2.5.16

Céad bliain is an lá inniú - 2 #Éire2016

Mar dúirt mé níor luadh ar an cáipéis dár dáta 29 Aibreáin 1916 cén áit ina raibh mo shean-athair i rith an éirí amach. Nuair a éisíodh an pás féin, trí lá ina dhiaidh san tá sé ráite gur in nDeilginis atá sé. Tá sé i bhfad níos soiléire ná an iarratas féin agus cé nach bhféacann an pás chomh proifisiúnta is léir go bhfuil cléireach anois ag obair á scríobh amach iad agus go gcuireann an maor a shiniú leis le stampa (W.W. Rhodes Major APM).*

Killiney House, Deilginis sa bhliain 1920
 Mo Shin Sean Athair James McCabe ag an ndoras!
Bhí muintir mo shean mháthair ina gcónaí in dteach ansin ar a dtugtaí Killiney House. Tá an teach fós ann ag deireadh Sr an Chaisleáin i nDeilginis. Is cosúil gur chuige sin a chuaigh an clann l'aghaidh saoire na Cásca.  Éisíodh an Pás seo ar an 2ú lá Bealtaine. Bhí sínitheoirí an Fhorógra fós ina bheatha ach bhí an-chuid daortha chun bháis.

Ar an lá dár cionn bheadh an Piarsach féin, Tomás Ó Cléirigh agus Tomás Mac Donnachadha curtha chun bháis.

Níl fhios againn conas ar thaistil sé istigh nó an raibh na traenacha ag obair chomh luath san. Tá stáisiún traenach i nDeilginis. Níl fhios again cén saghas comhrá a bhí idir mo Shean Atahir agus mo Shean Mháthair nó lena muintir. Ní rabhadar pósta ach 9 mbliaina agus bhí cúigear clainne ann. Cad dúradar leis na páistí. Ní fios dom agus ní dóigh liom go mbeadh fhios ag éinne ar an taobh seo den uaigh!

* Rinne mé Maor Rhodes a googláil agus tá seans ann gur eisean a bhí i bhfeidhil scuaid lámhaigh na gceannairí. Féach anseo (Béarla).



Cá raibh tusa in 1916? Mo Dhaideo ag tús an 20ú Chéid Is cuimhin liom an cheist sin a chur ar mo shean athair agus cé nach raibh sé p...

No comments:

Post a Comment