20.6.11

Siúlóid shamhraidh!

Tá sé scamallach ar maidin.

Aréir chuaigh mé ag súil ó dheas ón teach cun na fairrige síos! Bhí an tráthnóna go hálainn, grianmhar cé go raibh gaoith láidir ann. Thug mé faoi deara go raibh bláthanna ar na feirdhriseacha a bhí ar thaobh an bhóthairín ó dheas. 

Chas mé ar dhéis ag an loch i dtreo an chéibh nua nó Céibh an Chaoráin. 

Bhí fear ag deisiú balla cloch! 

"Tá an samhradh tagtha faoi dheireadh!" 

"Sea ach tá báisteach geallta ar maidin!"

Éiríonn an bóthar beagáinín ansin agus nuair a d'fhéach mé ar ais ar an tsráid bhaile bhí solas na gréine le feiscint ag frithcaitheadh ó bhallaí binne na tithe.
Caorán na gCearc
Chuaigh mé ar aghaidh ansin, solas geal na gréine i mo chuid súile. Radharc álainn eile den oileánín beag ar a dtugtaí Oileán an Bhromaigh. Ní fios dom cén fáth. Bhí sé ina lá mhara.
Oileán an Bhromaigh
 Uaidh sin siar chomh fad leis an céibh í fhéin. Mar a dúirt mé bhí an taoide istigh agus d'féach sé go breá, mar nuair atá lag trá ann ní bhíonn le feiscint ag clocha agsu carraigreacha cludaithe le feamainn agus uaireanta le brúscar chomh maith. Ach tráthnóna aréir bhí se lá le huisce agus bhí bád ceangailte leis an gcé. Ba radharc aoibhinn é, an bád ceangailte, an farraige ciúin agus amuigh ar imeall an domhain Inis Meáin mar míol mór ina choladh go sámh!
Céibh an Chaoráin
D'iompagh mé ansin i dtreo an tí ansin. Bhí glaoch teileafón agam nuair a d'fhill mé. Mo dheathaáir ón Róimh. Is cosúil go bhfuil teocht ós cionn 30 céim ansin acu. Mheasas fhéin nach raibh a sharu le fáil ar aimsir samhraidh Chonamara!

7.6.11

Rámhaile ag an gCodú!

Mar a bhuail beirt bhlagálaithe ar a chéile i gCaorán na gCearc

Ise Áine!
Tráthnóna inné, chuala mé carr ag teacht isteach sa tsráid ós comhair an tí.

Chuaigh mé amach le fháil amach cé bhí ann.

Níor aithin mé an carr.

"Cé é seo!" a dúirt mé liom féin, "Duine atá caillte agus ag lorg eolais a bealaigh uainn?"

D'oscailíodh duras an tiománaí agus bean a bhí ann. "Mise, Áine" a dúirt sí agus an cuma uirthi go raibh aithne aici orm. Thosaigh an mé ag cúardú an bunachar sonraí istig i mo chloigeann. "Meas tú cé í?"
 
"Chonaic mé an jípín taobh amuigh agus shíl mé gur tú a bheidh ann!" a dúirt sí. "An raibh tú in Eanach Mheáin an lá faoi dheireadh?"

Ba leor nod don eolach!

Bí an Áine a bhíonn ar Rámhaille a bhí ann. Dúirt me ar a bhlag an lá faoi dheire go mbeinn i gCeantair na n-Oileán níos déanaí: "Beidh mé ag tiomáint anoir ansin (ó gCaorán na gCearc) i gcionn uair nó dhó - jeepín beag Mitsubishi......." a dúirt mé.

Ach ní fhaca mé í. Ach ós rud é go luaigh mé Caorán na gCearc, agus go raibh fhios aicí cá raibh an áit dríochta sin bhí a suíl amach agus í ag dul trén áit aréir. Agus chreid nó ná chreid d'éirigh lei an teach a aimsiú.

Bhí sé go deas buaileadh le duine den na blagálaithe is líofa agus is rialta minicíoch (má tá a leithéid d'fhocal ann!). Nach aisteach an rud go mbíonn aithne again ar dhaoine trén teicneolaíocht - an réaltacht fhíorúil mar a déarfa! Ach ar bhealach tá sé i bhfad níos íontaí feoil a chuir ar an bpearsantacht a bhíonn beagáinín teibí ar líne.

Anois nuair atá mé ag léimh píosa Rámhaile Áine, cloisfidh mé a glór, feicfidh mé an meangadh ar a aghaidh.

26.5.11

Glór na nGael agus An Tulach

Bhí lá mór ag buaitheoirí Glór na nGael in Áras an Uachtaráin le déanaí agus  bhí baill den choiste áitiúil, Coiste na Tulaigh, ann le buaileadh leis an Uachtarán. Ocáid mór a bhí ann, comóradh 50 bliain don eagraíocht agus don gComórtas.
Tomás Ó Neachtain agus baill den gCoiste ag caint leis an Uachtarán!
Bhuaigh Coiste Pobal an Tulaigh an chéad áit náisiúnta sa chomórtas do choistí gan cúnamh fostaíochta. Bhronn an tAire Donncha Mac Fhionnlaoich agus an Dr Íde Ní Uallacháin an duais cheana féin, seic do €10,000, ar Nuala Ní Chonghaile agus Tomás Ó Neachtain, thar cheann an choiste i dTeach Carton, Má Nuad, ar an 16ú lá Aibreáin 2011. (Féach an pic ag an bun!)

San Áras!
Na buaitheoirí ar fad leis an Uachtarán.

An bronnadh féin i Má Nuad mí Aibreáin 2011

25.5.11

An dá Eilís agus an Ghaeilge!

An chéad leabhar clóite Gaeilge feicthe ag an mBanríon Eilís II i gColáiste na Trionóide (Béarla)
Eilís II ag éisteacht le Robin Adams.
Ar chúl a fear chéile, Iar Úachtarán Máire Mhic Róibín
agus Ruairí Quinn, Aire Oideachais.


Nuair a thug an Bhanríon Shasana Eilís II cuairt ar Choláiste na Tríonóide le linn a Cuairt Stáit ar Éirinn le déanaí, thaispeáin Leabharlannaí an Choláiste, Robin Adams, an chéad leabhar riamh a cuireadh i gcló i nGaeilge in Éirinn di. D’fhoilsigh John Kearney aibítear agus caiticeasma- Aibidil Gaoidheilge 7 Caiticiosma- sa bhliain 1571 ar chlóphreas a chuir an Bhanríon Eilís I ar fáil.

Rinne William Bedell (1571-1642), aistriúchán go Gaeilge ar an Sean Tiomna. Propast ar Choláiste na Tríonóide agus Easpag na Cille Móire a bhí ann ag amanna difriúla. Foilsíodh an saothar seo, in éineacht le haistriúchán ar an Tiomna Nua a rinne William Daniel (a d’éag i 1628). Tugadh “Bíobla Bhedell” ar an saothar ina iomláine.

Rinne Daniel, a ceapadh ina Ardeaspag ar Thuama é i 1609, aistriúchán Gaeilge ar an Book of Common Prayer freisin. Chlóigh John Francke an leabhar seo - Leabhar na nUrnaithe gComhchoiteann - sa bhliain 1608. Rinneadh aistriúcháin go Gaeilge ar eagráin eile de Leabhair na hUrnaí Coitinne ag amanna éagsúla ina dhiaidh sin.

Nuair a bhí Bedell ina Phropast ar Choláiste na Tríonóide, chuir sé iachall ar ábhair mhinistir ó chúlraí Gaelacha freastal ar léachtaí i nGaeilge, ar mhaithe leis an soiscéal a scaipeadh i measc na nGael.

24.5.11

Seirbhís 'Cleamhnais' do dhaoine dífhostaithe!

Mar gheall ar chomh maith is a d'éirigh le cruinniú poiblí ar an gCeathrú Rua an tseachtain seo caite (dár críoch 21 Bealtaine!), tá sé socraithe go gcuirfear scór áit ar leataobh do rannpháirtithe  as Conamara ar an gclár 'Begin Again' (Béarla) atá dírithe ar dhaoine dífhostaithe a fháil ar ais ag obair. Is clár náisiúnta é seo a chuireann tréimhsí taithí oibre ar fáil do dhaoine le comhlachtaí agus as an 400 duine a ghlac páirt sa scéim anuraidh fuair 240 duine acu post buan ina dhiaidh. Tá cruinnithe poiblí dhá eagrú anois i gCois Fharraige, Ros Muc agus in Iorras Aithneach le daoine a chuir ar an eolas faoin gclár agus na deiseanna atá ar fáil ann.

Tá an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh, atá ag tacú le forbairt an chláir i gConamara, ag moladh do dhaoine atá dífhostaithe faoi láthair agus d’fhostoirí atá ag lorg daoine le scileanna faoi leith, teacht chuig na cruinnithe eolais i Ros Muc idir a 3 agus a 5 a chlog agus i gCill Chiaráin ag a 7 a chlog Dé Luain seo chugainn (29 Bealtaine'11) agus in Óstán na Páirce sa Spidéal ag a 8 a chlog ar an Mháirt (30 Bealtaine), faoin gclár tacaíochta fostaíochta ‘Begin Again’.

‘Tá comhlachtaí amuigh ansin a bhfuil scileanna agus ceirdeanna faoi leith ag teastáil uathu’, a deir an Seanadóir Ó Clochartaigh. ‘Tá daoine ann chomh maith nach bhfuil ag iarraidh a bheith díomhaoin. Sa chlár seo déantar cineál cleamhnas eatarthu seo, áit a fhaigheann an duine dífhostaithe deis taispeáint d’fhostóir cén chumas atá iontu agus gur féidir leis an bhfostóir scileanna an té sin a mheas thar tréimhse trí mhí. Coinníonn rannpháirtithe a gcuid cearta leasa shóisialaigh ar fad agus faigheann siad tacaíocht bhreise i leith costais. Cuirtear traenáil agus tacaíocht phearsanta ar fáil chomh maith dóibh le linn an tréimhse. Go minic taréis an phroiséas seo bíonn caidreamh maith cothaithe agus socraíonn an chomhlacht post a thairiscint don duine. Tá gach duine ag buachan.’

Is togra náisiúnta atá in ‘Begin Again’ atá faoi scáth Aonad na Náisiúnta na hÉireann um Shárchumas Gnó (Irish Centre for Business Excellence) (Béarla). Tá sé ar siúl ó lár 2010 le tacaíocht ón Roinn Oideachas & Scileanna. Beidh ionadaithe ón gclár ar fáil Dé Luain le cur síos a dhéanamh air agus le ceisteanna a fhreagairt faoi.

Is féidir clárú ar-líne don chlár chomh maith le breis eolais a fháil ag www.beginagain.ie (Béarla) nó glaoch air comhordaitheoir an chláir san Iarthar, Mike Gaffney ag 087-9973575.

18.5.11

Lá'n Phátrún - Féile Choilm Cille!

Tá na socraithe imeachta do Lá fhéile Cholmcille, Lá'n Phátrúin nó Lá an Tobar, mar a tugtar ar go h-áitiúil, ar an 9ú Meitheamh beagnach críochnaithe. Tá an lá seo á chomóradh leis na céadta bliain agus i mbliana déanfar caoimhniúchán ar an ócáid a bhíonn ar bun ar an mBánrainn, Baile na hAbhann, ar an dtrá. Tá dhá tobar ann, Bád Choilm Cille agus ansin sa tsean reilg tá Cloch na hOifreála ann. Tugtar cuairt ar an trí hionaid in rith an tráthnóna.

Bád Choilm Cille
Beidh stair an phátrúin le fáil, mar aon le léacht spioradálta chomh maith le turas naofa ar an dá thobar. Beidh an cóir áitíúil agus ceol eile ar bun ann freisin. Tá comórtas ealaíona agus scríobhneoireachta á reachtáil idir na scoileanna áitiúla, agus bronnfar na duaiseanna i rith an chomórtha.

Beidh taispeantáis caith cruití thuas ag ceann bhothair na Bánrainne - beidh sé seo oscailte don phobal agus go mór mór do dhaoine óga a bhfuil suim acu ann. Is sean-nós traidisiúnta é seo a bhaineann le Féile an Phátrúin. Beidh ceol traidisiúnta le ceoltóirí áitiúla ar bun an oíche sin sa trí theach ósta atá lonnaithe sa gceantar agus táthar ag súil go mbainfear taitneamh as an lá spioradálta agus sóisíalta seo.

Tá an clár iomlán le feiscint ar facebook.

11.5.11

Grand Prix ag TG4

Thuill clár faisnéise as iarthuaisceart Maigh Eo an duais Eorpach is airde ar fad do TG4 ag comórtas Circom 2011 (Béarla)  i Timisoara na Rómáine ag deireadh na seachtaine seo caite. Thug an scannán An Píopa an phríomhdhuais, an Grand Prix, leis ó Circom chomh maith leis an duais sa rannóg Faisnéise.

Tá cáil agus duaiseanna go leor eile sa mbaile agus i gcéin bainte amach cheana féin ag an scannán faisnéise seo, léargas ón taobh istigh ar an scoilt i bpobal beag in iarthuaisceart Mhaigh Eo faoin leas nó a mhalairt a dhéanfaidh críochfort agus píobán gáis atá á dtógáil ansin.

Fear áitiúil, Risteárd Ó Domhnaill, a stiúraigh an saothar agus fuair sé maoiniú don togra ó TG4, ó Údarás Craolacháin na hÉireann agus ó Bhord Scannán na hÉireann. Tá go leor duaiseanna aitheanta faighte ag an scannán seo cheana, ina measc an duais IFTA 2011 do Chlár Fada Faisnéise, Duais an Lucht Féachana ag Fleadh Scannán na Gaillimhe 2010 agus an duais fhaisnéise ag Féile na Meán Ceilteach 2011 i Steórnabhagh ar Oileán Leodhais in Albain an mhí seo caite.

Is é Circom cónaidhm na stáisiún réigiúnach teilifíse san Eoraip ina bhfuil os cionn 300 stáisiún ar fad as 38 tír páirteach. Tá ard-mheas ar a chuid comórtas agus bíonn caighdeán an-ard ag na saothair a bhíonn san iomaíocht iontu. Is í seo an ceathrú huair le deich mbliana a bhfuair cláracha TG4 duaiseanna ón gcomórtas ach an chéad uair an Grand Prix, an duais is airde ar fad ó Circom, buaite ag TG4.

D’fháiltigh Proinsias Ní Ghráinne, Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4, roimh an aitheantas idirnáisiúnta is deireanaí seo do shaothar an chainéil. “Is deas an rud i gcónaí duais a fháil,” a dúirt sí “ach is deise fós gradam ónár gcomhghleacaithe Eorpacha. Deimhníonn sé go bhfuil fiúntas inár gcuid clár agus meas ar ár gceardaíocht ag lucht teilifíse ó chultúir atá an-éagsúil linn.”

26.4.11

Cuarteoir luath!


Tá ceann de na garraí ós comhar an tí anseo i gCaorán an gCearc ina limistéar caomhantais - i ndairíre tá sé chomh clochach nach bhfuil fhios again ceard is ceart a dhéanamh leis. Leisciúil? Ní mise a dúirt é!

Bhí mé amuigh ag breathnú thar an balla inné nuair a tháinig mé ar phlanda álainn corcra. Bhí fhios agam go maigairlín a bhí inti ach bhí sé chom mór san agus chomh h-álainn gur ghlach mé grianghraf de agus chuir mé ar aghaidh chuig luibheolaí le níos mó eolas fháil. Seo a dúirt sé:

"Is breá liom do phictiúir! 

Sé an t-ainm air ná an Magairlín Gaelach, nó Dactylorhiza majalis, subspecies occidentalis (
Irish Marsh Orchid).   Is féidir spotaí bheith ar na duilleogaí no bheith gan spotaí.  D'réir roinnt san-eolaithe tá an chineál magairlín seo dúchasach don tír seo amháin mar tá sé difriúil ó chineáil eile i Sasana agus an Mór Roinn d'réir an chruth ghine(genes).     Ach mar sin fhéin tá an chlann Dactylorhiza an-chasta agus an-dheachair comhaontú a fháil i measc na san-eolaithe faoi ghnéithe áirithe den chlann.

Tá sé faoi bhláth an-luath i bhúr ghairdín mar ní bheinn ag súil leis bheith faoi bhláth go lár na míosa seo chugainn ar a laghaid. "


Mar a deirim ta an aimsir is fearr againn anseo i gConamara i gcónaí!

Breis eolas faoin Magairlín Gaelach ar shuíomh "Irish Wildflowers" (Béarla)

18.4.11

Gan náire!

Táthar le Eoin Pól II a bheannú go luath agus tá na hullamhúcháin faoi lá tseol i gcathair ársa na Róimhe. I measc na rudaí atá á dhéanamh tá foilsiú ar an ndian scrudú a deineadh ar a shaol agus ar a phearsa agus ar impleachtaí a threimhse mar phápa.

Cuireadh agallamh leis an sagart, an postalái, an Monsignor Slawomir Oder, a bhí ag seoladh a cúise tré an chóras iniúcadh thrénar chuirtear gach "iarrthóir" don gradam "Naomh" san eaglais. I measc na rudaí a dúirt sé bhí seo: (maith dom an Bhéarla)

"John Paul II is not a Polish phenomenon. This is the extraordinary thing, which struck me very much, and which is one of the elements of fascination of John Paul II. He was not ashamed to speak of his homeland, of its history, of using its language, of identifying himself also with the popular religiosity of Poland, to speak of his fellow countrymen. However, that man who felt so strongly tied to his nation, was also able to be a gift for others; John Paul II was a gift for humanity."

Nach minic a bhíonn náire orainn féin ár dteanga féin a labhairt, omós a thabhairt dár dtír féin dár ndúchas. Iad siúd a deireann go bhfuil teipthe ar Éirinn. Beag a dhéanamh den cúltúr ársa ár dtíre, rud a rinne na Sasanaigh ó 1366 agus roimhe anois tá daoine áirithe inár measc féin á dhéanamh le déanaí.

I fíu smaoineamh ar Eoin Pól, Pólanach agus saoránach an domhain sna laethanta seo nuair atá spiorad na tíre in ísle brí.

14.4.11

Aitheantas Eorpach do TG4

Thuill dhá shaothar an-éagsúil mórdhuais agus aitheantas speisialta do TG4 ag comórtas tábhachtach Eorpach, Circom 2011, a tionóladh i Frederikstad san Iorua ag deireadh na seachtaine seo caite. Thug an scannán An Píopa (Béarla) an phríomhdhuais Faisnéise leis agus tugadh aitheantas agus moladh speisialta don tsraith Gualainn le Gualainn, stair an rugbaí in Éirinn, sa duaisaicme do chláracha spóirt.

Tá cáil bainte amach cheana féin ag an scannán faisnéise An Píopa ina dtugtar léargas ón taobh istigh ar an scoilt i bpobal beag in iarthuaisceart Mhaigh Eo a bhfuil an dá thuairim ann faoin leas a dhéanfaidh críochfort agus píobán gáis atá á thógáil ansin. Fear áitiúil, Risteárd Ó Domhnaill, a stiúraigh an saothar agus fuair sé maoiniú don togra ó TG4, Údarás Craolacháin na hÉireann agus ó Bhord Scannán na hÉireann. Tá duaiseanna aitheanta faighte ag an scannán seo cheana, ina measc Clár Fada Faisnéise is Fearr ag IFTA 2011 (Béarla) agus Duais an Lucht Féachana sa rannóg chéanna ag Fleadh Scannán na Gaillimhe 2010 (Béarla). Beidh sé san iomaíocht ag Féile na Meán Ceilteach 2011(Béarla) i Steornabhagh ar Oileán Leodhais in Albain an tseachtain seo freisin.

Thug an giúiré ag Circom ardmholadh do shaothar eile ó TG4 sa duais-aicme Spóirt. Cheithre chlár atá sa tsraith Gualainn le Gualainn a ríomhann fás an chluiche óna thús ar fhaichí féaruaithne na huasaicme Angla-Éireannaigh i gColáiste na Tríonóide in 1854 go dtí éachtaí iontacha na foirne idirnáisiúnta a bhuaigh an Chaithréim Mhór i 2009. Fastnet Films (Béarla) a léirigh do TG4.

Is é Circom cónaidhm na stáisiún réigiúnach teilifíse san Eoraip, os cionn 300 stáisiún ar fad as 38 tír. Tá ard-mheas ar a chuid comórtas agus bíonn caighdeán an-ard i gceist gach bliain. Is í seo an ceathrú uair le deich mbliana a bhfuair cláracha TG4 duaiseanna agus aitheantas ó Circom.

D’fháiltigh Micheál Ó Meallaigh, Stiúrthóir Coimisiúnaithe TG4, roimh an aitheantas idirnáisiúnta is deireanaí seo do shaothar an chainéil. “Is deas an rud duais i gcónaí,” a dúirt sé “ach is milse fós duais ónár gcomhghleacaithe Eorpacha mar go gcruthaíonn sé go bhfuil fiúntas inár gcuid clár agus meas ar ár n-ábhar ag daoine gairmiúla ó chúlraí cultúrtha atá an-éagsúil linn agus le chéile. Molaim na saothair bhuacacha seo agus lucht a léirithe.”

7.4.11

25ú Féile Joe Éinniú 2011

Seosamh Ó hÉanaigh
Reachtáilfear Féile Chomórtha Joe Éinniú i gCarna, Conamara ag deireadh na míosa seo, ón Aoine 29ú Aibreán go Domhnach 1ú Bealtaine 2011. Déanann an fhéile seo comóradh ar shaol agus ar shaothar ceoil an amhránaí chlúití ón Aird Thoir, a bhásaigh i Seattle agus atá curtha ina pharóiste dúchais. Is ceiliúradh cúig bhliana fichead atá i bhféile na bliana seo mar go bhfuil an fhéile ar an bhfód ó 1986, agus ag dul ó neart go neart.

Tugtar tús áite san fhéile don amhránaíocht ar an sean nós agus d’amhránaíocht thraidisiúnta i dteanga ar bith ach cuirtear fáilte freisin roimh an gceol úirlise agus an damhsa. Is í Róisín Nic Dhonncha as an Aird i gCarna, a dhéanfaidh an seoladh oifigiúil in Áras Shorcha Ní Ghuairim ar an Aoine 29ú Aibreán ag 7.30pm.

Siad príomh imeachtaí an chláir i mbliana:
Seoladh an leabhair ‘Bright Star of the West: Joe Heaney, Irish Song-Man’ atá scríofa ag Dr. Lillis Ó Laoire & Dr. Sean Williams; 
Seoladh leabhair de Chumadóireacht Ceoil Mharcuis Uí Iarnáin as Ruisín na Manach - ‘An Chearc Fhraoigh’;
Seisiúin Ceoil agus Amhránaíochta;
Ceardlanna Amhránaíocht ar an Sean Nós, Damhsa ar an Sean Nós agus Ceol Úirlise (ceardlanna ar fad saor in aisce);
Seoladh Dlúthdhiosca nua de chuid an bhoscadóir Danny O’Mahony as Ciarraí;
Cuairt ar uaigh Joe Éinniú;
Comórtas Amhránaíochta don Aos Óg;
Taispeántas agus cur i láthair ar an Veidhlín Hardanger ón Iorua;
Ceadal Píobaireachta agus Portaireachta le h-aíonna as Alba agus Éire;
Céilí agus Seiteanna.
Beidh taispeántas pictiúir agus ábhar ón bhféile le 25 bliain anuas ar bun i gcaitheamh na deireadh seachtaine chomh maith.

Bíonn an-tóir i gcónaí ar cheolchoirm na féile agus is cinnte gur amhlaidh a bheidh i mbliana, mar go mbeidh cuid de na h-aíonna is mó i saol an cheoil ag tabhairt faoin stáitse in Óstán Chuan Charna ar an Satharn ag 7.30pm: Na hAlbanaigh - Mairí Smith, Ailean Domhnullach & Griogair Labhruidh, Danny O’Mahony, Patsy Broderick, Mick Mulkerrins, Liz & Yvonne Kane, Róisín Nic Dhonncha, Bairbre De Búrca, Ciarán Somers, David Power, Pádraic Ó Flatharta, Rosie Stewart, Nell Ní Chróinín, Cormac Ó Beaglaoich, Emma Ní Shúilleabháin agus Torgeir Straand ón Iorua.

Ticéid €20 le fáil ó Óstán Chuan Charna (B) (095) 32255.

5.4.11

Scannáin Mheiriceá Laidineach

12 Féile Scannán Mheiriceá Laidineach na hÉireann

Reachtálfar an dara Féile déag Scannán Mheirceá Laidineach na hÉireann, i gcomhar le Seachtain Mheiriceá Laidineach 2011 i mBaile Átha Cliath i rith na seachtaine agus cuirfear iad ar scáileán ag ionaid eile chomh maith (Féach Latin America Solidarity Centre!) Beidh cead isteach saor in aisce agus iarrtar ar an lucht féachana a bheith i láthair in am i gcomhair gach scannáin.

Dé Máirt 5 Aibreán
17.00 Gearrscannáin Latino (72’)   

18.30 La Voz Mapuche (113’)

Dé Céadaoin 6 Aibreán
17.00 Gearrscannáin Latino [EU]

18.30 Alto Gracia (25’)   

19.00 Chasing Che (78’)

Déardaoin 7 Aibreán  
17.00 Gearrscannáin Latino 2 (76’)

18.30 En Defensa de la Madre Tierra (31')

19.00 Interrogating the torturer (25’)

Dé hAoine 8 Aibreán
17.00    Efecto Dominó (27’)

17.30 Casanare (52’)

18.30 Quien dijo miedo (118’) 

Ionad:     Lárionad Chúnamh na hÉireann (in aice Ostán Gresham),  Sráid Uí Chonaill, Baile Átha Cliath 1

31.3.11

Taobh leis an gCodú!

Radharc ón gcalaphort
Tháinig long mór, 7,000 tonna, an Pantanal go calaphort Ros a' Mhíl inne le dhá bhád farantoireachta a bhailiú a díoladh le deanaí. Cé gur long Gearrmánach tá sé cláraithe i dTalamh an Éisc.

Bhí stoirm ann aréir, neart a naoí de réir tuairiscí, agus is cosúil gur tarraingíodh an bád ar a aincaire isteach ar na carraigreacha taobh le Tóin Chnoic, cead méadair nó mar sin  ón gCodú i gCuan Chasla.

Níor gortíodh éinne den ceathair criú déag a bhí ar bhórd ag an am. Táthar le hiarracht í a chuir ag snámh arís ag lán mara ag a cúig tráthnóna. Deireann daoine áitiúil nach n-éireódh leis an iarracht mar tá sé ró árd ar na carraigeacha.

Feicfimíd!

Radharc ón dtaobh eile den gcuan.

Pictiúirí eile ar suíomh facebook Raidío na Gaeltachta!

24.3.11

Tacaíocht Chonamara do stailc!

Tugadh litreacha scoir do cheathrar as an naonúr fostaí de chuid Mheitheal Forbartha na Gaeltachta (MFG), in oifigí Ros Muc ar an gCéadaoin seo caite: Gearóid Ó Fátharta, Máire Uí Ghiobúin, Deirdre Nic Dhonnacha agus Tríona Ní Ráinne.

Táthar leis an oifig is Ros Muc a dhúnadh leis agus feidhmiú as an oifig in Indreabhán.

Tá sé deacair an meoin sin a thuiscint. Chun a bheith ró-shimplí bfhéidir tá i bhfad níos mó gá le fostaíocht i Ros Muc ná in Indreabhán. Cén fáth nár aistrigh siad an oifig in Indreabhán siar go Ros Muc? Deireann MFG ar an suíomh idirlíon: "Is forbairt pobail trí fhorbairt shóisialta, chultúrtha agus eacnamaíochta na Gaeltachta príomhaidhm Mheitheal Forbartha na Gaeltachta." Ní féidir le mórán a fheiscint conas a a deineann cinneadh mar seo forbairt shoisialta, chulturtha nó eacnamíochta ar cheantair Ros Muc nó ar Iorrais Aithneach siar uaidh!

Ar aon nós níl oibrithe Ros Muc ró shásta leis an gcinneadh. Rinneadar aigneachtaí leis an gceard chunann agus nuair nach raibh MFG sásta dul siar ar an cinneadh fógraíodh stailc oifigiúil. Táid ar picéad taobh amuigh den oifig in Indreabhán ó shin.

Tá muintir Chonamara taobh thiar na stailceoirí agus bhí teacht le chéile ar maidin leis an tacaíocht sin a léiriú. Ocáid spreagúil a bhí ann le ceol agus craic le slua breá.

Go n–eirí leo!
Griangrafanna le Trevor Ó Clochartaigh

11.3.11

Duais ag an Seachtar Laoch

Thug an feachtas fógraíochta nuachtáin don tsraith teilifíse le TG4 1916 Seachtar na Cásca an Grand Prix, an phríomhdhuais, Fógra Nuachtáin na Bliana leis ón gcomórtas náisiúnta a d’eagraigh Cumann Nuachtán Náisiúnta na hÉireann (NNI)(Béarla). Fógraíodh torthaí an chomórtais aréir. Thug an feachtas fógraíochta nuachtán don tsraith chéanna ar TG4 an duais don Stiúradh Ealaíne is Fearr leis freisin aréir, i bpáirt le duaiseoir eile.

Is é an comhlacht Publicis/QMP, gníomhaire cruthaitheach agus margaíochta TG4, a chruthaigh na fógraí nuachtáin seo. Des Creedon a scríobh an chóip don fhógra, John Kilkenny an stiúrthóir ealaíne agus Mark Delany a phleanáil an feachtas fógraíochta nuachtán. Seacht gclár, ceann faoi gach ceannaire a shínigh Forógra an Éirí Amach, a bhí sa tsraith teilifíse ar TG4. Grianghraf den aisteoir i bpáirt cheannaire 1916, é in éide shibhialta agus é ullamh dá chur chun báis tar éis a dhaortha, atá sna fógraí nuachtán a bhuaigh na duaiseanna.

Dúirt moltóir an chomórtais, Julian Borra ó Team Saatchi (Béarla) sa Ríocht Aontaithe go raibh neart agus draíocht ag baint leis na fógraí buacacha. “A luaithe is a leag mé súil orthu, bhain siad siar asam agus chuaigh i bhfeidhm orm,” a dúirt sé.

Is í duais-scéim NNI an phríomh-scéim do thionscal na fógraíochta nuachtán in Éirinn. Eagraíodh an comórtas ar bhonn míosúil agus chuaigh na buaiteoirí míosúla chun cinn don chraobh náisiúnta.

Thréaslaigh Ardstiúrthóir TG4, Pól Ó Gallchóir leo ar fad i TG4 agus QMP Publicis a bhí páirteach i gcruthú na bhfógraí buacacha seo “Is cruthúnas eile é seo go n-aithnítear go bhfuil saothar iomlán TG4, margaíocht san áireamh, ar an gcaighdeán is airde agus is nuálaí,” a dúirt sé “agus fáiltíonn muid roimh an aitheantas is deireanaí seo don tsúil eile.”

4.3.11

An Bhriotáin i nGaillimh!

Mar pháirt do Sheachtain na Gaeilge, tá Breizheire (Cumann Briotánach na hÉireann) ag eagrú Oíche Bhriotánaigh de cheoil agus damhsa ar an Máirt 15 Márta ag 8 i.n i gClub Árus na nGael, Gaillimh.
Malig’Laouen
Beidh trí ghrúpa ag casadh i rith na oíche: Neketomtom, Malig’Laouen agus Les Ritals, agus beidh Lise Carrel ag cur taispeántas den dhamhsa Briotánaigh agus damhsaí eile i bhur láthair, agus beidh deis agat chomh maith Crepes deasa a bhlaiseadh ar an oíche- ní bheadh Oíche Bhriotánaigh ina iomlán gan iad a bheith ann!

Saor cead isteach.

18.2.11

An bhfaca tú...?

Lucht féachana ollmhór ag Díospóireacht na gCeannairí
Thuill díospóireacht stairiúil Ghaeilge na hoíche Céadaoine ar TG4 torthaí féachana thar a bheith sásúil do TG4, de réir na dtorthaí oifigiúla atá ar fáil anois ó Nielsen (Béarla), an miosúr ar fhéachaint teilifíse in Éirinn.

D’fhéach 132,000 duine ar an meán ar iomlán na díospóireachta 50 nóiméad ar an gcéad chraoladh teilifíse ag 7pm, áit a raibh Enda Kenny, Éamon Gilmore agus Micheál Ó Máirtín i mbun plé agus argóna faoi mhórcheisteanna an fheachtais agus polasaithe Fhine Gael, an Lucht Oibre agus Fhianna Fáil ina leith. Ag a bhuaic bhí 150,000 ag féachaint ar an gcraoladh seo agus d’fhéach 408,000 duine ar chuid éigin de.

D’fhéach 175,000 ar chuid éigin den athchraoladh teilifíse ar an díospóireacht ag 10.30pm aréir, rud a chiallaíonn gur fhéach ós cionn leathmhilliún duine ar chuid éigin de chraoladh teilifíse TG4 ar Dhíospóireacht na gCeannairí.

Tá an Líonchraoladh ar an díospóireacht ar fáil ar Sheinnteoir TG4. Tá dhá leagan ar fáil ann ceann leis na fotheidil Bhéarla agus ceann gan aon fhotheidil. Go dtí seo tá 10,000 cuairteoir faighte acu seo agus an fhigiúir sin ag dul i méid go leanúnach.

Thug tráchtairí agus léirmheastóirí sna meáin, ardmholadh don díospóireacht agus don léiriú seo, an craoladh nuachta agus cúrsaí reatha is airde lucht féachana riamh ag TG4.

Mhol Leascheannasaí Pádhraic Ó Ciardha gach éinne a bhí páirteach sa léiriú, idir pholaiteoirí, chathaoirleach, fhoireann léirithe, fhoireann iriseoireachta agus fhotheidealóirí. “Sampla gléineach den ghairmiúlacht agus den díogras paiseanta atá againn mar chraoltóir seirbhíse poiblí ab ea an lá inné i TG4,” a dúirt sé “agus is léir go dtuigeann an pobal féachana gur maith ann an tsúil eile.” Mhol sé na ceannairí as a dea-shampla agus mheabhraigh sé go leanfaí leis an tseirbhís i gclúdach Nuacht TG4 ar an bhfeachtas toghcháin agus sa tseirbhís torthaí ar Vóta 2011.

11.2.11

Comórtas Uí Néil 2011

Comórtas Uí Néill, comórtas filíochta a eagraíonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge le linn Chuairt na bhFilí Albanacha ar Éireann, oscailte go hoifigiúil le haghaidh iarratas anois. Is comórtas dátheangach é seo, do dhánta scríofa i nGaeilge na hÉireann nó Gàidhlig na hAlban.

Roghnófar na hocht ndán nuachumtha is fearr i gcibé teanga (Gaeilge nó Gàidhlig) agus gheobhaidh na húdair deis a ndán a léamh ag oíche mhór an chomórtais ag Cois Teallaigh, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Baile Átha Cliath 2 ar Déardaoin 7 Aibreán 2011. 

Níl aon táille iontrála chun cur isteach ar an gcomórtas seo agus níl aon srian ar na dánta ó thaobh téama de.   Beidh duais airgid de €500 don bhuaiteoir arís i mbliana agus foilseofar an dán buacach ar an iris Comhar agus sa nuachtlitir Eolas.

Tá an comórtas filíochta seo á eagrú ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ó bhí 2008 ann, agus ba iad Niall Gordon, Tadhg Ó Dúshláine agus Prionsias Mac a’Bhaird na filí buacacha go dtí seo.

Glacfar le hiarratais trí ríomhphost amháin, roimh Dé Céadaoin, 16 Márta 2011 ag meánlae.

8.2.11

Díospóireacht na dTaoiseach dóchasacha

Beidh gné nua sa bhfeachtas olltoghcháin reatha mar gur dheimhnigh TG4 inniu go gcraolfaidh sé an chéad díospóireacht cheannaireachta riamh as Gaeilge ar an teilifís ar an gCéadaoin 16 Feabhra. Ghlac ceannairí Fhine Gael, (Béarla) an Lucht Oibre (Béarla) agus Fhianna Fáil (Béarla agus beagáinín den Gaeilge tríd!!!), an triúr atá san iomaíocht do phost an Taoisigh san Olltoghchán, le cuireadh TG4 páirt a ghlacadh sa díospóireacht speisialta seo.

An Réiteoir
Beidh sí ar an gcéad díospóireacht triúir idir Enda Kenny, Éamon Gilmore agus Micheál Ó Máirtín ó thús an fheachtais. Is í Eimear Ní Chonaola, láithreoir Nuacht TG4 a bheidh sa gcathaoir ar an díospóireacht, a tharlóidh i gCeannáras TG4 i mBaile na hAbhann agus a chraolfar ag 7pm (athchraolta ag 10.30pm an oíche chéanna sin).

Pléifear sa díospóireacht polasaithe na bpáirtithe ar mhórcheisteanna an fheachtais – an eacnamaíocht, fostaíocht, airgeadas poiblí, aisíoc na bhfiacha náisiúnta, leasú ar an gcóras polaitiúil, sláinte agus imirce – nithe nach bhfuil na ceannairí ar aon fhocal fúthu. Díreofar freisin sa díospóireacht ar cheisteanna a mbeidh suim ar leith ag lucht féachana TG4 iontu – an Ghaeilge, cúrsaí oideachais, forbairt réigiúnach, an Ghaeltacht, talmhaíocht agus iascaireacht. Craolfaidh TG4 fotheidil Bhéarla ar an díospóireacht mar áis don lucht féachana nach bhfuil lán-líofacht Ghaeilge acu.

D’fháiltigh Ardstiúrthóir TG4, Pól Ó Gallchóir, roimh dheimhniú na gceannairí go mbeidh siad páirteach sa díospóireacht chraolta seo. “Is ábhar bróid dúinn an craoladh ceannródaíoch seo,” a dúirt sé “agus is mór againn chur leis an dioscúrsa náisiúnta le linn an fheachtais Olltoghcháin.”

Dhearbhaigh sé gur beartas tábhachtach do stádas agus do phróifíl na Gaeilge í an díospóireacht stairiúil seo agus mhol sé na ceannairí a thoiligh a bheith páirteach inti mar léiriú ar an stádas lárnach sin.

1.2.11

Gradam ceoil 2011

Liosta Ghradam Ceoil TG4 2011 foilsithe

Is ar cheoltóir croíúil an chonsairtín as iarthar an Chláir, Noel Hill a bhronnfar Gradam Ceoil TG4 2011. Fógraíodh liosta iomlán na ngradamóirí éagsúla ag nuachtócáid i Músaem na Cathrach (Béarla) i nGaillimh tráthnóna.

Bronnfar Gradaim sna rannóga eile ar phíobaire óg fuinniúil as Co na Gaillimhe, ar amhránaí ildánach as Gaeltacht Chorca Dhuibhne, ar fhidléir aitheanta as tuaisceart Liatroime, ar phianadóir agus scoláire ceoil a bhfuil cáil dhomhanda air agus ar chumadóir cumasach as Chicago a thuill ainmniúcháin Grammy arú anuraidh. Seo liosta Ghradam Ceoil TG4 2011:

• Gradam Ceoil TG4 - Noel Hill
• Ceoltóir Óg TG4 - Pádraic Keane
• Gradam Saoil TG4 - Ben Lennon
• Cumadóir TG4 - Liz Carroll
• Amhránaí TG4 - Muireann Nic Amhlaoibh
• Gradam na gCeoltóirí TG4 - Micheál Ó Súilleabháin


Tá achoimre ar chúlra gach ceoltóra ar fáil ar shuíomh TG4. Gheobhaidh gach gradamóir duais airgid agus píosa speisialta dealbhóireachta a coimisiúnaíodh ó John Coll. Coiste neamhspleách moltóirí a roghnaíonn na buaiteoirí. Bronnfar na Gradaim ag Coirmcheoil agus Duaisbhronnadh in Áras Ceoldráma Loch Garman (Béarla) ar an Satharn 2 Aibreán, á chur i láthair ag Aoife Ní Thuairisg, a chraolfar ar TG4 Domhnach Cásca, 24 Aibreán.

Deir Ardstiúrthóir TG4, Pól Ó Gallchóir gur scéim aitheantais a léiríonn an meas forleathan atá ar scoth na gceoltóirí atá sa nGradam Ceoil. "Tugann na Gradaim seo deis dúinn ár meas agus ar mbuíochas a chur in iúl d’ealaíontóirí a shaibhríonn ár saol agus a cheiliúrann agus a athnuann ár n-oidhreacht luachmhar cheoil " a dúirt sé.