30.9.13

Imeacht ón Róimh!

13/9/2013: Ar an mbóthar arís!

Go luath ar maidin thosaíomar ar ár dturas ó thuaidh go dtí Antibes (Fraincís).

Bhí balla mór imeaglaíoch thrachta na Róimhe romhain agus muid ag casadh ar chlé ar an via Aurelia. Ach d'éirigh linn dul trasna agus ar aghaidh linn.
Lig amach mé! Ag casadh ar chlé!
Is sean-bhóthar Rómánach é an via Aurelia a théann ó thuaidh ar chósta iartharach na hIodáile go dtí teora na Fraince ag Ventimiglia agus uaidh sin i dtollán fada (Galleria del Monte) isteach chuig an Coté d'Azúr.
Sléibhte Liguria agus muid ag dul ó thuaidh ar an via Aurelia!
Thóg an turas timpeal sé nó seacht n-uaire orainn agus stopamar ag na caiféanna ar an autostrada le h-aghaidh cáife. Má iarann tú cáife ortha faigheann tú cupáinín deas láidir iodálach, déanta i gceart. Expresso barantúil mas maith leat, crema ceart air agus gan a bheith ró the! Rud a coimeadfadh tréad eilifint ar bith ina ndúiseacht!

Is Autostrada chuid den mbóthar seo ach cuid eile de, idir an Róimh agus Livorno, is gnáth bóthar atá ann ach ó thuaidh uaidh sin tá an bóthar an mhaith. Ní raibh mórán trioblóid againn leis an dtrácht ar Motarbhalaigh na hIodáile ach bhí tranglam tráchta an-throm ann nuair a shroicheamar cheantair Nice - no Nizza mar a glaoghtar san Iodáil air. Ach thánghamar slán tríd ar ball.

Bhí tuirse orainn nuair a shroich muid an ceann scríbe agus tár éis béile breá Francach chuamar a luí.

Bhí sé i gceist againn cúig lá sosa a ghlacadh sa baile álainn seo.

27.9.13

Siopaí na Róimhe!

12 Meán Fómhair 2011: Sos beag!

I ndiaidh an lá gnóthach a bhí againn inné thógamar sos beag linn féin inniú. Chuamar ag siopadóireacht!

Céard is féidir a rá faoi siopaí na Róimhe, nó siopaí na hIodáile ina iomláine i ndairíre. Bhuel! Ar dtús ní cathair siopadóireachta í an Róimh deirtear. Is ag Firenze atá an onóir sin, nó b'fhéidir Milano. Mar sin féin tá an-chuid siopaí sa Róimh agus i gcomhairsineachta na cathrach. Is i gceann de na ceantreacha sin, ag bun an Via Aurelia, Piazza Irnerio agus Via de Boccea a bhí muid.

Tá an chuid siopaí beag príobháideach ansin. Táid an-bheag cinnte ach táid lán de earraí, stórálta ón urlár thuas go dtí an sileáil. Bróga, cumhrán, éadaí, torthaí, spéaclaí, "tobac," earraí cistine, pé rud gur mian leat bhí siad le fáil sna siopaí, beaga, cúnga, féin banastaíochta seo. Is iad na húinéirí a bhíonn taobh thiar den gcúntair sna siopaí seo, Níl mórán de na siopaí-slabhra mar Tesco nó Dunnes s'againn féin le fáil san Iodáil.

Chaitheamar maidin iomlán ar na sráideanna sin agus bhí lón deas Rómánach againn ar thaobh na sráide. Bhí roghnú feola ag mo bhean agus spagetti deas agamsa agus rud éigin a faightear sa Róimh, fíon dearg fuaraithe. Seo nós atá acu mar bíonn an aimsir chomh te san ann. Agus creid nó ná creid tá sé go deas.

Nuair a bhí sin thart thógamar an bus isteach go dtí Cearnóg Pheadair mar bhí orainn breathnú agus roghnú na griangrafeanna a togadh dínn agus muid ag caint leis an bPápa inné. Rinneamar sinn, bhí na céadta pictiúirí le breathnú ortha agus ar deireadh roghnaigh muid cuid acu le chur ar aghaidh chugainn sa bhaile i gcionn seachtaine nó mar sin.

Cé go raibh sé te ní raibh sé ró-the le bheith mí chompórdach agus bhí orainn rud eile nach ceart an Róimh a fhágáil gan é a dhéanamh. Céard é. Uachtair reoite ioncurtha na hIodáile a bhlaiseadh! Rud a rinneamar.

Mar a deitear thiar Neam! Neam!

21.9.13

Céiliúradh!

11 Meán Fomhair! Beatha spiordálta agus chorpartha!

D'éiríomar go moc ar maidin álainn sa chathair ársa seo na Róimhe.

Ceathardha blian ó sin, mar a dúradh cheanna, pósadh sinn agus mar chuid de chéiliúradh ar sin socraíodh ag ár ndeartháireacha aifrinn a céiliúradh faoi Eaglais N Peadair i séipéil na nGael atá tiomnaithe in onóir N. Columbáin – an naomh ó Beannchar a chuaig chomh fada soir ag craobhscaoileadh an chreidimh,  a bhunaigh mainistir i mBobbio (Iodáilis) na hIodáile sa bhliain 614. Séipéal an-bheag atá ann agus is mór an onóir d'aon tír a leithéid a bheith chomh chomhgharach le tuama Pheadair.

Ós rud é gur Céadaoin a bhí inti bhí “Udienze” mór na seachtaine leis an bPápa nua Prionsias agus nuair a bhí an Aifreann thart shiúlamar trén eaglais mór agus gan mórán daoine ann agus shiúlamar amach an príomh doras amach sa chearnóg. Bhí slua mór bailithe ann romhainn cé nach raibh an Pápa le teacht go dtí i bhad níos déanaí. Bhí sé le bheith ann ag leatha uair tár éis a deich agus bhíómar ann ag timpeall a h-ocht ar maidin. Bhí mo dheartháir i ndán suíochán íontach fháil taobh leis an “stáitse” le suíochán an Phápa. Síocháin ar nglaoghtar "bacciamano" ortha mar tá an seans ann buaileadh leis agus é ag imeacht ón stáitse. Bhí radharc íontach air agus é ag labhairt.

Seo a dúirt sé leis an slua ollmhór:

La Chiesa Madre dei cristiani (Video)
[AraboCroatoFranceseIngleseItalianoPolaccoPortogheseSpagnoloTedesco]

Nuair a bhí rudaí oifigiúla thart tháining an Pápa anuas ón ardán agus chuaigh chuig na daoine a bhí baillaithe thár timpeall taobh thiar na barracáide. Labhair sé linn ar feadh neomad nó dhó. Tá Spáinis ag mo dheartháir agus mhínigh sé leis an bPápa go rabhamar daiched bliain pósta agus d'iarr orainn le meangadh gáire. "Cé agaibh a fhulaing níos mó?" Beir sé greim ar ár ndá lámha agus bheannaigh sé muid. Dúirt mise leis (i mBéarla) go rabhamar ag guidhe ar a son agus d'fhreagair sé go raibh géar gá lenár gcuid paidreacha dó! Is duine faoi leith gan aon amhras é agus chuaigh sé i bhfeidhm orainn go mór! Beannacht Dé leis!

Ina a dhiadh sin chuamar siar go dtí baile beag iascaireachta Fumacino, Tá sé in aice le cheann d’aerphortanná na Róimhe, Leonardo Da Vinci. Bhí béile íontach again ansin sa proinnteacht Bastinellí (Iodáilis), ceann de na cinn is fearr dár liom. Má tá tú sa Róimh aon am is fiú tiomáint amach ansin agus togha de h-iasc blasta an Mheán Mhuir a thriál agus cóicearacht mar is ceart. Sílim go scrífinn faoi na béilte a bhí againn ar an turas.

An tráthnóna sin togadh chuig áit eile nár chualmar caint faoi go dtí gur chuamar ann. Eataly (Iodáilis) an t-ainm atá an áit agus d’fhéadfá IKEA an Bhia a thabhairt ar an áit. Is cosúil go bhfuil siopaí eile doe chuid Eataly i gcathrache eile mar Tokyo agus Nua Eabhrach.

18.9.13

An Róimh sroichte...

Dáta:10/9/2012

Tiománaithe na h-Iodáile! Bhuel sin scéal eile. Bhí cineál rás ar siúil ba chosúil thár timpeal ar Genoa agus ar maidin bhí pianta i mo ghéaga leis an stíreáil neamh gnáthach a bhí ar siúil agam ar na castái agus an “snaoímháil” a bhí ar siúl idir na tiománaithe díográsach. Dian tiomáint d’fhéadfá a rá.

Shríochamar cathair ársa na Róimhe i lár an lae agus bhí lón deas ullamhaithe romhainn.

Rinneamar turas ansin chuig Eaglais Naomh Pól (San Paulo fuoro del Mura {Iodáilis} ="taobh amuigh de na ballaí!"). Dóadh an sean eaglais i 1825, agus tógadh é i lár na 18í ar an sean déanamh. Deirtear go bhfuil uaigh Phóil féin faoin bpríomh Altóir, ach ní féidir a bheith cinnte de. Sa pictúir thuas tá an mósáic ar áirse ós cionn na príomh altóra a sabháladh ón dtine úd.

Rud spéisiúil faon eaglais seo ná pictiúirí na pápaí ó Naomh Peadair thuas go dtí Benedict XVI thár timpeal ballaí na eaglaise. Níl Prionsias ann go fóil!

11.9.13

Daichead bliain ó shin!

Deirtear "Níl aon leigheas ar an ngrá ach pósadh!"

Ar an lá seo daichead bliain ó shin phós mé mo bhean.

Mar a dúradh le Tobias "...glac cúram do mhná...ort féin. Ón uair seo amach is tusa a fear céile agus is ise do bhean chéile; is leatsa í ón lá seo amach agus go deo. Go rathaí Tiarna neimhe sibh anocht, a mhic, agus go dtuga sé grásta agus síocháin daoibh."

Tá beirt cailín againn, mac amháin agus a bhean agus beirt gar pháistí. Tá muid ag fás!

Deireann Naomh Pól: "A fheara, bíodh grá agaibhse do bhur mná faoi mar a bhí grá ag Críost don Eaglais...ar an gcuma céanna grádh gach fear a bhean mar é féin agus tugadh an bhean ómós dá fear."

Rinne mise, rinneamar beirt, iarracht é sin a dhéanamh i rith an daichead bliain. Uaireanta theip orm, uireanta eile d'éirigh liom.

Tá súil agam gur éirigh liom níos mó ná mar a theip orm!

Ní mór dúinn iarraidh ar Dhia na glóire cabhair a thabhairt i gcónaí ar an dturas seo:

A Dhia, nuair a chruthaigh tú an cine daonna ba é do thoil é go mba aon iad an fear agus an bhean.

Tá do sheirbhísigh Eoin agus Máire faoi chuing an phósta le daichead bliain inniú,

Ceangail i gcónaí iad i gcuing an ghrá agus cuir rath ar a ngrá dá chéile ionas go mbeidh siad ina bhfinnéithe dílse ós comhair an tsaoil ar do ghrá-sa.

9.9.13

Viva Italia!

Turas fada déant againn inniú ó Beaune ó dhea trén tollán faoi Mont Blanc idir an Fhrainc agus an Iodáil. 11km ar fhad atá sé agus níl ach an t-aon tollán amháin. Már sin tá tráchta ag dul sa dá threo in aon tollán amháin. Scanrúil!
Mont Blanc faoi scamall
Bhí an lá ar fheabhas agus na radharcanna do chreidthe. Ghlac mé na pictiúirí seo ar thaobh na Fraince dem tollán ach tá na radharcanna ar an taobh Iodálach chom maith leo. Is íontach an obair innealtóireachta atá déanta ag na Francaigh agus na hIodálaigh ar na bóithre, tolláin agus tarbheallaigh!
Is féidir an tarbheallach thuas go dtí an tollán a fheiscint sa pic seo!

Turas cuíosach fada a bhí ann agus tá an-tuirse orainn. Tá muid i bPisa anocht agus amárach beidh mud sa Róimh LCD. Níl fhios agam an mbeinn i ndán lenúint leis an scéal ansin. Ach ar ndóigh chomhluaith agus is féidir liom scríofaidh mé rud éigin eile.

Sláinte sa bfFrainc!

Tá muid ar an mbóthar agus tár éis seacht n-uaire tá muid ag ár gcéad stopadh ar an mbealach go dtí na Róimhe.

Ní raibh mórán trácht ar na bóithre mar tá cosc ar na lorraithe ar an Domhnach is cosúil.

Tá muid i sean bhaile Beaune (Fraincís), príomh cathair ceantair fíona na Búrgáine.

Sláinte!

Amárach ar aghaidh tré tollán fada Mhont Blanc agus istigh chuig an Iodáil!

8.9.13

Slán le hÉirinn...

Tá muid ar an mbád, Oscar Wilde ag dul soir go Cherbourg na Fraince, áit éigin sa Muir nIocht. Long mór compórdach atá inti agus tá an farraige ciúin go leor buíochas le Dia.

Seo an radharc agus muid ag seoladh ó Ros Láir. "Slán le hÉirinn!" Bhfuil fhios ag éinne cén tír lena bhaineann an brát sin leithi?

Mé ag smaoineamh ar na milliúin a d'imigh i gcoinne a dtoile. mar Aodh Ó Néill, na Géanna Fiáinne, An Sairséalaigh, iad siúd a bhí ortha dul soir le h-oideachas a fháil in aimsir na Péindlithe, iad siúd ag teitheadh ó tír an Ghorta Móir agus ansin an daoine atá ortha imeacht ó shin agus anois fiú ar chúiseanna eachnamíochta.

Tá mé a smaoineamh ortha siúd a d'imig roimhe sin, Columbán, Gall, Cilliann ag dul isteach ar an mór roinn ar son Chríost agus na Críostaíochta agus a d'fhág a marcanna ann thuas go dtí an lá atá inniu ann. Agus na misiúnaithe a d'imigh thár lár ag deireadh an naoiú aois déag agus a fichiú aois go dtí an Aifric agus níos faide sa traidisiún sin, daoine mar Joseph Shanahan, Edlel Quinn nó Alphie Lambe.

Ní fios dom an mbeaidh i ndán dialann beag a dhéanmah ar an dturas, a bhuíochas go bhfuil chóras idirlín ar bhórd atá seo á scríobh agam!

Ár gcéad radharc ar Tír na Normánaigh!




7.9.13

Go Ros láir!

Tá muid ar saoire!

Inné rinneamar an chéad phíosa de thuras go dtí na mór roinne. Thógamar bealach nua aniar ó Ghallimh soir ó dheas go Ros Láir.

Bé tré Luimneach, Tiobrad Árainn, Cluan Meala, Pór Lairige agus Ros Mhic Treoin an turas a bhí againn i gcónaí ach chuir mé ceist ar Googlemaps ar an mbeallach is fearr. Agus roghnaíodar bealach eile ar fad.

Béile ar An tSráidbhaile!
Ar dtús bhí orainn dul tré Ghaillimh agus ansin an príomh bóthar go Bhaile Átha Claith ansin cás ar dheis i dtreo An Tulach Mór, Port Laoise, Ceatharlach agus Inis Córthaigh. Bóthar thar a bheith go maith a bhí ann, gan mórán trácht ach amháin i bPórt Laoise, áit a raibh socraid mór ag chuir beagáinín moill orainn.

Stopamar ag An Sráidbhaile (Co Laoise) le haghaidh beagáinín le n-ithe i gcafé beag neamhthaispeántach an Court Restaurant. Áit deas glán le bia maith folláin blasta, den sean-déanamh.

Leanamar ar aghaidh agus shroicheamar Ros Láir timpeall ceithre uair ón uair a fhágamar cathair na Gaillimhe.

Anois ar agahaidh linn ar bhórd an Oscar Wilde!
Ros a'Mhíl go Ros Láir

5.9.13

File croíuil créúil agus dúchasach!

Comharba ar fhile Phangur Bán!

Tá laoch ar lár, i ndairíre tá triúr ar láir i saol na nGael, beirt a scríobh i nGaeilge agus duine amháin a scríobh i mBéarla.

Beannacht Dé le Maidhc Dainín, Diarmuid Ó Gráinne agus Séamus Heaney.

Is údair cumasach iad triúir, agus ait go leor tá mé ag léamh aistrúcháin Dhiarmada Uí Ghráinne ar leabhar de chuid Abert Camus faoi láthair!

Ó fuair Séamus Heaney bás tá na meáin lán dá chuid fhilíochta. Táid ag rá gur é an file is mó a bhí againn ó Yeats (ar ndóigh is filí a scríobh i mBéarla a tá i gceist). Bheadh sé spéisiúl comparáid nó léarmheas a dhéanamh idir a chuid filíochta agus abair filíocht Mháirtín Ó Díreáin mar shampla.
"Sa bhaile!" (pic ón BBC)

Dár liomsa, i measc na fílí as Éirinn, a scríobh i mBéarla tá Heaney i bhad níos údarach nó fíréantach ná Yeats. (Níor thaitn Yeats liom riamh - "horseman pass by!") Tá macántacht nó ionrachas ag baint lena chuid scríobhnóireacht. Tá a chuid daonacht agus pearsantacht ag léimneach amach as beagnach gach focal a scríobh sé.

Bhí sé dílis dá phréamhacha, préamhacha a bhí go domhain in ithir a cheantair dhúchais - Baile Eachaidh. Ní raibh na préamhacha sin chomh domhain ina dhúthaigh ag Yeats agus atá ag Heaney agus má sin ní raibh a chuid filíochta leath chomh chréúil leis.

Deireann sé i réamhrá a aistrucháin ar Bheowolf (Béarla):
Sprung from an Irish nationalist background and educated at a Northern Irish Catholic school, I had learned the Irish language and lived within a cultural and ideological frame that regarded it as the language that I should by rights have been speaking but I had been robbed of. I have also written, for example, about the thrill I experienced when I stumbled upon the word lachtar in my Irish-English dictionary, and found that this word, which my aunt had always used when speaking of a flock of chicks, was in fact an Irish language word, and more than that, an Irish word associated in particular with County Derry. Yet here it was surviving in my aunt’s English speech generations after her forebears and mine had ceased to speak Irish. For a long time, therefore, the little word was – to borrow a simile from Joyce – like a rapier point of consciousness pricking me with an awareness of language-loss and cultural dispossession, and tempting me into binary thinking about language. I tended to conceive of English and Irish as adversarial tongues, as either/or conditions rather than both/and, and this was an attitude that for a long time hampered the development of a more confident and creative way of dealing with the whole vexed question – the question, that is, of the relationship between nationality, language, history and literary tradition in Ireland.
Nuair a chuagh sé chuig an ollscoil tháinig cineál síocháin, nó réiteach air ó Ollamh
...who could not help informing us, for example, that the word ‘whiskey’ is the same word as the Irish and Scots Gaelic word uisce, meaning water, and that the River Usk in Britain is therefore to some extent the River Uisce (or Whiskey); and so in my mind the stream was suddenly turned into a kind of linguistic river of rivers issuing from a pristine Celto-British Land of Cockaigne, a riverrun of Finnegans Wakespeak pouring out of the cleft rock of some prepolitical, prelapsarian, urphilological Big Rock Candy Mountain – and all of this had a wonderfully sweetening effect upon me. The Irish/English duality, the Celtic/Saxon antithesis were momentarily collapsed and in the resulting etymological eddy a gleam of recognition flashed through the synapses and I glimpsed an elsewhere of potential that seemed at the time to be a somewhere being remembered...
Tá píosa a scríobh sé (agus a shiniú leis) ag dul thár timpeal ar facebook agus twitter le deanaí atá spéisiúil faoina a chuid tuairimí i leith na Gaeilge anseo:
Dár liomsa is comharba fiúntach é ar fhile Phangur Bán. Ba file deas é Yeats ach ba file críoúil créúil é Heaney.

Agus a dán is fearr liom (agus níl gach dán dá chuid léite agam)? Mid term break, a scríobh faoi bhás a dheartháir, Christopher. Agus chuireann sé i gcuimhne dom ar dhá a scríobh an tAth Pádraigh Ó Fiannachta faoi "...deartháirín agam tráth/Ach sciob an bás é..." ina leabhair Deora Dé.

Go raibh áit i measc na n-aingeal ag ár bhfilí agus scríobhnoirí go léir a léiríonn dúinn na teachtarachtaí saoil atá le feiscint, go minic i ngan fhios dúinn thár timpeall orainn!