Tá sé an oiriúnach an planda seo a bheith i ngairdíní anse in Éirinn mar is planda atá gaolta leis an planda tae. Is iomaí cupáin tae atá olta againn agus can a eolas seo a bheith againn. Ar ndóigh is ón oirthear a thagann an bláth seo agus is ó na dúthaigh céanna a thagann an tae. Caiméilia dearg atá ann.
Tháinig mé ar an mbláth álainn seo ar maidin sa sa gharraí is mé ag teacht abhaile ón Aifreann. Scríobh mé cheanna faoin Léacht ar Athas Dé*, ón Aifreann ar an nDomhnach seo cupla uair agus bhí mé ag smaoineamh ar agus me ag dul isteach sa teach. Gheal sé mo chroí - chomh dearg is a bhí sé ach líne bán ar peiteal amháin. Is iomaí dathanna eile atá an den bhláth seo ar ndóigh ach an ceann ata againne is ceann dearg atá ann.
Is aisteach na smaointe a thagann chugat uaireanta. Tá an bláth seo luath go leor sa bhliain agus tá tuairiscí le léamh sna meáin sóisialta ar phlandí atá faoi bhláth i bhfad ró luath.
Scríobh file mór na hInde, Rabindranath Tagore, dán agus an ainm "Camillia" air ina theanga féin, Beangáilis. Is scéal fear óg faoi draoícht ag aisling i dtraen plódaithe agus tabhacht an phlanda áirithe seo. Seo aistriúchán sa Bearla den dán. Is féidir éisteacht leis i dteanga an údair anseo.
*Athas Dé (25 Ean 2010)
27.1.19
20.1.19
Comhartha earraigh sa gháirdín...
Óibríse bheag chróga ag breathnú amach orainn ar maidin. Ní raibh geimhreadh ar bith againn i gCaorán na gCearc go fóill agus níl ach coicís go Lá na Féile Bríde!
Lipéid
Dúlra,
Garraíodóireacht
19.1.19
Machnaimh shagairt cheannaircigh léirithe?
Cé chomh dílis is atá aistriúchán dáin?
Anois is arís déanaim tagairt don iris "An Timire" anseo. Tá sé éasca le léamh, altanna gearr ann gur féidir a léamh i gcionn cúpla neomad agus ansin rud eile a dhéanamh. Uaireanta eile spreagann sé chun phinn mé!
Thárla sé arís i rith na Nollag agus mé ag léamh aistriucháin a rinne Micheál Ó hUanachán ar dánta de chuid Andrzej Jawien na Polainne. Ar ndóigh b'shin ainm cleite a bhí á úsáid ag an sagart óg, Karol Wojtyla agus é a scríobh in aimsir na gcumanach ina dtír dhúchais. Dár leis an aistritheoir, "gur cheap an fear óg go raibh an fhilíocht seo polaitiúil agus nár chóir a stádas mar shagart bheith ceangailte lei!"*
Ar aon nós léigh mé na píosaí anseo agus ansin rinne mé cuimhniú go raibh a chuid filíochta léite cheana agam roinnt blianta ó shin. Chuas chuig an seilf leabhar agam agus d'aimsigh mé "Dánta Eoin Pól II" aistrithe ag an scoláire Ciarán Ó Coigligh (2010)**. (Smaoinigh mé leis nach mbeadh an beirt áirithe seo, Ciarán nó Eoin Pól, ró ard ar chomórtas dea-ghnaoi i láthair na h-úaire - ach sin ábhar d'alt eile ar fad!).
"Ní flilíocht chráifeach dhromchlach a chum Eoin Pól," a deireann Ciarán Ó Coigligh i réamhrá a leabhair, "..filíocht fhealsúnachta mhachnamhach a bhfuil teilgean intleachtach inti ó thús go deireadh."
Tá trí chinn aistrithe ag Micheál anseo agus an bailiúchán iomlán aistrithe ag Ciarán. Cheap mé go mbeadh gur spéis an rud é comparáid a dhéanamh ar an dá aistriúchán agus cad a léiródh sé sin. I ndairíre an féidir dána aistriú nó an dán nua a bhíonn ann gach uair a deintear aistriú ar dhán? Ar ndóigh tá an bun smaoineamh a bhí ag an mbun udair ann ach nach fíor a rá go bhfuil meon agus nó taithí an aistritheora go smior ann leis?
Seo "Fear Intleachta" agus ansin "Intleachtóir"
Fear Intleachta
Ceileann tusa an mealladh is an ilghnéitheacht ar do shaol
blas na tóraíochta, an spás is an spontáineachta.
Is cúng do chuid tuairimí, do chuid foirmlí, do chuid breithiúnas,
ag déanamh achoimre de shíor is ag iarraidh substainte.
Ná sáraigh mo chranna foirtile: is riachtanach iad do bhail an duine;
ní mór do gach uile bhóthar bealach an smaoineamh a thabhairt air féin.
Intleachtóir
Goidtear asat áineas, éagsúileacht,
féith na fionnachtanna, grá spáis, uaithe
A chúng do chuid nóisean, foirmlí, breithiúnais
ag coimriú i dtólamh, cíocrach ar ábhar.
Ná bris mo chosaintí, glach le cuid an duine:
gach bóthar teann i dtreo na hintinne.
Fagfaidh mé fútsa é a mheas an guth an mbun údair nó guth an aistritheora atá i dtreis san dá aistriuchán seo!
* An Timire, Timire an Chroí Naofa, Foilseachán Íosánach, Eagran: Geimhrifh 2018
** Dánta Eoin Pól II, Ciarán Ó Coigligh a d'aistrigh, Coiscéim, 2010
Anois is arís déanaim tagairt don iris "An Timire" anseo. Tá sé éasca le léamh, altanna gearr ann gur féidir a léamh i gcionn cúpla neomad agus ansin rud eile a dhéanamh. Uaireanta eile spreagann sé chun phinn mé!
![]() |
| Andrzej Jawien - Karol Wojtyla |
Ar aon nós léigh mé na píosaí anseo agus ansin rinne mé cuimhniú go raibh a chuid filíochta léite cheana agam roinnt blianta ó shin. Chuas chuig an seilf leabhar agam agus d'aimsigh mé "Dánta Eoin Pól II" aistrithe ag an scoláire Ciarán Ó Coigligh (2010)**. (Smaoinigh mé leis nach mbeadh an beirt áirithe seo, Ciarán nó Eoin Pól, ró ard ar chomórtas dea-ghnaoi i láthair na h-úaire - ach sin ábhar d'alt eile ar fad!).
"Ní flilíocht chráifeach dhromchlach a chum Eoin Pól," a deireann Ciarán Ó Coigligh i réamhrá a leabhair, "..filíocht fhealsúnachta mhachnamhach a bhfuil teilgean intleachtach inti ó thús go deireadh."
Tá trí chinn aistrithe ag Micheál anseo agus an bailiúchán iomlán aistrithe ag Ciarán. Cheap mé go mbeadh gur spéis an rud é comparáid a dhéanamh ar an dá aistriúchán agus cad a léiródh sé sin. I ndairíre an féidir dána aistriú nó an dán nua a bhíonn ann gach uair a deintear aistriú ar dhán? Ar ndóigh tá an bun smaoineamh a bhí ag an mbun udair ann ach nach fíor a rá go bhfuil meon agus nó taithí an aistritheora go smior ann leis?
Seo "Fear Intleachta" agus ansin "Intleachtóir"
Fear Intleachta
Ceileann tusa an mealladh is an ilghnéitheacht ar do shaol
blas na tóraíochta, an spás is an spontáineachta.
![]() |
| Eoin Pól II - Karol Wojtyla |
ag déanamh achoimre de shíor is ag iarraidh substainte.
Ná sáraigh mo chranna foirtile: is riachtanach iad do bhail an duine;
ní mór do gach uile bhóthar bealach an smaoineamh a thabhairt air féin.
Ciarán Ó Coigligh 2010
Intleachtóir
Goidtear asat áineas, éagsúileacht,
féith na fionnachtanna, grá spáis, uaithe
A chúng do chuid nóisean, foirmlí, breithiúnais
ag coimriú i dtólamh, cíocrach ar ábhar.
Ná bris mo chosaintí, glach le cuid an duine:
gach bóthar teann i dtreo na hintinne.
Micheál Ó hUanachán 2018
Fagfaidh mé fútsa é a mheas an guth an mbun údair nó guth an aistritheora atá i dtreis san dá aistriuchán seo!
* An Timire, Timire an Chroí Naofa, Foilseachán Íosánach, Eagran: Geimhrifh 2018
** Dánta Eoin Pól II, Ciarán Ó Coigligh a d'aistrigh, Coiscéim, 2010
Lipéid
An Timire,
Eoin Pól II,
Filíocht
12.1.19
Radharc álainn - fadó!
Gluaisim ar ais bóithrín na smaointe.
Tugaim faoi deara le déanaí go mbím ag brionglóideach faoi rudaí a thárla fadó dom. Athchuairt ar áiteanna agus amanataí a thárla blianta agus nár chuimhnigh mé ortha le fada.
Aréir is ar mo chéad chuairt ar an nGearmáin a bhí mé. Ar chuairt ghnó a bhí mé agus d'eitil mé go Frankfurt/Main. Ní raibh aon cheist faoi chúrsaí slándála ag an am sin agus ní dearnadh curdú orm ná ar mo chuid bagáiste is mé ag dul isteach san aerphort - deaireadh na seaacaidí a bhí ann. Bhí mé tár éis cúrsa trí seachtaine sa Ghearmánais a dhéanamh agus bhí me cinnte go raibh go leor agam le dul aon áit sa tír sin.
I bhFrankfurt bhí orm an traen a fháil go dtí an baile beag ina raibh an chomhlucht a bhí mé le dul ann. Klingenberg-am-Main. Mar sin bhí fhios agam go raibh sé ar an abha chéanna le Frankfurt féin ach chinn mé é a aimsiú ar na h-am chláracha a bhi thuas sa stáisiún ann. Ar deireadh chuaigh mé isteach chuig an oifig eolais agus theip orm iad a thuiscint agus mar sin d'athraigh mé go "Sprechen sí Englisch?" (bhí mé ar buileadh liom fhéin!). Labhair agus mhíníodar dom gur gá dom dhá thraen a fháil ceann amháin go hAschaffenburg agus uaidh sin ceann eile go Klingenberg.
Bhí socrú ann go bhfanfainn in ostán in aice leis an staisiún, Schoene Auschicht (Gearmánais - "Radharc Álainn"). Cuireadh fáilte romham ansin (meascan Béarla & Gearmáinis briste!!!) agus chuaigh mé thuas staighre chuig an seomra.
Bhí rudaí nua domsa ansin. Ar an leaba ní raibh an gnáth rud a bhíodh againne in Éirinn, blaincéid is braillíní ach bhí cineál plúid agus bshin an méid a bhí ann le duine a chlúdú agus thú ag dul a choladh. Anois tá sé sin i ngach áit ach ag an am sin ní raibh. Bhí mé ag ceapadh go mbeinn fuair go leor faoi ach bhí sé an chompórdach.
Rud nua eile domsa a bhí sa seomra folcadh. Bhí na gnáth rudaí a bheithfeá ag súil leis ach bhí rud éigin eile agus an crot céanna le leithreas insruthlaithe ach le dhá sconna nó buachire ar a chúl. Ní raibh tuairim agam céard le haghaidh a bhí sé sin (agus fós níl sé de mhisneach agam iarraidh ar éinne cunas a úsáidetera iad!).
Áit álainn ach an bheag a bhí i gKlingenberg agus b'ait liom ag an am conas ar éirigh leo gnó chomh mór agus chomh rathúil bheith i mbun oibre in áit chomh bheag. Tuigim anois gur toisc an cineál rialtas scaipthe atá acu sa tír sin. Bíonn cumhacht ag an rialtas áitiúl seachas mar atá cúrsaí anseo. Ní rabhadar i gcónaí ag iarraidh dul ó thuadh go dtí an Rialtas i mBonn (mar a bhí sé ag an am) ag lorg cabhair nó airgead. Bhí (agus tá) na h-aonaid rialtais i bhfad níos luath sa Ghearmáin ná mar atá siad in Éirinn. Is trua nach mar sin atá cúrsaí anseo in ionad bheith ag iarraidh na h-údaráis áitiúla a nascadh le chéile seachas iad a láidriú ar son na bpobal.
Nach aisteach na rudaí a smaoiníonn tú ortha agus tú i do choladh?
Tugaim faoi deara le déanaí go mbím ag brionglóideach faoi rudaí a thárla fadó dom. Athchuairt ar áiteanna agus amanataí a thárla blianta agus nár chuimhnigh mé ortha le fada.
Aréir is ar mo chéad chuairt ar an nGearmáin a bhí mé. Ar chuairt ghnó a bhí mé agus d'eitil mé go Frankfurt/Main. Ní raibh aon cheist faoi chúrsaí slándála ag an am sin agus ní dearnadh curdú orm ná ar mo chuid bagáiste is mé ag dul isteach san aerphort - deaireadh na seaacaidí a bhí ann. Bhí mé tár éis cúrsa trí seachtaine sa Ghearmánais a dhéanamh agus bhí me cinnte go raibh go leor agam le dul aon áit sa tír sin.
I bhFrankfurt bhí orm an traen a fháil go dtí an baile beag ina raibh an chomhlucht a bhí mé le dul ann. Klingenberg-am-Main. Mar sin bhí fhios agam go raibh sé ar an abha chéanna le Frankfurt féin ach chinn mé é a aimsiú ar na h-am chláracha a bhi thuas sa stáisiún ann. Ar deireadh chuaigh mé isteach chuig an oifig eolais agus theip orm iad a thuiscint agus mar sin d'athraigh mé go "Sprechen sí Englisch?" (bhí mé ar buileadh liom fhéin!). Labhair agus mhíníodar dom gur gá dom dhá thraen a fháil ceann amháin go hAschaffenburg agus uaidh sin ceann eile go Klingenberg.
![]() |
| Cá bhfuil na blaincéid? |
Bhí rudaí nua domsa ansin. Ar an leaba ní raibh an gnáth rud a bhíodh againne in Éirinn, blaincéid is braillíní ach bhí cineál plúid agus bshin an méid a bhí ann le duine a chlúdú agus thú ag dul a choladh. Anois tá sé sin i ngach áit ach ag an am sin ní raibh. Bhí mé ag ceapadh go mbeinn fuair go leor faoi ach bhí sé an chompórdach.
Rud nua eile domsa a bhí sa seomra folcadh. Bhí na gnáth rudaí a bheithfeá ag súil leis ach bhí rud éigin eile agus an crot céanna le leithreas insruthlaithe ach le dhá sconna nó buachire ar a chúl. Ní raibh tuairim agam céard le haghaidh a bhí sé sin (agus fós níl sé de mhisneach agam iarraidh ar éinne cunas a úsáidetera iad!).
![]() |
| Meas tú céard é seo? |
Nach aisteach na rudaí a smaoiníonn tú ortha agus tú i do choladh?
Lipéid
An Ghearmáin,
Ostán,
Turas
5.1.19
Mídhílseacht phósta i lár tíre!
Chonaic mé fógra ar leathanach straoisleabhair Chlub Leabhar Chois Fharraige go raibh an údar Pádraic Breathnach le bheith i dTí Mholly ag tús mí na Nollag ag caint faoin a leabhair "Dialann mo Mháthair."* Chinn mé mar sin an leabhair a cheannach le léamh roimh dul ann agus éisteacht leis.
![]() |
| Ag Tí Mholly Nollaig 2018 |
Cheap mé go mbeadh sé i bhfoirm dialainne ach ní raibh. Is scéal faoi iníon a thagann ar dhialann a máthar san áiléar lá éigin. Bhí an máthair dhá scór bliain marbh agus ní fhaca an iníon an dialann seo cheanna ná ní raibh fhios aici go raibh a léithéid á coimead ag a máthair. Nach féidir é a shamhlú, dul thuas le rud éigin a fháil agus tugann tú rud eile ar fad faoi dearadh, tú gafa, cúpla uair loite agat agus an rud a bhí uait dearmadta ar fad? Mar sin tá an leabhair seo bunaithe ar a cuid smaointe, cuimhne fíor nó samhailteach.
Leanann an leabhair ag leanúint saol an máthair ón gcéad uair a bhuail sí lena fear go dtí an lá a stopann sí ag scríobh a chuid smaointe sa dialann. Spéisiúil domsa a bhí na h-ainmneacha a roghnaigh an údar dá charachtair. Péarla a bhí ar an máthar, Sylvester a fear chéile agus níos deanaí tá duine leis an ainm Maolmhuire (litrithe mar sin seachas Maolra!). Tá na hainmneacha sin i mo chlannsa agus i measc mó shinsir agus níl siad ró choitianta sa lá atá inniú ann!
Tá an scéal suite i lár tíre agus tógtar tré saol an mhathar ón a pósadh breith a triúr pháiste, mídhílseacht a fear agus na cáirde agus daoine eile a bhuileann leithí i rith a saol. Cheap mé gur léirigh sé an thuiscint ar mheoin na mná agus míthuiscint go neamh-mhothúcháin a fear go h-an mhaith. Nó bfhéidir go léiríonn sé é sin mar a cheapfadh fear iad a bheith. Is scéal comhaimseartha gan leathscéal atá ann.
Tá an comhra idir na charachtair éagsúla an nádurtha ann chomh maith. Is féidir iad a chloisint agus iad ag caint.
Bhí an-oíche i Tigh Mholly in éineacht leis an údar féin. Bhí neart cainte ar an oíche agus thug sé níos mó thuiscint ar an scéal ag éisteach le giotaí as á léamh ag an údar. Níl mórán úrscéalta scríofa aige agus dúirt sé gur cuireadh ian a leith gur pornagrafaíocht a bhí i gcuid acu! Ní bhead fhios agam ach cinnte tá a chuid scríonóireacht díreach, macánta agus oscailte.
Mar a dúirt mé thaitin sé liom agus críochnaigh mé an leabhair!
* Dialann mo Mhathar, Pádraic Breathnach, Cló Iar-Chonnacht 2018: ISBN 978-1-7844-176-0
1.1.19
Teachtaireacht ón gCeannasaíocht!
"...tá suaimhneas an teaghlaigh de dhíth ar an iomarca dár muintir, agus tá imní ar mhuintir eile faoina gcumas teacht ar sheirbhísí sláinte agus oideachais, agus faoina gceart a n-ábhair imní a chur in iúl agus a bheith páirteach go hiomlán inár bpoblacht..."
Tháinig mé ar dhá teachtaireachtaí ar an gcóras giolcaireachta, twitter, i rith na Nollag. Ar ndóigh bhí an chuid acu and cuid is mó gearr agus intuartha is dócha - Nollaig shona agus áth mór i rith 2019! Ach an dá cheann seo bá ó dhá Oifigigh Stáit, Uachtarán na tíre and Taoiseach na tíre.
Tá an difríocht idir an dá theachtaireacht.
Bhí ceann an Taoisigh gearr go leor, thart ar neomad go leith. Chuir sé amach leagan amháin i mBéarla amháin seachas an píosa "oibleagáidiúil" ag an deireadh - "Nollaig shona..."
"While the country is in a good place with more people at work than ever before in our history and our living standards are rising, [we] know that many people are still struggling this Christmas....the homeless and those living in emergency accommodation."
Labhrann sé ar a méaid atá déanta ag a Rialtas agus iad ag leanúint ar aghaidh leis an obair íontach ag feabhsú seirbhísí agus saol muintir na hÉirinn. Athnaíonn sé go bhfuil daoine ag fulaingt ar ndóigh agus molann sé dúinne teangabháil a dhéanamh leo siúd atá uaigneach nó i ngannchuid. Ach bun agus barr an scéal ná "there is much to be positive about..." agus a Rialtas ag leanúint ar aghaidh leis an dea obair!
Bhí caint an Uachtaráin i bhfad níos faide, timpeall cúig neomad ar fhaid. Bhí sé le fáil sna dá theanga oifigiúil agus cheap mé go raibh sé i bhfad níos daonna ná cheann an Taoisigh. Ach thár sin bhí tuiscint an shoiléir ann ar chonas tá muintir na hÉireann ag aimsir na Nollag sa bhliain 2018.
"...In Éirinn an lae inniu, tá suaimhneas an teaghlaigh de dhíth ar an iomarca dár muintir, agus tá imní ar mhuintir eile faoina gcumas teacht ar sheirbhísí sláinte agus oideachais, agus faoina gceart a n-ábhair imní a chur in iúl agus a bheith páirteach go hiomlán inár bpoblacht. Mar sin, agus ár leochaileachtaí comhroinnte tugtha i gcuimhne againn an Nollaig seo, beartaímis seasamh le chéile chun dlúthchomhar athnuaite a chruthú, ceann a bheidh múnlaithe chun oiriúint dár saoránaigh go léir, agus agus chun iad a chuimsiú.
"Tá go leor fós inár sochaí a bhíonn ag obair gan staonadh chun tacú leo siúd atá imeallaithe nó ar an ngannchuid agus chun seasamh gualainn le gualainn leo..."
Ag éisteach le caint an Taoisigh ní bhfaighfeá an teachtaireacht sin! Spéisiúil chomh maith nach bhfuil sé sásta tuiteáil sa dá theanga. Ceacht fós le foghlaim ó Phríomh Aire Chanada? An seo an Taoiseach a mhaígh go labhródh sé gach lá agus é ina Thaoiseach?
Béim an difriúil ó bheirt Cheannaire na tíre, Uachtarán agus Taoiseach.
Cé acu a léiríonn an meabhrú is doimhne ar chúrsaí an lae inniú?

7.12.18
Solas ó neamh!
Thug mé cuairt istig i Séipéil na Tulaigh le déanaí. Ní minic a deanaim é sin - cuairt gearr a thabhairt ar an Naomhshacraimint - ach bíodh sin mar atá is deas an nos é. Mar a deireann an sean rann Bhéarla:"Whenever I pass by the Church I pay a little visit,
So on that day I'm carried in the Lord won't say, "Who is it!?"
Bhí se timpeal a dó a chloig sa tráthnón agus bhi an ghrian íseal ag lionrach agus a gealú ballaí binne bana na tithe sa chomharsanacht. Agus mé ann liom féin leis an Tiarna thug mé faoi deara an patrún a bhí á dhéanamh ag an ngriain tré na fuinneoga agus ghlac mé an pictiúr seo.
Nach bhfuil sé go h-álainn?
4.12.18
Thár n-ais chuig an charta ghlas!
Bhfuil na páipéirí cuí agat?
Bhí mé ar scoil nuair a thug mé cuairt ar Bhéal Feirste don gcéad uair. Ar thuras scoile a bhí muid, fós sa bhunscoil, agus chuamar ar an dtraen. Is dócha gur ag deireadh na caogadaí a bhí ann agus ní raibh na "troblóidí" ar siúl ach is dócha go raibh borradh éigin faoi thalamh a pléasc i 1966 agus níos deanaí.
Ba eachtra é ar ndóigh. Bhí fhios againn gur chuid de Shasana é agus go raibh ar na póilíní gunnaí a bheith acu. Mar sin, dár linn, bhí cineál dainsear ann. Nuair a shroic an traen Port a' Dúnáin tháinig lucht custaim ar bhóird ag lorg pé rud a bhí á importáil go mí dleathach ag na paisinéirí. Bhíomar trasna an teorainn.
Mheasamar go raibh Béal Feiriste aisteach go leor. Taobh amuigh de na póilíní a bheith armtha bhí na busanna dearg ann agus bhí na siopaí difriúl ar chuma éigin ó na siopaí a bhí i mBaile Átha Claith againn. Cheapamar go raibh sé níos saibhre agus i siopa amháin (C&A ar an Ascall Ríoga tá mé ag ceapadh) chonaiceamar staighre beo don gcéad uair. Ní raibh a leithead ó dheas. Chuamar amach chuig Teach na Pairliminte - bhí fhios againn gur "Pairlimint Phrotastúnach don bPobal Phrotastúnach" a bhí ann agus cheap mé go raibh sé aisteach go raibh siad chomh "dílis," más sin an focal, do Shasana agus don Impire. (Ní raibh aon tuiscint againn ar an Ríocht Aontaithe againn. B'Ionann Sasana agus An Bhreatain dúinn agus thuigeamar inár gcroíthe istigh nach i Sasana nó sa Bhreatain a bhí an áit seo.
Bhí rudaí níos saoire ann leis agus bhí milseáin éagsúil. Bhí Mars Bars acu nach raibh le fáil sa bhaile agus Spangles, milseáin a shúití arís nach raibh le fáil ó dheas. Cheannaíomar ár ndóthain den stuif sin.
Ar an turas ó dheas stopadh i nDún Dealgan ag lucht chustaim sinn ach chuireamar ár gcuid cheannacháin agus eagla orainn go nainseofar ár gcuid stóir luachmhar a bhí á smugláil againn.
Níos deanaí chuaigh mé le mo thuismitheoirí i gcarr agus stopadh ag an teorainn ó thuaidh ó Dhún Dealagann muid. Deineadh iniúcadh ar an gcarr agus bhí ar m'athair dul isteach i gcaibín lena a chuid páipéirí a theaspeáint agus rud éigin a shiniú. Níos deanaí fuair mé amach go raibh air páipéar faoi leith a fháil ón gcomhlucht árachais do charr. Glaodh an "Green Card" ar sin. Thárla an rud céanna agus muid ar an dturas thár n-ais.
Diaidh ar ndiadh cuireadh deireadh leis na rialacha go mór mór ó chuamar isteach sa chomhmhargadh le chéile i 1973. Ach ar ndóigh ansin bhí na trioblóidí ann. Nuair a chuireadh deireadh leis an sean córas bhi an "Teorainn Bhog" ach a mháin go raibh arm Shasana ann ina áit. Ach tár éis an sos cogaidh agus teacht an "ré nua" chonaiceamar don chéad uair an teorainn bhog.
Cuireann sé isteach orm nuair atá daoine ag caint faoin teorainn chrua agus gur léir gur ar an teorainn na seicphointí mhíleata atá siad ag caint. I ndairíre leat den am a bhí siad siúd i réim bhí rialacha an Chomh Phobal i réim.
Anois tá an baol ann go dtiochfaidh na seicphointí chustaim agus mál thar n-ais. Má éiríonn an Ríocht Aontaithe as an mbeidh orainn dul thár n-ais chuig an sean-chóras, roimh na troblóidí. An mbeidh orm an cárta glás a fháil le tiomáint thár an droichead ó An Blaic go Beal Cú?
Bhí mé ar scoil nuair a thug mé cuairt ar Bhéal Feirste don gcéad uair. Ar thuras scoile a bhí muid, fós sa bhunscoil, agus chuamar ar an dtraen. Is dócha gur ag deireadh na caogadaí a bhí ann agus ní raibh na "troblóidí" ar siúl ach is dócha go raibh borradh éigin faoi thalamh a pléasc i 1966 agus níos deanaí.
![]() |
Teorainn chrua!
|
Mheasamar go raibh Béal Feiriste aisteach go leor. Taobh amuigh de na póilíní a bheith armtha bhí na busanna dearg ann agus bhí na siopaí difriúl ar chuma éigin ó na siopaí a bhí i mBaile Átha Claith againn. Cheapamar go raibh sé níos saibhre agus i siopa amháin (C&A ar an Ascall Ríoga tá mé ag ceapadh) chonaiceamar staighre beo don gcéad uair. Ní raibh a leithead ó dheas. Chuamar amach chuig Teach na Pairliminte - bhí fhios againn gur "Pairlimint Phrotastúnach don bPobal Phrotastúnach" a bhí ann agus cheap mé go raibh sé aisteach go raibh siad chomh "dílis," más sin an focal, do Shasana agus don Impire. (Ní raibh aon tuiscint againn ar an Ríocht Aontaithe againn. B'Ionann Sasana agus An Bhreatain dúinn agus thuigeamar inár gcroíthe istigh nach i Sasana nó sa Bhreatain a bhí an áit seo.
Bhí rudaí níos saoire ann leis agus bhí milseáin éagsúil. Bhí Mars Bars acu nach raibh le fáil sa bhaile agus Spangles, milseáin a shúití arís nach raibh le fáil ó dheas. Cheannaíomar ár ndóthain den stuif sin.
Ar an turas ó dheas stopadh i nDún Dealgan ag lucht chustaim sinn ach chuireamar ár gcuid cheannacháin agus eagla orainn go nainseofar ár gcuid stóir luachmhar a bhí á smugláil againn.
Níos deanaí chuaigh mé le mo thuismitheoirí i gcarr agus stopadh ag an teorainn ó thuaidh ó Dhún Dealagann muid. Deineadh iniúcadh ar an gcarr agus bhí ar m'athair dul isteach i gcaibín lena a chuid páipéirí a theaspeáint agus rud éigin a shiniú. Níos deanaí fuair mé amach go raibh air páipéar faoi leith a fháil ón gcomhlucht árachais do charr. Glaodh an "Green Card" ar sin. Thárla an rud céanna agus muid ar an dturas thár n-ais.
![]() |
| Pic: Coláiste Bhoston, S.A.M |
Cuireann sé isteach orm nuair atá daoine ag caint faoin teorainn chrua agus gur léir gur ar an teorainn na seicphointí mhíleata atá siad ag caint. I ndairíre leat den am a bhí siad siúd i réim bhí rialacha an Chomh Phobal i réim.
Anois tá an baol ann go dtiochfaidh na seicphointí chustaim agus mál thar n-ais. Má éiríonn an Ríocht Aontaithe as an mbeidh orainn dul thár n-ais chuig an sean-chóras, roimh na troblóidí. An mbeidh orm an cárta glás a fháil le tiomáint thár an droichead ó An Blaic go Beal Cú?
![]() |
| Bhfuil an Carta Glas agat? |
Lipéid
Béal Feirste,
Breatimeacht
17.11.18
Comharsa béal dorais!
Ein hiaith, ein gwlad, ein cenedl!
Is cuimhin liom go maith a chéad uair a thug mé cuairt ar an mBreatain Bheag. Is le dream daoine sa Réalt a bhí mé agus d'fhánamar i mbaile i lár na tíre, Machynlleth. Bhí eaglais de chuid Ord Na Slánaitheoraigh ann agus bhuaileamar leis an sagart a bhí i bhfeighil agus ní déanfidh mé dearmad go deo ar a dúirt sé linn, "The people here are incurably Welsh!" Ar ndóigh Sasanach a bhí ann!
Thóg mé leabhair amach le deanaí. Channaigh mé ag an am sin ach níor léigh mé go dtí anois é. Is leis an tAth. Pádraig Ó Fiannachta "Comharsa Choimhthíoch," leabhair bheag (80 llch nó mar sin) a foilsíogh ag FÁS i 1957 atá ann. Agus é ina shagart óg caith sé seal thoir sa tír sin agus seo cúntas anseo ar a fhoghlaim sé faoin náisiún agus muintir agus ar ndóigh a dteanga.
Tá cuir sos aige ar stair na tíre - an chuid de nach raibh ar eolas agam. Tá béim faoi leith aige ar chúrsaí chreidimh ar ndóigh agus ar na fáthanna nach ionann an creidimh atá acu ansin agus atá ag Sasana. Mar in Éirinn d'fhán an chos mhuintir dílis don sean chreidimh le linn aimsire an Athrú Chreidimh. Bhí líon mairtíreach ann mar againne. Tá duine amháin acu, Risteard Gwynn a maríodh i Wrecsam (15 Deireadh Fomhair 1584) le na focail "Iesu, trurarha wrthyf!" (A Íosa déan trócaire orm) ar a bhéal. Canónaíodh é ag an bPápa Pól VI sa bhlian 1970.
Ar chúiseanna éagsúla a mhníonn sé sa leabhair fágadh na gnáth daoine gan sagairt agus cé go raibh an Eaglais Gallda ann ó Shasana níor raibh ach Bearla acu san. Ní go dtí gur tháinigh na Neamhaontaigh agus na Módhaigh istig ann tháinig borradh chreidimh ann mar do labhair siad i dteanga na daoine agus rinneadar an Bíobla a aistriú. Mar sin scaip eolas ar léitheoireacht i mBreatnais i measc na daoine. Mar aon leis sin spreagadh amhránaíocht agus níos deanaí fás ar ghluaiseachtí eile culturtha. Mhair cuid de na sean nósanna chomh maith - Nosen Lawen (céilithe) agus penellion (Amhránaíochta speisialta dúchasach).
Tá béim ar leith aige ansin ar ath-fhás an Eaglais Caitliceach arís ann mar a bheithfeá ag súil. Bhí tabhacht nach mór ar na hÉireannaigh a tháing ann le hobair sna mianaigh. Thosaigh é seo aimsir an Ghorta Mór agus ina dhiaidh.
Sa caibideal deireannach "É seo agus é siúd!" tógann sé ar thuras ó Eryri (Snowdonia) & Yr Wyddfa, ó tuaidh, an sliabh is airde sa tíre thar timpeall an chósta ó dheas chomh fada le Caerdydd an príomh chathair agus soir uaidh.
Leabhair an spéisiúl é seo mar scríobhad é sular thosaigh an gluaiseacht láidir Scoile Bhreatanachta - ar a bhfuil na Gaelscoileanna in Éirinn bunaithe. Bhí an teanga faoi ionsaí, mar atá fós, agus mar sin bheadh spéis ag na Gael ann mar leabhair.
Ach thár rud ar bith eile tá an manadh "Ein hiaith, ein gwlad, ein cenedl!" le cloisint sna leathannaigh seo. (An teanga, an tír, an pobal!)
Cymru am byth!

| Y Ddraig Goch |
Lipéid
An Bhreatain Bheag,
Eaglais,
Naomh,
Pádraig Ó Fiannachta
11.11.18
Síochán agus aontas!
Chuireann Ciaraíoch an cheist i Nós ar maidin, "Cén fáth nach bhfuil tusa ag caitheamh an Phóipín?"
Tá rogha eile ann - Bluet na Fraince!
Ó thárla na toghchán i Meiriceá níos túisce sa seachtain thosaíomar ag breathnú ar an stáisiún CNN sin. Tá sé suimiúil agus an disfriúil ón na stáisiún nuachta ar an taobh seo den Atlantach.
Ar maidin bhí comóradh an sos cogaidh a chuir deireadh leis an gCogadh Mór 1914-18 ina bhfuair níos mó daoine bás ná in aon chogadh roimhe nó ó shin. Chuireamar an teilfís ar siúl agus ar na Stáisiún Sasanach - Nuacht BBC & Sky News bhí clúdach ar chomóradh sollúnta míleata i Londain agus an phóipín úd le feiscint i ngach áit. Ach ar na stáisiún nach bhfuil bunaithe i Sasana CNN & Euronews is beag póipín a bhí le feiscint. I ndairíre is beag tagairt a bhí á dheanamh ar bith don gcomóradh i Londain. Is ar an gcomóradh i bPáras a bhí a n-aird.
Cheap an breathnóir áirithe seo go raibh an searmanas ag "Cenotaph" na Breatine an chúng. "Ár saighdiúirí a fuair bás ar son an Rí is a dtír." Ar an lámh eile bhi an gcomóradh i bPáras an idirnáisiúnta. Cé gur léir gur sa bhFrainca bhí sé - agus bhí sé an Fhrancach - bhí an béim ar an lá atá inniú ann agus an dualgas atá ar ceannaire ár linne bheith ag troid ar son na síochána. Ní ar son náisiúnachas cúng a thógann ballaí ach ar son grá tíre uileghabhálach síochánta.
Bhí sé simplí a fheiscint go raibh súile an domhain ar Pháras agus an Eoraip agus ní ar an Ríocht Aontaithe. Ceacht do luchr Bhreatimeachta?
Má caitear an Phóipín cad tá á chomóradh? Síochán nó bua?
Tá rogha eile ann - Bluet na Fraince!
Ó thárla na toghchán i Meiriceá níos túisce sa seachtain thosaíomar ag breathnú ar an stáisiún CNN sin. Tá sé suimiúil agus an disfriúil ón na stáisiún nuachta ar an taobh seo den Atlantach.
![]() |
| Bleuet-de-France |
Cheap an breathnóir áirithe seo go raibh an searmanas ag "Cenotaph" na Breatine an chúng. "Ár saighdiúirí a fuair bás ar son an Rí is a dtír." Ar an lámh eile bhi an gcomóradh i bPáras an idirnáisiúnta. Cé gur léir gur sa bhFrainca bhí sé - agus bhí sé an Fhrancach - bhí an béim ar an lá atá inniú ann agus an dualgas atá ar ceannaire ár linne bheith ag troid ar son na síochána. Ní ar son náisiúnachas cúng a thógann ballaí ach ar son grá tíre uileghabhálach síochánta.
Bhí sé simplí a fheiscint go raibh súile an domhain ar Pháras agus an Eoraip agus ní ar an Ríocht Aontaithe. Ceacht do luchr Bhreatimeachta?
Má caitear an Phóipín cad tá á chomóradh? Síochán nó bua?
![]() |
| Páras, 11 Samhain 2018 |
Lipéid
An Fhrainc,
Aontas Eorpach,
Comóradh
2.11.18
Michael Davitt, Máire Mhic Róibín agus béile Iodálach ó thuaidh!
Baile ghnóthach atá in Inis Ceithleann. Téann muid ann anois is arís. Tá sé suite are oilean idir an dá Loch Éirne.
Is ansin atá oifig Arlene Foster agus tá ainm aisteach ar an nuachtán áitiúil, The Impartial Reporter (Béarla). Tá sé i lár ceantair feirmeoireachta agus tá sé ag brath go mór ar chuairteoirí ó taobh eile den teorainn. Ní fios cén éifeacht a bheidh ar an gceantair ag an mBreatimeacht.
Bhí ocras orainn agus chinneamar ar dhul chuig proinnteach Iodálach. Franco (Béarla) an tainm a bhí air. Cé gur cheapamar go raibh sé luath go leor - timpeall 7.00 sa tráthnóna - nuair a shriochamar an áit agus bhí cineál eagla orainn nach mbeadh spás ann dúinn nó go mbeadh feitheamh fada romhainn. Ach ní raibh gá le h-imní mar is áit an mhór atá ann agus fuarthas bórd i gcúinne dúinn.
Rinneamar muid fhéin chompórdach ann agus d'órdaíomar ár mbéile. Agus muid ag feithimh ann thug mo bhean faoi deara go raibh dán ag crocadh ar an mballa. Dán le Michael Davitt a bhí ann ag comóradh deireadh théarma Mháire Mhic Róibín mar Uachtarán na hÉireann.
Iarsholas
-ar shroicheadh deireadh a théarma don Uachtarán Máire Mhic Róibín
A Shoilse, is tú 'las an solas a d'fhógair fán ar ghorta an spiorad. Ar imeacht duit, go maire níos mó ná iarsholas id dhiaidh. Go maire fuil rábhach na físe Is ná déantar di aisling tuí a cheansódh an fiach dúbh faid a lobhfadh na prátáí. Michael Davitt Ar choimisiún ó Bhórd na Gaeilge 1997 |
Tá scríofa ansin ina lám fhéin is dócha na focail seo.
"do Bheití
le grá ó
Michael
Nollaig '97"
Chuireamar ceist ar an bhfreastalaí faoi. Níor thuig sí cad a bhí ann agus miníomar dí cén bhrí a bhí leis. "Bhfuil éinne leis an ainm Beití anseo?" Dúradh go raibh agus duine d'úinéirí Franco a bhí inti. Ní raibh sí istigh ar an oíche áirithe sin faraoir. Dúramar leo bheith cinnte gur tugadh an dán úd faoi deara.
Bhí sé deas obair de chuid duine de fhilí "Innti" a fheiscint gan coinne in Inis Ársa Cheithlinn.
Bhí an béile féin go deas ann chomh maith - agus cáife deas ina dhiaidh.
Go ndéanadh Dia trocaire ar na marbh.
18.10.18
Fathach Ros a'Mhíl!
Bhí sé ag breathnú go bagrach orm thar Thóin a'Cnoic siar uainn.
Bhí muid amach ag siúl tráthnóna inné ar an boithrín ó dheas ón teach nuair a thugamar faoi deara é - Fáthach an mhór a chuir scéal H.G.Wells, Cogadh na Reann, i gcuimhne dom.
![]() |
| Bíodh an eagla ort! |
“Ní chreidfeadh duine ar bith i mblianta deiridh an naoú céad déag go raibh súil ghéar ghrinn ar imeachtaí an domhain seo ag neacha ar mhó a n-intleacht ná intleacht an duine, ach dá ainneoin sin, a bhí chomh básmhar linn féin… Ach, thar dhuibheagán an spáis, bhí ag breathnú anuas orainn go santach créatúir a raibh an oiread difríochta idir a meabhair agus ár meabhairne agus atá idir meabhair an duine agus meabhair an ainmhí, créatúir a raibh intleacht ábhalmhór fhuar chrua acu, agus bhí siad ag beartú seifteanna go mall lenár mbascadh.”
Cogadh na Reann, HG Wells 1898 aistrithe Leon Ó Briain 1934
Eagrán 2015, Clúdach: Bog; Foilsitheoir: Evertype ISBN 978-1-78201-099-9
N'fheadair!
![]() |
| Is féidir an ceann beag a fheiscint sa pic seo. (Beagnach ina lár). |
Lipéid
Dúlra,
Ros a'Mhíl
13.10.18
Cluas le h-éisteacht!
Nach minic a dúirt mé "Cad é?" nó "Cád dúirt tú?"
Mar a roinn mé cheanna tá mé beagáinín bodhar. Tá an clann ag chur brú orm le fada rud éigin a dhéanamh faoi!
Bíonn roinnt cleasanna ag an duine bodhar déileáil leis an saol. Cuirim fothideal ar an teilifís. Bíonn fadhb ar ndóigh mar níl RTÉ sásta fothideal i nGaeilge a úsáid agus nuair atá duine ag caint i mBéarla agus aistríonn sé isteach go Gaeilge ní cuirtear ach "Speaks Irish" thuas ann. Stopann tú ag dul go dtí an amharclnn nó chuig cruinnithe le slua daoine ann. Agus tá mé ag ceapadh nár chuala mé seanmóin ag Aifreann le deich bhliain anuas! In ndáiríre tosnaíonn tú ag cúlú ón ngnath shaol soisialta.
Ar deireadh shocraigh mé dul chuig saineolaí éisteachta - éisteolaí - le fáil amach conas mar a bhí cúrsaí agus an raibh aon leigheas ann dom.
Rinne sé neart tástáil orm le h-aimsiú cé chomh dona is a bhí mé. Mhol sé áis éisteachta dom. Bhí fhios agam go mbeadh costas an ard ar a leithéad, agus tá. Rud nach raibh fhios agam áfach ná go raibh cabhair le fáil ón stáit, agus ar ndóigh cabhair mór a bhí ansin.
Fuair mé dhá ghléas - ceann do gach chluas. Níl siad ró feiceálach agus oibríonn siad. Bhí feabhas an shoiléar le cloisint agus is mór an cabhair iad dom. Níl an éisteacht chomh maith agus a bhí sé nuair a bhíos óg mar tá damáiste doleigheasta áirithe déanta ach mar sin féin tá feabhas thár chuimse ar chúrsaí. Mar sin féin tógann sé beagáinín ama dul i dtaithí ortha - trí nó ceithre seachtaine.
Má tá fadhb éisteachta agat is ceart rud a dhéanamh faoi sul a éiríonn sé níos measa. Is fearr dul chomh luath agus a thugann tú faoi deara go bhuil rud éigin cearr. Bíodh fhios agat go bhfuil sé costasach (ach go bhfuil cabhair le fáil) ach is fiú go mór é chun do shaol a fheabhsú.
Mar a roinn mé cheanna tá mé beagáinín bodhar. Tá an clann ag chur brú orm le fada rud éigin a dhéanamh faoi!
![]() |
| An bhfeiceann tú é? |
Ar deireadh shocraigh mé dul chuig saineolaí éisteachta - éisteolaí - le fáil amach conas mar a bhí cúrsaí agus an raibh aon leigheas ann dom.
Rinne sé neart tástáil orm le h-aimsiú cé chomh dona is a bhí mé. Mhol sé áis éisteachta dom. Bhí fhios agam go mbeadh costas an ard ar a leithéad, agus tá. Rud nach raibh fhios agam áfach ná go raibh cabhair le fáil ón stáit, agus ar ndóigh cabhair mór a bhí ansin.
![]() |
| Áis éisteachta (Oticon) |
Má tá fadhb éisteachta agat is ceart rud a dhéanamh faoi sul a éiríonn sé níos measa. Is fearr dul chomh luath agus a thugann tú faoi deara go bhuil rud éigin cearr. Bíodh fhios agat go bhfuil sé costasach (ach go bhfuil cabhair le fáil) ach is fiú go mór é chun do shaol a fheabhsú.
11.10.18
Vóta ar cheist simplí nó..? An phobalbhreith eile!
Tá dhá phobalbhreith le bheith ar an 26ú lá den mí seo. Tá Toghchán Uachtarántachta le bheith ann agus tá fhios ag cach faoi seo agus feachtas faoi lán seol. Ach tá ceann eile ann: An Reifreann maidir leis an Diamhasla.
"Ní thugtar míniú ar an diamhasla sa Bhunreacht féin. Tugtar míniú dlíthiúil ar an diamhasla san Acht um Chlúmhilleadh, 2009."
An Coimisiún Reifrinn*
Féach ar atá ráite sa treoir thuas ón gCoimisiún Reifrinn, "nach bhfuil miniú ar an diamhasla sa Bhunreacht féin." An bhfuil sé seo fíor? Nó an gá miniú a thabhairt? Nach bhfuil an miniú an-shoiléir ón bhfocal féin? "Dia" agus "Masla?"
Níl an miniú ró-shoiléir i mBéarla áfach muna bhfuil Gréigis agat (agus níl agam). Tagann an focal go bunúsach, deirtear liom, ón Sean-Ghréigis βλασφημέω, ó βλάπτω "gortú" and φήμη "ráiteas" nó "mír chainte". Ar bhealach tá brí an fhocail "blaspheme" i mBéarla i bhfad níos leithne ná an focal sa Teanga Náisiúnta. Ach de réir na Bunrachta féin is ag "an téacs Gaeilge a bheidh an forlámhas!"Má éiríonn leis an reifreann seo beidh cead ag an Oireachtas, nó agamsa, Dia a mhaslú trén Acht um Chlúmhilleadh 2009 a bheith mí bhunreachtúil.
Nó bhfuil dul amú orm?
* Is féidir an an treoir neamhspleách ar an reifreann maidir le diamhsala a íoslódáil anseo (pdf)
@RefCom_ie
22.9.18
Éist, filíocht saibhir, Bodhaire (Uí Laoire?).
Ní léim irisí go ró mhinic ach gach tri mhí thagann ceann beag istig sa phost chugam. Ó tháinig a eagathóir díograsach Frainc Mac Brádaigh, Íosánach, chuig an paróiste s'aginne agus chuir mé m'ainm síos!
Tháinig eagrán an Fhomhair chugainn sechtain nó trí ó sin ach ní raibh seans agam é a oscailt go dtí inné. Iris beag atá lá de píosaí ghearr suimiúl le léamh inti.
Éagarfhocal.
Chuigh píosa ón éagarfocal i bhfeidhm orm go mór agus sílim gur cóir dúinn go leor smaoineamh air atá á rá aige. "Éist!" a thug sé ar an bpíosa. Deireann sé:
- "Tá mé ar son na beatha, beatha athar, beatha mháthar, beatha pháiste, beatha an bheo sa bhroinn, beatha theaghlaigh, tuiste aonair, lánúin phósta, lánúin aon inscne, beatha an chomhluadair ar fad. An éitfidh muid leo? An gcuirfimíd cuid acu ó dhoras?
- "An bhfuil rud le chiall le rá acu linn? An fiú an tairbhe crá croí na gcomhráití?
- "Tá Íosa ar son na beatha. Tháining sé le go mbeadh beatha againn, agus sin go fial. Bhí air éisteacht agus foghlaim, ar ár nós féin. D'éist, is cuireadh íontas air..."
File ar lár.
Tá píosa ann in omós don bhfile Liam Ó Muirthile, sliocht as óráid a shocraide ag an Ollamh Louis de Paor. Miníonn sé a leathan is a bhí na foinse as a bhfuair an bhfile a chuid inspioráid. Linn mór leathan Eorpach maraon leis an doimhneacht a bhí le fáil sa Ghaeltacht agus i dtraidisúin ársa Gaelach a thíre féin.
Tá me ag ceapadh go bhfuil cáil ar scríobhnóirí Éireannacha ar fud an domhain ach is litríocht go minic atá bocht go leor i gcomparáid le an dtaisce atá fágtha ag Liam Ó Muirthile. Ar dheis Dé go raibh sé!
![]() |
| Clár na hIrise - Fomhair 2018 |
Feidhm gan éifeacht!
Tá alt thar a bheith suimiúil ag Dónall Ó Cnáimhsí faoi phleanáil teanga. Bhí spéis faoi leith agam ansin mar le deanaí fógraíodh gur ceapadh ina Oifigeach Pleanála Teanga do Limistéar Pleanála Ghaoth Dobhair. Obair nach bhfuil éasca ata roimhe.
Críochnaíonn sé a alt le focail Dhonncha Mhic Fhionnghaile cúig mbliain ó shin agus é ag caint faoin bproiseas seo "'..gur seo an seans dheireanach don ghaeltacht maireachtáil.'
"Tá díogras agus dúthracht léirithe ag na pobail Ghaeltachta ó thus an phróisis seo. Céard faoin rialtas féin? Feidhm gan éifeacht?"
Ní é an chéad duine a chuir an cheist áirithe sin. Bhfuil éinne ag éisteacht?
Tá neart píosaí eile le léamh san iris seo agus is fiú é a léamh. Eolas ar conas sintiúis a íoc ar shuíomh An Timire.
15.9.18
"Bhí mé ag súil libh!"
Inniú tá an Pápa sa tSicil. Tá sé ann mar comóradh ar bháis sagart scór is cúig mbliain ó shin. Pino Puglisi, ainm an tsagairt agus maríodh ag an Mafia é. Tá cúis agam é a luadh mar thart ar ocht mhí déag ó shin bhíomar fhéin ag tuama an tsagairt áirithe agus insíodh a sceal dúinn.
Athníodh mar mairtíreach é sa bhliain 2012. Tá sé spéisiúl gur cosúil go bhfuil fás ar mhairtírigh nua atá á bheannú nó á naomhú ag an eaglais le deanaí. Na sagairt seo, Stanley Rother (béarla) , Oscar Romero (Spáinis), Jacques Hamel (Fraincís) agus eile.
![]() |
| Tuama Pino Puglisi, Ardeaglais Phalermo |
Deineadh sagart paróiste de i gceantair boch i bPalermo é go luath sna nochaidí. Labhair sé amich go tréan i gcoinne lucht Mhafia agus fiú i gcoinne údaráis na hEaglais fiú a bhí bodhar agus dall sna cúrsaí sin. (Díreach mar léiríodh siad a bheith i gcúrsaí eile sa lá atá inniú ann!).
Sa deireadh ar ndóigh daoradh chun bháis é. Thánaig cnag ag a dhoras. D'oscail sé an doras agus bhí fear ann le gunna. "Bhí mé ag súil libh!" a dúirt sé agus maraíodh le piléar amháin é. Bé a lá breithe é - 15ú lá Meanfomhair 1993.
Dhúsaigh a bháis muintir na hIodáile agus ní bhréag é gur thosaigh meath ar chumhacht an Mafia sa tSicil ón lá sin.
Beannaíodh sa bhliain 2013 é níos lú na dhá mhí tár éis toghachán Prionnsias mar Phápa.
Ta ráiteas amháin uaidh atá suntasach agus cuí sa lá atá inniú ann.
"Is féidir linn, agus ní mór dúinn an eaglais a cáineadh nuair nach bhuil sí chomh maith agus a bheithfeá ag súil mar tá sé ceart i gcónaí feabhas a chuir uirthí. Is ceart dúinn í a cáineadh mar mháthair ach ní mar máthair chéile."
Nach bhféadfadh Prionnsias féin rud mar sin a rá?
• Scríos píosa eile faoin ár dturas go Palermo anuireadh: Bia sráide na bPalermitanach!(6/5/2017)
10.9.18
Smaointe crainnte!
Bhí solas aisteach ann ar maidin aréir. Éirí na gréine agus bhí an solas uaidh ag lasadh beanna bána na tithe sa cheantair. Ach thugas splanc dearg is mé ag breathnú amach ar an saol. Crann Chaorthainn atá ag fás sa ghearraí ó dheas againn atá trom le caora a bhí lasta ag an "úr-ghriain". Bhí sé go h-álainn.
Nuair a bhí mé ar scoil bhí leabhair ag mo dheartháir "Bruíon Chaorthainn' le staidéar air. Déarfainn gur beag staidéar a rinne sé air agus níos lú ná sin an suim a bhí agamsa ag an am i gcúrsaí scoile. Ní raibh fhios agam cé brí a bhí leis an dteideal ag an am. Dúradh liom go raibh an Ghaeilge deachair agus mar sin féin ní raibh mórán spéis agam ann nó mórán iarracht á dhéanamh agam lei mar ábhar. (Sílim gur cúis é sin nach bhfuil staidéar déanta air .i. tionchar tuairime na dtuismitheoirí gur deachair í mar theanga í an Ghaeilge agsu go bhfuil se dofhoghlaimithe). Is leabhair de chuid an Phairsigh de Scéalta Fiannaíochta é is cosúil. Níl sé léite agam agus ní fios an bhfuil se i gcló anois.
Nach aisteach na smaointe a thagan ar dhuine agus é ag breathnú amach an fhuinneoig?

29.8.18
An cuimhne ar strae!
Bhí mé ag léamh alt ag Alex Hijmans i dTuairisc.ie - Fear 43 bhliana d’aois thú agus tá ort sonraí a saol grá féin a chur i gcuimhne do do mháthair… - bíonn alt rialta aige faoin ngalar Alzheimer ann ó fuiar sé amach go raibh sé ag a mháthair. Bhí dearmad déanta ar a saol pósta féin a thug preab d'Alex.
Chuir sé i gcuimhne mo mháthair féin agus í ag dul in aois. Nuair a fuair m'athair bás tobann is ise a fuair é. Níl muid ró chinnte ar cad a thárla go díreach. Bhuail taom chroí air agus is cosúil gur cheap sise go raibh sé ina coladh agus d'fhan leis ar feadh tamall. Ansin chuaigh sí chuig an teach bhéal dorais agus dúirt. "I think my husband is dead.."
Bhí sí ina chónaí leithí féin ar feadh tréimhse ina dhiaidh san ach bhí sé de nós ag duine de mo deartháireacha fanacht lei gach oíche (Tá cónaí ormsa 160 míle siar i gConmara).
Lá amháin chuir sí ceist ar duine acu, "Cén fáth a mbíonn tusa agus do dhreatháir ag fanacht gach oíche liom." Baineadh geit as ar ndóigh agus dúirt rud éigin mar gur cheap sé go raibh uaigneas uirthi.
Dúirt sise mar fhreagra "Yes I am lonely but not for you!" B'shin deireadh leis an nós sin!
Ina dhiaidh sin aon uair a bhí mise i mBaile Átha Cliath bhí leathscéal "inchreidte" ormsa fanacht leithí agus bhí mise i ndán súil a choimead uirthí sna hoícheanta sin agus tuairisc a thabhairt.
Diaidh ar ndiaidh daighnigh greim an ghalair uirthí agus cúaigh chun cónaí le duine de mo dheartháireacha áit ar bhfuair sí bás timpeall deich mbliain ó shin.
Bhí sé soiléir i rith an ama sin gur raibh aithne aicí orainn ach ní raibh sí cinnte cén gaol a bhí eadrainn. Uair amháin chuir sé mé in aithne dá comharsan, "This is my uncle!" Tá neart scéalta greannmhar sa chlann faoin am sin ach cinnte ní raibh sé éasca ar chlann mo dhearthaír - ná orainn ag an am sin. Ní mór an fhoighne a bheith ag éinne atá ag freastail ar duine atá i ngreim an ghalair uafásaigh tubaistigh.
Lá amháin chuir sí ceist orm. "Ce thusa?" Agus nuair a dúirt mé "Is mise do mhac!" dúirt sí amach go borb agus le cinnteacht "I was never married!"
I measc na naomh go raibh sí!
Lipéid
Alex Hijmans,
Sláinte,
Tuismitheoirí
7.8.18
Conamara ar bhruach na canála!
Comóradh 1916 ach gan baint aige le hÉirí amach na Cásca!
Mar a dúirt mé níos túisce bhí muid ó thuaidh i mí Iúl i nGleanta Aontroma. Agus muid ar ár mbealach stomara seal i Iubhair Chinn Trá agus thainig mé ar leacht cuimhneacháin ar bhruach na canálach ar a bhealach isteach go dtí an baile mór.
Ba ag comóradh tubaist a thárla sa bhliain 1916 i Loch Charlainn a bhí sé ach thug mé faoi dearadh an tainm a bhí ar cheann de na loing a bhí ar chean de na longa - an SS Connemara.
Do bhuail dhá long le chéile i stoirm ar an maidin sin. Bhí an Connemara ar a thuras ón Grianfort go Caergybi na Breataine Bige le lastas bheithigh agus paisnéirí ar bhórd. Soitheach guail ab ea a long eile, an Retriever. Bhí sé sin ag dul isteach go Iubhair Chinn Trá ar an maidin sin. Thug lucht thí sholais Haulbowline go raibh an dá long ró chongarach dá chéile agus scaoiladh urchair len a n-aire a thabhairt do baol a bhí ann ach faraoir bhí an stoirm ró ládair agus bhuaileadar a chéile.
Cailleadh chuile duine ar an gConamara agus níor sabháladh ach duine amháin as an long eile - 94 ina iomlán. Beannacht Dé ar na mairbh.
Tá inseacht an scéil anseo ar wikipedia (Béarla) agus ar shuiomh Tracing your Mourne Routes anseo (Béarla).
Tá comóradh eile, agus ainmnithe iad siúd a cailleadh greannta ar leacht cuimhneacháin cogaidh i Caergybi agus anseo ar líne acu. (Béarla)
Mar a dúirt mé níos túisce bhí muid ó thuaidh i mí Iúl i nGleanta Aontroma. Agus muid ar ár mbealach stomara seal i Iubhair Chinn Trá agus thainig mé ar leacht cuimhneacháin ar bhruach na canálach ar a bhealach isteach go dtí an baile mór.
Ba ag comóradh tubaist a thárla sa bhliain 1916 i Loch Charlainn a bhí sé ach thug mé faoi dearadh an tainm a bhí ar cheann de na loing a bhí ar chean de na longa - an SS Connemara.
![]() |
| Brú ar an bpic. chun é a leamh |
Cailleadh chuile duine ar an gConamara agus níor sabháladh ach duine amháin as an long eile - 94 ina iomlán. Beannacht Dé ar na mairbh.
Tá inseacht an scéil anseo ar wikipedia (Béarla) agus ar shuiomh Tracing your Mourne Routes anseo (Béarla).
Tá comóradh eile, agus ainmnithe iad siúd a cailleadh greannta ar leacht cuimhneacháin cogaidh i Caergybi agus anseo ar líne acu. (Béarla)
3.8.18
Murlach - Mian Ruairí Mhic Easmainn.
Ar an lá seo (3 Lúnasa 1916) crocadh an cheannaire deireannach d'Éirí Amach na Cásca, Ruairí Mac Easmainn, i bPentonville Sasana. Cuireadh ansin é go dtí na seascaidí nuair a thógadh thár n-ais go hÉireann é (1965). Tá sé curtha i nGlas Naoín (BÁC) ó shin. Is cosúil gur thastaigh uaidh féin a bheith curtha i gCré na Cille i Murlach atá suite ar bhruach Sruth na Maoile ag breathnú amach ar an bhfarraige agus ar Alban soir agus ó thuaidh uaidh.
Thugamar cuairt ar an áit álainn sin i rith na míosa seo caite agus tá crois adhmaid símplí ann. Tógadh an cros fhéin ann sa bhliaon 1903 mar comóradh ar an nGorta Mór is cosúil agus is dócha go ndéantar athnuachan ar ó am go h-am. Tá an cros anois tiomnaithe do Mhac Easmuinn anois agus dóibh siúd a bhí gníomhach i gcúrsaí Gaelach sa cheantair ag tús an chéid sin. Tá pictiúr greamaithe air de thógáil na croise den gcéad uair agus ainmneach na daoine faoi.
Tá dán "In Memoriam - Patrick McCarrick" ag a bun scríofa ag duine faoin ainm "Benmore." Ba poblachtánach ag tús an fichiú aois déag é Patrick McCarrick agus maraíodh é sa bhliain 1921 ag duine de na B-Speisialta. Ní fios dom cérbh é Benmore an scríobhnóir. Bhfuil fhios ag éinne?
Seo roinnt pictiúirí a togadh ag tús na míosa seo againn.
![]() |
| Dán "Bhenmore!" |
![]() |
| "Take my body back with you and let it lie in the old churchyard in Murlough Bay." - Litir Mhic Easmainn dá cholcheathair Gertrude Bannister ó Phentonville. |
• Féach leis: Ruairí Mac Easmainn - Crann fuinseoige le cur ag an gCeathrú Rua! (Lúnasa 2016)
Foilsíodh píosa suimiúil ag Stair na hÉireann/History of Ireland chomh maith: "Roger Casement's last dying wish!"(3/8/2018)
Lipéid
Aontroim,
Comóradh,
Éirí Amach na Cásca
Subscribe to:
Posts (Atom)