3.4.21

Faighte - cuid a h-aon!


Tá an dochtúir taighlaigh againne lonnaithe sa chathair anois. Mar a dúirt me ar an nDéardaoin fuair mé an cuireadh dul isteach le haghaidh ionaclaithe ar an Aoine - Aoine an Chéasta.

Is amhlaidh go bhfuir mé cuireadh dhá sheachtain ó shin agus ansin fuir mé teachtaireacht eile ag rá nach raibh an méid stuif a bhíodar ag súil leis a fháil agus go rabhadar ag súil cuireadh eile a chuir chugam aimsir na Cásca. So bhí mé ag súil leis an nglaoch!

Cúpla uair i ndiaidh mo chuireadh fin fuair mo bhean cuireadh chomh maith. Bhíomar beirt le bheith deanta ar an lá céanna!

Bhí an coinne le bheith ar 16.15 agus mar sin chuamar istigh agus neart ama le spáráil againn. Mar sin ag a ceathair a chlog chasamar isteach ar an sráid ina bhuil an máinliacht agus thugamar faoi deara go raibh an trácht cuíosch trom agus muid ag cásadh. Ansin thugamar faoi deara go raibh slua thios taobh amuigh den bhfoirgneamh.

Rinneamar an carr a pháirceáil agus shúileamar ann. Bhí scuaine ann agus iad go léir ag feitheamh le hinstealladh. Bhí amantaí éagsúle acu ach bhí an scuaine ag gluaiseacht sciobtha go leor. Agus bhí an slua go deas gealgáireach. Duine amháin a bhaist ainm nua, "Pfizer Friday" ar an lá. Duine eile a rá nach raibh sé i scuaine ó bhí sé óg ag dul isteach i "matinee" éigin!

Bhíomar istigh ann i leathuair a chloig agus bhí an "jab" déanta ag deich chun a cúig. Míníodh dúinn cad a bhí a thabhairt agus gur beag baol dhrochthoradh a bheadh as. Dúradh linn suí an ar feadh cúig neomad deag agus nuair nach raibh aon tinneas orainn ligeadh amach muid. Beidh orainn dul thár n-ais don dara mír ar lá Bhealtaine - le cúnamh Dé.

Agus muid ag fágáil na h-áite muid ní raibh ach meas agus íontas orainn ar dúthracht lucht na clinice. Bhíodar deas séimh, fiú gealgáireach agus iad "faoi ionsaí" ag na ceadta seanóirí. Ar bhealach is idir dhá thine atá siad: an pobal ag lorg instealladh ar thaobh amháin agus soláthar vacsaíní, idir déantóirí agus lucht dáileacháin ar an dtaobh eile.

Tá siad le moladh!

#coróinvíreas #COVID19 #coronavirus

No comments:

Post a Comment