11.8.17

Sos ar thaobh an bhóthar!


Tá an fomhair faoi lán seoil anseo i nDeisceart Chonamara. Ach fós tá sé beagáinín ró luath le tosú ag bailiú sméara dubha. Tá roinnt le feiscint ach níl go leor le mórán subh a dhéanamh go fóill.

Tá sé de nós againn dul isteach i gCeantair na n-Oileán len iad a bhailiú agus tá cosán deas ag dul ó thuaidh ón dTrá Bhán ar imeal na farraige agus tá neart sceacha ann a bhíonn an torthúil.

Bhí an lá go deas agus thugamar faoi deara go raibh feilicháin agus feithidí eile ag eitilt ó craobh go craobh, ach buíochas le Dia ní raibh rian de na míoltógaí le feiscint.

Tháinig ceannaín beag in aice linn agus suí sé ar cloch ar thaobh an mbóthar. Ní suíann siad go ciúin fada go leor le pictiúir a thógaint agus san am a thógaim se orm mo fón a ullmhú bíonn siad imithe de gnáth. Ach bhí an t-adh liom an babhta seo!

Scríos chuig Ethna Viney (ón Irish Times) ag iarradh fháil amach an féileacán nó leamhan a bhí ann. Tháinig sí thár n-ais chugam go sciopadh le freagra.

Feilichán atá ann agus Donnóg an Bhalla atá air.  Bíonn sé ag eitilt ó mí Márta go dtí mí Mean Fomhair. Tá nós aige bolg le grian a dhéanamh ar chlocha nó ar bhallaí (ach sa chás seo tá a dhroim atá á thaispeáint do ghriain!) Tá ainm laidin ar ar ndóigh - "Lasiommata megera!"

Tá sé donn do chuid is mó agus spotaí oráiste air cuid acu i bhfoirm súl. Deirtear go mbíonn an dath liath ar an taobh eile den na sciatháin.

D'fhán sé ciúin an fhaid is a bhí mé ag tógaint an pictiúir.

No comments:

Post a Comment