24.4.24

Preab sa bhféar!

Bhí mé ag gearradh féir ar an bplasóg ós comhair an tí ar maidin nuair a fuair me spléacadh de rud éigin ar an dtalamh taobh liom. 

Cheap mé ar dtús gur brobh nó seamaide féir ag séideadh sa ghaoith. Ach nuair a crom me síos thug mé faoi dearadh gur frog óg donn a bhí ann.

Tá an frog cointianta go leor thár timpeall na tíre. Tosaíonn sé mar sceith cosúil le glóthach i locháinín beag de gnáth. Ansin fasan sé sin ina thorbán sula dtagann a froigín beag amach. Ní éiríonn an cuid is mó den na torbán fás chomh fada le bheith ina fhrog. Ach má éiríonn leis d'fhéadfadh sé marachtáil ar feadh seacht nó ocht mblianta.

Bhí sé ciúin agus stop sé ionas go dtógfainn pictiúir de le mo fón.

Ansin d'imigh se ... de phreab ar ndóigh...

Nach deas é (nó í).


• Féách ar píosa péistiúil eile anseo Lacerta vivipara sa chistin! (9/8/2016)

21.4.24

"La Sheridan!"

Is annamh a éisteann mé le RTÉ 1 (Tá me meallta ag Rnag a bhíon ar siúl agam i gcónaí!)

An Diva sa bhliain 1938
Bhí clár Joe Duffy ar siúl i rith na seachtaine agus bhí caint ann faoin amhránaí cliutach Margaret Burke Sheridan a chuir ar bhóithre na smaointe mé. Tá mé ag ceapadh go raibh Joe ag caint le údar beathfhaisnéis an Diva úd.

Soprán cluiteach ab ea í ag tus an chéid seo caite. Ba as Caisleán a'Bharraigh í a fuair a chuid scoileacht leis na Doiminiceánaigh ar Sr Eccles i mBaile Átha Cliath. Bhí guth álainn aici agus chuaigh chuig an Iodáil le haghaidh traenála. Bhí sí ar fheabhas ag canadh píosa ó cheoil drámaí Puccini - La Bohéme agus Madama Butterfly, go spesialta - agus bhí an-cháil ar "La Sheridan" agus deirtear go cheap Puccini féin gurb í an Butterfly is fearr a chuala sé.

D'éirigh sí as bheith ag canadh go poiblí sna luath tríocaidí agus bhí chónaí uirthe go ciúin i mBaile Átha Cliath go dtí deireadh a saol sa bhliain 1966. Tá sí curtha i Reilig Glas Naoín.

Stampa á comóradh (1989)

Ach thár n-ais chuig mo scéal a d'inis Máire Ní Thuama, beanacht Dé leithí, dom fuithí. Bhí sí mar ceannaire in oifig éigin i mBaile Áta Cliath agus bhí Margaret Burke Sheridan, a bhí éirithe as bheith ag canadh go poibí faoin am seo, ina cónaí in arasán ós cionn a oifige. 

Bhí sé de nós ag Máire dul suas ar chuairt chuici anois is arís. Ar an lá áirithe seo thóg sé duine a bhí ag obair leithi thuas chuig an arasán. Ní raib fhis ag an cail˜cé bhí ann agus nuair a bhualeadar leis an amhránaí chuir Máire in aithne a chéile.

"Seo Margaret Sheridan an t-amhránaí cáiliúl!" a dúirt sé.

"Is maith liom bualeadh leat," arsa an cailin, "You know Máire sings too".


20.4.24

Earrach - faoi dheireadh!

Lá thár a bheith go deas faoi dheireadh. Tár éis báisteach gan staonadh le míonna anuas.

Bhí seans agam dul i mbun roint obair sa gháirdín - an féar a ghearradh - an céad seans agam ó mí Meán Fomhair. De gnáth tosnaím ar sin ag tús Mí marta.

Agus chualamr a cuach - céad chuach an earraigh ar maidin. É a lorg a ghrá geal?

Agus tá na feithidí, na beacha agus na féileacáin.

Dé gnáth nuair a fheicim féileachán ag glacadh sos beag sa gháirdín eitlíonn sé uaim sula n-éiríonn liom an fón a thógaint amah as mo phóca lena a pictiúr a thógaint. Ach is cosúil go raibh an lá chomh h-álainn san inniú gur fhán sé dom.

Péacóg ("Inachis io" sa Laidin) atá ann agus sé an féileachán is ildaite sa tír é. Tá sé réasúnta coitianta in Éireann. Téann sé a choladh sa Geimhridh. 

Is maith leis neantóga - agus tá neart neantóga thár timpeall anseo!

10.3.24

Bláth cúthaileach...

Bhí sé fuair go leor. Ni raibh báisteach ann áfach agus chuamar ag siúl. Bhí an dúlra fós ina choladh nó an cuma sin air.

Bhíomar beagnach ag Toit Chónáin nuair a chonaic muid tuar dhóchais go híseal i bhfothain bhalla trócaireach. Bláithín beag buí ar leath oscailt go cúthaileach ag breathnú amach ar an earrach fuair.

Sabhaircin!

Deirtear go mbíonn sé le fáil in Éirinn ó mí na Nollag ar aghaidh go mí Bealtaine ach sílim go bhfuil an 10ú lá Márta lua go leor dó sa comhairsanacht seo.

Comhartha athrú aeráide?

8.3.24

Imithe i bhfad!

Ait go leor nuair a bhí mé ag taisteal go Düsseldorf, i rith na trioblóide thaistil atá inste agam roimhe seo, bhí mé ag leamh leabhair leis an dtideal "Ag dul i bhfad" le Alan Titley.  Cinnte chuig me i bhfad ón Aerphort ar an oíche úd.

Níl sé de nós agam scéalta gearra a léamh - is fearr liom úrscéalta, beathfhaisnéis nó leabhair staire. Chonaic mo bhean mé ag breathnú ar an leabhar seo i siopa Charlie Byrne i nGaillimh agus cheannaigh sí dom é i ngan fhios dom mar bhronntanas.

Léigh mé leabhair amháin leis an Titlíoch cheana.  Scéal faoi eachtraí Aifreacánach óg ar a shlí chun na hEorpa "Gluaiseacht". Scéal inste go maith agus tuiscint léirithe ar saol na n-imearcach atá thár a bheith ábharthach sa lá atá inniú ann. Ar ndóigh tá colún aige san Irish Times gach seachtain.

Ach thár n-ais chuig na gearr scéalta. Sé scéalta déag atá ann atá an-difriúil óna a chéile. Tá chuile cineál scéal ann, finscéal, rómánsíocht, spóirt idir peil agus iománaíocht. Is cosúil gur féidir leis an údar é féin a chuir isteach i meon cailíní óga nó múinteoir díreach tagtha amach ón gcoláiste traenála. Agus ar deireadh bhí scéal cuíosach fada a chuir Asal Beag Dubh sean Phádraig Uí Chonaire i gcuimhne dom.

Is maith liom an bealach a scríobhann sé. Tá sé cliste ag imirt le focail agus stíl éagsúla teangan de réir már a oireann an scéal. Cúpla uair thosaigh mé ag gáirí ós ard agus mé á léamh.

Ag dul i bhfad - Alan Titley; Cló Iarchonnacht 2023: ISBN 978-1-78444-275-6


• Féach leis ar "Alan Titley, Benedict XVI agus an fhírinne!" agam (5/5/2021) 

2.3.24

Níl mar a shíltear bítear.

An lá dár gcionn (Féach ar "Oíche so bhreis san Ghearmáin...") bhí mé i dtuaisceart na cathrach (BÁC) ag fanach lem m'iníon. Bhí teachtaireach ar an bhfón agam. "Tá sneachta ann!"

D'fhéacas amach agus bhí beagáinín sneachta ann ach ní raibh sé ró dhona. Chual mé ar an raidío go raibh fadhb leis an DART agus cinneas ar an bus a fháil istig sa chathair ionas go mbéinn ábalat a traen ag 11.25 a fháil ó Heuston.

Bhí neart am agam an bus a fháil ag 10.00 le bheith in am.

Ach níl mar a shíltear bítear.

Fionnradharc faoi sneachta
Cé nach raibh sneachta ar bith sa bhruach baile ina raibh mé ag fanacht agus an bus ag dul i dtreo na cathrach bas léir nach cldach éatrom a bhí i gceist. Shleamhnaigh an bus, agus chuile carr i dTuaisceart na cathrach go mall mall mall isteach sa cathair.

D'imigh an t-am, 10.30, 10.45, 11.00 agus ní rabhamar ach ag Páirc Fhionradharc! Bhí an traen go Gaillimh le bheith at 11.25. Faoi dheireadh idir bus agus Luas d'éirigh liom Heusto a shroicheant faoi 12.15 nó mar sin. Bhí an traen imithe.

Ni raibh mé sásta suir istigh i stáisiún fuair tár éis an eachtra a bhí agam i nDuesseldorf an lá roimhe agus d'fhill mé ar thí m-iníona arís. Bhí sé te istigh ansin.

Rinne mé suíochán a chuir in áirithe ar an Sathairn ag 1.00 agus chaith mé oíche eile gan coinne in ionad a bheith sa bhaile...

Tá an lá deas grianmhar i mBaile Átha Cliath ar maidin. 

N'fheadair an ndéanfidh mé Caoran na gCearc roimh oíche!


Oíche so bhreis san Ghearmáin...

Cathair deas is sea Düsseldorf na Gearmáine. Tá sé ar bhruach na Réine. Bhí mé ag comhdháil grúpa úsáideoirí threalimh uathoibríoch le breis is dhá mhíle eile. Bhíod sé de nós ag an gcomhlucht (Emerson) na comhdhála seo a eagrú gach dhá bhliain. Bíonn ceann i Meireceá agus an ceann san Eoraip d'innealteoirí ón Eoraip, ón Aifric agus ón Meán Oirthear. Ach idir gceann deireannach agus an ceann seo bhí sé mbliana de bharr na paindéime. Mar sin bhailigh muid le chéile agus bhí neart le foghlaim, athruithe teicniúla agus gléasanna nua.
Abha mór na Réine ag Düsseldorf
Bhí mé le dul abhaile ar an gCéadaoin le hAer Lingus, bhí ticéad agam agus mo shloinne litrithe go mí cheart (mar ní féidir leo fada a chuir ar litreacha). Seachas san bhí mé ábalta suí isteach san eitileán gan aon stró. 

Bhí sé beagnach lán agus bhí muid go compóirdeach agus an bagáiste curtha sna chófraí lastuas. Labhair an Caiptéan linn agus dúirt go raibh fadhb le gléas a úsáideann siad i ndroch aimsir agus bhí ortha é a thosú arís agus go dtógfadh sé cúig neaomad nó mar sin.

Tár éis tamall tháining sé ar an intercom. Bhí brón air ach ní raibh aon leigheas acu ar an fhadhb agus bheadh sé ró-chontúirteach eitilt san eitleán sin. Is cosúil nach raibh aon seans eitilt eile a fháil agus go mbeadh ortha seomraí a fháil dúinn sa cheantair.

Amach linn as ár suíocháin chompordacha, trén iosta rialaithe pas arís agus ag bailiú ár mbagáiste agus amuigh san aerfort aris.

Ar ndóigh ní raibh sé éasca áit a fháil sa cheantair agus tár éis dhá uair aimsíodh dhá ostáin and dá cheann timpeall uair ón aerfort. Bhi go maith cé narbh féidir linn a rá nach raibh sé go h-olc go fóill mar bhí ortha bus a fháil le sinn a thabhairt chuig na h-ostain. Dúradh linn fanacht don bhus taobh amuigh. 

Bhí sé fuair ar 10.00 san oíche. 

Ar deireadh tháining sé ag timpeall a ceathrú tár éis a deich. Ar deireadh shroicheamar an ostán a bhí, ní i nDüsselldorf féin ach i mbaile eile ar fad, Gelsenkirchen, baile atá ó thuaidh ó Essen, tár mean oíche. Bhí eagla an domhain orm go mbeidh orm dul trén gnáth seiceáil isteach, pás, foirm a líonadh agus eile. Bhí leath chéad againn ann! Tár éis meán oíche! Ach sa deireadh bhí éifeachtúlacht chórais na Gearmáine le feiceál. Bhí liosta iomlán ar leathanach ag an duine amháin a bhi ar an mbínse fáilte anus ní raibh ar ach m'aimn a aimsiu agus bhí orm mo shiniú a chuir leis agus thug sé eochair 802 dom ar an ochtú úrlóir.

Ní gá a rá ach bhí codladh maith agam go maidin.

Éirí na gréine ó seomra 802 inGelsenkirchen

Bailíodh ar leathuair tár éis a naoi an maidin dár gcionn mar bhí eitilt faoi leith eagraithe le dul timpeall meán lae. Mar sin tár éis bricfeasta ar aghaidh linn ar ár mbealach chuig an aerfort arís. Cé gur thóg sé an méis ceanna ama an turas a dhéanamh nuair is faoi sholas na gréine atá sé samhlaíonn tú go nach bhuil ag turas chomh fada is atá sé sa dorchadas!

Ansin bhí orainn dul tré chóras an aerfoirt aris, pás bordála nua a fháil, dul tré iniúchadh slándála ar ar mbagáiste, cotaí criosanna, "aon rud id'phóca!" agus ansin seiceáil pas arís. Ach bhíomar ar ár mbealach abháile. Tugadh dearbhán €15 l'aghaidh bia san aerfort agus muid ag fanach don eitilt.

Faoi dheireadh chuamar ar bhord an eitileán. "Fáilte ar ais" a dúirt duine de na maor freastail! Agus faoi deich neomad bhíomar go léir san aer ar ar mbealach go hÉirinn.

Ag aerfort BhÁC bhí cioth éatroim ann ach ba chuma. Bhíomar sa bhaile inár dtír féin agus tár éis oíche eile ann bhéinn ar mo bhealach - siar go Conamara.

Ach sin mar a cheap mé..

... ach sin scéal éile!


#Emrex #Emerson

10.2.24

Cloigeann mar théarma

Bí fadhb leis an teas lárnach againn le déanaí. Maidin amháin theip ar an gcóras.

Rinne mé iniúcadh air agus fuair mé amach nach raibh ceann de na comhla innealta ag oscailt go huathoibríoch mar ba cheart dó. D'aistrigh mé go dtí an módh láimhe é agus thosaigh sé ag obair arís. Níorbh fhéidir linn brath ar an módh leasc ama a thuile.

Glaoghamar ar an leictreoir agus deimhnigh seisiin go raibh gá le comhla nua a fháil. Ní an comhla ina iomláine ach an píosa aibhléiseach ar a bharr - an gníomhróir comhla.

Ghlac mé grianghraf de ar mo fhón agus ar aghaidh liom chuig an siopa áitiúil chrua-earraí - Tí Nioclás (B)* ag Casla.

Thaispeán mé an pictiúr do té ag an gcúntar ansin. D'aimsíodh ar an ríomhaire ach ní raibh fhios go díreach cén cheann a bhí uaim. Tháinig duine eile agus bhí fhios aige cén cineál rud a bhí uaim.

"Bhfuil an rud ar fad uait?" Se sin an gníomhróir féin agus an comhla. Mhínigh mé cad a bhí uainn , an gníomróir, an píosa ar bharr."Níl uait ach an cloigeann?" a dúirt sé.

"Díreach é!" a dúirt mé féin. "Is maith liom an tearma sin uait!"

Cheannaigh mé é agus tháinig an leictreoir chugainn agus ceangal sé an ceann nua istigh sa chóras arís agus bhí linn!

Nach fearr an tearma "cloigeann""gníomhróir comhla"?


*(B)=Suíomh i mBéarla amháin!

4.2.24

Te agus compórdach!

Nuair a thángamar anseo go Caorán na gCearc bhí tine oscailte sa seomra suí. 

Nuair a lás muid an tine thóg sé ama chun an teas a scaipeadh trén seomra. Uaireanta, agus ag braith ar an aimsir, ní raibh an tarraingt go ró mhaith agus anois is arís bhíodh an deatach ag teacht isteach sa teach. Chomh maith leis sin bhí fhios againn gur imigh an-chuid den teas thuas an simléar nó ag téamh taobhanna an tinteán féin.

Tháining an athrú nuair a cheannamaíor dóiteoir breosla soladach. Seasann sé beagáining amuigh ón sean tintean agus b'íontach an difríocht a rinne sé. Ar ndóigh ní raibh fadhb anois leis an ndeatach agus bhí teas íontach againn ní hamháin ón time ach bhí an sorn féin an te (seachas balla an tí!). Bhíomar breá sásta leis.

Dúradh linn le déanaí go raibh gléas éigin ann a cabhraíonn leis an teas a roinnt foin seomra i bhfad níos éifeachtaí go mór mór nuair is seomra mór é le síleáil nó le h-idirurlár nó le balcóin ag breathnú síos ar an mbun léibhéal mar atá againne. Tagann a teas thuas ansin diadh ar ndiaidh ar aon nós ach dúradh go mbeadh sé i bhfad níos fearr le an gléas áirithe seo. Gaothrán soirn a bhí i gceist.

D'fhéacamar is teach so scéal agus ar deireadh cheannaíomar ceann le déanaí. Is gléas an simplí é. Gaothrán meicnúil atá i gceist. Ní gá aon chumhacht aibhléise nó eile len é a oibriú. Cuirtear ar bharr an soirn agus de réir mar a théann an sorn tosnaíon sé ag casadh. Séideann sé an teas thár timpeall an seomra agus taobh istigh de acar an ghearr ama bíonn chuile cúinne den seomra te.

Níl sé againn ach le trí nó ceithre seachtaine agus tá sé fíor. Ní hamháin go théann sé an seomra mór ata againne ach is cosúil bhfuil coigilt breosla i gceist. Ní dhóann muid an méid móna nó adhmad agus a bhí á dhó againn sular raibh sé ina suí ar bharr an dóiteoir. Níor chreideamar go mbeadh sé chomh éifeachtach agus atá se!

Níor chosnaigh sé mórán orainn agus ní gá duit ach é a chuir ar a bharr agus tá leat - te agus compórdach!

3.1.24

Ecx - giolch tachtaithe?

Le bliain anuas tá athru tagtha ar an idirlín ó cheannaigh billiúnaí éigin ceann de na mór ardáin - twitter.

Bhíodh sé an suimiúl agus bhí an-chuid díospóireachta air - díospóireachta fiúntacha uaireanta. Is minic a rinne mé iarracht eolas breise a fháil ann agus d'fhaighinn é gan mórán moille. Ar bhealach ba cineál tobar na gaoise a bhí ann!

Bhí giolch (an giolch iad a thuile?) ag rá gur trua an rud é go raibh daoine imithe ón ardán agus gur bocht an suíomh dá bharr. Cuid acu imithe chuig ardáin eile, Mastodan, Spéir Ghorm nó Telegram. Ach mo léan níl siad siúd chomh maith nó chomh éasca a lamhsáil is ata an sean twitter. Agus "ach is é an toradh ar seo ná go bhfuil na háiteacha go léir leamh go leor anois - níl a dhothán chomhrá in áit ar bith.

Cinnte baineann na foinse nuachta, Tuairisc, Nós, Nuacht TG4, Meon Eile, Molscéal, ExtraG, Éire Beo agus Treibh an úsáid as - mar a déannan Iriseoirí i mBéarla - ach tá an comhrá agus an teacht le chéile a bhíodh ann imithe anois faraoir.

Mothaím uaim é?

1.1.24

Sórt rógaire sagairt?


Tá mé díreach tár éis leabhair "Eaglais na gCatacómaí" leis an tAth Pádraig Standún a léamh*.

An céad rud a sheas amach domsa ná a chreideamh - a chreideamh in Íosa Chríost. Ach ar an dtaobh eile ní raibh fhios agam cén fáth go bhfuil an creideamh sin chomh láidir istigh ann ... go bhfuil sé dílis dá shagartóireacht! Cad as a tháinig a chuid spioradáltachta máß spioradáltacht atá ann. 

Mar duine mé fhéin a d'aistrigh go dtí an Ghaeltacht thuig mé na deachrachtaí a bhí aige teanga mhuintir na Gaeltachta a thuiscint nuair a cuireadh siar go hÁrainn é don gcéad uair.

Foilsíodh an leabhair sa bhliain 2004. I ndairíre séard tá sa leabhair ná imeachtaí a shaoil suas go dtí an am sin. Léiríonn sé trína a chuid altanna, leabhaor agus drámai an meon a bhí aige in amantaí áirithe. Ach dár liom chuaig sé thár n-ais chuig a ghairm mar Shagart agus mar Críostaí. Már is eol dúinn tá an-chuid scríofa aige - go mór mór na húrscéalta ach i gcónaí filleann se arís ia arís eile ar a pharóiste.

Cinnte is "réabhlóidí" é atá sásta fulaingt ar son a chuid tuairimí ach dár liom ní ar a son féin atá sé ag troid ach ar son a chosmhuintir, a phobal. Ag an am céanna tuigeann sé meon iad siúd atá í gcomhacht, más Easpag nó Polaiteoir é.

Tá cuimhne agam ar agallamh a thug sé agus é á scaoileadh amach, as Muinseó sílim, agus cuireadh ceist air. "Cad a dhéanfadh tú anois?"

"Tá searmanais na Cásca le céiliúradh sa pharóiste!"

Insíonn sé gur thóg sé sos le bheith ag scríobh go lán aimsirtha ach tár éis tamall "D'airigh mé uaim gnáth shaol an tsagairt ... sásta bheith ag filleadh arís ar Inis Meáin. Bhí mé sásta filleadh ar mo chéadgairm."

Ar ndóigh tá tuairimi éagsúla aige faoi rialacha na hEaglaise léirithe aige agus sílim gur ciúnaíodh sagairt nó heaglasaigh eile le tuairimí cosúil leo. Ach ag an am céanna léirítear dílseacht don gcreideamh agus don bpoball sa leabhair seo.

Mar a dúirt mé scríodh é seo ag tús an chéad seo agus réimis Eoin Pól II ag druidim chun chríoch. Tá Benedict XVI imithe agus anois tá Prionsias againn. Tá Ard-Easpag eile ar an Deoise (Tuama) anois chomh maith.

Ba bhreá liom saothar eile uaidh ar a shaol ó 2004 ar aghaidh. Bhí sé i dTuair Mhic Éadaigh nuair a scríobh sé an leabhair seo agus uaidh sin sílim gur chaith se seal mar shagart i gCarna.

Bhí an leabhair seo éasca le léamh (mar atá aon leabhair ón údar seo) agus molaim é.


* Eaglais na gCatacómaí, Pádraig Standún, Cló Iarchonnachta 2004, ISBN 1 902420 67 5

Seans go mbeidh spéis agat sna píosaí seo chomh maith:

26.11.23

Aíocht don Strainséir?

Bhí mé ar aifreann aréir agus cheap mé go raibh an soiscéal an oiriúnach don tráth seo.

Ag smaoineamh ar na himeachtaí i lár Bhaile Átha Cliath a bhí mé nuair a chuala mé an Sagart ag léamh Briathar Dé.

Tagaigí, a lucht bheannaithe m’Athar, glacaigí mar oidhreacht an ríocht a ullmhaíodh daoibh ó thús an domhain.
Mar bhí ocras orm agus thug sibh rud le n-ithe dom,
bhí tart orm agus thug sibh rud le n-ól dom,
bhí mé i mo strainséir agus thug sibh aíocht dom,
bhí mé nocht agus chuir sibh éadach orm,
bhí mé tinn agus tháinig sibh ag breathnú orm,
bhí mé i bpríosún agus thug sibh cuairt orm.”

Freagróidh na fíréin é ansin:
“A Thiarna, cén uair a chonaic muid ocras ort agus go dtabharfadh muid bia duit,
nó tart ort go dtabharfadh muid deoch duit?
Cén uair a chonaic muid i do strainséir thú agus go dtabharfadh muid aíocht duit,
nó nocht agus go gcuirfeadh muid éadach ort?
Nó cén uair a chonaic muid tinn
nó i bpríosún thú go dtabharfadh muid cuairt ort?”

Agus déarfaidh an rí á bhfreagairt:
“Deirim libh go fírinneach, chomh fada agus go ndearna sibh é do dhuine don dream is lú díobh seo a chreideann ionamsa, is domsa a rinne sibh é.”

Tá súil agam go mbeidh mise i measc lucht na láimhe deise ar an lá sin.

23.9.23

Crúiscín á líonadh!

Ní raibh aithne agam ar Rónán Mac Aodha Bhuí ach gur bhuail mé leis uair amháin. 

Is mar seo a thárla sé.

Bhí mé fhéin, mo bhean agus cara léi ag béile sa proinnteach cáiliúil KAI i nGaillimh. Thug mé faoi deara go raibh Rónán ina shuí leis fhéin ar thaobh amháin den áit. Tá mé ag ceapadh go raibh sé ag léamh rud éigin ach níor chuir éinne isteach air. Lean muid ag ordú ár mbéile agus ar gcomhrá fhéin ar siúl againn. 

Is cosúil go raibh a bhéile féin críochnaithe aige agus chuaig sé suas chuig an gcúntair le muintir an tí a íoch agus bhí air dul tharainn.

Rónán Beo!
Bheannaigh mé dó, "Cé chaoi a bhfuil Rónán Beo?"

Craithe sé lámh liom agus linne go léir.

"Cé thú fhéin?"

D'inis mé dhó.

Ar ámhairí an tsaoil chuir mé theachtaireacht chuig a chlár i rith na seachtaine roimhe agus chuimhnigh sé ar sin. Bhí íontas orm ar ndóigh.

"Bhí rud maith in do theachtaireacht," a dúirt sé, "Céard é?"

B'fhíor dó. Bhí mé ag caint faoi polasaí an Rialtais ag an am ('deile?) agus rinne mé aithris ar phíosa a dúirt Seán Ó Cuirreán agus é ag éirí as mar Coimisinéir Teanga. 

"Cad iad na focail bhí siad go maith?"

"...mugadh magadh, briolla brealla nó bréaga a bheas i gceist."

Rinne sé gáire faoi sin,. "Tá sin go deas!" agus fág sé slán muid. 

Bhí mé ag smaoineamh ar sin agus muid faoi bhrón i rith na seachtaine and smaoinigh ar an mbealach a chás sé an comhrá orainne seachas ar féin. Ar bhealach bhí sé a tabhairt meas agus omós ormsa.

Ba bhua faoi leith é sin.

"B'fhíor don Ath Brian agus é a labhairt ag socraid Rónáin, "Nach iomaí uair a líon Rónán an crúiscín dúinn ar go leor bealaí."

A dheis lámh Dé go raibh sé agus gur "dorn san aer do na nGael" a bheadh sa lámh céanna!

9.8.23

Ceann gearbach sa bhfairrge.

Cuirtear cheist orm ó am go h-am cén miniú atá ar ainm an bhlag seo - An Codú.

Mapa Tim Robinson (1990)
Tá cónaí orm sa bhaile fearainn, Caorán na gCearc, agus siar ó dheas uainn ag bhéal chuan Chasla tá carraig ar a dtúgtaí An Codú. Tá sé ag seasamh ó na chianta ansin mar gharda ar an chuan.

Ach cad is brí leis? 

Tá sé luaite i leabhrán Tim Robinson (llch 132*), ar dheis Dé go raibh sé. Deireann sé go gceaptar gur sean fhocal atá ann "ceann gearbach".  Cheap mise go mbfhéidir gur "Clo(ch) Dubh" atá mar mhiniú air. Cá bhfios?

Tá seanrá nó nath cainte sa cheantair "chomh sean leis an gCodú!" Tá sé marcailte aige ar an léarscáil cáiliúil a rinne sé de Chonamara.

Tá sé infheicthe ón mór thír ach tá radharc níos fearr air ón bhfarraige. Ta an pictiuir thíos tógtha ón bhóithrín thíos go dtí an Chéibh Nua agus Inis Mór amach ag bun na spéire.  Téann an bóthar eile síos chomh fad le Toit Chónáin  atá luaite agam i bpíosa deich mbliain ó sin (tá mé ag éirí sean is cosúil!)

Thóg mé an pictiúr de atá ar bharr an bhlag seo roinnt bhlianta ó shin ó bhád nuair a bhí rastaí Ros a'Mhíl ar siúl.


* Connemara, Part 1:Introduction and Gazetter, Folding Landscapes, 1990 ISBN 0 09504002 5 4

8.8.23

Ó chathair go cathair?

Nuair a bhi cónaí orainn i mBaile Átha Cliath ní raibh fadhb agam taisteal ar chúrsaí ghnó ar fúd na tíre. Bhí mé ábalta chóras taisteal Iarnród Éireann a úsáid go héasca le dul chuig cathracha na tíre go heasca. Rud a rinne mé go minic, go mór mór ar an dtraen go Corcaigh. Bhí an idirlín nua go leor agus cé gur "dial-up" a bhí á úsáid againn ag an am bhí sé iontofa go leor. Tá feabhas tagatha ar an idirlinn cinnte cé nach bhfuil sé ioncurtha leis an seirbhís i gceantracha uirbeacha.

Mar atá anois (Thuas)
Mar a bheidh?
D'aistríomar go Conamara timpeall 2003 agus bhí sé soiléar go raibh an díofríochta idir a dá áit. Cé go bhfuil cúrsaí athraithe beagáinín ann ó shin, tá sé fós soiléar go bhfuil eacnamaíocht agus claonadh na tíre bunaithe ar chathair amháin - Baile Átha Cliath.

Bhíodh orm dul go Corcaigh agus (mar bhí sé de nós agam) chinn me ar an dtraen a úsáid. D'fhéach mé ar an turas a eagrú agus cé nach raibh se do-dheanta ní turas simplí a bhí i gceist. I mBaile Átah Cliath téann tú chomh fada le Heuston agus téann tú ar traen a thógann tú go Corcaigh díreach. Ach i nGaillimh bhí orm dul go Cúl an tSúdaire agus fan ar thraen raen eile a fháil ansin go Port Laoise agus ansin fan ar an dtraen (ó BhÁC) go Corcaigh. Ní raibh aon bhealach eile ag an am.

Idir an dá linn, agus tár éis an-chuid stocaireachta, athbúnaíodh an traen ó Ghaillimh go Luimneach. Mar sin is féidir dul ó Gaillimh go dtí Luimneach, traen eile ó shin go Gabháil Luimní agus ansin ar thraen (Ceann BhÁC) go Corcaigh.

Tá sé ceart go leor is dócha má tá leath lá le sparáil ag an té atá ag taistil? Ach más gnó atá idir lámh agat - is ionann am agus airgead!

Anois tá 'scéim' foilsithe ag an Rialtas* leis an gcóras iarnród a fheabhsú le plean "Pobail a chur ar an mbóthar do Ré Nua Iarnróid" i measc na haidhmeanna maightear go mbeadh 700,000 duine sa bhreis ina gcónaí laistigh de 5km de stáisiún traenach. 

Ach cá mbeadh siad ag dul meas tú? 

Is ar nascanna le Bhaile Átha Cliath atá an béim. Níl ach líne amháin (nó b'fhéidir dhá cheann (Béal Feiriste & Doire?) a ceangailíonn dhá chathair go díreach. Agus ní athróidh an plean mór nua chúrsaí ach an oiread. 

Ní féidir dul go díreach ó Corcaigh go Luimneach nó Port Lairge. Ní féidir dul ó Gaillimh go Sligeach. Agus ní féidir dul ó Sligeach go díreach go Doire. 

Deireann "siad", na saineolaithe, nach bhfuil éileamh ann. Dúradar sin faoin líne ó Gaillimh go Luimneach. Dúradar sin faoi Aerphhort Cnoc Mhuire1 . Tá Baile Átha Cliath an mhór - ró-mhór deirtear - agus tá na saineolaithe ag obair ar chóras a méadódh dhaonra na Cathrach sin. Nach méadódh línte díreach idir na cathracha "cúaigeacha" cumarsáid, gnó, tionscalíocht & trádáil, saol shoisialta agus cá bfhios cad éile?


* Súil eile: Is fiú alt Chathail Mhic Choille a léamh ar an "straitéis" seo ar Thuairisc chomh maith:"Is tábhachtaí ná aisling iarnróid uile-Éireann na roghanna práinneacha iompair is gá a dhéanamh."

Nach ndeireann siad an rud céanna go mionn minic faoi sheirbhís ón a sholáthar sa Teanga Náisiúnta?

6.7.23

Ludi & circenses!

Tá an-chuid sna meáin faoi trioblóidí RTÉ sna laethanta seo.

Is leir go bhfuil míthuiscint éigin á léiriú ag roinnt de na tráchtairí dár liom. Tá sé tabhachtach tuiscint ar chúrsaí tráchtála agus fógráiocht agus caidreamh poiblí a bheith ann.

Tá gnó beag foilsitheoireachta agam (Foilsitheoiri Read-out)  agus suas go dtí 2017 d'fhoilsing mé iris beag gach dara mhí. Bhíodh mé ag lorg scéalta teichneolaíochta agus eile. Bhí comhluchtaí éagsúil ag iarraidh orm poiblíocht ar a gcuid earraí nó a gcuid seirbhísí a thabhairt, fógraíocht i riocht nuachta más maith leat. Mar chuid de sin d'eagríodh siad imeachtaí do na foilsitheoirí in áiteacha éagsúla. Bheadh siad sásta turasanna a eagrú dúinn in áiteacha éagsúla. D'íochfadh síad as chuile rud, eitiltí, fanacht in ostáin, béiltí, cuairteanna chuig stairiúla nó siamsaíochta. De gnáth bhíodh bronntanais "beag" do gach rannpháirtí. Tháinig deireadh leis sin nach mór i rith na paindéime ar ndóigh.

Bhí sé daor go leor ortha ach fuaireadar poiblíocht i measc a bpobal meáin. Níos mó ná sin bhí cuimhne ag na héagathóirí a bhí ar turasanna sin agus iad ag ullmhú do gcéad eagrán eile. Maidir liom féin chosnaigh sé suimeanna níos mó na €1000 and turas. Bhíodh idir tríocha agus caoga iriseoirí ar gach turas. Mar a deireann an fear eile, "Déan na suimeanna!"

Mar sin bhí turasanna agamsa mar sin chuig an chuid cathracha ar an Mór-Roinn, An mBruiséil, Páras, turas chuig Disneyland sa áireamh, An Róimh, Berlin, An Vín, agus caithreacha nach iad. Bhí turasanna chuig Atlantic City, Philadelphia (cluiche haca oighir) agus Las Vegas i Meiriceá chomh maith.

I measc na bronntanais bhí scáth bháistí, mála droma (a úsáidim fós don ríomhaire) agus rudaí eile cé nach raibh flip-flop ar bith ina measc.

In RTÉ tá fadhb acu mar tá coimhlint ann mar craoltóir náisiúnta agus mar gnó tráchtála. Bhí sé sin ann i gcónaí agus tá íontas orm nár phléasc an buama seo i bhfad roimhe seo.

20.6.23

Cén bhláth?

Agus an samhradh tagtha nach íontach an méid pictiúirí de bhláthanna atá roinnte ar an gcóras giolcaireachta. Bhí an méid sin daoine a thosaigh ag dul amach ag siúl nuair a thainig an diabal Chovid go hÉirinn gur tháinig oscailt súile. Thug daoine faoi dearadh ceol na néan agus áileacht fásrach ar thaobh na chosán.

Sciollam na Móna
Anseo ar an gCaorán - Caorán na gCearc - tá neart áiteanna le siúl ann agus diaidh ar ndiaidh thugaim féin faoi deara plandaí agus ainmhithe éagsúla. Cuid acu ní bheinn ag súil leo i gceantair oscailte mar seo gan mórán crainnte. Tá broic feichthe agam. Cheap mé gur ainmhí coillte a bhí ansin ach táid anseo. Feictear iad san oíche agus uaireanta is iospartach bóithre iad. Tá giorria ann a léimeann go gasta trasna an gcasán agus uaireanta feicter ag damhsa iad. Tá sionnaigh ann leis a déanann feasta as eillín chearca áitiúil anois is arís.

Feictear seabhach buí ann anois is arís agus cloistear fuiseog go hard ós ár gcionn. Tá neart éin eile ann ar ndoigh, lon dubh, spideoig,dreoilín agus smolaigh mar aon le neart éiníní beaga.

Magairlín Gaelach
Bhí mé ag siúl cupla lá ó shin agus chonaic mé dhá bhláth nár thug mé faoin ndeara roimhe sin. Bhí sé éasca ceann amháin a ainmnú - magairlín de short éigin a bhí ann. Ach bhí ceann eile a bhí cosúil le maigairlín ach nach raibh mé ábalta a ainm a aimsiú. Chuir mé pictiúir de thuas ar an gcóras giolcaireachta é agus fuair mé freagra gur Sciollam na Móna (Narthecium ossifragum) a bhí ann. Sin an t-ainm atá ag Wildflowers of Ireland chomh maith. Ach bhí ainm eile "Blioch" nó "Bliochan" ag Fergal (@Gaeilgebheo). Bhí Sciollam na Móna ag gach duine eile.

Tá magairlín corcra le fáil go coitianta sa chomharsanacht seo. Tá an Magairlín Gaelach (Dactylorhiza Kerryensis) tá mé ag ceapadh, nó bfhéidir an Magairlín Corcra (Dactylorhiza purpurella). Tá sé an fhlúirseach anseo i mbliana fíu ar an blásóg féir ós comhair an teach againn.

Magairlín mór an fhéileacáin
Luaigh mé maigairlín eile a chonaic mé is mé ag siul an lá faoi dheireadh. Tá dath buí air agus tá na bláthanna cosúil le féileachán. Tá dhá cineál luaite in Éirinn, ceann beag agus ceann mór. Sílim fhéin gur an ceann mó - Magairlín mór an fhéileacáin (Platanthera chlorantha) atá ann seacha an Magairlín beag (Platanthera bifolia). Cad a cheapann tusa? Tá muid inár gcónaí anseo le beagnach fiche bliain agus níor thugas an bláth áirithe seo faoi dearadh go dtí seo. Níl fhaca mé móran dóibh - b'fhéidir fiche chinn agus ní mór san i gcomparáid leis a ceann corcra atá go le feiscint go forleathan sa áit.

Tá ceacht le foghlaim as seo is dócha, do shúile a choimead ar oscailt as tú a siúl ní bheadh fhios aga cad a bhfeifidh tú!

7.5.23

An pus ceannann céanna...

Chuir an hoopla thoir ar an dtaobh eile den Mhuir Meann turas rinne mé leis an Réalt ar Mhachynlleth na Breataine Bige sa bhliain 1969.

Sa bhliain sin bhí searmanais ann le Séarlas Windsor a infheistiú mar Prionsa na Breataine bige. Ar ndóigh bhíodar ann nár thaitn sin leo ach bhi an chuid de muintir na Breataine Bige lán sásta leis cé gur bhain an áit sin le Prionsa Breatnach, Owain Glyndŵr, sa triú aois déag. Bhí teach pairlimint aige ann sula bhfuair na Sasanaigh an lám in uachtair air. Pé scéal é bhí na bratacha amach ar na sráideanna agu pictiúirí den lead bocht sa fuinneoga.

Bhí sagart linn, An tAth Diarmuid Ó Laoghaire, Íosánach, linn agus muid ag siúl ar an bpríomh Sráid (Heol Maengwyn), dúirt sé, "Feicim an pus ceannann céanna ag breathnú amach as chuile fhuinneoig!"

Bhíomar ag dul chuig an séipéal Caitliceach le buaileadh leis an ságairt paróiste. Agus muid ag caint leis, Sasanach ar ndóigh, dúirt sé, an Sagart Paróiste, go díspeagúil,   Níl fhios agam cunas ar choimead an tAth Diarmuid a bhéal dúnta!

Bhí amhrán aoir ar Séarlas mar 'Prionsa na Breataine Bige", ach ach nach raibh tada Breatnaise faoi a rá ag Dafydd Iwan, ag an am. Ar ndóigh cheanaigh mé cóip de agus tá sé againn fós - áit éigin

Ymunwch yn y gan, daiogion fawr a man O'r diwedd mae gynon ni 'Brins' yn ngwlad y gan.
(Canaimís mar sin, idir sean is óg Faoi dheireadh tá ‘Prionsaí’ againn i dtír na n-amhrán)

21.4.23

Mise agus Tomás Mac Ruairí!

Baineandh geit asam nuar a léigh mé, i Nós, go raibh Tomás Mac Ruairí imithe uainn.

Tomás Mac Ruairí 1939-2023
Ba ó Tomás Mac Ruairí a fuair mé an misneach Gaeilge a labhairt nuair a fhágas scoil sa bhliain 1966. Is cuimhin liom gur scríobh mé isteach chuig CnaG ag lorg Fáinne Daite (Dóibh siúd nach raibh mórán Gaeilge acu) agus scríobh sé thár n-ais chugam ag rá go raibh mo chuid Gaeilge maith go leor le Fáinne Ór (Fáinne Nua) a fháil. 

Bhí Choirm Cheoil an Oireachtais ar siúl i Halla SFX cúpla lá ina dhiaidh san agus chinn mé ar dul ann. Níor labhair mé riamh i nGaeilge le h-éinne taobh amuigh den rang agus bhí eagla an domhan orm mo bhéal a oscailt.

Bhí an oíche ag druidim chun deireadh agus bhí orm rud éigin a dheanamh. 

"Cá bhfuil Tomás Mac Ruairí?" a dúirt mé le duine éigin. Agus dúradh liom cá raibh sé. 

Chuaigh mé chuige agus dúirt mé, "Is mise Eoin Ó Riain."

"Oh" a dúirt sé, "Seo duit!"  Thóg sé a Fháinne féin óna bhóna féin agus thug sé dom é. Rinne sé comhrá gearr dom mar bhí sé an ghnóthach ag an imeacht féin ach dúirt sé liom buaileadh isteach chuige in Uimhir a Sé am éigin. 

Is cuimhin liom ag dul abhaile is beag ná go rabhas ag eitilt le háthas. Cé nach bfhuil Halla SFX ann a thuilleadh is cuimhin an áit, an spota sa halla inar bhfuair mé an Fáinne sin. 

Chuig mé siar go Conamara an bhliain dár gcionn ar chuireadh uaidh. Is cuimhin liom óiche amháin thiar nuair a rinneamar "jab" ar na comharthaí bóithre ó Bearna go Carna - má thuigeann tú leat mé!

Blianta níos deanaí chuaigh mé siar agus d'fhan muid ann. Tá cónaí orm ann le breis is fiche bliain ó shin.

Gura maith agat a Thomáis. Sonas i measc na nAigeal agat agus suaimhneas ag do bhean Síle agus don gclann ar fad.

10.4.23

Eolas nó aithne!

An bhua thar barr atá faighte agam!


Is minic sna laethanta seo a léann muid na n-ionsaithe ar an an eaglais. Go raibh Éire agus tíortha eile faoi scáth Caitliceach. Eaglais a chuir a ladhar i ngach gné de saol an duine. Ach an é an Eaglais i ndairíre atá faoi ionsaí sna tagartaí seo nó an ar rud nach Críostaíocht i gceart é. Cén tuiscint atá againn féin ar an eaglais Chaiticeach?

Nach ag smaoineamh ar an Eaglais mar institiúid, mar údarás, mar chóras rialacha agus rialacháin, mar thraidisiún, mar ghluaiseacht shóisialta, mar thuairim atá muid. Ar ndóigh tá sé i bhad níos éasca smaoineah uirthi mar seo ná smaoineamh nó iompú ar an fhírinne. "Tá seo ceart!" "Tá seo mícheart!" "Muna bhfuil tú ar an taobh seo ní Caitliceach thú!" 

Táid ann a deireann nach Caitliceach an Pápa féin fiú. Ar thaobh amháin tá diagaire léanta agus ar an taobh eile tá diagaire sontasach eile. Cad is diagaire Caitliceach ann? Duine eolasach ar Chríost agus ar a theachtaireacht. Ach an leor san?

“I stair iomlán na diagachta Caitlicí is ar éigean atá aon rud is lú faoi deara, ach is fiú fógra a thabhairt, ná gur beag diagóir a bhí ina naomh ó aimsir mhór na nAithreacha.” a dúirt fear léinn leath chéad bliain ó shin1.

Foilsíodh tréadlitir ó Easpaig na hÉireann fado i mBéarla, "Knowledge of Jesus Christ!" agus aistríodh go Gaeilge é mar "Eolas ar Íosa Chríost." Ach sílim fhéin gur mí-aistriúchán a bhí ansin. An de bharr míthuiscint a aistríodh mar sin é? Nuair a shéan Peadair Íosa i dteach an ardsagairt nár dúirt sé, "Níl aithne agam air, a bhean!" Sa leagan Béarla tá “Woman, I do not know him.” scríofa. (Lúcás 22:57

Is aisteach linne an rud a bhí intuigthe do na luath-Chríostaithe – nach bhféadfá múineadh faoi Chríost gan aithne pearsanta a bheith acu air.

An bhfuil Dia ag dul isteach sa domhan tré bhaill na heaglaise? Ní hamháin go bhfuil an aontas pearsanta le Dia, nó naofacht, indéanta,  ach tá sé riachtanach. Ní spríoch nó idéal ar na baill an aithne seo a bheith agam air ach dualgas nó oibleagáid.

Is é seo, ar ndóigh, an glaoch uilíoch chun na naofachta - aithne pearsanta ar Íosa. Nó i bhfocail Phóil Aspal, "...an bhua thar barr atá faighte agam: aithne a chur ar Íosa Críost, mo Thiarna." 

Ach is daoine daonna iad baill na hEaglaise, peacaigh bochta - mar a dúirt Prioinsías é féin nuair a toghadh é: "non so quale possa essere la definizione più giusta... Io sono un peccatore. Questa è la definizione più giusta. E non è un modo di dire, un genere letterario. Sono un peccatore ... sono un peccatore al quale il Signore ha guardato" ("Níl a fhios agam cé acu an sainmhíniú is ceart... is peacach mé. Is é seo an sainmhíniú is ceart. Agus ní figiúr cainte é, seánra liteartha, is peacach mé ... is peacach mé ar fhéach an Tiarna air")2.

Is peacaigh baill uiligh na hEaglaise, agus bhí sé mar sin i gcónaí 

Braitheann an Eaglais ar naofacht a cuid ball agus breitheann an naofacht ar an aithne atá agamsa ar Íosa Críost.


1. Hans Urs von Balthazar
2. Intervista a Papa Francesco di Antonio Spadaro 19/8/2023 (IT - DE  - EN  - ES  - FR - PT)