Marco le Panelle, Cazzilli & Arancina |
Tá an t-ádh ag Palermo go bhfuil nós bia sráide go láidir ann. Tá trí margadh sráide bhia ann a bhíonn ar oscailt gach lá agus iad lá de chuile shaghas bheatha - glasraí, feoil, iasc a mbeadh eolas againn futha agus cuid eile nach mbeadh clú agat cad iad! Agus ní bheadh mórán fonn ort aon rud a ithe ó na seastán le bia réamh-bruite nó a bhí á n-ullmhú ar thaobh na sráide.
Sa chistin |
Tá an áras ceoldrámaíochta is mó san iodáil i bPalermo, an Teatro Massimo agus is ós a comhair san a bhualmar le Marco agus thug sé Pasanna del Mangione (Pás Slogaire?) an duine dúinn. Bhí ochtar again ann mar aon leis féin, beirt as Meiriceá (Washington a dúradar ach ní Washington Trump ach ón Stáit!), beirt ó Ghearmáin agus an ceathrar againn as Éirinn.
Chuamar ar dtús chuig an Capo (Ceann an Bhaile) margadh a bhíonn ar oscailt ar chuile lá den bhliain seachas lá amháin. Tá sé ar oscailt fiú ar Lá Nollag. Dúnann sé ar an 17 Iúl gach bliain ar fhéile naomh na Cathrach, La Santuzza Naomh Rosalia. Is ansin a bhí an cead stop againn le thriall a dhéanamh ar thrí mhias do chuid na háite, Panelle (polenta na Sicile) agus Cazilli (cáca fataí) agus Arancina (Lithród déanta as ris thar timpeal ragu agu dáth oráiste ó safron agus domhainfhriochta). Bhí sean dul isteach i gcúl chistín agus breathnú ar iad á dhéanamh ag an Mama!
Sfincionello ó éinne? |
Sangue! |
Bhí cuid againn beagáinín amhrasach faoin gcéad áit eile agus an bia a bhí a sholáthar dúinn ann. pani câ mèusa a tugtar air agus ceapfá gur hamburger atá ann. Ach an brí atá ar na focail Sicileach ná - arán agus liathán. Ní fhéacann sé ró dheas ach bhí blas maith as agus cé nach n-íosfainn gach lá é bheinn sásta é a ithe arís. Bhí cuid againn nach raibh sásta é a thriall fiú!
Agus ansin ag druidim chun deireadh rud éigin milis: Cannolo (Il cannolo Siciliano san Iodáilis). Is feadáin thaosráin iad atá líonta le stuif uachtarach le ricotta nó cáis mar sin. An deas agus éasca iad a ithe agus tú a siúl thar timpeall. Táid beagáining trom ó thaobh blasadh de ach thár a bheith go deas.
Criochnaíodh an turas taobh amuigh den hardeaglais stairiúil Phalermo a léiríon stair na catharach ó aimsir na Rómánach, na hArbach, na Normánach agus síos go dtí na nIodálach.
Bhí mo pás líonta agam agus bhí bia sráide na bPalermitanach samplaithe agam!
Thár aon rud eile cé gur chuid den Iodáil í an tSicil sí an tSicil í thár aon rud eile!
No comments:
Post a Comment