26.4.11

Cuarteoir luath!


Tá ceann de na garraí ós comhar an tí anseo i gCaorán an gCearc ina limistéar caomhantais - i ndairíre tá sé chomh clochach nach bhfuil fhios again ceard is ceart a dhéanamh leis. Leisciúil? Ní mise a dúirt é!

Bhí mé amuigh ag breathnú thar an balla inné nuair a tháinig mé ar phlanda álainn corcra. Bhí fhios agam go maigairlín a bhí inti ach bhí sé chom mór san agus chomh h-álainn gur ghlach mé grianghraf de agus chuir mé ar aghaidh chuig luibheolaí le níos mó eolas fháil. Seo a dúirt sé:

"Is breá liom do phictiúir! 

Sé an t-ainm air ná an Magairlín Gaelach, nó Dactylorhiza majalis, subspecies occidentalis (
Irish Marsh Orchid).   Is féidir spotaí bheith ar na duilleogaí no bheith gan spotaí.  D'réir roinnt san-eolaithe tá an chineál magairlín seo dúchasach don tír seo amháin mar tá sé difriúil ó chineáil eile i Sasana agus an Mór Roinn d'réir an chruth ghine(genes).     Ach mar sin fhéin tá an chlann Dactylorhiza an-chasta agus an-dheachair comhaontú a fháil i measc na san-eolaithe faoi ghnéithe áirithe den chlann.

Tá sé faoi bhláth an-luath i bhúr ghairdín mar ní bheinn ag súil leis bheith faoi bhláth go lár na míosa seo chugainn ar a laghaid. "


Mar a deirim ta an aimsir is fearr againn anseo i gConamara i gcónaí!

Breis eolas faoin Magairlín Gaelach ar shuíomh "Irish Wildflowers" (Béarla)

18.4.11

Gan náire!

Táthar le Eoin Pól II a bheannú go luath agus tá na hullamhúcháin faoi lá tseol i gcathair ársa na Róimhe. I measc na rudaí atá á dhéanamh tá foilsiú ar an ndian scrudú a deineadh ar a shaol agus ar a phearsa agus ar impleachtaí a threimhse mar phápa.

Cuireadh agallamh leis an sagart, an postalái, an Monsignor Slawomir Oder, a bhí ag seoladh a cúise tré an chóras iniúcadh thrénar chuirtear gach "iarrthóir" don gradam "Naomh" san eaglais. I measc na rudaí a dúirt sé bhí seo: (maith dom an Bhéarla)

"John Paul II is not a Polish phenomenon. This is the extraordinary thing, which struck me very much, and which is one of the elements of fascination of John Paul II. He was not ashamed to speak of his homeland, of its history, of using its language, of identifying himself also with the popular religiosity of Poland, to speak of his fellow countrymen. However, that man who felt so strongly tied to his nation, was also able to be a gift for others; John Paul II was a gift for humanity."

Nach minic a bhíonn náire orainn féin ár dteanga féin a labhairt, omós a thabhairt dár dtír féin dár ndúchas. Iad siúd a deireann go bhfuil teipthe ar Éirinn. Beag a dhéanamh den cúltúr ársa ár dtíre, rud a rinne na Sasanaigh ó 1366 agus roimhe anois tá daoine áirithe inár measc féin á dhéanamh le déanaí.

I fíu smaoineamh ar Eoin Pól, Pólanach agus saoránach an domhain sna laethanta seo nuair atá spiorad na tíre in ísle brí.

14.4.11

Aitheantas Eorpach do TG4

Thuill dhá shaothar an-éagsúil mórdhuais agus aitheantas speisialta do TG4 ag comórtas tábhachtach Eorpach, Circom 2011, a tionóladh i Frederikstad san Iorua ag deireadh na seachtaine seo caite. Thug an scannán An Píopa (Béarla) an phríomhdhuais Faisnéise leis agus tugadh aitheantas agus moladh speisialta don tsraith Gualainn le Gualainn, stair an rugbaí in Éirinn, sa duaisaicme do chláracha spóirt.

Tá cáil bainte amach cheana féin ag an scannán faisnéise An Píopa ina dtugtar léargas ón taobh istigh ar an scoilt i bpobal beag in iarthuaisceart Mhaigh Eo a bhfuil an dá thuairim ann faoin leas a dhéanfaidh críochfort agus píobán gáis atá á thógáil ansin. Fear áitiúil, Risteárd Ó Domhnaill, a stiúraigh an saothar agus fuair sé maoiniú don togra ó TG4, Údarás Craolacháin na hÉireann agus ó Bhord Scannán na hÉireann. Tá duaiseanna aitheanta faighte ag an scannán seo cheana, ina measc Clár Fada Faisnéise is Fearr ag IFTA 2011 (Béarla) agus Duais an Lucht Féachana sa rannóg chéanna ag Fleadh Scannán na Gaillimhe 2010 (Béarla). Beidh sé san iomaíocht ag Féile na Meán Ceilteach 2011(Béarla) i Steornabhagh ar Oileán Leodhais in Albain an tseachtain seo freisin.

Thug an giúiré ag Circom ardmholadh do shaothar eile ó TG4 sa duais-aicme Spóirt. Cheithre chlár atá sa tsraith Gualainn le Gualainn a ríomhann fás an chluiche óna thús ar fhaichí féaruaithne na huasaicme Angla-Éireannaigh i gColáiste na Tríonóide in 1854 go dtí éachtaí iontacha na foirne idirnáisiúnta a bhuaigh an Chaithréim Mhór i 2009. Fastnet Films (Béarla) a léirigh do TG4.

Is é Circom cónaidhm na stáisiún réigiúnach teilifíse san Eoraip, os cionn 300 stáisiún ar fad as 38 tír. Tá ard-mheas ar a chuid comórtas agus bíonn caighdeán an-ard i gceist gach bliain. Is í seo an ceathrú uair le deich mbliana a bhfuair cláracha TG4 duaiseanna agus aitheantas ó Circom.

D’fháiltigh Micheál Ó Meallaigh, Stiúrthóir Coimisiúnaithe TG4, roimh an aitheantas idirnáisiúnta is deireanaí seo do shaothar an chainéil. “Is deas an rud duais i gcónaí,” a dúirt sé “ach is milse fós duais ónár gcomhghleacaithe Eorpacha mar go gcruthaíonn sé go bhfuil fiúntas inár gcuid clár agus meas ar ár n-ábhar ag daoine gairmiúla ó chúlraí cultúrtha atá an-éagsúil linn agus le chéile. Molaim na saothair bhuacacha seo agus lucht a léirithe.”

7.4.11

25ú Féile Joe Éinniú 2011

Seosamh Ó hÉanaigh
Reachtáilfear Féile Chomórtha Joe Éinniú i gCarna, Conamara ag deireadh na míosa seo, ón Aoine 29ú Aibreán go Domhnach 1ú Bealtaine 2011. Déanann an fhéile seo comóradh ar shaol agus ar shaothar ceoil an amhránaí chlúití ón Aird Thoir, a bhásaigh i Seattle agus atá curtha ina pharóiste dúchais. Is ceiliúradh cúig bhliana fichead atá i bhféile na bliana seo mar go bhfuil an fhéile ar an bhfód ó 1986, agus ag dul ó neart go neart.

Tugtar tús áite san fhéile don amhránaíocht ar an sean nós agus d’amhránaíocht thraidisiúnta i dteanga ar bith ach cuirtear fáilte freisin roimh an gceol úirlise agus an damhsa. Is í Róisín Nic Dhonncha as an Aird i gCarna, a dhéanfaidh an seoladh oifigiúil in Áras Shorcha Ní Ghuairim ar an Aoine 29ú Aibreán ag 7.30pm.

Siad príomh imeachtaí an chláir i mbliana:
Seoladh an leabhair ‘Bright Star of the West: Joe Heaney, Irish Song-Man’ atá scríofa ag Dr. Lillis Ó Laoire & Dr. Sean Williams; 
Seoladh leabhair de Chumadóireacht Ceoil Mharcuis Uí Iarnáin as Ruisín na Manach - ‘An Chearc Fhraoigh’;
Seisiúin Ceoil agus Amhránaíochta;
Ceardlanna Amhránaíocht ar an Sean Nós, Damhsa ar an Sean Nós agus Ceol Úirlise (ceardlanna ar fad saor in aisce);
Seoladh Dlúthdhiosca nua de chuid an bhoscadóir Danny O’Mahony as Ciarraí;
Cuairt ar uaigh Joe Éinniú;
Comórtas Amhránaíochta don Aos Óg;
Taispeántas agus cur i láthair ar an Veidhlín Hardanger ón Iorua;
Ceadal Píobaireachta agus Portaireachta le h-aíonna as Alba agus Éire;
Céilí agus Seiteanna.
Beidh taispeántas pictiúir agus ábhar ón bhféile le 25 bliain anuas ar bun i gcaitheamh na deireadh seachtaine chomh maith.

Bíonn an-tóir i gcónaí ar cheolchoirm na féile agus is cinnte gur amhlaidh a bheidh i mbliana, mar go mbeidh cuid de na h-aíonna is mó i saol an cheoil ag tabhairt faoin stáitse in Óstán Chuan Charna ar an Satharn ag 7.30pm: Na hAlbanaigh - Mairí Smith, Ailean Domhnullach & Griogair Labhruidh, Danny O’Mahony, Patsy Broderick, Mick Mulkerrins, Liz & Yvonne Kane, Róisín Nic Dhonncha, Bairbre De Búrca, Ciarán Somers, David Power, Pádraic Ó Flatharta, Rosie Stewart, Nell Ní Chróinín, Cormac Ó Beaglaoich, Emma Ní Shúilleabháin agus Torgeir Straand ón Iorua.

Ticéid €20 le fáil ó Óstán Chuan Charna (B) (095) 32255.

5.4.11

Scannáin Mheiriceá Laidineach

12 Féile Scannán Mheiriceá Laidineach na hÉireann

Reachtálfar an dara Féile déag Scannán Mheirceá Laidineach na hÉireann, i gcomhar le Seachtain Mheiriceá Laidineach 2011 i mBaile Átha Cliath i rith na seachtaine agus cuirfear iad ar scáileán ag ionaid eile chomh maith (Féach Latin America Solidarity Centre!) Beidh cead isteach saor in aisce agus iarrtar ar an lucht féachana a bheith i láthair in am i gcomhair gach scannáin.

Dé Máirt 5 Aibreán
17.00 Gearrscannáin Latino (72’)   

18.30 La Voz Mapuche (113’)

Dé Céadaoin 6 Aibreán
17.00 Gearrscannáin Latino [EU]

18.30 Alto Gracia (25’)   

19.00 Chasing Che (78’)

Déardaoin 7 Aibreán  
17.00 Gearrscannáin Latino 2 (76’)

18.30 En Defensa de la Madre Tierra (31')

19.00 Interrogating the torturer (25’)

Dé hAoine 8 Aibreán
17.00    Efecto Dominó (27’)

17.30 Casanare (52’)

18.30 Quien dijo miedo (118’) 

Ionad:     Lárionad Chúnamh na hÉireann (in aice Ostán Gresham),  Sráid Uí Chonaill, Baile Átha Cliath 1

31.3.11

Taobh leis an gCodú!

Radharc ón gcalaphort
Tháinig long mór, 7,000 tonna, an Pantanal go calaphort Ros a' Mhíl inne le dhá bhád farantoireachta a bhailiú a díoladh le deanaí. Cé gur long Gearrmánach tá sé cláraithe i dTalamh an Éisc.

Bhí stoirm ann aréir, neart a naoí de réir tuairiscí, agus is cosúil gur tarraingíodh an bád ar a aincaire isteach ar na carraigreacha taobh le Tóin Chnoic, cead méadair nó mar sin  ón gCodú i gCuan Chasla.

Níor gortíodh éinne den ceathair criú déag a bhí ar bhórd ag an am. Táthar le hiarracht í a chuir ag snámh arís ag lán mara ag a cúig tráthnóna. Deireann daoine áitiúil nach n-éireódh leis an iarracht mar tá sé ró árd ar na carraigeacha.

Feicfimíd!

Radharc ón dtaobh eile den gcuan.

Pictiúirí eile ar suíomh facebook Raidío na Gaeltachta!

24.3.11

Tacaíocht Chonamara do stailc!

Tugadh litreacha scoir do cheathrar as an naonúr fostaí de chuid Mheitheal Forbartha na Gaeltachta (MFG), in oifigí Ros Muc ar an gCéadaoin seo caite: Gearóid Ó Fátharta, Máire Uí Ghiobúin, Deirdre Nic Dhonnacha agus Tríona Ní Ráinne.

Táthar leis an oifig is Ros Muc a dhúnadh leis agus feidhmiú as an oifig in Indreabhán.

Tá sé deacair an meoin sin a thuiscint. Chun a bheith ró-shimplí bfhéidir tá i bhfad níos mó gá le fostaíocht i Ros Muc ná in Indreabhán. Cén fáth nár aistrigh siad an oifig in Indreabhán siar go Ros Muc? Deireann MFG ar an suíomh idirlíon: "Is forbairt pobail trí fhorbairt shóisialta, chultúrtha agus eacnamaíochta na Gaeltachta príomhaidhm Mheitheal Forbartha na Gaeltachta." Ní féidir le mórán a fheiscint conas a a deineann cinneadh mar seo forbairt shoisialta, chulturtha nó eacnamíochta ar cheantair Ros Muc nó ar Iorrais Aithneach siar uaidh!

Ar aon nós níl oibrithe Ros Muc ró shásta leis an gcinneadh. Rinneadar aigneachtaí leis an gceard chunann agus nuair nach raibh MFG sásta dul siar ar an cinneadh fógraíodh stailc oifigiúil. Táid ar picéad taobh amuigh den oifig in Indreabhán ó shin.

Tá muintir Chonamara taobh thiar na stailceoirí agus bhí teacht le chéile ar maidin leis an tacaíocht sin a léiriú. Ocáid spreagúil a bhí ann le ceol agus craic le slua breá.

Go n–eirí leo!
Griangrafanna le Trevor Ó Clochartaigh

11.3.11

Duais ag an Seachtar Laoch

Thug an feachtas fógraíochta nuachtáin don tsraith teilifíse le TG4 1916 Seachtar na Cásca an Grand Prix, an phríomhdhuais, Fógra Nuachtáin na Bliana leis ón gcomórtas náisiúnta a d’eagraigh Cumann Nuachtán Náisiúnta na hÉireann (NNI)(Béarla). Fógraíodh torthaí an chomórtais aréir. Thug an feachtas fógraíochta nuachtán don tsraith chéanna ar TG4 an duais don Stiúradh Ealaíne is Fearr leis freisin aréir, i bpáirt le duaiseoir eile.

Is é an comhlacht Publicis/QMP, gníomhaire cruthaitheach agus margaíochta TG4, a chruthaigh na fógraí nuachtáin seo. Des Creedon a scríobh an chóip don fhógra, John Kilkenny an stiúrthóir ealaíne agus Mark Delany a phleanáil an feachtas fógraíochta nuachtán. Seacht gclár, ceann faoi gach ceannaire a shínigh Forógra an Éirí Amach, a bhí sa tsraith teilifíse ar TG4. Grianghraf den aisteoir i bpáirt cheannaire 1916, é in éide shibhialta agus é ullamh dá chur chun báis tar éis a dhaortha, atá sna fógraí nuachtán a bhuaigh na duaiseanna.

Dúirt moltóir an chomórtais, Julian Borra ó Team Saatchi (Béarla) sa Ríocht Aontaithe go raibh neart agus draíocht ag baint leis na fógraí buacacha. “A luaithe is a leag mé súil orthu, bhain siad siar asam agus chuaigh i bhfeidhm orm,” a dúirt sé.

Is í duais-scéim NNI an phríomh-scéim do thionscal na fógraíochta nuachtán in Éirinn. Eagraíodh an comórtas ar bhonn míosúil agus chuaigh na buaiteoirí míosúla chun cinn don chraobh náisiúnta.

Thréaslaigh Ardstiúrthóir TG4, Pól Ó Gallchóir leo ar fad i TG4 agus QMP Publicis a bhí páirteach i gcruthú na bhfógraí buacacha seo “Is cruthúnas eile é seo go n-aithnítear go bhfuil saothar iomlán TG4, margaíocht san áireamh, ar an gcaighdeán is airde agus is nuálaí,” a dúirt sé “agus fáiltíonn muid roimh an aitheantas is deireanaí seo don tsúil eile.”

4.3.11

An Bhriotáin i nGaillimh!

Mar pháirt do Sheachtain na Gaeilge, tá Breizheire (Cumann Briotánach na hÉireann) ag eagrú Oíche Bhriotánaigh de cheoil agus damhsa ar an Máirt 15 Márta ag 8 i.n i gClub Árus na nGael, Gaillimh.
Malig’Laouen
Beidh trí ghrúpa ag casadh i rith na oíche: Neketomtom, Malig’Laouen agus Les Ritals, agus beidh Lise Carrel ag cur taispeántas den dhamhsa Briotánaigh agus damhsaí eile i bhur láthair, agus beidh deis agat chomh maith Crepes deasa a bhlaiseadh ar an oíche- ní bheadh Oíche Bhriotánaigh ina iomlán gan iad a bheith ann!

Saor cead isteach.

18.2.11

An bhfaca tú...?

Lucht féachana ollmhór ag Díospóireacht na gCeannairí
Thuill díospóireacht stairiúil Ghaeilge na hoíche Céadaoine ar TG4 torthaí féachana thar a bheith sásúil do TG4, de réir na dtorthaí oifigiúla atá ar fáil anois ó Nielsen (Béarla), an miosúr ar fhéachaint teilifíse in Éirinn.

D’fhéach 132,000 duine ar an meán ar iomlán na díospóireachta 50 nóiméad ar an gcéad chraoladh teilifíse ag 7pm, áit a raibh Enda Kenny, Éamon Gilmore agus Micheál Ó Máirtín i mbun plé agus argóna faoi mhórcheisteanna an fheachtais agus polasaithe Fhine Gael, an Lucht Oibre agus Fhianna Fáil ina leith. Ag a bhuaic bhí 150,000 ag féachaint ar an gcraoladh seo agus d’fhéach 408,000 duine ar chuid éigin de.

D’fhéach 175,000 ar chuid éigin den athchraoladh teilifíse ar an díospóireacht ag 10.30pm aréir, rud a chiallaíonn gur fhéach ós cionn leathmhilliún duine ar chuid éigin de chraoladh teilifíse TG4 ar Dhíospóireacht na gCeannairí.

Tá an Líonchraoladh ar an díospóireacht ar fáil ar Sheinnteoir TG4. Tá dhá leagan ar fáil ann ceann leis na fotheidil Bhéarla agus ceann gan aon fhotheidil. Go dtí seo tá 10,000 cuairteoir faighte acu seo agus an fhigiúir sin ag dul i méid go leanúnach.

Thug tráchtairí agus léirmheastóirí sna meáin, ardmholadh don díospóireacht agus don léiriú seo, an craoladh nuachta agus cúrsaí reatha is airde lucht féachana riamh ag TG4.

Mhol Leascheannasaí Pádhraic Ó Ciardha gach éinne a bhí páirteach sa léiriú, idir pholaiteoirí, chathaoirleach, fhoireann léirithe, fhoireann iriseoireachta agus fhotheidealóirí. “Sampla gléineach den ghairmiúlacht agus den díogras paiseanta atá againn mar chraoltóir seirbhíse poiblí ab ea an lá inné i TG4,” a dúirt sé “agus is léir go dtuigeann an pobal féachana gur maith ann an tsúil eile.” Mhol sé na ceannairí as a dea-shampla agus mheabhraigh sé go leanfaí leis an tseirbhís i gclúdach Nuacht TG4 ar an bhfeachtas toghcháin agus sa tseirbhís torthaí ar Vóta 2011.

11.2.11

Comórtas Uí Néil 2011

Comórtas Uí Néill, comórtas filíochta a eagraíonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge le linn Chuairt na bhFilí Albanacha ar Éireann, oscailte go hoifigiúil le haghaidh iarratas anois. Is comórtas dátheangach é seo, do dhánta scríofa i nGaeilge na hÉireann nó Gàidhlig na hAlban.

Roghnófar na hocht ndán nuachumtha is fearr i gcibé teanga (Gaeilge nó Gàidhlig) agus gheobhaidh na húdair deis a ndán a léamh ag oíche mhór an chomórtais ag Cois Teallaigh, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Baile Átha Cliath 2 ar Déardaoin 7 Aibreán 2011. 

Níl aon táille iontrála chun cur isteach ar an gcomórtas seo agus níl aon srian ar na dánta ó thaobh téama de.   Beidh duais airgid de €500 don bhuaiteoir arís i mbliana agus foilseofar an dán buacach ar an iris Comhar agus sa nuachtlitir Eolas.

Tá an comórtas filíochta seo á eagrú ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ó bhí 2008 ann, agus ba iad Niall Gordon, Tadhg Ó Dúshláine agus Prionsias Mac a’Bhaird na filí buacacha go dtí seo.

Glacfar le hiarratais trí ríomhphost amháin, roimh Dé Céadaoin, 16 Márta 2011 ag meánlae.

8.2.11

Díospóireacht na dTaoiseach dóchasacha

Beidh gné nua sa bhfeachtas olltoghcháin reatha mar gur dheimhnigh TG4 inniu go gcraolfaidh sé an chéad díospóireacht cheannaireachta riamh as Gaeilge ar an teilifís ar an gCéadaoin 16 Feabhra. Ghlac ceannairí Fhine Gael, (Béarla) an Lucht Oibre (Béarla) agus Fhianna Fáil (Béarla agus beagáinín den Gaeilge tríd!!!), an triúr atá san iomaíocht do phost an Taoisigh san Olltoghchán, le cuireadh TG4 páirt a ghlacadh sa díospóireacht speisialta seo.

An Réiteoir
Beidh sí ar an gcéad díospóireacht triúir idir Enda Kenny, Éamon Gilmore agus Micheál Ó Máirtín ó thús an fheachtais. Is í Eimear Ní Chonaola, láithreoir Nuacht TG4 a bheidh sa gcathaoir ar an díospóireacht, a tharlóidh i gCeannáras TG4 i mBaile na hAbhann agus a chraolfar ag 7pm (athchraolta ag 10.30pm an oíche chéanna sin).

Pléifear sa díospóireacht polasaithe na bpáirtithe ar mhórcheisteanna an fheachtais – an eacnamaíocht, fostaíocht, airgeadas poiblí, aisíoc na bhfiacha náisiúnta, leasú ar an gcóras polaitiúil, sláinte agus imirce – nithe nach bhfuil na ceannairí ar aon fhocal fúthu. Díreofar freisin sa díospóireacht ar cheisteanna a mbeidh suim ar leith ag lucht féachana TG4 iontu – an Ghaeilge, cúrsaí oideachais, forbairt réigiúnach, an Ghaeltacht, talmhaíocht agus iascaireacht. Craolfaidh TG4 fotheidil Bhéarla ar an díospóireacht mar áis don lucht féachana nach bhfuil lán-líofacht Ghaeilge acu.

D’fháiltigh Ardstiúrthóir TG4, Pól Ó Gallchóir, roimh dheimhniú na gceannairí go mbeidh siad páirteach sa díospóireacht chraolta seo. “Is ábhar bróid dúinn an craoladh ceannródaíoch seo,” a dúirt sé “agus is mór againn chur leis an dioscúrsa náisiúnta le linn an fheachtais Olltoghcháin.”

Dhearbhaigh sé gur beartas tábhachtach do stádas agus do phróifíl na Gaeilge í an díospóireacht stairiúil seo agus mhol sé na ceannairí a thoiligh a bheith páirteach inti mar léiriú ar an stádas lárnach sin.

1.2.11

Gradam ceoil 2011

Liosta Ghradam Ceoil TG4 2011 foilsithe

Is ar cheoltóir croíúil an chonsairtín as iarthar an Chláir, Noel Hill a bhronnfar Gradam Ceoil TG4 2011. Fógraíodh liosta iomlán na ngradamóirí éagsúla ag nuachtócáid i Músaem na Cathrach (Béarla) i nGaillimh tráthnóna.

Bronnfar Gradaim sna rannóga eile ar phíobaire óg fuinniúil as Co na Gaillimhe, ar amhránaí ildánach as Gaeltacht Chorca Dhuibhne, ar fhidléir aitheanta as tuaisceart Liatroime, ar phianadóir agus scoláire ceoil a bhfuil cáil dhomhanda air agus ar chumadóir cumasach as Chicago a thuill ainmniúcháin Grammy arú anuraidh. Seo liosta Ghradam Ceoil TG4 2011:

• Gradam Ceoil TG4 - Noel Hill
• Ceoltóir Óg TG4 - Pádraic Keane
• Gradam Saoil TG4 - Ben Lennon
• Cumadóir TG4 - Liz Carroll
• Amhránaí TG4 - Muireann Nic Amhlaoibh
• Gradam na gCeoltóirí TG4 - Micheál Ó Súilleabháin


Tá achoimre ar chúlra gach ceoltóra ar fáil ar shuíomh TG4. Gheobhaidh gach gradamóir duais airgid agus píosa speisialta dealbhóireachta a coimisiúnaíodh ó John Coll. Coiste neamhspleách moltóirí a roghnaíonn na buaiteoirí. Bronnfar na Gradaim ag Coirmcheoil agus Duaisbhronnadh in Áras Ceoldráma Loch Garman (Béarla) ar an Satharn 2 Aibreán, á chur i láthair ag Aoife Ní Thuairisg, a chraolfar ar TG4 Domhnach Cásca, 24 Aibreán.

Deir Ardstiúrthóir TG4, Pól Ó Gallchóir gur scéim aitheantais a léiríonn an meas forleathan atá ar scoth na gceoltóirí atá sa nGradam Ceoil. "Tugann na Gradaim seo deis dúinn ár meas agus ar mbuíochas a chur in iúl d’ealaíontóirí a shaibhríonn ár saol agus a cheiliúrann agus a athnuann ár n-oidhreacht luachmhar cheoil " a dúirt sé.

28.1.11

An chéad bhilleog....

Fuarathas an chéad bhilleog sa phost inniú.

Is ó Frank Fahey (FF) é agus é faoi seachbhóthar molta thar timpeall na Gaillimhe ón Aerphort chomh fad le beagáinín siar ó Bhearna. Mar a deireann sé, le "Éireann (sic) a thabhairt níos gaire (sic) go Conamara!"

Go néirí leis an iarracht. Ó rugadh ár ngarmhac is minic a déanann muid an turas go dtí an árd chathair. Tógann sé timpeall dhá uair ó Gaillimh ach uaireanta tógann sé suas le 50 neomaid dul trén gcathair.

Is coisúil go bhfuil casanna chúirte ar siúl faoi mar go bhfuil chuid den mbóthar ag dul tré áit speisialta caomhnaithe - pabháil aoilchloich tá mé ag ceapadh - agus tá roinnt daoine atá i gcoinne an scéim dá bharr is cosúil.

26.1.11

Ionsparáid in Iarthair Chorcaí

Is minic a scrítear faoi imeachtaí i gConamara sa bhlag seo ach ar ndóigh tá ceantreache eile in Éirinn gur fiú dul ionta! Tá ceantair Mhuscraí i gcroí lár Iarthar Chorcaí ina measc!

Imbolc 2011, comhdháil inspioráideach, ag dul ar aghaidh ar an Satharn 12 Feabhra 2011, san Ionad Cultúrtha in mBaile Bhuirne. Is tionól aon lae é, agus beidh cainteoirí íontach ann, daoine a bhfuil obair nó taighde ceannródaíoch ar bun acu ó gach aon earnáil den saol - gnó, na healaíona, na heolaíochtaí &rl. Tá ríméad orainn go bhfuil cainteoirí den chéad scoth againn arís i mbliana, le saothar agus scéalta fíorspéisiúla ag gach duine acu.

Tá an chomhdháil ar siúl ar bhonn go hiomlán neamhbhrábhúsach - tá sé á eagrú againn mar thionscadal pearsanta, agus tá na cainteoirí ag tabhairt a gcuid ama saor in aisce don ócáid. Tá na sonraí go léir thíos anseo, ag tosnú leis na cainteoirí.

Dónal Lunn
y
Tá an cur síos "ceoltóir cáiliúil" i bhfad róbheag don fhear seo, ach níl spás a dhóthain anseo gach éacht a bhfuil déanta aige a bhreacadh síos! Beidh ceolchoirm speisialta san Ionad Cultúrtha ag Dónal an oíche roimh an gcomhdháil chomh maith.

Naoise Ó Conchubhair
Dearthóir a bhain amach na duaiseanna "Dearthóir Óg na Bliana", agus "Céimí na bliana" i 2008/2009, agus a bhfuil sárobair déanta aige in earnáil an ríomh-dearaidh ó shin.

Frank Allen
Príomhfheidhmeannach leis an Rail Procurement Agency (Béarla), an comhlacht a bhfuil sé mar dhualgas air bonneagar iarnróid éadroim na hÉireann, an Metro san áireamh, a chur i gcrích.

Sadhbh Ní Hogáin
Innealtóir le EOS Future Design a dhéanann sainfheidhmiú ar chúrsaí pleanála inbhuanaithe, agus a bhfuil saineolas aici ar an réimse sin.

Ciarán Mac an Bhaird
Léachtóir le matamaitic in NUI Maigh Nuad (Béarla) a dhíríonn isteach ar na slite is éifeachtaí matamaitic a mhúineadh le nua-teicneolaíocht.

Muireann Nic Amhlaoibh
Muireann Nic Amhlaoibh
Ceoltóir agus amhránaí cáiliúil, a bhfuil ardmholadh faighte aici ní amháin dá ceol féin, ach leis sin an obair atá déanta aici le Danú agus daoine mar Julie Fowlis.

Mícheál Ó Droighneáin
Saineolaí teicneolaíochta agus fiontraí a chomh-bhunaigh Maithú, comhlacht teicneolaíochta soghluaiste a thóg an phríomhdhuais leis i gcomórtas Barr 50 gnó Gaeilge i 2010.

Tríona Nic Giolla Choille

Stiúrthóir leis an Galway Refugee Support Group (Béarla), agus atá gníomhach i ngluaiseacht "Claiming Our Future" (Béarla). D'eagraigh siad ócáid i mBaile Átha Cliath le déanaí ar fhreastal níos mó ná míle duine uirthi.

Tabharfaidh gach cainteoir cur i láthair gairid, fiche nóiméad ar a mhéad, ar an obair a bhfuil ar siúl aige - tugann sé sin deis don lucht féachana réimse leathan d'ábhair a bhlaiseadh, chomh maith le cuid mhaith díospóireachta ina dhiaidh! Is seans iontach é bualadh le daoine a bhfuil cúrsaí ag éirí go hiontach leo, agus a bhfuil an Ghaeilge mar pháirt lárnach dá shaol ag an am céanna.

11.1.11

Rí-Rá spleodrach

Tá mise beagáinín sean len a lán taitneamh a fháil as an-chuid den ceol a bhíonn ar siúil ar an stáisiúin seo. Bím-se de thiar ag éisteacht le Raidío na Gaeltachta i rith an lae! Ach tuigim go mbíonn an-chuid ag éisteach leis na stáisiún pop (más pobp atá ar siúil acu!!!)

Cillian de Búrca agus Gina Ní Chathasaigh,
láithreoirí Raidió Rí-Rá, leis an bhfeidhmchlár iPhone
de chuid an chairtstáisiúin Ghaeilge agus iad ag seoladh
sceideal na gcláracha beo nua ar-líne.
Ach seo nuacht don aos óg! Le sraith spleodrach nua de chláracha beo á craoladh Luan go hAoine, leis na popscéalta is déanaí, ceol ó na cairteacha agus craic iontach don Bhliain úr - níl aon áit eile le bheith ach le Raidió Rí-Rá!

Tá cláracha úra Raidió Rí-Rá don bhliain 2011 dírithe go háirithe ar dhaoine óga sna meánscoileanna agus sna coláistí tríú leibhéil, ach tá an cairtstáisiún ag freastal freisin ar dhaoine atá ag iarraidh cluas a chur le hamhráin iontacha éagsúla le clár nua gach oíche Luain - Céadaoin.

Arsa Traic Ó Braonáin, Cathaoirleach Raidió Rí-Rá: "Cuirim féin an clár Fuaim Eile i láthair ar www.rrr.ie gach Luan go Céadaoin ó 6.00in um thráthnóna, leis an ceol ailtéarnach is fearr ag dul siar na blianta á chasadh agam. Tá sé tábhachtach go mbeadh rogha ceoil éagsúil ar fáil do lucht éisteachta Raidió Rí-Rá, ó is é an t-aon stáisiún ag seinm na gcnag ar fad trí mheán an Gaeilge, leis na cláracha nua do 2011 á chur i láthair ag an óige, don óige."

Bíonn beagán diabhlaíochta i gcónaí ag baint leis An Déardaoin Dána, curtha i láthair beo ar-líne ag an Ultach Cillian de Búrca ar www.rrr.ie gach oíche Dhéardaoin ó 6.00 - 8.00in. Bíonn duaiseanna le buachaint gach Déardaoin leis na comórtais idir na cumainn Ghaelacha agus na clubanna óige, tugann Dáithí Dalba go leor le machnamh a dhéanamh air i Smaointe na Seachtaine gach seachtain, bíonn An Scéal Siar ag Mairéad i nGaillimh, agus an nuacht is déanaí ó na coláistí tríú leibhéil ag Aodhán Ó Deá, Uachtarán na Gaeilge agus Ard-Rí na Mac Léinn é féin ar Raidió Rí-Rá!

Chomh maith leis sin, bíonn na cailíní Eilís Ní Fhearáin agus Gina Ní Chathasaigh ag craoladh beo ar Raidió Rí-Rá gach Aoine um lóin idir 12.00 - 2.00in le Ruaille Buaille Sa Rang. Díríonn an clár ar na daltaí scoile ar fad a éisteann leis an gcairtstáisiún ar www.rrr.ie agus cuireann na cailíní beocht ar ais sa seomra ranga le craic, ceol, agus comórtais difriúla curtha i láthair trí Ghaeilge gach Aoine.

Deir Gina Ní Chathasaigh, láithreoir Raidió Rí-Rá: "Tugann Ruaille Buaille Sa Rang seans do dhaoine óga an Ghaeilge a fhoghlaim agus a fheabhsú i slí spraíúil, spreagúil, agus bíonn deis ag gach duine páirt a ghlacadh sa chlár trí chur isteach ar na comórtais nó trí labhairt linn beo ar an aer. Tá an clár an-idirghníomhach agus ag brath ar ionchur ó na héisteoirí chun go mbeidh daoine muiníneach agus bródúil as a gcuid Ghaeilge a úsáid, agus táim féin chomh sásta go bhfuil an deis agam an teanga a labhairt ar na seónna ar Raidió Rí-Rá gach seachtain. Is breá liom é!"

Tugann óg-fhoireann Raidió Rí-Rá cuairt ar scoileanna ar fud na tíre freisin, áit go mbíonn deis ag daltaí vox popanna a thaifead agus a dtuairimí a thabhairt ar an gcairtstáisiún. Má tá do scoil ag iarraidh labhairt le Gina agus Eilís beo ar an aer, nó páirt a ghlacadh sa chamchuairt, cuir scéala chuig eolas@rrr.ie. Is féidir teagmháil a dhéanamh le láithreoirí uile na gcláracha nua ar Raidió Rí-Rá trí theachtaireacht a fhágáil ar facebook, ar www.rrr.ie nó a sheoladh go +353 (0)85 8409009.

Tá an cairtstáisiún le cloisteáil tríd an bhliain ar fad ar-líne tríd an bhfeidhmchlár ar an iPhone agus ar ghutháin Nokia, áit go mbíonn na scéalta spóirt agus PopNuacht is déanaí ar fad fite fuaite le scoth an cheoil ó na cairteacha. Cuir cluas le Raidió Rí-Rá, cairt-stáisiún na Gaeilge!

9.1.11

An chéad ghlúin eile...

Oisín Aodh
Tá muid ag éirí sean!

I mí Meán Fomhair 2009 scríobh mé faoi bhás mo mháthair. Anois tá scéal againn atá lán de lúcháir agus d'áthas. Tá gar pháiste againn  anois. An chéad ghlúin eile.

Rugadh Oisín Aodh ag deireadh na bliana. Leaidín mór trom a tá ann agus scámhóga láidir aige!

Is rud aisteach páiste a bheith again nach linne ina iomláinne é. Tá an fhreagracht anois ag a thuismitheorí fhéin, ag ár mac agus a bhean.

Ar ndóigh tá sé de dhualgas ar garthuismitheoirí na garpháiste a mhilleadh le grá!

Anois tá muid ag sealgaireacht sna siopaí, éadach, bréagáin, agus ar ball milseáin. Tá rudaí ceannaithe cheana féin. Tá Bábóg Béibí againn cheanna, á úsáid níos mó againne ná eiseann ar ndóigh. An gceannaíonn muid an stuif se go léir dó san nó dúinn féin? Ceist mhaith! Ar ndóigh beidh muid ag ceannach na CDanna agus leabhair ag Futa Fata, agus Cló Mhuigheó, go luath.

"Ós tusa a dheilbhigh go hiomlán mé
agus a d'fhuaigh i mbroinn mo mháthar mé.
Tugaim buíochas de bharr iontas mo dhéantúis;
de bhrígurb éachtachiad d'oibreacha.
B'eol duit go hiomlán m'anamsa
níor ceileadh ort fiú amháin mo chreat,
nuair a cumadh ós íseal mé, gur múnlaíodhi mbroinn na talún mé,
chonaic do shúile mo gníomhartha..." (Slm 138)

Moladh go deo le Dia!

2.1.11

Madra rua!

Lá breá a bhí i Lá Choille 2011. Bhí an fuacht agus an sneachta go léir imithe agus an tuisce thár n-ais againn. (d'fhilleamar ó Bhleá Cliath ar an 28ú lá!)
D'fhéachamar amach ar an ngarraí ó dheas den teach agus cad a bhí ann ach sionnach, madra rua, ina seasamh á scrabhadh féin. Faoin am ar féidir liom an fón fháil le pictiúir a ghlacadh bhí sé ag gluaiseacht arís ach shiúil sé cóngarach go leor don bhfuinneoig. Níor éirigh liom ach aon iarracht amháin a dhéanamh agus seo é.

Deirtear go bhfuil nead (nó pé rud a glaotar ar baile sionnaigh) soir ón dteach s'againne i ngarrán atá ar thaobh sruthán beag. Deirtear go mbíonn siad ag "pórú" i mí Eanáir agus Feabhra agus mar sin beidh muid ag súil le coileáin san earrach.

24.12.10

Athrú phlean....

Bhí sé go léir socraithe againn! Bhí an Nollag le bheith anseo agus beirt den triúr linn don saoire. Ach tháinig an fuacht! Agus lean an fuacht!

Ar an Luain bhí an tuisce reoite agus ó shin níor éirigh linn uisce a fháil sa teach. Agus lean an fuacht!

Buíochas le Dia tá comharsain alainn againn agus thugadar neart uisce in mbuidéal móra a faightear sna siopaí le huisce. Ach lean an fuacht!

Níl fhios againn cá thagann an píob leis an uisce isteach sa teach agus mar sin bhíomar ag tomhas cén áit a raibh a "reo-phointe!" Cuireadh uisce té ar an dtalamh anseo is ansiúd ach níor éirigh linn deoir amháin a fháil. Agus lean an fuacht!

Bhí an teach reitithe don Nollag. An crann gléasta. An turcaí ordaithe ach gan uisce reatha bheadh sé deacair cócaireacht go compórdach! Agus dúirt muintir na haimsire go leanfadh an fuacht go Lá 'le Stíofáin.

Mar a deireann an file:
"The best-laid schemes o' mice an 'men
Gang aft agley,
An'lea'e us nought but grief an' pain,
For promis'd joy"


Is ansin a d'athríomar na pleanana! Shocraíomar an Nollag a athrú soir agus mar sin beidhmíd ar an mbóthar ar Oíche Nollaig agu dul soir go Bhleá Cliath, turcaí, pióga mionra, brontanais, San Níoclás agus chuile rud eile ach amháin an Crann Nollag - ní raibh go leor spás againn.

Rud amháin atá go maith faoi seo ná go mbeadh an clann go léir le chéile ar Lá Nollag mar beidh muid lenár mac agus a bhean agus ár beirt iníon. Ní rabhamar ag súil leis seo mar tá an mac agus a bhean ag súil le páiste- ár gcéad gar-pháiste, ag an am seo agus ní bheadh siad linn ach amháin go raibh an aimsir comh holc.

Is olc an sceal é nach bhfuil maitheas de shaghas éigin ann!

Mar sin ar an maidin seo beidhmíd ar an mbóthar go Sráideanna Naofa Átha Cliath agus ta sé fós fuair!

Nollag faoi shéan agus faoi mhaise dúinn go léir!

18.12.10

Titim sneachta...

Caorán na gCearc
Bhí orainn dul ar an gClochán inné agus rinne muid iarracht ceart go leor ach theip orainn ara an mbóthar idir Chasla agus Chamas. Rinneamar sleamhmiú dramatiúil ar chasadh cham ar an mbóthar - tá neart acu ann - agus chinneamar ar filleadh. Níor deineadh aon damáiste do charr buiochas le Dia.

Go dtí inné níor thit sneachta ar bith anseo i gCaorán na gCearc. Ag tús na bliana scríomar faoin bhfuacht i mí Eanáir, ach cé go raibh sé an fhauir ar feadh tréimhse fada ní raibh sneacht ar bith anseo ag an azm sin. I ndairíre ní dóigh liom gur thit sneacht ar bith anseo gur fiú trácht air leis na bliainta. Ach inné do thit sneachta anseo. Ní raibh sé an-throm ach bhí go leor ann le gach áit a chludú le cuilt bán álainn. Nach íontach an bealach a athraíonn an cuilt bán céanna crot áite.

Ach na bóithre! Agus an fuacht! Scéal eile ar fad a bhí ann. Rinne mé iarracht tiomáint chuig an siopa - Tigh Dick (Tá sé ar facebook) ach bhí charr tar éis dul ó smacht aréir ar an chnoc idir an Cloch Mór agus Baile na hAbhann. Bhíodar ag iarraidh an carr a tharraingt amach ón claí agus bhí moill mór ar an trácht a bhí go mall cheana féin. D'fhag mé an charr ag an mBáintreach agus shúil mé.

Maidin álainn a bhí ann, fuair agus géar, ach bhí an aer glán sláintiúil. Bhí sé spéisiúil na rudaí a thugann tú faoi dearadh agus tú ag siúil seachas ag tiomáint. Cloiseann tú an ciúineas, do chos ar an dtalamh, na beithigh, corr charr. Feicteann tú na plandaí, tagann na madraí suas chugat (in ionad bheith ag rith id dhiaidh sa charr) agus na radharcanna.

Seo dhá cheann de na pictiúirí a ghlach mé ar maidin. (Nach íontach an rud é an fón phóca?)
ón mBáintreach Bán ó dheas (Árainn ar chul!)
Caorán na gCearc go moch ar maidin ón teach (Inis Mór ar chul)