an Léiritheoir Feidhmeannach, Ruán Magan a stiúraigh, Anna Maria O’Flanagan a chuir in eagar agus Colm Whelan a bhí i mbun na gceamaraí.

Deir Micheál Ó Meallaigh, Stiúrthóir Coimisiúnaithe TG4 faoin togra “Bhí a fhos againn go mbeadh tograí teilifíse go leor á gcraoladh i mbliana a d’inseodh scéal an Éirí Amach i dtéarmaí na lom-staire agus is maith ann iad. Ach theastaigh uainn fosta casadh beag a bhaint as agus greann freisin, mar chuid amháin dár gcraolta iomadúla féin ar an gComóradh. Bíonn cúpla insint ar aon scéal agus ní mar mhagadh ná le mailís a thugamar tacaíocht don insint mhalartach seo ina gcuirtear an cheist ‘Céard a tharlódh dá mbeadh an cor áirithe seo sa scéal?’ Is fada bua na samhlaíochta agus an ghrinn ag an scéalaí Gaeilge agus seo súil eile ar imeachtaí cinniúnacha na linne sin.”

@TG4TV @tilefilms #Éire16

10.8.14

Mar a labhair Joe Steve i 1974! #OnaG74

Chun brú a chur ar Chonradh na Gaeilge é a bhogadh amach as an nGalltacht cuireadh Oireachtas Na nGael ar bun i Ros Muc i 1970, i dTír An Fhia i 1971, i gCorca Dhuibhne i 1972 agus i gCill Chiarán i 1973. D'éirigh leis an bhfeachtas agus reáchtáladh Oireachtas Na Gaeilge 1974 i gCois Fharraige (Conamara). Ó shin ar aghaidh bíonn an tOireachtas ag bogadh suímh ó bhliain go bliain agus é ag dul ó neart go neart.
Joe Steve i 1974 agus 2014
Joe Steve Ó Neachtain a rinne aitheasc na h-oscailte ag Oireachtas na Gaeilge 1974, sa bPoitín Stil ar an Aoine, 6 Meán Fómhair 1974. Agus ar shuíomh  Chumainn Forbairt Chois Fharraige tugann sé cuireadh don saol Fodhla teacht go Chois Fharraige ag comóradh na h-ocáide.

Seo mar a labhair sé ina a aitheasc oscailte sa bhliain 1974. (Is féidir éisteacht leis ar chraoladh de chuid Raidío na Gaeltachta ar an suíomh chomh maith.)

"Céad míle milliún fáilte roimh gach mac is iníon máthar agaibh as cheithre airde na tíre.

Fáilte go Cois Fharraige, go Cois Caoláire, go Cois Carraige, go cois aibhne, go cois locha, go cois sléibhe, go ceartlár na Gaeltachta, go dtí rútaí aibí na teanga Gaeilge, go dté bhur dturas chun sochair agus chun tairbhe daoibh. Go mba seacht fearr a théas bhur dturas chun tairbhe do mhuintir an cheantair seo. Beidh sibh ar feadh seachtaine i measc muintir atá cúthail, umhal agus ar bheagán onóra. Muintir atá lách, fáilteach, fial, flaithiúil agus gáireach. Seanmhuintir a d’fhulaing cruatan agus a changail cír ar bhochtanas, óg mhuintir a dhúisigh.

Scór bliain ó shin b’í an iothlainn, an tom, nó cró na mbéithígh a bhí mar leithreas ag 95% de mhuintir an cheantair seo. Ba é an buicéad nó an ceaintín a thógadh isteach uisce te agus uisce níocháin. Ba é an faocha, an báirneach, an scadán goirt, an fata agus braon leamhnachta a t-anlann ab fhairsinge. Ba í an imirce a bhí mar aidhm ag gach malrach scoile. Bhí an ceantar cosúil le monarcha mór amháin ag togáil clainnne le h-ollmharú thar sáile. An bhféadfadh duine ar bith agaibh gan a bheith bródúil as muintir a tháinig chomh fada seo chun cinn le scór bliain? Muintir a chuir deireadh le goirteanas as súl na ndeorachtaí, tré mhonarchain a éileamh agus a fháil. Muintir nach raibh sásta le geallúíntí ach a chuir uisce reatha ar fáil lena gcuid allais féin. Muintir atá anois ríméadach as a bheith ábalta an fhéile mhór seo a reáchtáil ina gcenatar féin. Muintir nach bhfuil ach ag tosnú ag borradh agus nach staonfaidh dá n-iarracht nó go mbíonn siad féin go h-iomlán ina máistrí ar a ngnóthaí.

Tá muid faoi chomaoin ag an gCumann Forbartha, tá muid faoi chomaoin ag an gComharchumann agus tá an ceantar faoi chomaoin ag lárchoiste an Oireachtais i mBleá Cliath a thug chuile chabhair agus chuile chúnamh go fonnmhar.

onagbad1aTá seachtain mhór anois romhainn, seachtain ghaelach spóirtiúl. Níl de chumhacht agam é a chur de gheasa oraibh ach cuirim parúl oraibh, coinnigh an tseachtain gaelach spóirtiúil. Le ceol nó le hól ná cloisim buille ná bagairt, sciolladh ná feannadh a bheith mar ábhar náire go brách ag ceachtar agaibh.

Sé samhail an Oireachtais seo ach crann a bhí ag fás i mBleá Cliath le leathchéad bliain. I ndeireadh na bliana seo caite, tosnaíodh ag bogadh rútaí an chrainn de réir a chéile. Ó fhréamh go fréamh is ó chraobh go craobh hardaíodh an crann ollmhór trasna na tíre. Faoi láthair tá rútaí an chrainn ag baint greim amach i nDúrabán Gaelach Chois Fharraige. Is beag an siota a leagfadh é.

Sibhse gur meas libh an Ghaeilge, sibhse gur meas libh an Ghaeltacht, sibhse gur meas libh an fhéile seo, cruinnigí timpeall an chrainn, cuirigí bhur ndroim mar thaca is spreacadh leis. Cosnaigí géagáin na mblianta agus craobha úra na bliana seo ar an gcuaifeach gallda is ar an stoirm aineolais a d’fhág is atá ag fágáil na Gaeltachta chomh cúng is atá sí…

Os ar mo chrann a tháinig leac oighre na mblianta a bhriseadh, santaím uair na hachainí. Guím dea-chomharsanacht agus fáilte chun féile, a mhuintir uile na hÉireann.

Fógraím go bhfuil an chéad mhaidhm de rabharta stairiúil Oireachtas ’74 tar éis briseadh ar Chois Fharraige."

Tá comóradh Oireachtas na Gaeilge 1974 i gCois Fharraige le bheith ar siúil 24 - 28 Meán Fomhair 2014.

20.11.12

Comóradh ar éagóir Mhám Trasna 1882


Beidh ócáid chomórtha ar siúl i nGaillimh i lár mhí na Nollag mar ómós do Mhaolra Seoighe, a cuireadh chun báis go héagórach 130 bliain ó shin. Ciontaíodh é as a bheith páirteach i ndúnmharú teaghlaigh i Mám Trasna ar theorainn na Gaillimhe agus Mhaigh Eo sa bhliain 1882: crochadh agus cuireadh é ar láthair phríosún na Gaillimhe san áit a bhfuil Ardeaglais na Gaillimhe anois.
Ceantair Mhám Trasna (Pic: SÓ Mainin)
Fear Gaeltachta gan Bhéarla a bhí ann ach ní raibh aon Ghaeilge ag an dlíodóir nó ag na h-abhcóidí a bhí á chosaint os comhair cúirte i mBaile Átha Cliath. Ní raibh aon Ghaeilge ag an mbreitheamh ná ag baill an ghiúiré agus níor thóg sé ach faoi bhun 6 nóiméad orthu teacht ar chinneadh go raibh sé ciontach. Rinneadh neamhaird dá fhianaise i nGaeilge, coinníodh siar ón gcúirt fianaise a chabhródh lena chosaint agus thug brathadóirí fianaise bhréige ina aghaidh.

Beidh an ócáid chomórtha ina ómós á heagrú i bpáirt le chéile ag Oifig an Choimisinéara Teanga, Músaem Cathrach na Gaillimhe (Béarla) agus Conradh na Gaeilge. Fógraíodh eolas faoin ócáid inniu (20 Samhain 2012) cothrom an lae 130 bliain ó shin ar cuireadh deireadh le triail Mhaolra Seoighe agus ar gearradh pionós an bháis air i gCúirt Shráid na Faiche i mBaile Átha Cliath.

Beidh an ócáid ómóis ina thaca d’fheachtas atá ar bun sa Bhreatain ag roinnt ball de Thithe na Parlaiminte ansin faoi cheannaireacht na dTiarnaí Alton agus Avebury tabhairt ar údaráis na Breataine anois féachaint athuair ar chás Mhaolra Seoighe agus a fhógairt go raibh iomrall ceartais i gceist agus gur go héagórach a ciontaíodh agus a cuireadh chun báis é.

Uaigh Mhaolra Seoighe
Beidh gnéithe difriúla sa chomóradh atá beartaithe ar Mhaolra Seoighe Dé Sathairn an 15 Nollaig 2012, cothrom an lae go díreach ar crochadh é, 130 bliain ó shin. Beidh Aifreann ina chuimhne san Ardeaglais agus bláthfhleasca á leagan ar an áit ar crochadh é agus a bhfuil sé curtha faoin tarmac sa charrchlóis in aice na hArdeaglaise. Beidh siompóisiam i Músaem na Cathrach agus imeasc na gcainteoirí beidh an staraí, an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh; an Tiarna Alton ón mBreatain, arbh as Tuar Mhic Éadaigh dá mháthair; agus Johnny Joyce ó Bhaile Átha Cliath, duine de shliocht na Seoigheach a dúnmharaíodh i Mám Trasna agus as ar ciontaíodh Maolra Seoighe. Beidh taispeántais, léitheoireacht as sleachta stairiúla agus scannán de chuid RTÉ faoi Mhám Trasna mar chuid den ócáid freisin agus imeachtaí eile a bheidh le fógairt amach anseo.

Tá an clár i bhfoirm pdf le fáil anseo.

Dúirt an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, go raibh cás Mhaolra Seoighe ar cheann de na léirithe is suntasaí agus is truamhéalaí dá raibh riamh ann ar shéanadh ar chearta teanga. “Tráth a bhfuil cearta teanga an phobail daingnithe le dlí anois, níor cheart dearmad a dhéanamh ar chásanna cosúil le cás Mhaolra Seoighe, a léirigh gur dheacair cothrom na Féinne a fháil an uair sin faoin dlí gan Bhéarla”. Mheabhraigh sé an méid a tuairiscíodh a dúirt Maolra Seoighe féin agus é á thabhairt chuig crann a chrochta: “Feicfidh mé Íosa Críost ar ball beag –crochadh eisean san éagóir freisin.”

Dúirt Breandan Ó hEaghra ó Mhúsaem Cathrach na Gaillimhe go raibh áthas ar an Músaem a bheith páirteach sa chomóradh seo. “Cuid de stair na cathrach, an chontae agus na tíre é an méid a tharla do Mhaolra Seoighe. Ar nós aon mhúsaeim, tá ról tábhachtach againn i meabhrú na staire don ghlúin reatha agus do chaomhnú na gcuimhní do na glúnta atá le teacht” a dúirt sé.

Dúirt Peadar Mac Fhlannchadha ó Chonradh na Gaeilge gur dheacair a shamhlú anois an éagóir a rinneadh ar Mhaolra Seoighe agus ar dhaoine eile a chaith blianta i bpríosún as dúnmharuithe Mhám Trasna. “Tharraing an cás Gaeltachta seo raic a mhair ar feadh na mblianta i bParlaimint Westminster agus bhí sé ar cheann amháin de na cúiseanna gur thit Rialtas Liobrálach William Gladstone in 1885nuair a thacaigh na teachtaí Éireannacha faoi cheannas Charles Stewart Parnell leis na Tóraithe faoi cheannas Randolph Churchill.”

As an ochtar a ciontaíodh as dúnmharuithe Mhám Trasna, crochadh triúr ach glactar leis go coitianta go raibh duine amháin acu sin, Maolra Seoighe, neamhchiontach. Cuireadh pian seirbhís saoil ar an gcúigear eile agus bhásaigh beirt acu i bpríosún. Tuigtear go raibh ceathrar de na príosúnaithe neamhchiontach freisin. As an triúr a mhair, scaoileadh saor beirt deartháireacha agus nia le Maolra Seoighe, nuair a bhí fiche bliain príosúin déanta acu i 1902.

De réir na staire agus na dtaifead oifigiúil, áfach, ba dhúnmharfóirí iad ar fad.

Fógrófar mioneolas faoin gcomóradh sna seachtainí romhainn.

16.11.12

Ceiliúradh 40 Bliain RTÉ Radio na Gaeltachta



Tiocfaidh laochra an tsean-nóis le chéile i gcathair na Gaillimhe oíche Shathairn seo chugainn, 24 Samhain, ag ócáid atá a eagrú ag Club Áras na nGael mar chomóradh ar bhunú Raidió na Gaeltachta 40 bliain ó shin.

Bheartaigh an Club nasc a dhéanamh idir chomóradh Raidió na Gaeltachta agus an amhránaíocht ar an sean-nós mar aitheantas ar thábhacht an Raidió i gcur chun cinn an tsean-nóis sa tréimhse sin.

Is í Treasa Ní Cheannbháin a bheidh mar bhean an tí don oíche agus i measc na haíonna a bheidh sa Chlub beidh laochra Iorras Aithneach, Johnnie Mháirtín Learaí Mac Dhonnchadha, Joe John Mac an Iomaire agus Josie Sheáin Jeaic. Ar ndóigh is iomaí amhránaí eile a bheidh i láthair chomh maith agus tá oíche den scoth geallta.

Beidh neart ceoltóirí le cloisteáil chomh maith agus cuirfear tús leis an tsiamsaíocht ag 9.30i.n.

14.11.12

Féilscríbhinn do Chathal Ó Háinle!

Tá Féilscríbhinn do Chathal Ó Háinle, ceann de na leabhair Ghaeilge is mó riamh, le foilsiú i mí na Samhna 2012.

Feileann leabhar mór do Chathal Ó Háinle, Ollamh Emeritus le Gaeilge i gColáiste na Tríonóide. Tá sé aitheanta mar dhuine de scoláirí móra na Gaeilge ón am a d’fhoilsigh sé a chéad alt acadúil leathchéad bliain ó shin. Ceiliúradh is ea an leabhar seo ar a bhfuil déanta aige do léann na Gaeilge ón am sin i leith.

Tá breis is míle leathanach ann agus breis is daichead alt ardchaighdeáin le saineolaithe ar mhórán chuile ghné de shaíocht na Gaeilge, ó ré na Sean-Ghaeilge anuas go béaloideas ár sinsear agus go litríocht an lae inniu. Tá na hailt go léir as Gaeilge, le péire acu as Gaeilge na hAlban.

Beirt léachtóirí i Roinn na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide – Eoin Mac Cárthaigh agus Jürgen Uhlich – a chuir an leabhar in eagar. Tá sé á fhoilsiú ag An Clóchomhar / Cló Iar-Chonnacht.

Deir Damian McManus, Ceann Roinn na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide, “Táim thar a bheith sásta go bhfuil an leabhar breá seo á fhoilsiú. Léiríonn sé an t-ardmheas atá ag lucht léinn na Gaeilge ar an Ollamh Ó Háinle. Is maith atá an t-aitheantas seo tuillte aige.”
Bhí slua mór de phobal na Gaeilge i láthair i gColáiste na Tríonóide Déardaoin 22 Samhain nuair a seoladh ceann de na leabhair Ghaeilge is mó riamh, Féilscríbhinn do Chathal Ó Háinle.

12.2.12

Stampaí do na nGael

Gach bhliain bíonn An Post ag lorg moltaí don chlár na stampaí. Tógann sé cuíosach fada ar mhuintir An Phoist a naigne a dhéanamh suas agus is cosúil gur sin an fáth go mbíonn ar dhaoine smaoineamh ar rudaí gur chóir dóibh iad a chomóradh. Tá an teolas go léir le fáil (i mBéarla ar ndóigh) ar suíomh an Phoist anseo: Stamp Programme!

Brian, Impire na nGael
941-1014AD
Deireann siad go mbeadh fáilte roimh aon moltaí roimh an 29 Feabhra 2012 don bhliain 2014!

Seo roinnt moltaí atá agamsa:
• Cath Chluain Tarbh agus bás Bhriain Bóirmhe: 1014 (Míle Bhliain)
• Tús an Chead Chogadh Domhanda comóradh 100 Bliain.
• Dónal Ó Corcora (1864-1964) Caoga bliain óna bhás! Údar, Péintéar, Scolaire. Údar "The Hidden Ireland"
• Pádraig Ó Siochfhradha - An tSeabhach - (1883-1964) Caoga bliain óna bhás, Údar Jimín Máire Thaidhg agus Seanadóir.
• Ar an 23 Feabhra 2004 a ceapadh Seán Ó Cuirreáin ina chéad Choimisinéir Teanga de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tá deich mbliana á chomóradh mar sin ar a oifig sa bhliain 2014.

Tá an-chuid eolais le fáil faoi daoine agus a ndátaí le fáil in ainm.ie. Is fiú go mór breathnú ar na leathanaigh sin.

Is ceart go mbeadh na Gael á gcomóradh ar stampaí agus níl ach na Gael chun iad a mholadh!