Showing posts with label Gradam. Show all posts
Showing posts with label Gradam. Show all posts

7.4.17

Gradam iriseoireachta ag RnaL.

Bhí an bua aréir ag craoltóirí Raidió na Life Dónal Ó Catháin (ar chlé) agus Oisín Ó Catháin sa rannóg Raidió Trí Ghaeilge ag gradaim Smedias 2017!

Bronnadh an gradam ar an mbeirt mhac léinn ón Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath atá ina láithreoirí ar an gclár Craic Uí Chatháin gach Luan idir 18:00-19:00 ar Raidió na Life, ag searmanas bronnta galánta i Staid Aviva oíche Dhéardaoin.

Arsa Dónal agus Oisín (le chéile?): "Tá ríméad an domhain orainn bheith ag fáil an Ghradaim seo. Ainmníodh sinn i measc craoltóirí cumasacha, cuid mhaith acu ón stáisiún céanna linne i Raidió na Life. Bhí sé iontach aitheantas a fháil i measc phobal na meán Gaelach agus na meán náisiúnta. Rinneamar vox pop le Cian Mac Cárthaigh (iarChlár-Reachtaire Raidió na Life) ag tús na hoíche, agus ní rabhamar ag súil go mbeadh an duais againn níos déanaí san oíche! Is breá linn go háirithe an tsaoirse a thugann RnaL dúinn bheith ag déileáil le réimse leathan topaicí. Bíonn ábhair throma agus éadroma ar aon inár seó, chomh maith le ceol ailtéarnach agus neamhchoitianta den uile sheánra. Ní fhéadfaí a leithéid de rud a dhéanamh ar stáisiún tráchtála Béarla!"

“Táimid thar a bheith bródúil as Dónal agus Oisín as an gradam seo a bhuachaint," a dúirt Muiris Ó Fiannachta, Bainisteoir Stáisiúin Raidió na Life. " Beirt láithreoir óg le talann agus beocht iontach is ea iad. Clár den scoth is ea Craic Uí Chatháin agus é ar cheann de bhuaicphointí na gclár atá curtha i láthair ag mic léinn ollscoile ar an stáisiún. Déanaimid ar fad i Raidió na Life comhghairdeas ó chroí leo.”

Is iad na Smedias na gradaim náisiúnta bhliantúla d’iriseoireacht ag mic léinn tríú leibhéil na tíre.

Bhí beirt craoltóirí deonacha eile de chuid Raidió na Life ainmnithe sa rannóg Raidió trí Ghaeilge aréir freisin: Ailbhe Ní Riain (ar dheis), mac léinn in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha a chuireann An Meangadh Mór i láthair gach Céadaoin idir 16:30-18:00 agus Aindriú de Paor, mac léinn in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, a bhíonn le cloisteáil mar chomhláithreoir ar An Bricfeasta Blasta gach Luan agus Céadaoin idir 08:00-09:00.

Bhí craoltóir eile le Raidió na Life, Erin Lindsay, ainmnithe sa rannóg ‘Iriseoireacht trí Ghaeilge – Scríofa’, fosta. Comhláithreoir í Erin ar Fios Feasa gach Céadaoin idir a 20:00-21:00 agus tá sí sa cheathrú bliain ar chúrsa céime iriseoireachta in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath. Chaith Erin trí mhí ar thaithí oibre le Raidió na Life i 2016 mar chuid dá cúrsa céime. Fuair Dónal Ó Catháin ainmniúchán eile sa rannóg seo chomh maith.

Tá foireann Raidió na Life iontach bródúil ní hamháin as na Cathánaigh as ucht an gradam mór do Raidió trí Ghaeilge a bhuachaint aréir, ach as na saorálaithe go léir a hainmníodh sna gradaim i mbliana. Léirigh an líon mór ainmniúchán a fuair craoltóirí éagsúla ó Raidió na Life sna Smedias an nasc tábhachtach atá ag Raidió na Life le mic léinn agus le daoine óga atá agus a bhíonn ag foghlaim ceird na craoltóireachta is na hiriseoireachta.

Éist le Raidió na Life ar 106.4FM i mBaile Átha Cliath, beo ar líne anseo agus ar an aip An Seinnteoir Raidió, atá ar fáil saor in aisce do ghléasanna soghluaiste ar iTunes agus ar Google Play.

11.10.14

Aistear ó thuaidh sa bhFomhair!

Bhí an lá go h-álainn inné.

Thugamar sciuirdín beag ó thuadh go dtí an Chlochán mar is nós dúinn ó am go h-am. Nuair atá muid sa chomharsanacht  buaileann muid isteach chuig ár gcáirde, Muintir Roberts sa teach deataigh (Bearla) ag barr ché Bhun Abhann in Áille Breach. Is teach céardaí atá ansin a bhfuil cáil air ar fud na hEorpa. Cuirtear a chuid earraí bradán, ronnach agus túnaín deatach agus bradán deanta d réir nós Lochlannach - gravadlax chuig chustaiméirí ar fud na mór-roinne.

Nuair a thánamar  amach ón dteach thug mé faoi deara an radharc ar na sléibhte ón gcaladh agus ghlach mé an bpictiúir thuas. Nach álainn an radharc é ag breathnú ó thuaidh ar an Beanna Beola i dtuaisceart Chonamara?

Ansin ar aghaidh linn chuig an baile agus lón deas i Mitchel's. Bhuaigh siad duais Georgina Campbell don Phroinnteach Mara is Fearr (Béarla) sa tír 2015.Bhí béile breá ansin againn, mangach mín le diúilicíní blásta. Bhí sceaimpí cloicheáin Ros a'Mhíl ag mo chompánach. Blásta!

Thiomáineamar abhaile ansin ag breathnú agus muid ag breathnú ar an íontas agus an saibhreas dúlra ar gach taobh den mbóthar go dtí gur shriochamar an baile s'againne!

Bhí an lá go h-álainn inné


11.5.11

Grand Prix ag TG4

Thuill clár faisnéise as iarthuaisceart Maigh Eo an duais Eorpach is airde ar fad do TG4 ag comórtas Circom 2011 (Béarla)  i Timisoara na Rómáine ag deireadh na seachtaine seo caite. Thug an scannán An Píopa an phríomhdhuais, an Grand Prix, leis ó Circom chomh maith leis an duais sa rannóg Faisnéise.

Tá cáil agus duaiseanna go leor eile sa mbaile agus i gcéin bainte amach cheana féin ag an scannán faisnéise seo, léargas ón taobh istigh ar an scoilt i bpobal beag in iarthuaisceart Mhaigh Eo faoin leas nó a mhalairt a dhéanfaidh críochfort agus píobán gáis atá á dtógáil ansin.

Fear áitiúil, Risteárd Ó Domhnaill, a stiúraigh an saothar agus fuair sé maoiniú don togra ó TG4, ó Údarás Craolacháin na hÉireann agus ó Bhord Scannán na hÉireann. Tá go leor duaiseanna aitheanta faighte ag an scannán seo cheana, ina measc an duais IFTA 2011 do Chlár Fada Faisnéise, Duais an Lucht Féachana ag Fleadh Scannán na Gaillimhe 2010 agus an duais fhaisnéise ag Féile na Meán Ceilteach 2011 i Steórnabhagh ar Oileán Leodhais in Albain an mhí seo caite.

Is é Circom cónaidhm na stáisiún réigiúnach teilifíse san Eoraip ina bhfuil os cionn 300 stáisiún ar fad as 38 tír páirteach. Tá ard-mheas ar a chuid comórtas agus bíonn caighdeán an-ard ag na saothair a bhíonn san iomaíocht iontu. Is í seo an ceathrú huair le deich mbliana a bhfuair cláracha TG4 duaiseanna ón gcomórtas ach an chéad uair an Grand Prix, an duais is airde ar fad ó Circom, buaite ag TG4.

D’fháiltigh Proinsias Ní Ghráinne, Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4, roimh an aitheantas idirnáisiúnta is deireanaí seo do shaothar an chainéil. “Is deas an rud i gcónaí duais a fháil,” a dúirt sí “ach is deise fós gradam ónár gcomhghleacaithe Eorpacha. Deimhníonn sé go bhfuil fiúntas inár gcuid clár agus meas ar ár gceardaíocht ag lucht teilifíse ó chultúir atá an-éagsúil linn.”

11.3.11

Duais ag an Seachtar Laoch

Thug an feachtas fógraíochta nuachtáin don tsraith teilifíse le TG4 1916 Seachtar na Cásca an Grand Prix, an phríomhdhuais, Fógra Nuachtáin na Bliana leis ón gcomórtas náisiúnta a d’eagraigh Cumann Nuachtán Náisiúnta na hÉireann (NNI)(Béarla). Fógraíodh torthaí an chomórtais aréir. Thug an feachtas fógraíochta nuachtán don tsraith chéanna ar TG4 an duais don Stiúradh Ealaíne is Fearr leis freisin aréir, i bpáirt le duaiseoir eile.

Is é an comhlacht Publicis/QMP, gníomhaire cruthaitheach agus margaíochta TG4, a chruthaigh na fógraí nuachtáin seo. Des Creedon a scríobh an chóip don fhógra, John Kilkenny an stiúrthóir ealaíne agus Mark Delany a phleanáil an feachtas fógraíochta nuachtán. Seacht gclár, ceann faoi gach ceannaire a shínigh Forógra an Éirí Amach, a bhí sa tsraith teilifíse ar TG4. Grianghraf den aisteoir i bpáirt cheannaire 1916, é in éide shibhialta agus é ullamh dá chur chun báis tar éis a dhaortha, atá sna fógraí nuachtán a bhuaigh na duaiseanna.

Dúirt moltóir an chomórtais, Julian Borra ó Team Saatchi (Béarla) sa Ríocht Aontaithe go raibh neart agus draíocht ag baint leis na fógraí buacacha. “A luaithe is a leag mé súil orthu, bhain siad siar asam agus chuaigh i bhfeidhm orm,” a dúirt sé.

Is í duais-scéim NNI an phríomh-scéim do thionscal na fógraíochta nuachtán in Éirinn. Eagraíodh an comórtas ar bhonn míosúil agus chuaigh na buaiteoirí míosúla chun cinn don chraobh náisiúnta.

Thréaslaigh Ardstiúrthóir TG4, Pól Ó Gallchóir leo ar fad i TG4 agus QMP Publicis a bhí páirteach i gcruthú na bhfógraí buacacha seo “Is cruthúnas eile é seo go n-aithnítear go bhfuil saothar iomlán TG4, margaíocht san áireamh, ar an gcaighdeán is airde agus is nuálaí,” a dúirt sé “agus fáiltíonn muid roimh an aitheantas is deireanaí seo don tsúil eile.”

19.11.10

Duais mór nuachtáin idirnáisiúnta do Ghaelscéal

Tá aitheantas idirnáisiúnta tugtha don nuachtán náisiúnta Gaeilge, ‘Gaelscéal’, agus gan é ach sé mhí ar an bhfód! Tá ceann de na príomhdhuaiseanna sa Chomórtas Eorpach Nuachtáin (Gearmáinis) buaite ag an nuachtán, a bhíonn ar fáil ar fud na tíre gach Aoine agus ar líne.


Gaelscéal ist ein sympathischer Newcomer aus Irland in gälischer Sprache. Die sehr kleine Mannschaft aus 3 Redakteuren, einem Fotografen und einem Layouter zeigt, was man mit gutem Design und Konzept erreichen kann: eine sehr moderne Zeitung.

Die Typografie ist zeitgemäß und unverwechselbar, die Leserführung mit kleinen Landkarten sehr klar und übersichtlich.

Das Projekt startet vielversprechend und es bleibt zu hoffen, dass sich Gaelscéal auch in den kommenden Jahren am European Newspaper Award beteiligt.
Roghnaigh painéal de shaineolaithe agus dearthóirí idirnáisiúnta nuachtáin an foilseachán ‘Gaelscéal’ as 219 nuachtán ó 27 tír san Eoraip as ucht ‘feabhas an dearadh agus ardchaighdeán an t-ábhar, cé nach bhfuil acu ach foireann bheag’. Bhí Gaelscéal san iomaíocht le mór nuachtáin na hEorpa ar fad, leithéid an ‘Bild Zeitung’ ón Ghearmáin a dhíolann 3 mhilliún cóip sa lá.

Deir Bainisteoir Tionscadail Gaelscéal, Trevor Ó Clochartaigh, go bhfuil ríméad orthu faoin duais. ‘Is aitheantas iontach é seo ó phainéal daoine a bhfuil scil faoi leith agus taithí na mblianta acu in earnáil na nuachtáin. Tá moladh tuillte ag an fhoireann ar fad, an lucht deartha, eagarthóireachta agus díolachán, gan trácht ar na scríbhneoirí agus colúnaithe ar fad a chuireann ábhar den scoth ar fáil dúinn ó sheachtain go seachtain. Deimhníonn an duais go bhfuil muid ag comhlíonadh ár ngealltanas d’Fhoras na Gaeilge agus pobal na tíre go gcuirfeadh muid nuachtán ilghnéitheach, nua-aimseartha d’ardchaighdeán ar fáil ar fud an oileáin agus ar líne agus tá muid buíoch dóibh as ucht an mhuinín a chuireann siad ionainn agus do na léitheoirí agus fógróirí ar fad a thacaíonn linn. Tús maith leath na hoibre, deirtear agus beidh Gaelscéal ag iarraidh barrfeabhais a chuir ar an nuachtán go leanúnach as seo amach chomh maith.’

Deir Ciarán Dunbar, Eagarthóir Gaelscéal, ‘Léiríonn an deascéala seo, go bhfuil muintir na hÉireann ábalta a bheith chun tosaigh sna meáin agus deiseanna nua a chruthú a sheasfaidh an fód in aghaidh comórtas ar bith ar domhan, ach an misneach a bheith againn tabhairt faoi. Tugann seo spreagadh dúinn feabhas agus forbairt bhreise a chuir ar Gaelsceal sna míonna agus blianta atá romhainn.’

Deir Colm McSherry, dearthóir Gaelscéal, “Is onóir ollmhór é seo a bheith curtha san áireamh i measc cuid de na dearaidh is fearr san Eoraip agus a bheith aitheanta ag na dearthóirí clúiteacha seo – go hairithe tar éis ocht mí go díreach”

Bronnfar na 12ú Duaiseanna Eorpacha Nuachtáin le linn na Comhdhála Eorpaigh Nuachtáin i Vín, príomhchathair na hOstaire mí Aibreán seo chugainn. Beidh Foireann ‘Gaelsceal’ ar an ardán ansin leis na buaiteoirí móra eile ó ‘Diario de Noticias’ as Madeira na Portaingéile, ‘Bergens Tidende’ ón Iorua, ‘Politiken’ na Danmhairge, an ‘Sunday Herald’ as Alba agus ‘Frankfurter Rundschau’ na Gearmáine.

Is comhfhiontar é ‘Gaelscéal’ idir Eo Teilifís agus an ‘Connacht Tribune’. Tá oifigí acu sa Spidéal agus i nGaillimh agus buanfhoireann de chúigear acu. Tá painéal leathan de scríbhneoirí agus colúnaithe fud fad na tíre agus thar lear ag ‘Gaelsceal’ chomh maith, a chuireann ailt ar fáil go rialta. Bíonn meascán de nuacht, cúrsaí reatha, nuacht réigiúnach, gné-ailt, anailís, ábhar oideachasúla agus spórt le fáil i Gaelscéal gach seachtain.