29.11.09

Na páistí

Náire na hEaglaise

Tá an-bhrón orm ar maidin!

Tá chuile duine ag caint faoi - Tuairascáil Uí Mhurchú ar mí-iompair cuid de na Sagairt mBaile Átha Cliath.

Labhair an sagart bocht in ár bparóiste faoi ar maidin. Tá an méid sin daoine neamh-urchóideach atá ag fulaingt de bharr pheacaí na daoine seo.

Níor chreideamar go bhféadfadh duine, atá tar éis a shaol a thabhairt go solúnta go hÍosa, na daoine óga, a thug sé mar sampla dúinn:

"..Glaoigh sé leanbh chuige, agus chuir ina sheasamh ia lár é, agus dúirt sé. 'Deirim go fírinneach libh, mura n-iompaíonn sibh agus mura mbíonn sibh ar chiall na bpáistí, ní rachaidh sibh choíche isteach i ríocht neimhe....ach an té a thugas ábhar peacha d'aon duine amháin den mhuintir bheag seo a chreadeas ionam, b'fhearr dó cloch mhór mhuilinn crochadh faoina mhuineál agus a bhá i nduibheagán na farraige..."

Is é seo díreach an rud a thárla.

Ach má tharla sé ní h-ionann sin a rá go bhfuil teagasc na hEaglaise mícheart. An rud is féidir a rá ná nár éist na sagairt sin, agus sna cásanna seo cuid de na heaspaig, nár éist siad le glór a dtiarna.

Seasann teagasc Chríost i gcónaí, tá sé soiléar i nDlí Canóineacgh na hEaglaise, go bhfuil na gníomhartha seo mícheart agus go bhfuil sa dlí céanna deirtear céard is ceart do na húdaráis a dhéanamh. Is cosúil nár claíodh leis an dlí seo go dtí le fíor déanaí.

Creideann muid in Íosa ach an éisteann muid leis. Bhíomar san eaglais cosúil leis na haspail "Thug siad leanaí chuige ansin chun go gcuirfeadh sé a lámha ortha ag déanamh guí, ach chuir na deisceabhail ceartú orthu. Ach dúirt Íosa "Ligigí do na leanaí chugam, agus ná cuirigí cosc leo; mar is lena leithéidí ríocht neimhe." Agus beannaigh sé iad.

Go ndéanfaimíd go léir an rud céanna.

Go ndéanfaidh Eaglais Dé, Corp Misticiúil Chríost, an rud céanna.

Maith dhúinn a Thiarna!

2 comments:

  1. Tagaim leat, ní hionann an Eaglais agus a foireann; mar ní hionann bád agus a foireann.

    Ach tá scannaill ann. Is dual críoch a chur leis, breithiúnas saolta a thabhairt ar na ciontóirí ( beidh a bhreithiúnas fhéin ag Dia), agus bheith comh cinnte agus is féidir nach dtarlóidh a léithéid arís. Is dual cúiteamh.

    A luaithe is a thug daoine áirithe folach ar na gníomhartha, nó faillí iontu, rinne siad a gcoir fhéin: is cliarlathas, státsheirbhísigh, gardaí is polaiteoirí atá mé chuige. Bíodh breithiúnas orthu.

    Seo scannaill mór, is dual gan dearmad a dhéanamh ann.

    Ní Dia atá faoi amhras ach daoine.

    Fearn

    ReplyDelete
  2. Aontaoim leat.Ní an Éaglais ach a mbaill a bhí mí-cheart.Tréimhse an-dheachair do na sagairt sin a comhlíon a ndualgaisi go chóir.

    ReplyDelete