6.3.13

Calafort Chill Rónáin


Bhí slua maith ag an gcruinniú.

Is ar maidin a fuair mé teachtaireacht ón Roth (Eagráiocht de chuid Cumann na nInnealtoirí) ag rá go raibh léacht le bheith ann san Forbacha an oíche sin, maidir le Calafort Chill Rónáin.

Duais na nInnealtóirí
Bhí fhios agam go raibh an obair sin ar siúl le roinnt bhlianta go mór mór mar bhí lorraithe móra trom ag dul anoir agus aniar go Ros a'Mhíl lán de carraigeacha oll-mhór le haghaidh an tógra seo. Ní dhearna na lorraithe chéanna mórán maitheas do bhóthaire bhochta Chonamara ach b'shin scéal eile. Chuala mé leis áit éigin go raibh an tógra ceanna tár éis duais innealtóireachta éigin a gnóthú. Mar sin chuaig mé soir chomh fada le h-áras Údarás na Gaeltachta ar an Forbacha.

Bhí an oíche flúich go leor tár éis deich lá a bhí fuair ach tirim agus cheap mé nach mbeadh mórán daoine i láthair ach bhí cathú orm. Bhí breis is dhá scór i láthair i seomra mór chompóirdeach romham.

Bhí Pádraig Ó Cinnéide BE - iarfhostaí den Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Joe Murphy BE CEng FIEI CDipAF RConsEI - comhairleoir, Punch Consulting Engineers (Béarla) a bhí leis an caint a thabhairt.

Léirigh Pádraig Ó Cinnéide ar an gcúlra leis an tionscanamh, an teacht agus imeacht, an idirghabháil idir poball Inis Mór, na hIascairí, lucht an Bháid Tarthála, lucht na mbád farantóireachta agus "na húdaraisí", Comhairle Chontae na Gaillimhe, An Rialtas, Údarás na Geltachta agus níos deanaí lucht Pleanála. Is cosúil gur sna seachtóidí a thosaigh an caint seo ach i ndairíre thosaigh an pleanáil ag tús an chéid seo, 2000, a thosaigh a pleanáil i gceart agus ansin an stocaireacht chun maoiniú a fháil. Faoi dheireadh fuarthas maoiniú (€39 milliún) sa bhliain 2007 agus thosaigh an obair ceart ansin.

Bhí constaicí eile ann seachas maorlathas ag an tionscnamh. Áit an-oscailte atá in Árainn idir an aigéin agus Cuan na Gaillimhe a chuireann le garbheacht agus neart na mara! Mar aon leis sin bhí fadhbanna le dromchla ghrinneill na farraige. In áiteachaa bhí sé ró bhog le portach doimhin faoi agus in áiteanna eile bhi fána chlaonais ar rófhána é. Rinneadar múnla nó mionsamhail oibríoch den suíomh le coincheapa éagsúla a thriaileadh. Nuair a bhí sé seo déanta acu bhíodar reidh leis an obair ceart a dhéanamh!

Neart carraigeacha
Rud a chuir go mór leis an gcostas ná an cinneadh a rinne an Bórd Pleanála gan cead coincréid a úsáid leis an tonncosc, 550m ar fháid, a thógáil. Mar sin bhí ortha carraigeacha móra a úsáid. Ach ní raibh cead acu chuir isteach ar dhúlra an oileán féin mar is áit caomhnaithe spisialta (SAC) é Inis Mór. Mar sin bhí ortha iad a fháil ón mórthír.

Chuireadh leis an gcaladh a bhí ann le breis is céad bliain ionas go mbeidh na turasóirí sabháilte ón gnáth obair iascaireachta agus tionscalaíochta a bhíonn ar siúl ar chéibh gnóthach agus rinneadar an deisiúchán ar an sean céibh.

Bhí an-chuid pléascadh agus druileáil mar a bheitheá ag súil leis ach bhí ortha bheith an-chúramach gan chuir isteach ar an ndúlra, rónta agus eile a bhíonn sa bhfairrge sa cheantair sin.
Calafort Chill Rónáin 2011
Cuireadh críoch leis an dtógra ina iomláine sa bhliain 2011. Bé an tionscadal is mó a tógadh riamh ar oileán sa stát é.

D’éirigh leis an tionscadal seo an gradam “Engineering Project of the Year 2012” a bhaint amach, bunaithe ar vótáil poiblí, sa chomórtas Engineers Ireland Excellence Awards”, comórtas oscailte don phobal ar fud na tíre. I measc na tógraí a bhí istigh don duais áirithe seo bhí Foirgneamh Titanic, Béal Feiriste, Skyline Páirc an Crocaigh agus Ionad Chuairteoirí Chlochán an Aifir i dtuaisceart Chontae Aontroim. Bé vótáil ón bpobal a shocraigh an toradh ar an gcomortas seo.

Tá mé ag súil le dul isteach go hInis Mór i rith na bliaina leis an éacht mór innealtóireachta a fheisint mé fhéin.

No comments:

Post a Comment