26.11.23

Aíocht don Strainséir?

Bhí mé ar aifreann aréir agus cheap mé go raibh an soiscéal an oiriúnach don tráth seo.

Ag smaoineamh ar na himeachtaí i lár Bhaile Átha Cliath a bhí mé nuair a chuala mé an Sagart ag léamh Briathar Dé.

Tagaigí, a lucht bheannaithe m’Athar, glacaigí mar oidhreacht an ríocht a ullmhaíodh daoibh ó thús an domhain.
Mar bhí ocras orm agus thug sibh rud le n-ithe dom,
bhí tart orm agus thug sibh rud le n-ól dom,
bhí mé i mo strainséir agus thug sibh aíocht dom,
bhí mé nocht agus chuir sibh éadach orm,
bhí mé tinn agus tháinig sibh ag breathnú orm,
bhí mé i bpríosún agus thug sibh cuairt orm.”

Freagróidh na fíréin é ansin:
“A Thiarna, cén uair a chonaic muid ocras ort agus go dtabharfadh muid bia duit,
nó tart ort go dtabharfadh muid deoch duit?
Cén uair a chonaic muid i do strainséir thú agus go dtabharfadh muid aíocht duit,
nó nocht agus go gcuirfeadh muid éadach ort?
Nó cén uair a chonaic muid tinn
nó i bpríosún thú go dtabharfadh muid cuairt ort?”

Agus déarfaidh an rí á bhfreagairt:
“Deirim libh go fírinneach, chomh fada agus go ndearna sibh é do dhuine don dream is lú díobh seo a chreideann ionamsa, is domsa a rinne sibh é.”

Tá súil agam go mbeidh mise i measc lucht na láimhe deise ar an lá sin.

23.9.23

Crúiscín á líonadh!

Ní raibh aithne agam ar Rónán Mac Aodha Bhuí ach gur bhuail mé leis uair amháin. 

Is mar seo a thárla sé.

Bhí mé fhéin, mo bhean agus cara léi ag béile sa proinnteach cáiliúil KAI i nGaillimh. Thug mé faoi deara go raibh Rónán ina shuí leis fhéin ar thaobh amháin den áit. Tá mé ag ceapadh go raibh sé ag léamh rud éigin ach níor chuir éinne isteach air. Lean muid ag ordú ár mbéile agus ar gcomhrá fhéin ar siúl againn. 

Is cosúil go raibh a bhéile féin críochnaithe aige agus chuaig sé suas chuig an gcúntair le muintir an tí a íoch agus bhí air dul tharainn.

Rónán Beo!
Bheannaigh mé dó, "Cé chaoi a bhfuil Rónán Beo?"

Craithe sé lámh liom agus linne go léir.

"Cé thú fhéin?"

D'inis mé dhó.

Ar ámhairí an tsaoil chuir mé theachtaireacht chuig a chlár i rith na seachtaine roimhe agus chuimhnigh sé ar sin. Bhí íontas orm ar ndóigh.

"Bhí rud maith in do theachtaireacht," a dúirt sé, "Céard é?"

B'fhíor dó. Bhí mé ag caint faoi polasaí an Rialtais ag an am ('deile?) agus rinne mé aithris ar phíosa a dúirt Seán Ó Cuirreán agus é ag éirí as mar Coimisinéir Teanga. 

"Cad iad na focail bhí siad go maith?"

"...mugadh magadh, briolla brealla nó bréaga a bheas i gceist."

Rinne sé gáire faoi sin,. "Tá sin go deas!" agus fág sé slán muid. 

Bhí mé ag smaoineamh ar sin agus muid faoi bhrón i rith na seachtaine and smaoinigh ar an mbealach a chás sé an comhrá orainne seachas ar féin. Ar bhealach bhí sé a tabhairt meas agus omós ormsa.

Ba bhua faoi leith é sin.

"B'fhíor don Ath Brian agus é a labhairt ag socraid Rónáin, "Nach iomaí uair a líon Rónán an crúiscín dúinn ar go leor bealaí."

A dheis lámh Dé go raibh sé agus gur "dorn san aer do na nGael" a bheadh sa lámh céanna!

9.8.23

Ceann gearbach sa bhfairrge.

Cuirtear cheist orm ó am go h-am cén miniú atá ar ainm an bhlag seo - An Codú.

Mapa Tim Robinson (1990)
Tá cónaí orm sa bhaile fearainn, Caorán na gCearc, agus siar ó dheas uainn ag bhéal chuan Chasla tá carraig ar a dtúgtaí An Codú. Tá sé ag seasamh ó na chianta ansin mar gharda ar an chuan.

Ach cad is brí leis? 

Tá sé luaite i leabhrán Tim Robinson (llch 132*), ar dheis Dé go raibh sé. Deireann sé go gceaptar gur sean fhocal atá ann "ceann gearbach".  Cheap mise go mbfhéidir gur "Clo(ch) Dubh" atá mar mhiniú air. Cá bhfios?

Tá seanrá nó nath cainte sa cheantair "chomh sean leis an gCodú!" Tá sé marcailte aige ar an léarscáil cáiliúil a rinne sé de Chonamara.

Tá sé infheicthe ón mór thír ach tá radharc níos fearr air ón bhfarraige. Ta an pictiuir thíos tógtha ón bhóithrín thíos go dtí an Chéibh Nua agus Inis Mór amach ag bun na spéire.  Téann an bóthar eile síos chomh fad le Toit Chónáin  atá luaite agam i bpíosa deich mbliain ó sin (tá mé ag éirí sean is cosúil!)

Thóg mé an pictiúr de atá ar bharr an bhlag seo roinnt bhlianta ó shin ó bhád nuair a bhí rastaí Ros a'Mhíl ar siúl.


* Connemara, Part 1:Introduction and Gazetter, Folding Landscapes, 1990 ISBN 0 09504002 5 4

8.8.23

Ó chathair go cathair?

Nuair a bhi cónaí orainn i mBaile Átha Cliath ní raibh fadhb agam taisteal ar chúrsaí ghnó ar fúd na tíre. Bhí mé ábalta chóras taisteal Iarnród Éireann a úsáid go héasca le dul chuig cathracha na tíre go heasca. Rud a rinne mé go minic, go mór mór ar an dtraen go Corcaigh. Bhí an idirlín nua go leor agus cé gur "dial-up" a bhí á úsáid againn ag an am bhí sé iontofa go leor. Tá feabhas tagatha ar an idirlinn cinnte cé nach bhfuil sé ioncurtha leis an seirbhís i gceantracha uirbeacha.

Mar atá anois (Thuas)
Mar a bheidh?
D'aistríomar go Conamara timpeall 2003 agus bhí sé soiléar go raibh an díofríochta idir a dá áit. Cé go bhfuil cúrsaí athraithe beagáinín ann ó shin, tá sé fós soiléar go bhfuil eacnamaíocht agus claonadh na tíre bunaithe ar chathair amháin - Baile Átha Cliath.

Bhíodh orm dul go Corcaigh agus (mar bhí sé de nós agam) chinn me ar an dtraen a úsáid. D'fhéach mé ar an turas a eagrú agus cé nach raibh se do-dheanta ní turas simplí a bhí i gceist. I mBaile Átah Cliath téann tú chomh fada le Heuston agus téann tú ar traen a thógann tú go Corcaigh díreach. Ach i nGaillimh bhí orm dul go Cúl an tSúdaire agus fan ar thraen raen eile a fháil ansin go Port Laoise agus ansin fan ar an dtraen (ó BhÁC) go Corcaigh. Ní raibh aon bhealach eile ag an am.

Idir an dá linn, agus tár éis an-chuid stocaireachta, athbúnaíodh an traen ó Ghaillimh go Luimneach. Mar sin is féidir dul ó Gaillimh go dtí Luimneach, traen eile ó shin go Gabháil Luimní agus ansin ar thraen (Ceann BhÁC) go Corcaigh.

Tá sé ceart go leor is dócha má tá leath lá le sparáil ag an té atá ag taistil? Ach más gnó atá idir lámh agat - is ionann am agus airgead!

Anois tá 'scéim' foilsithe ag an Rialtas* leis an gcóras iarnród a fheabhsú le plean "Pobail a chur ar an mbóthar do Ré Nua Iarnróid" i measc na haidhmeanna maightear go mbeadh 700,000 duine sa bhreis ina gcónaí laistigh de 5km de stáisiún traenach. 

Ach cá mbeadh siad ag dul meas tú? 

Is ar nascanna le Bhaile Átha Cliath atá an béim. Níl ach líne amháin (nó b'fhéidir dhá cheann (Béal Feiriste & Doire?) a ceangailíonn dhá chathair go díreach. Agus ní athróidh an plean mór nua chúrsaí ach an oiread. 

Ní féidir dul go díreach ó Corcaigh go Luimneach nó Port Lairge. Ní féidir dul ó Gaillimh go Sligeach. Agus ní féidir dul ó Sligeach go díreach go Doire. 

Deireann "siad", na saineolaithe, nach bhfuil éileamh ann. Dúradar sin faoin líne ó Gaillimh go Luimneach. Dúradar sin faoi Aerphhort Cnoc Mhuire1 . Tá Baile Átha Cliath an mhór - ró-mhór deirtear - agus tá na saineolaithe ag obair ar chóras a méadódh dhaonra na Cathrach sin. Nach méadódh línte díreach idir na cathracha "cúaigeacha" cumarsáid, gnó, tionscalíocht & trádáil, saol shoisialta agus cá bfhios cad éile?


* Súil eile: Is fiú alt Chathail Mhic Choille a léamh ar an "straitéis" seo ar Thuairisc chomh maith:"Is tábhachtaí ná aisling iarnróid uile-Éireann na roghanna práinneacha iompair is gá a dhéanamh."

Nach ndeireann siad an rud céanna go mionn minic faoi sheirbhís ón a sholáthar sa Teanga Náisiúnta?

6.7.23

Ludi & circenses!

Tá an-chuid sna meáin faoi trioblóidí RTÉ sna laethanta seo.

Is leir go bhfuil míthuiscint éigin á léiriú ag roinnt de na tráchtairí dár liom. Tá sé tabhachtach tuiscint ar chúrsaí tráchtála agus fógráiocht agus caidreamh poiblí a bheith ann.

Tá gnó beag foilsitheoireachta agam (Foilsitheoiri Read-out)  agus suas go dtí 2017 d'fhoilsing mé iris beag gach dara mhí. Bhíodh mé ag lorg scéalta teichneolaíochta agus eile. Bhí comhluchtaí éagsúil ag iarraidh orm poiblíocht ar a gcuid earraí nó a gcuid seirbhísí a thabhairt, fógraíocht i riocht nuachta más maith leat. Mar chuid de sin d'eagríodh siad imeachtaí do na foilsitheoirí in áiteacha éagsúla. Bheadh siad sásta turasanna a eagrú dúinn in áiteacha éagsúla. D'íochfadh síad as chuile rud, eitiltí, fanacht in ostáin, béiltí, cuairteanna chuig stairiúla nó siamsaíochta. De gnáth bhíodh bronntanais "beag" do gach rannpháirtí. Tháinig deireadh leis sin nach mór i rith na paindéime ar ndóigh.

Bhí sé daor go leor ortha ach fuaireadar poiblíocht i measc a bpobal meáin. Níos mó ná sin bhí cuimhne ag na héagathóirí a bhí ar turasanna sin agus iad ag ullmhú do gcéad eagrán eile. Maidir liom féin chosnaigh sé suimeanna níos mó na €1000 and turas. Bhíodh idir tríocha agus caoga iriseoirí ar gach turas. Mar a deireann an fear eile, "Déan na suimeanna!"

Mar sin bhí turasanna agamsa mar sin chuig an chuid cathracha ar an Mór-Roinn, An mBruiséil, Páras, turas chuig Disneyland sa áireamh, An Róimh, Berlin, An Vín, agus caithreacha nach iad. Bhí turasanna chuig Atlantic City, Philadelphia (cluiche haca oighir) agus Las Vegas i Meiriceá chomh maith.

I measc na bronntanais bhí scáth bháistí, mála droma (a úsáidim fós don ríomhaire) agus rudaí eile cé nach raibh flip-flop ar bith ina measc.

In RTÉ tá fadhb acu mar tá coimhlint ann mar craoltóir náisiúnta agus mar gnó tráchtála. Bhí sé sin ann i gcónaí agus tá íontas orm nár phléasc an buama seo i bhfad roimhe seo.

20.6.23

Cén bhláth?

Agus an samhradh tagtha nach íontach an méid pictiúirí de bhláthanna atá roinnte ar an gcóras giolcaireachta. Bhí an méid sin daoine a thosaigh ag dul amach ag siúl nuair a thainig an diabal Chovid go hÉirinn gur tháinig oscailt súile. Thug daoine faoi dearadh ceol na néan agus áileacht fásrach ar thaobh na chosán.

Sciollam na Móna
Anseo ar an gCaorán - Caorán na gCearc - tá neart áiteanna le siúl ann agus diaidh ar ndiaidh thugaim féin faoi deara plandaí agus ainmhithe éagsúla. Cuid acu ní bheinn ag súil leo i gceantair oscailte mar seo gan mórán crainnte. Tá broic feichthe agam. Cheap mé gur ainmhí coillte a bhí ansin ach táid anseo. Feictear iad san oíche agus uaireanta is iospartach bóithre iad. Tá giorria ann a léimeann go gasta trasna an gcasán agus uaireanta feicter ag damhsa iad. Tá sionnaigh ann leis a déanann feasta as eillín chearca áitiúil anois is arís.

Feictear seabhach buí ann anois is arís agus cloistear fuiseog go hard ós ár gcionn. Tá neart éin eile ann ar ndoigh, lon dubh, spideoig,dreoilín agus smolaigh mar aon le neart éiníní beaga.

Magairlín Gaelach
Bhí mé ag siúl cupla lá ó shin agus chonaic mé dhá bhláth nár thug mé faoin ndeara roimhe sin. Bhí sé éasca ceann amháin a ainmnú - magairlín de short éigin a bhí ann. Ach bhí ceann eile a bhí cosúil le maigairlín ach nach raibh mé ábalta a ainm a aimsiú. Chuir mé pictiúir de thuas ar an gcóras giolcaireachta é agus fuair mé freagra gur Sciollam na Móna (Narthecium ossifragum) a bhí ann. Sin an t-ainm atá ag Wildflowers of Ireland chomh maith. Ach bhí ainm eile "Blioch" nó "Bliochan" ag Fergal (@Gaeilgebheo). Bhí Sciollam na Móna ag gach duine eile.

Tá magairlín corcra le fáil go coitianta sa chomharsanacht seo. Tá an Magairlín Gaelach (Dactylorhiza Kerryensis) tá mé ag ceapadh, nó bfhéidir an Magairlín Corcra (Dactylorhiza purpurella). Tá sé an fhlúirseach anseo i mbliana fíu ar an blásóg féir ós comhair an teach againn.

Magairlín mór an fhéileacáin
Luaigh mé maigairlín eile a chonaic mé is mé ag siul an lá faoi dheireadh. Tá dath buí air agus tá na bláthanna cosúil le féileachán. Tá dhá cineál luaite in Éirinn, ceann beag agus ceann mór. Sílim fhéin gur an ceann mó - Magairlín mór an fhéileacáin (Platanthera chlorantha) atá ann seacha an Magairlín beag (Platanthera bifolia). Cad a cheapann tusa? Tá muid inár gcónaí anseo le beagnach fiche bliain agus níor thugas an bláth áirithe seo faoi dearadh go dtí seo. Níl fhaca mé móran dóibh - b'fhéidir fiche chinn agus ní mór san i gcomparáid leis a ceann corcra atá go le feiscint go forleathan sa áit.

Tá ceacht le foghlaim as seo is dócha, do shúile a choimead ar oscailt as tú a siúl ní bheadh fhios aga cad a bhfeifidh tú!

7.5.23

An pus ceannann céanna...

Chuir an hoopla thoir ar an dtaobh eile den Mhuir Meann turas rinne mé leis an Réalt ar Mhachynlleth na Breataine Bige sa bhliain 1969.

Sa bhliain sin bhí searmanais ann le Séarlas Windsor a infheistiú mar Prionsa na Breataine bige. Ar ndóigh bhíodar ann nár thaitn sin leo ach bhi an chuid de muintir na Breataine Bige lán sásta leis cé gur bhain an áit sin le Prionsa Breatnach, Owain Glyndŵr, sa triú aois déag. Bhí teach pairlimint aige ann sula bhfuair na Sasanaigh an lám in uachtair air. Pé scéal é bhí na bratacha amach ar na sráideanna agu pictiúirí den lead bocht sa fuinneoga.

Bhí sagart linn, An tAth Diarmuid Ó Laoghaire, Íosánach, linn agus muid ag siúl ar an bpríomh Sráid (Heol Maengwyn), dúirt sé, "Feicim an pus ceannann céanna ag breathnú amach as chuile fhuinneoig!"

Bhíomar ag dul chuig an séipéal Caitliceach le buaileadh leis an ságairt paróiste. Agus muid ag caint leis, Sasanach ar ndóigh, dúirt sé, an Sagart Paróiste, go díspeagúil,   Níl fhios agam cunas ar choimead an tAth Diarmuid a bhéal dúnta!

Bhí amhrán aoir ar Séarlas mar 'Prionsa na Breataine Bige", ach ach nach raibh tada Breatnaise faoi a rá ag Dafydd Iwan, ag an am. Ar ndóigh cheanaigh mé cóip de agus tá sé againn fós - áit éigin

Ymunwch yn y gan, daiogion fawr a man O'r diwedd mae gynon ni 'Brins' yn ngwlad y gan.
(Canaimís mar sin, idir sean is óg Faoi dheireadh tá ‘Prionsaí’ againn i dtír na n-amhrán)

21.4.23

Mise agus Tomás Mac Ruairí!

Baineandh geit asam nuar a léigh mé, i Nós, go raibh Tomás Mac Ruairí imithe uainn.

Tomás Mac Ruairí 1939-2023
Ba ó Tomás Mac Ruairí a fuair mé an misneach Gaeilge a labhairt nuair a fhágas scoil sa bhliain 1966. Is cuimhin liom gur scríobh mé isteach chuig CnaG ag lorg Fáinne Daite (Dóibh siúd nach raibh mórán Gaeilge acu) agus scríobh sé thár n-ais chugam ag rá go raibh mo chuid Gaeilge maith go leor le Fáinne Ór (Fáinne Nua) a fháil. 

Bhí Choirm Cheoil an Oireachtais ar siúl i Halla SFX cúpla lá ina dhiaidh san agus chinn mé ar dul ann. Níor labhair mé riamh i nGaeilge le h-éinne taobh amuigh den rang agus bhí eagla an domhan orm mo bhéal a oscailt.

Bhí an oíche ag druidim chun deireadh agus bhí orm rud éigin a dheanamh. 

"Cá bhfuil Tomás Mac Ruairí?" a dúirt mé le duine éigin. Agus dúradh liom cá raibh sé. 

Chuaigh mé chuige agus dúirt mé, "Is mise Eoin Ó Riain."

"Oh" a dúirt sé, "Seo duit!"  Thóg sé a Fháinne féin óna bhóna féin agus thug sé dom é. Rinne sé comhrá gearr dom mar bhí sé an ghnóthach ag an imeacht féin ach dúirt sé liom buaileadh isteach chuige in Uimhir a Sé am éigin. 

Is cuimhin liom ag dul abhaile is beag ná go rabhas ag eitilt le háthas. Cé nach bfhuil Halla SFX ann a thuilleadh is cuimhin an áit, an spota sa halla inar bhfuair mé an Fáinne sin. 

Chuig mé siar go Conamara an bhliain dár gcionn ar chuireadh uaidh. Is cuimhin liom óiche amháin thiar nuair a rinneamar "jab" ar na comharthaí bóithre ó Bearna go Carna - má thuigeann tú leat mé!

Blianta níos deanaí chuaigh mé siar agus d'fhan muid ann. Tá cónaí orm ann le breis is fiche bliain ó shin.

Gura maith agat a Thomáis. Sonas i measc na nAigeal agat agus suaimhneas ag do bhean Síle agus don gclann ar fad.

10.4.23

Eolas nó aithne!

An bhua thar barr atá faighte agam!


Is minic sna laethanta seo a léann muid na n-ionsaithe ar an an eaglais. Go raibh Éire agus tíortha eile faoi scáth Caitliceach. Eaglais a chuir a ladhar i ngach gné de saol an duine. Ach an é an Eaglais i ndairíre atá faoi ionsaí sna tagartaí seo nó an ar rud nach Críostaíocht i gceart é. Cén tuiscint atá againn féin ar an eaglais Chaiticeach?

Nach ag smaoineamh ar an Eaglais mar institiúid, mar údarás, mar chóras rialacha agus rialacháin, mar thraidisiún, mar ghluaiseacht shóisialta, mar thuairim atá muid. Ar ndóigh tá sé i bhad níos éasca smaoineah uirthi mar seo ná smaoineamh nó iompú ar an fhírinne. "Tá seo ceart!" "Tá seo mícheart!" "Muna bhfuil tú ar an taobh seo ní Caitliceach thú!" 

Táid ann a deireann nach Caitliceach an Pápa féin fiú. Ar thaobh amháin tá diagaire léanta agus ar an taobh eile tá diagaire sontasach eile. Cad is diagaire Caitliceach ann? Duine eolasach ar Chríost agus ar a theachtaireacht. Ach an leor san?

“I stair iomlán na diagachta Caitlicí is ar éigean atá aon rud is lú faoi deara, ach is fiú fógra a thabhairt, ná gur beag diagóir a bhí ina naomh ó aimsir mhór na nAithreacha.” a dúirt fear léinn leath chéad bliain ó shin1.

Foilsíodh tréadlitir ó Easpaig na hÉireann fado i mBéarla, "Knowledge of Jesus Christ!" agus aistríodh go Gaeilge é mar "Eolas ar Íosa Chríost." Ach sílim fhéin gur mí-aistriúchán a bhí ansin. An de bharr míthuiscint a aistríodh mar sin é? Nuair a shéan Peadair Íosa i dteach an ardsagairt nár dúirt sé, "Níl aithne agam air, a bhean!" Sa leagan Béarla tá “Woman, I do not know him.” scríofa. (Lúcás 22:57

Is aisteach linne an rud a bhí intuigthe do na luath-Chríostaithe – nach bhféadfá múineadh faoi Chríost gan aithne pearsanta a bheith acu air.

An bhfuil Dia ag dul isteach sa domhan tré bhaill na heaglaise? Ní hamháin go bhfuil an aontas pearsanta le Dia, nó naofacht, indéanta,  ach tá sé riachtanach. Ní spríoch nó idéal ar na baill an aithne seo a bheith agam air ach dualgas nó oibleagáid.

Is é seo, ar ndóigh, an glaoch uilíoch chun na naofachta - aithne pearsanta ar Íosa. Nó i bhfocail Phóil Aspal, "...an bhua thar barr atá faighte agam: aithne a chur ar Íosa Críost, mo Thiarna." 

Ach is daoine daonna iad baill na hEaglaise, peacaigh bochta - mar a dúirt Prioinsías é féin nuair a toghadh é: "non so quale possa essere la definizione più giusta... Io sono un peccatore. Questa è la definizione più giusta. E non è un modo di dire, un genere letterario. Sono un peccatore ... sono un peccatore al quale il Signore ha guardato" ("Níl a fhios agam cé acu an sainmhíniú is ceart... is peacach mé. Is é seo an sainmhíniú is ceart. Agus ní figiúr cainte é, seánra liteartha, is peacach mé ... is peacach mé ar fhéach an Tiarna air")2.

Is peacaigh baill uiligh na hEaglaise, agus bhí sé mar sin i gcónaí 

Braitheann an Eaglais ar naofacht a cuid ball agus breitheann an naofacht ar an aithne atá agamsa ar Íosa Críost.


1. Hans Urs von Balthazar
2. Intervista a Papa Francesco di Antonio Spadaro 19/8/2023 (IT - DE  - EN  - ES  - FR - PT)

20.2.23

D'éirigh le Síle!

Bhi slua istigh san ionad tástála. Is dócha gur cosúil le na scrúdaithe a bhí againn go léir agu muid ar scoil.

De bharr chúrsaí ChOVID ní raibh tástáil again ar an gcarr ó 2019. Is sean charr í, Síle (2010) agus is ceart go mbeadh an TNG gach bhlian mar tá sí chomh sean san. Bhí sé de nós ag an gcóras nóta a chuir chugat a rá go raibh sé in am tástáil eile a bheit ag an gcarr. Is cosúil gur cuireadh deireadh leis an nós agus bhí ar an tiománaí cuimhneamh air é nó í féin. Rinne mé clárú ar an riomhaire agus chonaic mé go mba ceart é a bheith déanta agam i lár na bliaina seo caite.

Bíodh sin mar atá rinne mé iarracht coinne a dhéanamh ag tús mí Eanáir acgh ní raibh dáta acu go dtí mI Meitheamh i dTuama nó in Inis! Nil ceachtair den dá ionad sin oiriúnach dúinne agus mar sin chuir mé iarratas isteach in ionad na Gaillimhe a luath agus ab fhéidir. Dúradh go mbeadh dáta acu taobh istigh de deich lá.

Agus bhí.

Bhí mé síos acu don Aoine an 17ú Feabhra 2023.

Bíonn orainne tiomáint istigh tré na cathrach mar tá an ionad tástála ar an taobh thoir den gcathair (agus níl cuar-bhóthar thar timpeall uirthí go fóill - nó go deo?). Bhí an trácht go fíochmhar agus mé ag tiomáint ann agus bhí eagla orm go gcaillfhainn an "slot".

Bhí mé timpeall deich neomad déanach ach buíochas le Dia bhíodar sásta glacadh liom.

Mar sin bhí mé istig sa seomra feithimh le slua. Tá fuinneog mór ann gur féidir féachaint ar na carranaí a theastáil. Tá scáileán agus deirtear cé chomh fada agus a thógfaidh an tastáil ar na carranaí. 27 neomad, 18 neom agus 12 neom. Ansin glaoghtar uimhir an charr agus bíonn ar an tiománaí dul le torthaí na tástála a fháil.

Fuair mé an glaoch agus bhí eagla orm mar tá Síle coinneal sean. Ní raibh gá le himní - "Game ball" a dúirt an fear ag tabhairt an diosca tastála dom.


Féach Lional (1/3/2019)

6.2.23

Caitliceachas - i gcónaí ag athru i gcónaí mar an gcéanna?

Is maith an t-am an Nollaig má go minic faightear leabhair nach gceannóidh tú duit fhéin agus níos minincí fós taitníonn sida leat. 

Is mar seo a bhí i leabhair trom a fuair mé don Nollaig seo*. Leabhair staire leis an Ollamh John T McGreevy, Ollscoil Notre Dame (IND USA) atá ann ar an Eaglais Caithliceach ó Réabhlóid na Fraince go dtí an lá atá inniú ann.

An Pápa Pius VI
(Dánlann Náisiuúnta na hÉireann)
Nuar a thárla an Reabhlóid úd bhí duine ón Uasal Aicme, Pius VI (an Cunta Giovanni Angelo Braschi) in phápa. Bhí réimis an-fhada aige ó 1775-1799. Cáin sé an réabhlóid go láidir mar chuir se deireadh le "an mhonarcacht, an ceann is fearr ar na rialtais ar fad!"  Níos deanaí ní raibh sé sásta géilleadh don ionsaí ag Napolean ar na Státaí an Phápa. Gabhadh é agus tógadh go dtí an bhFrainc é áit ina bhfuair sé bás.

Gabhadh a chomharba (Pius VII) chomh maith agus bhí ar siúd bheith i láthair a coranú Napolean mar Impire i bParas. Rud a bhí suimiúl domsa ná an naimhdeas i gcoinne daonlathas a bhí go láidir ag tús na treimhse agus an athrú meoin ar an ábhar sin.

Ar ndóigh chaill an Phápa (Pius IX) a chumhacht ar Státaí an Phápa sa bhliain 1870 agus glaogh sé "Priosúnaí na Vatacáine" ar féin. Is mar sin a bhí siad go dtí Conradh Latern idir Rialtas na hIodáile agus an Pápa Pius XI sa bhliain 1929.

Aisteach go leor i rith an ama sin bhí cumhact an Phápa i measc Caitlicigh ag méadú. Sa bhliain 1870 i rith Comhairle na Vatacáin a hAon, deimníodh agus fógraíodh do-earráideacht an Phápa. Ach stop ionradh Napoleon níos mó oibre ag an gcomhairle sin agus ar bhealach bhí seo á úsáid ag an gcléir sa Vatacáin lena a gcuid cumhacht a mhéadú agus a throid i gcoinne "nua-aoiseachas" go dtí deireadh Phápacht Pius X. Ach cé go raibh an coimhlint seo ar siúl idir an "Eaglais" agus "an Domhain" bhí dearcadh na heaglaise ag athrú mar a bhí an cúrsaí an tsoil ag athrú. Sa bhliain 1891 foilsíodh "Rerum Novarum" (Rudaí Nua) ag an bPapa Leo XIII ar "Cearta agus Dleachtanna Caipitil agus Saothair." Tá teagasc na hEaglaise ar an hábhair seo bunaithe nach mór ar an bhun teagasc ansin.

An Pápa Prionsias ag pógadh cosa
Uachtarán  na Súdáine Theas
ar son na síochána. (2019)
Ar bhealach nuair a fhéacann duine ar an bPápa Pius VI, den uasal aicme Iodáileach dhá chead bliain ó sin anuas go Prionsias, mac inimirceach Iodálach tá an scéal soiléir go leor. Aimsir ag cosaint Ríthe, Uaisle agus anuas go glacadh le Rialtais tofa ag an bpobal go daonlathach.

Sa tréimhse se déannann sé scrúdú ar an ngluaiseacht misinéireachta; gluaiseachtaí polataíochta (m.s. Dómhnail Ó Conaill anseo in Éirinn); Réabhlóid in Meicsiceó; diagacht na saoirse i Meiriceá Theas agus meadú i mballraíocht na hEaglaise sa Aifric.

Sonraíonn an údar seo sruthanna athchóirithe laistigh den Eaglais chomh maith le gluaiseachtaí a chosnaíonn nósanna agus creidimh traidisiúnta. Léiríonn coimhlint le ceannairí polaitiúla agus athbheochan cháifeacht sa naoú haois déag, eispéiris an díchoilínithe tar éis an Dara Cogadh Domhanda agus Dara Comhairle na Vatacáine san fhichiú haois, agus tráma na mí-úsáide gnéasach cléireachais san aonú haois is fiche conas a mhúnlaíonn reiligiún ár saol nua-aimseartha. domhan.

Ag an deireadh, tugann John McGreevy aghaidh ar na dúshláin atá roimh an bPápa Proinsias agus é ag streachailt le breis agus billiún ball den phobal reiligiúnach is mó ar domhan a aontú.

Ar ndóigh níl seo deireadh leis an scéal seo. 

Tá na hathraithe fós ar siúl agus beidh....


* Catholicism, A Global History from the French REvolution to Pope Francis, John T McGreevy;w.w.Norton & Co Ltd., New York & London;
ISBN 978-1-324-00388-5

19.1.23

Cent ar bith!


Is minic agus mé ag fáil artola sa charr déanaim iarracht an praghas a ardú go méad €uro glan. Sé sin nuair atá sé ag teacht go dtí barr an tanc leanam orm go mall go dtí an figiúr glan - gan cent ar bith. Ach de ghnáth ní éiríonn liom agus stopann sé beagáinín ró ard i gcónaí - cent nó dhó so bhreis.

Ach cúpla lá ó shin bhí mé á líonad ag Tí Mháirtín Bháin agus stop an pumpa díreach ag €50.00 uaidh féin.

Miriúlt beag?

2.1.23

An cumhacht is mó...

"Vous n'aurez pas ma haine!" 

Léigh mé Khailil cúpla mí ó shin agus scríobh mé píosa faoi i mí na Samhna seo caite. Ach le seachtain anuas tá mé ag leamh leabhair eile ar an ábhar ceanna. Bhí an dá chean cumtha sa bhfraincís agus an dha ceann faoin dtarlúint céanna.  Ba úrscéal a bhí i Khalil ach insíonn an scéal seo a thárla go fírineach. Is leabhair beag é ach is mó is fiú é a léamh mar taispeánann sé cumhacht grá seachas fuath.

Bataclan, Paras, inniú
"Oíche aoine goid sibh beatha duine den scoth, mo ghrá gheal, máthair mo mhic ach ní bheidh fuath agam oraibh." 

Leabhair ar fad eile atá anseo* ach bunaithe ar an lá uafásach céanna is a bhí Khailil. Bhí Bean an udair sa Bataclan, an oíche úd agus maraíodh í. Is cineál dialann atá sa leabhair seo a léiríonn a bhriseadh chroí agus ag an am céanna a ghrá dá mhac. Ní raibh sé sásta a shaol a mheilt le fuath nó cómhaslú. Roinneann sé cnamha a bhrón linn go lom agus uaireanta bhí orm stopadh á léamh ar feadh nóiméad nó dhó. (Rud éigint i mo shúil....)

An leabhair seo scríofa, agus aistrithe go maith. Bhí rud amháin a chuir isteach orm go raibh miniú (i mBéarla) ar focail áirithe a cheap na foilsitheoirí a bhí deachair is dócha. 

Muna bhfuil siad léite agat molaim go mór é.



*Ní Bheidh Fuath Agam Oraibh (Insint ó chroí), Antoine Leiris (Aistriú: Colm Ó Lorcáin); Leabhair Comhar 2020, ISBN: 978-1-9162403-3-9.

17.12.22

Frigeáilte!

Tá caint faoi úsáid focail sa Ghaeltacht ar an gcóras ghiolcaireachta le lá nó dhó anuas.

Mar shampla "sandwich" in ionad "ceapaire","bicycle" ar "rothar." 

Is cuimhin liom ag líonadh mo charr ag Siopa an Phobail agus chuigh mé isteach ann le híoch as an "artola." Ní raibh tuairim ag a bhfreastalaí bochd cad a bhí mé ag rá go dtí go ndúirt mé "Petrol."  (Ach ar focal.ie tá an focal "peitreal" ann.) 

Agus is annamh go n-usáitear an focal "aibhléis" (ach amháin ar R na G). "Tá an deabháil leictric imi' aríst!" a deirtear thárt anseo.

Is cuimhin liom fadó nuair nár éirig linn ár gcarr a thosu (startáil?) tháinig duine de na comharsan ag iarraidh cabhrú linn. Agus cúpla iarracht déanta again gan toradh dúirt sé, "'mé ag ceapadh go bhfuil an battery frigeáilte."  Agus bhí!

Tárlaíonn rudaí mar sin i ngach teanga. Tagann an chuid de na focail sa Ghaeilge ón Laidin nó ón bhFraincís. Tagann focail áirithe istigh go nádúrtha i ngach teanga fiú sa Bhéarla. Tá neart "bungalónna" thár timpeal anseo ach ní focal Gaeilge é sin, nó fiú focal Bhéarla.

Tagann focail is teach i ngach teanga, cuid acu fanann siad ann agus cuid acu ní éiríonn leo. Tá fir agus mná léinn a déanann iniúcadh ar fhocail agus téarmaí agus cumann siad focail nua. Éiríonn le cuid acu dul isteach sa chaint agus fágtar cuid acu gan úsáid.

Mar a dúirt Taoiseach éigin "fag faoi na toghthóirí" é.

11.12.22

Gaudete!

Ó thárla nach bhfuil sagart ina chonaí sa pharóiste a thuile ní bhíonn Aifreann ar an Domhnach ann.

Ní maith liom an socrú nua.

Fleasc Aidbhinte
Séipéal na Tulaí*
Ó bhí mé óg bhí maidin Domhnach socraithe seasta - éadaigh néata, aifreann agus bricfeasta mór. Ní fhios agam conas an Domhnach a céiliúradh anois!

Chuaig mé ag an tAifreann aréir agus bhí slua cuíosach mór ann ach bhi mé fhéin faoi dhúlagar de short éigin. Bhí an oíche ceomhar fuair oighreach - má tá a leithéid de focal ann!

Lasadh an coinneal bán dearg - "rósach" a tugtar do ag an liotúirgeoir!  Thosaigh an tAifreann mar is gnáth. Tosaíodh ar an an gcéad léacht, píosa ón mBíobla, Ísáidh fáidh:

    "Bíodh áthas ar an bhfiántas agus ar na taltaí spalptha, bíodh áthas ar an talamh gan saothrú agus tagadh sé faoi bhláth, tugadh sé bláthanna áille mar thoradh, déanadh sé lúcháir agus canadh sé le háthas."

Go tobann bhí áthas de chineál éigin ar mó chroí-se, "Misneach, ná bíodh faitíos oraibh ... " a lean an léitheoir agus bhí mo intinn agus mo chuid smaointe éadrom le cineál fuscailt - scaoileadh lúcháir de short éigin.

Nach íontach cumhacht an fhocail scríofa go mór mór nuair is Briathair Dé atá ann.


* An fleasc sa séipéal ó Bhláthanna & Brontanais Charoline, Indreabhán. Is féidir í a aimsiú ar Facebook.

11.11.22

Gealúnach síoraí!

Bhí mé sa seomra folctha agus thosaigh mé ag smaoineamh. Rith sé liom go raibh athrú suntasach i gcúrsaí gallúnacha ó bhí mé óg.
Mar a bhí!
Bhíodh sé de nós barra gallúnaí a bheith ar thaobh an baisín sa seomra folcadh nó in aice leis an doirteal cistine. Nó bhíodh se ar mhias faoi leith ann. Ach ní mar sin atá cúrsaí. Is gnáth rannóir gallúnaí atá ar thaobh an báisín anois agus gallúnach leachtach istig ann.

Mar atá!
Bhí gallúnach Lifebouy againn sa bhaile a bhí chrua go leor. Bhí sé an dheachair sobal ceart a fháil leis. Dath dearg a bhí air agus mar sin is minic a glaodh "Gallúnach Dearg" air. 

Is cuimhin liom agus mé ar scoil i gCorcaigh go ndáiltí barra chrua gallunaí - "Ryan's Klimax Carbolic". Bhí monaraca ghallúnadóireachta sa cathair ag an comhlucht Ryans - tugadh na "Soapy Ryans" ar úinéirí an mhonarcan. Thugamar leasainm "gealúnach síoraí" ar an mbarra. Díoladh barra fada de. Gearradh an barra i gcúig gcodanna le sreang agus bhí píosa an duine deanta as. Tá mé ag ceapadh go bhfuil an comhlucht dúnta le fada.

Ach anois ní maireann an buidéal mórán ama. Agus táim in amhras an bhfuil sé leath chomh láidir is a bhí an barra chrua dearg carbólach?

1.11.22

An t-séid nar sheid.

"Ceathrar againn a bhí ann agus gach duine dinn sástaé féin a shéideagh ina bheatha." 

Is mar seo a thosnaíonn an leabhar seo. Mí na Samhna 2015 i bPáras na Frainceach atá an fear seo, Khalil, agus crios pléascach thár timpeall a choime. Ón chéad abairt sa chéad caibiddil bhí mé gafa ag an leabhair seo. Thaistaigh orm fháil amach cad a thárlódh leis an bfear óg seo ón tús.

Is cuimhin liom an oíche sin a bhí ionsaí uafásach Bhataclan. Bhí triúr ionsaí féinmharfach eile i dtuaisceart na Cathrach, bruachbhaile St Denis. Bhí cluiche socar idir an Fhrainc agus an Ghearmáin ar siúl. Is cosúil gur theastaigh ag triúr fir leis na buamaí dul isteach agus iad fhéin a phléascadh ag an cluiche. Ach de bharr nach raibh ticéidí acu níor ligeadh isteadh iad agus pléasc siad na buamaí taobh amuigh den stáid.   S leabhair seo is sé an ceathrú duine a bhí leis é fhéin a phléascadh atá ag insint a scéal féin. Is cosúil gur theip ar an buama pléascadh. Insíonn sé ar a thárla dó ina dhiaidh san; a éalú ó Pharas chuig an Bheilg; ag smaoineamh ar cad a dhéanadh sé ina dhiaidh; cad a cheapadh a cheannarí faoi? An roghnófar é le eachtra eile marfach?

Tá an léiriú ar a chuid smaointe, ar a dhearcadh, ar fealsúnacht an ionsaitheora féinmharúach. Chuir sé leabhair eile ag an Ailgéreach, Albert Camus* i gcuimhne dom. Séal eile ina deineann duine iniúcadh ar a intinn féin, a smaointe agus a dhearcadh nackh cosúil le dearcadh an "gnáth" duine!

Bhí an leabhair seo an éasca le léamh cé gur aistriúchán a bhí ann ní cheapfá ach go raibh sé scríofa sa Ghaeilge. Stíl breá nadúrtha scríobhnóireachta dár liom. Cloisim go bhfuil leabhair eile aistrithe ón bhFraincís aici. Tá mé ag súil leis.

Seo an dara leabhair ó stábla Barzaz. Scríobh mé píosa faoi Madame Lazare i mí Feabhra agus cé chomh éasca is a bhí sé le leamh. Go leanfaidís an nós!

• Khalil, Yasmina Khadra: Aistrithe ag Máirín Nic Con Iomaire; Barzaz ISBN: 978-I-910945-85-8


* An Strainséara; Albert Camus: Aistrithe Diarmuid Ó Gráinne; Coiscéim 2012 (L'Éntranger - 1942)

31.10.22

Sa bhFrainc (2)

Agus Antibes fágtha againn thiománamar go díreach go Cherbourg ach ar ndóigh ós rud é go bhfuil an turas díreach cuíosach fada stopamar i mbailte eile ar an mbealach. Is ar motarbhealaí beagnach an turas ar fad.

Abha na Róine taobh leis an A7 ag Valance
B'é Valance, baile ó dheas ó Lyons an chéad ceann. Thóg sé timpeall ceithre uaire dul chomh fada leis an mbaile sin ar bhruach abann mór na Róine. Is minic a glaoghtar "Geata Dheiscirt na Fraine" ar an gcathair seo. D'fhánamar oíche amháin anseo.

Thugamar aghaidh ar an mbóthar ó thuaidh  (an A7) go luath ar ar maidin. Téann an bóthar tré cathair mór eile - Lyon - ach chuamar chuig baile eile Beaune - príomh cathair fíona ceantair na Burgúine. Bhíomar ann cheanna cúpla uair agus ar ndóigh blasadh cuid de thorthaí an cheantair sin. Sláinte!

Ansin leanamar ár dturas ó thuaidh. Ní raibh mé ag súil go mór leis an cuid seo mar théann an bóthar thár timpeall Pharais. Tá cáil ar an dtrácht a tá thar a bheith trom ar an "Boulevard Périphérique" thár timpeall na cathrach sin. Ba ar Rouen a bhí ár dtriall, cathair ársa siar ó thuaigh ó Páras in oirthera na Normáinne. Ní raibh gá dúinn a bheith imníoch. Bhí an comharthaí thar a bheith soiléir ón A6 agus timpeall 20 km ó dheas ón Ardcathair bhí comhartha breá líofa ag rá "Rouen". Cé nach mótarbhealach bhí an bóthar thar timpeall seo i bhfad níos faide ón gcathar i dtreo Verseilles agus tár éis leathuair a chloig nó mar sin bhíomar ar an A13, an motorbhealach siar cun na farraige. Agus taobh istigh de uair a chloig bhíomar i Rouen.

Foigneamh claonta i lár Rouen agus an Ardeaglais ann
Mar a dúirt mé is Cathair ársa atá i Rouen bunaithe ag na sean-Francaigh agus níos déanaí ag na Rómhánaingh. Bhí an cuid seo den bhFrainc faoi ríthe Shasana ó aimsir an Rí Liam, a bhí ina diúc ar an réigiúin sin nuair a chuaigh sé go Sasana chun a éileamh ar an gcoróin ansin a neartú rud a rinee sa bhliain 1066. Ach ar ndóigh ó shin leis an céadta bhliain bhí sé in a cogadh dearg idir Ríocht na Fraince agus Ríocht Shasana ach sa deireadh ní raibh fágtha ag Rífhlathas Shasana ach Îles d'la Manche. Cé nach chuid de Shasana (nó fiú den Ríocht Aontaithe) is faoi Coróin Shasana atáid go fóill. Is i lár an cogaíocht seo sa cúigiú aois déag d'éirig cailín, Jeanne d'Arc, mar cheannaire láidir ar son Rí na Fraince. Ar deireadh gabhadh í agus dódh í ar deireadh tár éis "seóthriail". Is i gcroí lár Rouen a dóadh í.  Caitheamar oíche amháin ansin agus shiúlamar isteach i lár stairiúil na cathrach.

Leanamar orainn ar maidin siar go Cherbourg agus bhí an bád leis an áit a fhágáil timpeall an ceathair. Agus muid sa scúine do bhád bhí roinnt bhaith carranna ó Úcráin. Ceann beag romainn agus bhí éadaigh, cuirtíní agus ornáidí tithe. Bá bhrónach é le feiscint. Bá léir go raibh imní ag an tiománaí (is dócha mar bhíonn an méid trioblóid dul go dtí an Bhreatain). Nuair a d'oscail an geata bhí air a chuid páipéirí a theasopeáint agus ba léir a fhaoiseamh agus a áthas nuair nach raibh fadhb ar bith leo.

Mar a dúirt mé cheana, ní raibh báisteach ar bith ann agus muid sa bhfrainc ach nuair a dhúisíomar ar maidin i mbá Bhaile Átha Cliath bhí an báisteach ag titim go trom! Fáilte fliúch Éireannach!

22.10.22

Sa bhFrainc...

Ni rabhamar sa bhFrainc - ná in aon tír eile lasmuigh d'Éirinn ó lár 2019 agus mar sin bhíomar ag súil leis an dturas seo. Bhí sé beartaithe le tamall ach cuireadh ar athló trí nó ceithre uair de bharr Chovid agus ansin de bharr cúrsaí clainne.Ach ar deireadh bhí na socraithe déanta agus d'fhágamar an baile le dul ar ár dturas leis an mbád a fháil ó Bhaile átha Cliath go Cherbourg na Fraince.

Bád mór is sea an WB Yates, bád cuíosach nua ag Irish Ferries. Bhí sé an chompórdach agus tá na cábáin i bhfad níos mó ná ar aon bhád eile ar a rabhamar roimhe seo dár linne. Tá seirbhís bhuffet ann agus ar ndóigh ar ndóigh an chuid "lounges" nó áiteann le suí. Bhí seirbhís idirlín le fáil ach bhí costas ag baint leis ach an rud nach raibh fhios againn nach raibh rialacha fanachíochta an Aontas Eorpach i bhfeidhm agus mar sin féin níor thóg sé mórán ama costas ard go leor a chuir le do bhille. Cé go ndúirt an chóras linn faoi seo ní raibh tuairim agam go mbeadh sé leath chomh hard agus a bhí. Ta ceacht foghlamtha againn!
Thiománamar ó dheas ó Cherbourg go La Rochelle. Ós rud é gur tháinig an bád istigh i dtír roimh nóin bhí neart ama againn turas 4 uair nó mar sin a dhéanamh. Bhí beagáinín deachtracht againn an ostán a aimsiú ach ar deireadh d'aimsíomar é. Roinnt mhaith blianta ó shin fuaireamar amach faoi grúpa ostáin B&B sa bhFrainc a bhí thár a bheith saor. Tá cuid acu cosúil le motels i Meiriceá - páirceáileann tú an carr agus tá doros taobh amuigh seachas istigh saan ostán. Ní bhíonn éinn san oifig fáilte ach ar maidin nó ar feadh cúpla uair sa tráthnóna. Bíonn chuile rud begnach ar líne agus faigheann tú uimhir airthint agus tugtar uimhir cód le dul isteach sa seomra. Bhaineamar úsáid as na h-ostáin seo agus níor íochamar níos mó ná €60 don oíche in aon cheann acu.

Níl sé de nós againn bricfeasta a thógaint sna h-ostáin ach téann muid chuig boulangerie nó patisarai nó margadh áitiúl. Bíonn dinéar againn san baile áitiúil de gnáth - pot-luck. Is annamh a bhíonn droch béile againn sa bhFrainc.

Ar aghaidh linn an chead lá eile soir go Limoges, cathair cáiliúl don phoirceallán and cineál gréithre a bhí ag an tSín ar dtús ach a tháining go dtí an Eoraip timpeall is 300 bliain ó shin. Is cosúil go raibh gréithre de gach saghas á dheanamh i Limoges ón 2ú aois déag ach is san dara chuir den 8ú aois deag a thosaíodar ag deanamh an poirceallán i gceart mar bhí an cré a úsáidtear le fáil sa cheantair. (Tá cáil ar phoirceallán Sèvres chomh maith ach is i gceantair Pharás atá an baile sin).

D'fhánamar i lár an bhaile agus d'aimsíomar proinnteach an deas ann don dinnéar san oíche sin. Bé an chef féin a chuir fáilte romhainn. Ní raibh éinne san áit nuair a shriocheamar í bhí sé lán sular thosaigh muid ag ithe. Bhí an béile thár a bheith go deas. Deireann sé "Je leur apporte mon expérience, ils me donne leur fraîcheur." (Tugaim mo thaithí dóibh, tugann siad a n-úire nó a mbeocht dom.) agus bhí an béile agus an seirbhís thár a bheith go maith. Lán marc! 

Margadh Limoges

Ar maidin chuamar thuas chuig an margadh do bhricfeasta. Ait álainn. Má tá Baile Átha Cliath ag pleanáil rud a dhéanamh leis an sean mhargadh ag Lána Mhuire (Tá sé dúnta ó 2019) d'fhéadfadh siad breathnú ar an áit seo - nó margadh ar bith ar an mór roinn!

Ar aghaidh linn ansin soir go Clermont-Ferrand i lár na tíre. Príomhchathair ceantair an Auvergne atá ann agus is i sean-suíomh bholcánach atá se. 

Radharc ón Puy-de-Dôme(intlís an Puy-de-Dôme féin)

Tá an Puy-de-Dôme, sean cruinneachán bolcáin, soir ón gcathair agus le feiscint ó chuile áit sa cathair. Chinneamar ar dul suas ann - tá sé níos mó na 1400 méadair in airde ach buíochas le Dia tá traen-ín a théann suas ann go rialta. Radharcanna álainn ann ón bharr, agus ón dtraen ar an bhealach thuas ann. Tá aeróg  míleateach suite ar a bharr agus tá fothrach de Theampall Mhearcair de chuid na Rómánigh ann chomh maith. Bhi an lá go h-álainn agus bhíomar i ndán na sean bholcáin thar timpeall a fheiscint. 

Is cosúil go bhfuil an éileamh ar an áit le haghaidh an parafaoileoireacht nó faoileoireacht foluana agus bhí slua maith ag eitilt thár timpeall. Níor bhaineamar triall as faraoir.

Domhnach a bhó ann agus chinneamar ar lón deas mall a bheith againn i bproinnteach ag bun an tsléibhe. Bhí díomá orainn. Tá nós ag na Frainncigh gach bialann a dhúnadh ag a dó a chloig don lá agus mar sin bhí an áit dúnta - cé gur thangeamar ag cúig neomad tár éis a dó. Nuar a deireann Francach go bhfuil an áit dúnta tá sé dúnta is cumadh cé mhéid atá ag ithe nó ag ól san áit! Bhíomar i bponc. Ní raibh orainn ach dul thár n-ais chuig an ostán agus muid ocrach.

Rinne mé Googláil ag lorg bialann don oíche mar ní raibh bia lé fáil san ostán. Bá cosúil go raibh gach áit dúnta, Agus ansin chonaic mé go raibh áit in aice leis an ostán Basilic & Co - Pizza de Terroir. Dúirt Monsieur Google go raibh sé ar oscailt agus d'fhéach sé ceart go leor . Shiúl muid ann - níor thóg sé ach cúig neomad - agus bhíomar ann. Bhí sé ar oscailt agus d'fhéach sé an ghlan agus mar sin isteach linn. Cuireadh an fháilte romhainn agus bhí na píotsaí ar fheabhas. Fuair mé ceann ceithre cháiseanna agus bhí mé ag lorg ceann "medium" ní raibh ach beag nó mór le fáil. Fuair mé an ceann mór - agus bhí! Ní raibh mé i ndán é a chríochnú cé go ndearna mé an iarracht!

As Clermont chuamar ó dheas go an Cote d'Azur. Bhí orainn a carr a athbhreoslú ach bhí costas artola íseal go leor i gcomparáid leis an praghas in Éirinn. Cheap mé go raibh a margadh maith déant agam nuair a cheanaigh mé ar €1.76 i mbaile Átha Cliath ach sa bhFrainc bhí sé idir €1.58 & €1.34 don lítear. Fuaireamar amach cén fáth níos deanaí sa turas. Is cosúil gur thug an Rialtas ansin fóirdheontas do na garáistí - 20c don garáiste agus 30c don chustaiméir. Thug cuid de na garáistí an deontas ina iomláine don chustiméir agus cuid acu - ar na mótarbheallaigh (Autoroute) de gnáth - a choimead an 2oc dóibh fhéin. Beidh deireadh leis an gcóras sin áfach i mí na Samhna!

Antibes - ní Ros a'Mhíl í

Tá cara againn le h-arasán in Antibes agus téann muid ann anois is arís. Bhí an aimsir thár a bheith te cé gur lár mí Meán Fomhair a bhí ann. Tá caladh doimhin ann agus fanann na luamh innill atá ró mhór don gcaladh i Monte Carlo anseo. Is baile cuíosach beag í Antibes idir Cannes agus Nice nach bhfuil chomh fhorbartha ó thaobh tráchtála de is atá an dá áit eile. Is sea áit í agus tá cáil é mar lár ionad ealaíona caith Picasso seal ann mar aon le healaíontóirí eile. Ós rud é go bhfuil sé ar am Meanmhuir tá na bialanna ann an mhaith. Ach i ndairíre nach bhfuil rud ar bith níos fearr roimh nóin ná suí ar thaobh na sráide le do ghloine rosé ag breathnú ar na daoine a siúl ós do comhair?

Cote d'Azur

Caitheamar timpeall deich lá sa bhFrainc an uair seo gan báisteach ar bith, grian te ós ár gcionn agus muid ag dul a choladg sa bhád. Ach chomh luath agus a shroich an bad ar maidin bhí báisteach fliuch na hÉireann romhainn. Ach bhíomar sásta a bheith sa bhaile arís inár leabh compórdach fhéin.

3.10.22

As spás!

Ní go ró mhinic a léim leabhair filíóchta. Chuala mé údar an leabhair seo* ar an raidío tamall ó shin agus chinn mé ar cóip dá leabhair a fháil. Bhaineas taitneamh as.

Bá phíosa á rá aige i "gcaniúnt" Bhleá Cliath "loike" agus léirigh sé i gcúpla focail an difríocht idir theanga an Gaelscoile san IarGhaeltacht agus teanga na Ghaeltachta féin. Anois is arís ní hionann an dá chanúint!

Mar is gnáth le filíocht thuig mé chuid dá chuid filíochta agus cuid eile bhí teachtaireacht an udair ceilte orm (an ag éirí sean atá mé?).

Ar ndóigh thuigfeadh éinne le Gaeilge an chéad phíosa ann - "Níl agam ach" - a cuireadh an cheist air nó uirthe "What's that in English!" Agus tá an fhreagra aige ag tabhairt an sloinne coilíneach. Caithfidh mé smaoineamh ar sin an chéad uair eile. Taithnódh ceann eile linn chomh maith, ("Wouldn't it be great...") agus é ag samhlu chonas íoch as ceadúnas teilifíse ó An Phost ar an bhfón. (An Post please copy!)

Chuaigh dán eile aige go mór i bhfeidhm orm. Is cuimhin liom na smaointe díreach céanna a bhí orm nuiar a chuala mé faoi Phádraig agus a cháirde a bhí sásta an ghníomh a dhéanamh ar a son...

    "Níl aon aithne agam ort
    ach le trí ráithe anuas
    tá an tost fada atá ag teacht uait
    á líonad ag daoine nach stopann ag caint ort..."

Scríobh mé píosa anseo faoi seo ag an am.

Bhí ceann eile a thaitn go mó liom a léirigh saol teaghlaigh an lae inniú...

    "Gach éinne sa tigh
    ag teacht le chéile
    i halla an tí
    'Bhfuil rud éigin
    mícheart leis an idirlíon?'"
Nach rabhamar go léir ann?


Spásas, Marcus Mac Conghail, Coiscéim 2021