1.8.16

Ruairí Mac Easmainn - Crann fuinseoige le cur ag an gCeathrú Rua!


Beidh TG4 i lathair nuair a chuirfear crann i gcuimhne ar chuairt 1913 Ruairi Mhic Easamainn ar Chonamara ag 1.00 ar an gCeadaoin seo ag Aras Ui Chadhain ar an gCeatharu Rua.

Tabharfaidh Cumann Liam agus Thomáis Uí Fhlaithearta chun cuimhne an saothar a rinne Ruairí Mac Easmainn ar son na hÉireann agus an cúnamh a thug sé do ghasúir scoile ar an gCeathrú Rua nuair a chuirfear crann ina onóir ar an mbaile sin ag a 1p.m. ar an 3ú Lúnasa. Sin é cothrom an lae ar chuir Impireacht na Breataine chun báis é.

Ruairí Mac Easmainn le John Devoy 2014
Sa mbliain 1913 thug Mac Easmainn cuairt ar Chonamara agus chuaigh sé isteach i gcuid de scoileanna an cheantair. Bhí Scoil Náisiúnta na Ceathrún Rua ar cheann acu. Scríobh sé cuntais ina dhiaidh sin ar an mbochtaineacht a chonaic sé. Bhí an cás chomh dona, a dúirt sé, le rud ar bith a bhí feicthe aige sa gCongó ná i measc na nIndiach Putumayo le bruacha na hAmasóine. Chuir sé ciste airgid ar bun le lón a chur ar fáil chuile lá do dhaltaí Scoil Náisiúnta na Ceathrún Rua. Ar na dreamanna a chuir airgead sa gciste bhí comhlacht Chadbury—lucht déanta na seacláidí.

A dtógaint ón gcúirt i Londain!

Ba iad Patrick agus Jane Tubridy an dá mhúinteoir a bhí sa scoil ag an am—sin-seanathair Ryan Tubridy, RTE, agus a bhean. Scríobh Jane Tubridy chuig Mac Easmainn ag glacadh buíochais leis faoina chúnamh. Ar sise: “No one but an eyewitness can fully realise the depth of their poverty. It is touching in the extreme to see them coming in, many of them half-naked, to partake of the daily meal.”

Is í Mairéad Mhic Dhonncha atá ina Príomhoide ar Scoil Mhic Dara na Ceathrún Rua anois. Dé Céadaoin, , an 3 Lúnasa, cuirfidh sise crann fuinseoige san áit a raibh an bhunscoil nuair a tháinig Ruairí Mac Easmainn an bealach i 1913. Ar an suíomh sin atá Áras Uí Chadhain inniu.

Is fiú a lua go raibh baint ag Ruairí Mac Easmainn le Árainn freisin, le Liam agus le Tomás Ó Flaithearta go háithrid.. Thug sé cuairt ar Scoil Náisiúnta Fhearann an Choirce agus bhronn sé leabhra ar Thomás Ó Flaithearta a bhí ina dhalta sa scoil ag an am.

Beidh fáilte roimh chuile dhuine ag plandáil an chrainn cuimhneacháin ag 1p.m. Dé Céadaoin, 3 Lúnasa 2016.

Tuairisc i mBearla faoin ocáid san Galway Advertiser 28 Iúl 2016

No comments:

Post a Comment