25.5.12

Cnó léana ar an gCaorán!

Bhí me amuigh ag siúl um thráthnóna agus tháining me ar an planda seo.

Tá sé suite ar bhruach srutháin beag ar an mbóthar ó dheas ón bpríomh bothar anseo i gCaorán na gCearc. Tá mé cinnte gur Cnó Léana an t-ainm atá air. Deirtear go bhfuil sé coitianta i gcontae an Chlár agus i gConamara. Fásann sé in ithir fluich nó i riaisca. Sé Potentilla palustris an t-ainm Laidin air. Tá breis faoi i "Wildflowers of Ireland." (Béarla)

24.5.12

Teach an Phiarsaigh! Geallúint eile?

Fuair mé ráiteas ar maidin a chuir ar bhóithre na smaointe mé.

"Tá fáilte curtha ag an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh roimh an scéala ón Rialtas go bhfuil ionad do chuairteoirí le tógáil ag Teach an Phiarsaigh i Ros Muc, i gCo. Na Gaillimhe." a thosnaíonn an ráiteas.

Is cuimhneach liom sé bliain ó shin - sea 2006! - d'eagraigh an Comhairleoir Seosamh Ó Cuaig comóradh agus agóid ag an Teach fhéin ag éileamh go gcomhlíonadh gealtannais a thug an Aire ag an am, Éamon Ó Cuív, ceithre bhliain roimhe sin (agus b'fhéidir roimhe sin arís!) go dtógfaí Ionad Oidhreachta ag an láthar sin. Is mó idir sin agus seo!
Ag Teach an Phiarsaigh, 21 Aibreán 2006, Domhnach Chasca
Anois tá geallúint eile faighte againn.


Fuair an Seanadóir Ó Clochartaigh an t-eolas tar éis dó an cheist a ardú sa Seanad. I bhfreagra ó Aire Stáit na Gaeltachta, Dinny McGinley, deimhníodh go bhfuil iarratas ar dheontas caipitil curtha faoi bhráid Fáilte Ireland agus má théann gach rud i gceart go bhféadfadh an t-ionad mínithe a bheith tógtha in am do chomóradh Céad Bliain Éirí Amach 1916. 

‘Tá tábhacht thar na bearta leis an ionad seo’, a deir Ó Clochartaigh. ‘Tabharfar chun cuimhne an Phiarsach féin, réabhlóidí, file, oideachasóir agus Gaeilgeoir. Sa bhreis ar sin cruthófar suíomh fíor luachmhar turasóireachta agus oidhreachta a thabharfadh instealladh mór eacnamaíoch do Chonamara’.

Tá an togra dhá fhorbairt mar chomhfhiontar idir Roinn na Gaeltachta, An Roinn Comhshaol, Oifig na nOibreacha Poiblí, Údarás na Gaeltachta agus Fáilte Ireland (Béarla). Soiléiríodh go bhfuil sé ag staid réamhphleanála faoi láthair agus iarratas déanta ar chiste caipitil Fáilte Ireland chuige. Má eiríonn leis sin tá súil obair thógála a thosú i 2014 agus amscála de fiche mhí leagtha amach don fhorbairt. Tá sé beartaithe an ionad a bheith réidh le n-oscailt i 2016.

‘Bhí amhras ar chuid mhaith nach dtarlódh an ionad seo, mar go raibh sé curtha ar an méar fhada le fada agus de bharr cúinsí reatha eacnamaíochta, ach is iontach an scéala é go bhfuil sé beartaithe ag an Rialtas reatha dul ar aghaidh leis anois. Ag comóradh na Cásca i Ros Muc i mbliana, d’iarr mé fein go dtabharfaí an togra chun cinn arís chomh tapaidh agus is féidir agus is maith an rud go bhfuil sé ar ais ar an gclár oibre. Bhí baint mhór ag pobal an cheantair agus na heagrais stáit éagsúla leis an gcoincheap don ionad agus cur chun cinn an phlean seo, a dhéanfaidh comóradh cui ar fhear a thug a shaol agus a anam ar son na hÉireann agus na rudaí a chreid sé iontú. Fear a raibh fís aige don tír a chaithfear a mhúscailt arís i gcomhthéacs ár linne’, a deireann Trevor.

Meastar go bhféadfadh an t-ionad ioncam measta de suas go €4m sa bhliain a ghiniúint , bunaithe ar 60,000 cuairteoir sa bhliain agus go bhféadfadfh cuairteoirí eachtrannacha idir €1.4m agus €2.3m a chaitheamh in Éirinn in aghaidh na bliana ag eascairt go díreach ón tionscnamh seo.

Feicimíd!

22.5.12

Ionradh i ngarraí Chonamara!

Ag tús an samhraidh tagann bláthanna go fliuirseach ar an Róslabhras (Rhododendron ponticum) atá againn so gharraí ó thuaidh.  Ní planda Éireannach í an Róslabhras ach ceann a ceann a tógadh isteach mar  phlanda ghairdín anseo san ochtú aois déag ón oirthear nó ó dheisceart na Spáinne.

Tá an bláth féin go h-álainn ach tá an plannda féin an-láidir agus fásann sé gan mórán trioblóid thar timpeall Chonamara. Ós rud é go bhfuil sé chomha láidir san, agus go bhfassann sé go héasca i mbeagnach gach chinéal ithir nó cré tá sé ag chuir isteach ar plándaí agus crainnte dúchasacha. Mar sin tá sé ar liosta de speicis ionracha na tíre. Tá sé luaite ar shuíomh Iascach Intíre Éireann (Béarla) agus is cosúil go bhfuil sé ag chuiristeach ar iascaireacht intíre. Tá sé ag chuir isteach go mór le foraois ársa Chill Áirne chomh maith.

Mar sin féin nuair atá sé faoi bhlath tá sé thar a bheith go hálainn mar a fheiceann tú ach ní mór smacht a choimeád air.

14.5.12

Missale Romanum - iniúcadh ag dul ar aghaidh!

Bhí cruinniú le déanaí sa Róimh den Chuallacht um Dheabhóid Dhiaga agus Disciplín na Sacraimintí (Iodáilis) agus bhí an Coiste Sapienti (Eagnaí) i láthair. Comhlacht comhairleach is ea an Coiste seo don Chuallacht um Dheabhóid Dhiaga agus Disciplín na Sacraimintí maidir le téacsanna liotúirgeacha sa Ghaeilge. Faoi láthair tá sé ag plé le hathbhreithniú ar an aistriúchán Gaeilge ar an Missale Romanum atá molta. B'é seo an cúigiú cruinniú den gCoiste seo. {Tá ráiteas níos iomláine ar shuíomh Árd Deoise Thuama (Béarla)}

Seo hiad baill an Choiste a bhí i láthair: Pilip Ó Buaidhe, Easpag Rath Bhoth, Breandán Ó Ceallaigh, Easpag Achadh Chonaire (Iar SP sa Spidéal), An tOllamh Padraig Ó Riain, An Dr. Caitríona Ó Dochartaigh, Brian O Donnchadha, An tAth Micheál O Loingsigh, An tAth Joseph Briody, An tAth. Anthony Ward, Fo-Rúnaí, An Mons. James O’Brien.

Bhí An Cairdinéal Antonio Canizares Llovera (Spáineach), Maor na Cuallachta,  a bhí sa cathaoir. Gabh sé buíochaa le baill an Choiste as an cabhair a thud siad don Chuallacht i rith na bliana agus iad ag iniúcadh agus ag athbreathniú ar an aistriúcháin Gaeilge atr an Missale Romanum (Leabhar Aifrinn). Bhí dócas air go bhfaigheadh an taistriú nua formheas nó cead iomlán go luath!

Moladh árd-chaighdeán an obair go dtí seo ag an gcruinniú. Rinne an Easpag Ó Buidhe tuairisc ar aistriú ar ábhar breithiúnach atá mar reamhrá sa Missale Romanum agus glacadh leis seo.

Deineadh plé ar fhéilire Eaglasta na hÉireann agus glacadh le tuairisc ón Ollamh Ó Riain.

Bhuail baill den gcoiste seo leis an bPápa féin ag gnáth fháiltiú ar an gCéadaoin (9 Bealtaine).

• Seo an ráiteas oifigiúil ón Vatacáin ar shuíomh Thuama! (15/5/2012)

7.5.12

I mo chíor thuathail....

Cad is ceart a dhéanamh? 

Rinne an Rialtas cinneadh reifreann a rith ag deireadh na míosa seo ar "Conradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta." 

Tá roinnt gearán agam faoin bhfeachtas. 

An fiú reifreann?
An céad rud ná an deifir atáid ag iarraidh an rud seo a chuir isteach sa bhunreacht. Níl mórán am ag an Coimisiúin Reifreann an conradh fhéin a scrúdú dúinn. An mbeidh muid fágtha leis an gconradh seo sa bhunreacht nuair nach mbeidh sé i bhfeidhm in aon cheann de na tíortha eile?

An dara rud an ainm atá á thabhairt acu ar an gConradh - An Conradh Cobhsaíochta.  Céard faoi na nithe eile. Nach bhfuil tabhacht ar bith leo siúd? 

Ach an triú rud an rud a chuireann isteach orm níos mó ná rud ar bith eile. An mbeidh an conradh seo ina dlí san Comhphobal riamh. Tá Rialtas na hÍsiltíre tar éis titim ar an gConradh chéanna. Anois tá fhios againn go bhfuil pobal na Gréige tar éis vótáil go trom i gcuinne na polasaithe céanna. Agus níos mó ná sin ar maidin tá fhios againn go bhfuil Úachtarán nua toghtha sa bhFrainc. Go bhfuil duine de phríomh ailtire na Conartha, Nicolas Sarkozy le h-imeacht. Bé cheann de na cloich is mó ar phaidrín Hollande. Mar a dúirt sé aréir:

"Le 6 mai doit être une grande date pour notre pays, un nouveau départ pour l'Europe, une nouvelle espérance pour le monde. Voilà le mandat que vous m'avez confié. Il est lourd, il est grand, il est beau..."

Mar sin is fís nua atá ag Hollande seachas an ceann a bhí ag "Merkozy." 

An mbeidh muid-ne ceangailte leis an sean-fís nó leis an "treoir nua don Eoraip, an dóchas nua don Domhain Mhóir?"

17.4.12

Duais innealtóireachta!

Gach bliain, tugann Innealtóirí Éireann urraíocht do Duais an Oireachtais thar ceann An Roth (Duais €€1,000). Tá mionsonraí ar an gcomórtas tugtha thíos. Is cumann é an Roth laistigh de Cumann na n-Innealtóirí a chuireann an Ghaeilge chun cinn i measc innealtóirí.

I mbliana, táid ag iarraidh feabhas a chur ar fheasacht an chomórtais agus ag iarraidh níos mó daoine a ghríosú chun páirt a ghlacadh sa chomórtas. Comórtas A13 atá air.

Tá dualgas ar iontrálaí aiste 3000 focal ar a laghd gan dul thar 5000 focal a scríobh ar cheann de na ceithre téama tugtha thíos.

i) Is daonna an ailtireacht, is diaga an innealtóireacht; 
ii) An Innealltóireacht – idir eolaíocht agus ealaín; 
iii) Innealtóireacht i dtodhchaí na hÉireann; nó 
iv) Aon téama eile a bhaineann le hInnealtóireacht.


Táille iomaíochta €€20.

Spriocdháta d'Iontrálacha: 1 Iúil, 2012.

Is féidir Cóipeanna de'n Fhoirm Iontrála agus tuilleadh eolais le fáil ó:- Comórtas Liteartha 2012 ag Oireachtas na Gaeilge

Seol an Foirm Iontrála le d'Iarratas chuig:-

Comórtais Liteartha 2012
Oireachtas na Gaeilge
6 Sráid Fhearchair
Baile Átha Cliath 2.

9.4.12

Lao óg!

Bhíomar ag caint a lá faoi dheireadh faoi Tír na n–Óg a bheith ar chúl an tí sagainne.

Bhíomar as baile ar feadh cúpla lá agus méidíodh ar an méid beithigh atá ar chúl anois. Tháinig lao beag nua ar an saol ann ar maidin! Glach mé pictiúir de (nó di) agus seo hé!


Nach íontach an rúd é.

Béile breá do dhuine éigin amach anseo!

Agus ar maidin (Máirt 10 Aib) bhí lao nua eile ann..tá muid ag fás!

3.4.12

Tír na n-Óg!

Mar a dúirt an Ríordánach fadó, "Tá tír na n-óg ar chúl an tí, tír álainn tréna chéile..."
Is mar sin atá sa gharaí ar chúl ár dtí fhéin anse i gcroí lár Ghaeltacht Chonamara. Ní déantear mórán leis ó bhliain go bhliain agus ligtear beithigh ár gcomhairsan istig ann ó am go ham chun smacht a choimead ar an bhfásra ann.

Ligeadh cúig istig inné agus táid ag ithe agus ag cogaint na círe taobh amuig den bhfuinneoig agam asus mé ag scríobh. Is cosúil go bhfuil siad ag súil le lao - ní bheadh fhios agam-sa rud ar bith faoi seo mar is duine cathrach mé.

Mar sin is barda luí seoil atá again ar chúl an tí againn...

Bígí ag faire!

21.3.12

Muirir theaghlaigh

Fuair mé an fhoirm sa Post Oifig áitiúil ach ní féidir é a íoch ann.

Fine Gael & cáin réadmhaoin sna nochadaí
Ní mór duit an fhoirm a líonadh - agus dul thar n-ais chuig an Post Oifig agus stampa agus ordú phoist agus an rud a chuir ar aghaidh go seoladh éigin i mBaile Átha Cliath - cé go ndeireann siad gur chun mhaoiniú a thabhairt do na hÚdarás Áitiúil.

Níl fhios ag éinne cén fáth nach n-úsaidtear an Post leis an gcáin seo a íocadh. Tá i bhfad níos mó oifigí acu ná mar atá ag aon Údarás Áitiúil agus tá fhios ag chach cá bhfuil Oifig an Phoist áitiúil. Cén fáth nach n-úasáidtear iad?

Agus an fhoirm féin? Cén fáth atá siad ag lorg sloinne mo mháthair, nó an t-ainm ar mo pheata. Cén fáth ma uimhir teileafóin agu fón phóca, seoladh ríomh phoist? Cad as a dtagann mo chuid uisce? (Níl tuairim agam.)

Tá an t-eolas atá mise le thabhairt dóibh acu cheanna mar íocaim cáin gach bhliain. Muna bhfuil fhios agam cé mé ní mise faoi deara. Má íocaim é níl mé ach seoladh an tí agus an cineál teach - rud aisteach níl siad ag lorg eolas ar cé chomh mór is atá sé. Teach, Árasán agus Mionárasán atá luaite.

Níl mé chomh mór san i gcoinne an cáin, agus is cáin é. Muirir a deireann siad ach is cáin é. Ach tá siad ag dul á bhailliú go tútach, ciotach.

Ar dtús rinne siad iarracht an rud ar fad a fhoilsiú agus a bhailiú ar líne ach fuaireadar amach nach bhfuil an idirlíon ag gach éinne agus an cuid againn atá ar line ní ró láidir an ceangal leis atá againn. Agus thugadar droim láimhe dóibh siúd a déanann iarracht a chuid ghnó a dhéanamh tré Gaeilge tré gan leagan Gaeilge den suíomh a chuir ar fáil ag an am céanna agus an ceann Béarla. Agus ansin bhí fadhb ann acu leis an suíomh mar níor ghlach sé le cártaí áirithe.

Agus ansin go déanach chinneadar fógra a chuir chuig gach teach sa tír agus teip glan ar an scéim sin.

Níl tuairim acu conas scéim a reachtáil, scéim gur ceart dó a bheith simplí go leor. Tá na seoltaí acu de gach cáiníocóir sa tír tá an seoladh de gach duine atá ag fáil pinsen nó cunamh stáit. Ní cosnódh sé mórán níos mó ná an méidh atá caite acu cheanna sonrasc a chuir chuig gach duine acu seo le nóta ar a bharr muna bhfuil teach agat chuir é seo ar ais.

Símplí agus lochtach ach meas tú an bhfuil sé níos measa ná an praiseach atá déanta acu?

Ní déarfaidh mé tada faoi eagla an domhain atá curtha acu ar shean-daoine agus pinsinéirí ar fud na tíre.

Tá botún beag ar an bhfoirm clárúchán a léiríonn an míchuram atá le  feiscint sa scéal seo go léir ó thosaigh an Aire Hogan ar a fheachtas:


Ar an ábhar seo is fiú éisteacht le Olivia O'Leary ar Drivetime inné (20/3/2012) I mBéarla ar ndóigh: "..what happens when you don't do your homework..."

16.3.12

Suíomh nua don óige

Sheol Cúla4 suíomh nua idirlinn do dhaoine óga inniu.

Ar an láithreán nua www.cula4.com, is féidir sult a bhaint as cluichí idirghníomhacha Mr Men - ó Miss Grianmhar, go Mr Láidir, go Mr Leisciúil, tá 24 carachtar ar fad ann agus cluiche le n-imirt ag gach duine acu. Agus níl siad ach ina thús, beidh tuilleadh cluichí ag teacht go luath, ina measc Olivia agus Dinosaur Train.

Tá eolas le fáil ar an suíomh freisin faoi na cláir a bhíonn gach lá ar Cúla4 agus ar Cúla4 na nÓg; tá deis féachaint ar chuid de réalta Cúla4 agus breathnú ar na pictiúir a sheolann an lucht feacanna chuchu! Is féidir breathnú ar chuid de chláracha Cúla4 ag aon am, agus ó aon áit ar domhan.

Maraon leis an suíomh nua, tá E Litir Míosúil seolta mar fhoinse eolais do thuismitheoirí agus do mhúinteoirí, a thabharfaidh eolas ar chláracha Chúla4 agus a thabharfaidh roinnt leathanaigh spraíúla le íoslódáil do na gasúir.

9.3.12

Na Rósanna!

Agus Lá na mBan thart fuarathas na pictiúirí seo ó Chlub Chonradh na Gaeilge i nGaillimh. Bhí Comórtas Chlub Áras na nGael inné (Deardaoin 8ú Marta), i rith Seachtain na Gaeilge.
Buaiteoir Michelle Doocey, ó Béal Easa, Co. Mhaigh Eo, le Rós Chlub Aras na nGaeilge 2011 Áine Payne, agus Fear an Tí Eoin Mac Diarmada, atá mar aghaidh Seachtain na gaeilge 2012. 
Na Rósanna go léir- Aisling Ní Chonghaile, Bernadette Ní Chadhain, Michelle Doocey, Orla breathnach agus Shauna Mic Réamainn. 

7.3.12

Táid ag teacht! An mbeidh tusa ag rith?

Tá an earrach linn gan amhras cé gur earrach an fhliuch féin é! Ní féidir mórán a dhéanamh sa gháirdín fiú dá mbeadh an fonn sin orm!

Tá an bliain ag dul ar aghaidh ar ndóigh agus lá 'le Phádraig ag deireadh na seachtaine se chugainn. Tá na airí go léir ag dul thár lear don lá mór. Chuala mé an liosta ar an raidío agus is beag áit nach bhfuil chun aire nó foth-aire a fheiscint. Pé scéal é beidh muide sa bhaile agus tá neart ar siúil - nó ag rith b'fhéidir ba cirte a rá!

Tá traidisiún i dtír na Báscach rás mar sin thár timpeall na tíre, an Korrika, (4 Theangach -Bascais, Béarla, Fraincís, Spáinis) a rith gach dara bhliain ó na hochtaidí ar aghaidh agus is as sin a tháinig an bun smaoineamh do RITH 2012. Ar ndóigh bhí nós ag Árd Rí na hÉireann turas a dhéanamh thar timpeall Éireann chun a chumhacht a dhaingniú tré gialla a bhailiú ó na ríthe tuaithe! Anois is féidir a rá gur ionann RITH 2012 ná pobal na hÉireann ag sealbhú na hÉireann do na nGael.




Beidh siad i nGaillimh ar an 16ú lá den mhí ar a bhealach go hÁrainn áit a mbeith deireadh leis ar lá 'le Pádraigh féin i gCill Rónain. Anseo i gceantar na Tulaí beidh siad ann timpeall a sé tráthnóna ar a bealach go Ros a'Mhíl. Tathar ag súil le slua mór amuigh le cabhrú leo. Bhí an-spóirt ann an uair deireannach agus le cúnamh Dé beidh sé níos fearr i mbliana.

Tá sé ag tosú i dTír Chonaill, i nGaoth Dobhair amárach agus leanfaidh siad ar aghaidh ó shin ag rith tré  Tír Eoghain, Co. Doire, Co. Aontroma, Co Ard Mhaca, Co. Muineacháin, Co. na Mí, Baile Átha Cliath, Co. Chill Dara, Co. Ceatharlaigh, Co. Laoise, Co. Tiobrad Árainn, Co. Luimnigh, Co. an Chláir go dtí go shroiseann siad Co na Gaillimhe agus Árainn.

14.2.12

Na chéad "Daffs!"


Inniú Lá Vailintín, agus mo Vailintín féin i bhfad ó bhaile inniú! Ag smaoineamh uirthi ar feadh an lae! Chaill sí céad bhlathú lus an chromchinn sa ghairdín againne.

Comhairthe eile earraigh!

Tá dhá dhán cháiliúil faoi an mbláth i mBéarla agam. Dán beagáinín brónach Robert Herrick, "To Daffodils" agus ceann áthasach Wordsworth a bhfuil níos mó cháil air, "Daffodils!"

Ná dein dearmad gur ar an 23ú lá den mí seo atá Lá Lus an Chromchín ar son Chuman Ailse na hÉireann!

Moladh go deo le Dia!

Agus mar críoch éist le Seán Monahan ar a Vailintín fhéin!

12.2.12

Stampaí do na nGael

Gach bhliain bíonn An Post ag lorg moltaí don chlár na stampaí. Tógann sé cuíosach fada ar mhuintir An Phoist a naigne a dhéanamh suas agus is cosúil gur sin an fáth go mbíonn ar dhaoine smaoineamh ar rudaí gur chóir dóibh iad a chomóradh. Tá an teolas go léir le fáil (i mBéarla ar ndóigh) ar suíomh an Phoist anseo: Stamp Programme!

Brian, Impire na nGael
941-1014AD
Deireann siad go mbeadh fáilte roimh aon moltaí roimh an 29 Feabhra 2012 don bhliain 2014!

Seo roinnt moltaí atá agamsa:
• Cath Chluain Tarbh agus bás Bhriain Bóirmhe: 1014 (Míle Bhliain)
• Tús an Chead Chogadh Domhanda comóradh 100 Bliain.
• Dónal Ó Corcora (1864-1964) Caoga bliain óna bhás! Údar, Péintéar, Scolaire. Údar "The Hidden Ireland"
• Pádraig Ó Siochfhradha - An tSeabhach - (1883-1964) Caoga bliain óna bhás, Údar Jimín Máire Thaidhg agus Seanadóir.
• Ar an 23 Feabhra 2004 a ceapadh Seán Ó Cuirreáin ina chéad Choimisinéir Teanga de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tá deich mbliana á chomóradh mar sin ar a oifig sa bhliain 2014.

Tá an-chuid eolais le fáil faoi daoine agus a ndátaí le fáil in ainm.ie. Is fiú go mór breathnú ar na leathanaigh sin.

Is ceart go mbeadh na Gael á gcomóradh ar stampaí agus níl ach na Gael chun iad a mholadh!

7.2.12

Táirne eile i gcónra an tuath!

Tá mé ag éisteacht le Pádraic a' Táilliúra ar  an raidío  ar maidin. Is faoin gcáin nua seo ar humair múnlaigh nó dabhachanna séarachas atá sé ag caint.

Táirní Chónra
Ní dóigh liom go raibh muintir na Gaeltachta chomh oibrithe faoi chúrsaí agus atá siad faoi láthair. Feictear dóibh go bhfuil an Rialtas seo idir Ruairí Quinn agus Phil Hogan ag iarraidh deireadh leis an nGaeltacht, agus an tuath "Béarlach", tré na scoileanna beaga a dhúnadh agus cáin so-bhreis a chuir ortha ná mar atá ar dhaoine atá ina gcónaí sna cathracha agus sna bailte.

Bhí na sluaite ann ar son na scoileanna beaga, "Ruairí Quinn, Éist Linn!" agus is cosúil nach ag éisteacht atá sé. Ar ndóigh ó thaobh na Gaeltachta de níl mórán íontas ann nuair nach féidir ach le 1% d'fhoireann na ranna sin i ndan a chuid ghnó a dhéanamh i nGaeilge!

Mar an gcéanna le cás na scoileanna tá ceist na dabhachanna go mór i mbéal an phoball anseo. Bhí timpeall 500 taobh amuigh Teach Laighean le déanaí. Anois tá suíomh idirlíon ag an gluiaseacht seo, Mo thír dhuchais féin! Ansin is féidir a n-achainí ar líne a shíniú.

1.2.12

Earrach Éireann

Tá an grian ag taitneamh taobh amuigh agus tá chuile duine i "humour" mhaith - mé fhéin san áireamh! Nach íontach an athrú a déanann lá álainn dúinn?

Tá an-chuid ag tárlúint so ghrian faoi láthair, stoiremeacha láidir, spotaí, agus tá an saineolaithe ag ceapadh go shroisfidh gaoth geomaighnéadach eile sinn ar an Aoine. Is gaoth mar sin atá mar cúis leis na Gealáin Thuaidh a bhí le feiscint i dtuaisceart na tíre le deanaí.

Ach is fearr liomsa gnáth teas agus solas na gréine. Éiríonn sí ar maidin a éitilíonn anoir go tráthnóna nuair a théann sí ina coladh samh arís!

Smaoinigh mé gur seo Lá 'le Bríde agus smaoinigh mé ar a iomann:


Gabhaim molta Bríde
Ionmhain í le hÉirinn
Ionmhain le gach tír í
Molaimis go léir í.


Lóchrann geal na Laighneach
A'soilsiú feadh na tíre
Ceann ar óghaibh Éireann
Ceann na mban ar míne.


Tig an Geimhreadh dian dubh
A' gearradh lena ghéire
Ach ar Lá 'le Bríe
Gar dúinn earrach Éireann.


Go mairfidh an aimsir mar atá sé inniú!

• Seo píosa deas a scríobh Aonghus Ó hAlmhain: "Muire na nGael!"

19.1.12

Ag foghlaim ceannaireachta ....

Bhí mé ag breathnú ar an ndíospóireacht sa tSeanad inné ag éisteacht leis an gcaint, cuid de a bhí go maith. Thosaigh mé ag smaoineamh ar an bealach a athraíonn an chuid daoine nuair a théann siad isteach sa bpoilitíocht.  Éiríonn siad cineál cúramach. Bíonn siad beagáinín coimeádach.

Féach ar a tharlaíonn do lucht an fhreasúra nuair a théann siad i gcumhacht. God tobann níl freagra na ceiste, níl eochair na fadhbe, ró éasca.  "Nuair a d'oscail muid na leabhar...." "Caithfimíd an ceist a iniúcadh!"

Ar amhairí an tsaoil chonaic mé píosa ó Seth Godin, an maragóir Meiriceánach, faoin ceannaireacht sa bpoilitíocht bunaithe ar an conspóid faoi cinsearacht (SOPA) ar an idirlín agus an iarracht a bhí ar siúil níos mó chumhacht a thabhairt don rialtas suíomhanna a dhunadh síos in ainm "cóipceart a chosaint!" Theip ar an acht sa chás seo ach...amach anseo? Cá bhfios!

Pé scéal é cheaop mé gur fiú go mór an píosa seo (Béarla) ó Seth Godin a léamh. Bain taitneamh as!

• Nuair a léigh mé Seth Godin don chéad uair scríobh mé píosa i mblag mo chomhluchta anseo (Béarla 10/10/2009).

10.1.12

Mo cúig soicind déag cháil!!

Léitear facebook agus twitter in an-chuid áiteacha agus nuair a fuair mé amach narbh raibh mé i ndán aon eolas faoin Muirear conspóideach Teaghlaigh a fháil ní hamháin gur scríobh mé chuig an Coimisinéir Teanga ach léirigh mé mo chuid míshastacht ar facebook agus ar twitter.

"Ní féidir liom é a íoch!"
Bhí freagra beagnach ar an toirt ó Oifig an Choimisinéara ag rá go raibh siad ag fiosrú an scéal. "Tá sé geallta i scéim teanga na Roinne Comhshaoil go gcuirfear ábhar statach ar shuíomh ar fáil go dátheangach agus go mbeadh aon seirbhís idirghníomhach ar líne curtha ar fáil go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla.

"Bhí an méid sin meabhraithe don Roinn roimh na Nollag agus tugadh le tuiscint dúinn go mbeadh fáil ar leagan Gaeilge den suíomh."
Dúradar go rabhadar ag fiosrú an scéil leis an Roinn Chomhshaol.

Taobh istigh de dá uair a chloig fuair mé glaoch ó RnaG ag iarraidh agallamh a dhéanamh agus craoladh é sin ar an Luain. Dúras narbh fhéidir liom an cáin nua seo a íoch mar nach raibh aon eolas agam i dteanga ársa na nGael!

Leagan Gaeilge más é bhúr dtoil é
Bhí ormsa dul go Baile Átha Cliath ar mo ghnó fhéin ar an lá sin. Agus mé ann fuair mé scairt ó TG4 agus ar amharaí an tsaoil bhí mé le bheith in aice le Montrose (Ceanceathrú RTÉ) agus bhíodar i ndán an agalamh a dhéanamh ansin uair nó dhó sular craoladh é ar an nuacht ar a seacht.  Níor mhair sé i bhfad ach sé mo chúig soicind déag de cháil é!

Má tá éinne ag iarraidh cóip shínithe dem phictiúir tá siad le fáil ar phraghas reasúnta ach scríobh chugam!

Agus céard faoin gcáin? Déanam pé teangabháil a dheinim leis an Rialtas i nGaeilge agus níl mé chun an nós sin a athrú anois. Má bhrisim an dlí bíonn orm íoch as ach má bhriseann an An Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil a dlí féin?????

9.1.12

Míol mór Iomaí!

Caisealóid an focal atá ag an foclóir ar an míol mór marbh a tháinig isteach ar an dtrá ar Oileán Iomaí in Iarthar Chonamara i rith na Nollag.


Chuamar thiar ann len é a fheiscint ag an Deireadh Seachtaine.

Áit deas í Iomaí, oileán íseal in aice leis an gCladach Dubh. Is féidir siúil nó tiomáint chuig an oileán fiú nuair atá sé ina lán trá. Tionánamar trasna agus rinneamar an charr a pháircéal ar an dtrá. Ní rabhamar ró chinnte cá raibh an ollphéist mór ach chonaiceamar daoine ag siúil ó dheas agus leanamar é ag dreapadh thar na carraigreacha.

Tár éis leath-uiar a chloig shroich muid tráín bheag agus ag a bár bhi corp an mhíol mór ina luí ar a thaobh. Bhí sé íontach mór agus cé go raibh boladh áirithe ann ní raibh sé ró láidir.

Is cosúil nach bhfuil fhios ag na h-údaráis céard is ceart a dhéanamh. Tuairscíodh go raibh an Comhairle Chontae le cruinniú a bheith acu - ollchruinniú is dócha!

Chuamar thár n-ais chuig an carr ar an mbóthar a bhí i bhfad níos éasca ná an dreapadóireacht a rinneamar le dul ann! 




4.1.12

Ag breathnú isteach?

Chruthaigh an Nollaig go maith do TG4 de réir na bhfigiúirí féachana ó Nielsen TV Audience Measurement Ireland (Béarla), an miosúr oifigiúil teilifíse in Éirinn. Léiríonn na torthaí sin don tréimhse ó Oíche Nollag go Lá Caille gurb é an cainéal Gaeilge an t-aon chainéal dúchais ar éirigh leis scair fhéachana níos airde a fháil faoi Nollaig ná a ghnáth-scair i rith na bliana.

D’fhéach os cionn 2.7 milliún duine ar TG4 le linn na féile, 70% den phobal a d’fhéach ar aon teilifís i rith na Nollag.

Thuill an cainéal scair fhéachana 3.4% i rith na Nollag agus bhí TG4 sa cúigiú háit ar fad san ord tosaíochta teilifíse in Éirinn don fhéile, trí áit níos airde ná a ghnáth-ionad sa margadh i rith na bliana. Níl féachaint i dTuaisceart Éireann ná ar Sheinnteoir TG4 ar www.tg4.tv sa mbaile agus i gcéin ná ar threalamh taifeadta pearsanta in Éirinn san áireamh leis na figiúirí féachana teilifíse sin.

Ar na cláracha a thuill lucht féachana suntasach faoi Nollaig 2011 do TG4 bhí Rugbaí Beo (Mumha v Connachta) agus Ray McAnally, M’Athair ar Lá ‘le Stiofáin, agus Geantraí – Na Chieftains 50 Bliain agus an clár faisnéise Michael D – Rás go dtí an tÁras ar Lá Nollag.

Deir Ardstiúrthóir TG4, Pól Ó Gallchóir, gur ábhar sásaimh agus misnigh iad na figiúirí seo dó. “Glactar leis go bhfuil an iomaíocht Nollag ar an gceann is géire ar fad sa margadh teilifíse in Éirinn,” a dúirt sé “agus is mó fós an dúshlán anois ó tá an rogha cainéal ag fairsingiú agus na modhanna féachana ag méadú ó mhí go mí. Cruthaíonn na torthaí seo go bhfuil meas agus éileamh ar an rogha sainiúil ábhair atá ar fáil ar an gcainéal s’againne, go háirithe ag an tráth speisialta seo den bhliain.”

Féach leis ar an an alt seo faoi TG4 san Irish Times 4/12/2011 (Béarla)