Showing posts with label Comortas. Show all posts
Showing posts with label Comortas. Show all posts

9.11.15

Réalta na Mara as Máigh Cuileann ag dul soir go Sofia!

Amhrán na hÉireann roghnaithe do Chomórtas Amhránaíochta Sóisearach Eorafíse ar TG4.

Thug cailín óg as Maigh Cuilinn i gConamar, an chraobh náisiúnta léi aréir. Seasfaidh sí an fód don tír seo nuair a ghlacfaimid páirt, den chéad uair riamh, sa gComórtas Amhránaíochta Sóisearach Eorafíse (Béarla) i Sofia na Bulgáire faoi cheann coicíse.

Aimee Banks (Pic TG4)
Is í Aimee Banks, 13 bliain, an t-amhránaí a roghnaigh na moltóirí aitheanta, Niamh Kavanagh, Brian Kennedy agus Stiofán Ó Fearaíl ag deireadh sraithe teilifíse inar ghlac 32 amhránaí páirt sa gcraobh náisiúnta. Réalta na Mara is teideal don amhrán buacach a chum Aimee i bpáirt le Niall Mooney, Jonas Gladnikoff agus Brendan McCarthy.

Bhí iomaitheoirí ann as gach ceard den oileán agus amhráin nua-chumtha Gaeilge acu, féachaint leis an gcraobh Éireannach a bhuachan ar dtús agus ansin dul chuig na babhtaí ceannais Eorpacha.

Leath-chúpla í Aimee, dalta sa dara bliain i gColáiste na Coiribe, Gaillimh. Is amhránaí cáiliúil í cheana féin agus gan í ach ag tús a ré.

Aimee Banks (Pic: America Protégé)
Bhuaigh sí an duais ab airde ón gcomórtas American Protégé le gairid agus beidh sí ar an ardán i Halla Carnegie i Nua Eabhrac, ceann de mhór ionaid ceoil an domhain, faoi cheann míosa, 19 Nollaig. Thug sí ocht gcraobh clasaiceach léi ón bhFeis Ceoil 2015, príomh-chomórtas ceoil clasaiceach na tíre agus tá duaiseanna, Amhránaí is Fearr agus sparánacht buaite aici freisin ó Fheis Cheoil Lártíre 2015.

Tá dlúthdhiosca eisithe aici, My Classical Spirit agus is d’Oispís Laura Lynn a thiomnaigh sí uaidh. Anois agus Craobh na hÉireann sa Junior Eurovision buaite aice, an chéad duine riamh a rinne an éacht seo, tá tuilleadh taistil roimpi mar go mbeadh sí ag glacadh páirt sa gCraobh Eorpach a bheidh ar bun san Armeec Arena i Sofia na Bulgáire agus a bheo-chraolfar ar TG4 ar an Satharn 21 Samhain ag 6.30pm. Tá an Chraobh seo ar bun le trí bliana déag agus glacfaidh 17 páirt i gcomórtas na bliana seo.


11.5.11

Grand Prix ag TG4

Thuill clár faisnéise as iarthuaisceart Maigh Eo an duais Eorpach is airde ar fad do TG4 ag comórtas Circom 2011 (Béarla)  i Timisoara na Rómáine ag deireadh na seachtaine seo caite. Thug an scannán An Píopa an phríomhdhuais, an Grand Prix, leis ó Circom chomh maith leis an duais sa rannóg Faisnéise.

Tá cáil agus duaiseanna go leor eile sa mbaile agus i gcéin bainte amach cheana féin ag an scannán faisnéise seo, léargas ón taobh istigh ar an scoilt i bpobal beag in iarthuaisceart Mhaigh Eo faoin leas nó a mhalairt a dhéanfaidh críochfort agus píobán gáis atá á dtógáil ansin.

Fear áitiúil, Risteárd Ó Domhnaill, a stiúraigh an saothar agus fuair sé maoiniú don togra ó TG4, ó Údarás Craolacháin na hÉireann agus ó Bhord Scannán na hÉireann. Tá go leor duaiseanna aitheanta faighte ag an scannán seo cheana, ina measc an duais IFTA 2011 do Chlár Fada Faisnéise, Duais an Lucht Féachana ag Fleadh Scannán na Gaillimhe 2010 agus an duais fhaisnéise ag Féile na Meán Ceilteach 2011 i Steórnabhagh ar Oileán Leodhais in Albain an mhí seo caite.

Is é Circom cónaidhm na stáisiún réigiúnach teilifíse san Eoraip ina bhfuil os cionn 300 stáisiún ar fad as 38 tír páirteach. Tá ard-mheas ar a chuid comórtas agus bíonn caighdeán an-ard ag na saothair a bhíonn san iomaíocht iontu. Is í seo an ceathrú huair le deich mbliana a bhfuair cláracha TG4 duaiseanna ón gcomórtas ach an chéad uair an Grand Prix, an duais is airde ar fad ó Circom, buaite ag TG4.

D’fháiltigh Proinsias Ní Ghráinne, Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4, roimh an aitheantas idirnáisiúnta is deireanaí seo do shaothar an chainéil. “Is deas an rud i gcónaí duais a fháil,” a dúirt sí “ach is deise fós gradam ónár gcomhghleacaithe Eorpacha. Deimhníonn sé go bhfuil fiúntas inár gcuid clár agus meas ar ár gceardaíocht ag lucht teilifíse ó chultúir atá an-éagsúil linn.”

11.2.11

Comórtas Uí Néil 2011

Comórtas Uí Néill, comórtas filíochta a eagraíonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge le linn Chuairt na bhFilí Albanacha ar Éireann, oscailte go hoifigiúil le haghaidh iarratas anois. Is comórtas dátheangach é seo, do dhánta scríofa i nGaeilge na hÉireann nó Gàidhlig na hAlban.

Roghnófar na hocht ndán nuachumtha is fearr i gcibé teanga (Gaeilge nó Gàidhlig) agus gheobhaidh na húdair deis a ndán a léamh ag oíche mhór an chomórtais ag Cois Teallaigh, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Baile Átha Cliath 2 ar Déardaoin 7 Aibreán 2011. 

Níl aon táille iontrála chun cur isteach ar an gcomórtas seo agus níl aon srian ar na dánta ó thaobh téama de.   Beidh duais airgid de €500 don bhuaiteoir arís i mbliana agus foilseofar an dán buacach ar an iris Comhar agus sa nuachtlitir Eolas.

Tá an comórtas filíochta seo á eagrú ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ó bhí 2008 ann, agus ba iad Niall Gordon, Tadhg Ó Dúshláine agus Prionsias Mac a’Bhaird na filí buacacha go dtí seo.

Glacfar le hiarratais trí ríomhphost amháin, roimh Dé Céadaoin, 16 Márta 2011 ag meánlae.