7.2.14

Toit Chonáin!

Buíochas le Máirín Mhic Lochlainn as an scéal seo a roinnt liom ar an sliogharn atá ag bun an bhóthair ó dheas uainn ar a deineadh damáiste air le linn stoirmeacha ag tús 2014.

Toit Chónáin sula ndearnadh tonntracha na farraige scrois air (2014)
Thíos ag íochtar bóthar an Chaorán, tá an suíomh seandálaíochta ar a nglaíotar Toit Chonáin. Thug an Seandalaí McAlister, cuairt ar an suíomh tamall fada ó shin, agus deanann sé cur síos air mar Shell Midden. Is hiondúil go mbíonn Toit Sliogán nó Shell Midden ina líne fada caol le corr chruit air anseo agus ansiúd, ach ní hamhlaigh do Thoit Chonáin; séard atá anseo ná cnocán sliogán, agus tá scéal faoi i seanchas na ndaoine a théann siar go dtí aimsir na bhFiann, Conán Maol le bheith baileach faoi, agus seo é an scéal mar a chuala mise ó mo Dheaide é, agus chuala mé leagan den scéal céanna ag fear as an gCloich Mhóir cupla bliain ó shin.

Tár éis stoirmeacha Eanáir/Feabhra 2014
Bhí Conán Maol ag siúl le cladach, thíos ag íochtar an Chaoráin lá, agus a chuid pocaí lán le bia cladaigh, théis an mhaidin a bheith caite aige á mbailiú. Bhí sé breá sásta leis fhéin, agus é ag smaoineadh ar an bhféasta breá a bheadh aige nuair a bheadh na muiríní, cluisíní, ruachain, bairne, feochain agus cearca bána rósta aige. Ní raibh morán ar bith siúil déanta aige nuair a thit cloch anuas as an spéir. Choinnigh air ag siúl, agus anois bhí sé ráite faoi Chonán, go dtóigfeadh sé tamall ar rud dul isteach ina intinn, agus tar éis tamaill chuimhne sé nach dtiteann clocha anuas as an spéir, agus bhí barúil mhaith aige cé a chaith an chloch. Bhreathnaigh uaidh soir ar Chondae an Chláir, agus b'shiúd thoir, Cailleach na Boirinne, agus straois go cluasaí uirthi.

'Ó muise a chailligh’, adeir sé, ‘geobh mise an ceann is fearr ort’, ag breith ar charraig agus á caitheamh soir trasna an chiúin. Anois, chuala nó léigh áit éigin, go mbíodh cailleachaí ag caitheamh cloch le chéile agus le daoine eile mar chaitheamh aimsire fadó fadó. Ar aon nós bhí an chailleach breá sásta píosa spraoi a bheith aige le Conán Maol, agus chaith sí meall mór eile do charraig siar trasna Chuan na Gaillimhe leis. Chaith Conán ceann ar ais léi, agus chuile shúil le Dia aige go n-éireódh leis í a bhualadh léi, agus chuaigh sé gar go maith dhó; mar bhain sé an craiceann á srón leis an dara cloch a chaith sé.

Máirín Mhic Lochlainn
Bhí an cháir ag meadú ar straois na cailligh, mar cheap sí go mbeadh píosa deas den lá caite ag caitheamh clocha le Conán Maol, agus caitheann sí meall mór milteach do charraig leis ar an triú géabh. Titeann an charraig sa bhfarraige le h-ais na háite inár raibh Conán ag siúl, agus báitear go gcraiceann é. Anois, tá cantal air, chomh maith le ocras, agus beireann sé ar an gcarraig is mó á bhfuil ina aice ar an gcladach agus caitheann soir leis an gcailleach í, agus déanann sé scraith di.

Ach d’íoch sé fhéin go géar as, mar bhí an oiread sin fórsa le caitheamh na cloiche, gur phléasc a chuid pocaí, agus gur thit a raibh go bhia sliogán cladaigh bailithe aige i gcaitheamh na maidne, amach ina meall mór amháin, agus tugtar Toit Chonáin ar an meall mór sligán seo go dtí an lá atá inniu ann. Agus tugtar ceann cailligh ar an áit art hit an chailleach.

Mar a gcreideann sibh mé, is féidir libh dul go Cois Fharraige i nGaeltacht Chonamara, fios an bhealaigh a fháil go baile an Chaoráin, agus thíos ansiúd tá an meall sliogáin sin ar a nglaoitear Toit Chonáin.

Sin é mo scéalsa má tá bréag ann bíodh ní mise a chum ná a cheap é.

Máirín Mhic Lochlainnn, Deireadh Fómhair, 2009

Rinne daltaí Choláiste Cholmcille físeán gearr bunaithe ar Scéal Chónáin agus a Thoit!

No comments:

Post a Comment