19.2.18

Achainí thochtmhar aniar!


Tá ráiteas éisithe ag coiste áitiúil Iorras Aithneach, Coiste Jabanna do cheantar Iorras Aithneach, le déanaí. Is fiú é a leamh.

Tá ár gcoiste nua bhunaithe dhá mhí ar an bhfód agus ceann de na chéad chéimeanna a bheartaigh muid a thógáil ná achainí tacaíochta a chur le chéile ag léiriú tacaíochta an cheantair do Pháirc na Mara i gCill Chiaráin.

De réir tuairisc Scoil Pobhail Mhic Dara i gCárna agus CLG Carna/Caiseal, go bhfuil os coinn 70% do dhaoine óga an cheantair tar éis fágáil le 30 tríocha bliain anuas agus go gcaifear stop a chur le sin sula mbeidh an tobar triomaithe amach go hiomlán in Iorras Aithneach.

Tá an sprioc do 1000 síniú bainte amach ag an gcoiste agus breis is 1250 síniú againn go dtí seo chun tacú le hÚdarás na Gaeltachta, Páirc na Mara a fhorbairt i gCill Chiaráin, Conamara, Co na Gaillimhe.

Deir Cathaoirleach an choiste Mícheál Ó Cadhain go bhfeiceann sé "Páirc na Mara mar cheann de na tograí a chuideoidh le fostaíocht sa gceantar agus fáiltíom sé go mór é".

Deir Rúnaí an choiste, Colm Ó Neasa, "Is deá chomhartha an méid sínithe a fuair muid mar gur léiríonn sé go bhfuil muintir an cheantair ag tacú go láidir le hÚdarás na Gaeltachta agus na pleananna atá acu do Pháirc na Mara".

Sna seachtainí atá amach romhainn beidh muid ag breathnú ar bhealaí eile chun fostaíocht a cruthú i gceantar Chárna agus Chill Chiaráin agus beidh muid ag iarraidh bualadh le hÚdarás na Gaeltachta, Comhairle Chontae na Gaillimhe agus polaiteoirí áitiúla eile chun modh oibre is feiliúnaí agus is fearr a chur le chéile. Tá sé rí-thábhachtach nach dtitfidh ár n-achainí ar aon chluais bhodhar agus déanfaidh an choiste díograiseach a seacht míle dícheall chun amhlaidh a sheachaint.

Ba mhaith leis an gcoiste buíochas a ghlacadh le haon dhuine a shínigh an achainí seo anseo sa mbaile agus daoine ata ar imirce. Is cruthúnas é seo go bhfuil tacaíocht do Pháirc na Mara agus inár bhfís chun fostaíocht a chruthú sa gceantar.

Tá an achainí ar líne fós ar líne acu agus ní mór drioblóid ar éinne é a shiniú agus cuir leis an méid thuas 800 áitiúil agus timpeall 440 ar líne - níl sé ró éasca ceangal bhanda leathan a fháil in Iarthair Chonamara ar ndóigh!  Is féidir teach ar an achainí anseo Tacú le Údarás na Gaeltachta & Páirc na Mara i gCill Chiaráin!

Súil agam go mbeidh lucht pleanála i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh ag éisteacht!

Páirc na Mara, Cill Chiaráin
• Tá alt i mBéarla faoi seo le fáil anseo (This story in English):"But all these charms are fled "... maybe not?

No comments:

Post a Comment