27.1.19

Caiméilia!

Tá sé an oiriúnach an planda seo a bheith i ngairdíní anse in Éirinn mar is planda atá gaolta leis an planda tae. Is iomaí cupáin tae atá olta againn agus can a eolas seo a bheith againn. Ar ndóigh is ón oirthear a thagann an bláth seo agus is ó na dúthaigh céanna a thagann an tae. Caiméilia dearg atá ann.

Tháinig mé ar an mbláth álainn seo ar maidin sa sa gharraí is mé ag teacht abhaile ón Aifreann. Scríobh mé cheanna faoin Léacht ar Athas Dé*, ón Aifreann ar an nDomhnach seo cupla uair agus bhí mé ag smaoineamh ar agus me ag dul isteach sa teach. Gheal sé mo chroí - chomh dearg is a bhí sé ach líne bán ar peiteal amháin.  Is iomaí dathanna eile atá an den bhláth seo ar ndóigh ach an ceann ata againne is ceann dearg atá ann.

Is aisteach na smaointe a thagann chugat uaireanta. Tá an bláth seo luath go leor sa bhliain agus tá tuairiscí le léamh sna meáin sóisialta ar phlandí atá faoi bhláth i bhfad ró luath. 

Scríobh file mór na hInde, Rabindranath Tagore, dán agus an ainm "Camillia" air ina theanga féin, Beangáilis. Is scéal fear óg faoi draoícht ag aisling i dtraen plódaithe agus tabhacht an phlanda áirithe seo. Seo aistriúchán sa Bearla den dán. Is féidir éisteacht leis i dteanga an údair anseo.

*Athas Dé (25 Ean 2010)



20.1.19

Comhartha earraigh sa gháirdín...


Óibríse bheag chróga ag breathnú amach orainn ar maidin. Ní raibh geimhreadh ar bith againn i gCaorán na gCearc go fóill agus níl ach coicís go Lá na Féile Bríde!

19.1.19

Machnaimh shagairt cheannaircigh léirithe?

Cé chomh dílis is atá aistriúchán dáin?

Anois is arís déanaim tagairt don iris "An Timire" anseo. Tá sé éasca le léamh, altanna gearr ann gur féidir a léamh i gcionn cúpla neomad agus ansin rud eile a dhéanamh. Uaireanta eile spreagann sé chun phinn mé!

Andrzej Jawien - Karol Wojtyla
Thárla sé arís i rith na Nollag agus mé ag léamh aistriucháin a rinne Micheál Ó hUanachán ar dánta de chuid Andrzej Jawien na Polainne. Ar ndóigh b'shin ainm cleite a bhí á úsáid ag an sagart óg, Karol Wojtyla agus é a scríobh in aimsir na gcumanach ina dtír dhúchais. Dár leis an aistritheoir, "gur cheap an fear óg go raibh an fhilíocht seo polaitiúil agus nár chóir a stádas mar shagart bheith ceangailte lei!"*

Ar aon nós léigh mé na píosaí anseo agus ansin rinne mé cuimhniú go raibh a chuid filíochta léite cheana agam roinnt blianta ó shin. Chuas chuig an seilf leabhar agam agus d'aimsigh mé "Dánta Eoin Pól II" aistrithe ag an scoláire Ciarán Ó Coigligh (2010)**. (Smaoinigh mé leis nach mbeadh an beirt áirithe seo, Ciarán nó Eoin Pól, ró ard ar chomórtas dea-ghnaoi i láthair na h-úaire - ach sin ábhar d'alt eile ar fad!).

"Ní flilíocht chráifeach dhromchlach a chum Eoin Pól," a deireann Ciarán Ó Coigligh i réamhrá a leabhair, "..filíocht fhealsúnachta mhachnamhach a bhfuil teilgean intleachtach inti ó thús go deireadh."

Tá trí chinn aistrithe ag Micheál anseo agus an bailiúchán iomlán aistrithe ag Ciarán. Cheap mé go mbeadh gur spéis an rud é comparáid a dhéanamh ar an dá aistriúchán agus cad a léiródh sé sin. I ndairíre an féidir dána aistriú nó an dán nua a bhíonn ann gach uair a deintear aistriú ar dhán? Ar ndóigh tá an bun smaoineamh a bhí ag an mbun udair ann ach nach fíor a rá go bhfuil meon agus nó taithí an aistritheora go smior ann leis?

Seo "Fear Intleachta" agus ansin "Intleachtóir"

Fear Intleachta
Ceileann tusa an mealladh is an ilghnéitheacht ar do shaol
blas na tóraíochta, an spás is an spontáineachta.

Eoin Pól II - Karol Wojtyla
Is cúng do chuid tuairimí, do chuid foirmlí, do chuid breithiúnas,
ag déanamh achoimre de shíor is ag iarraidh substainte.

Ná sáraigh mo chranna foirtile: is riachtanach iad do bhail an duine;
ní mór do gach uile bhóthar bealach an smaoineamh a thabhairt air féin.
Ciarán Ó Coigligh 2010

Intleachtóir
Goidtear asat áineas, éagsúileacht,
féith na fionnachtanna, grá spáis, uaithe

A chúng do chuid nóisean, foirmlí, breithiúnais
ag coimriú i dtólamh, cíocrach ar ábhar.

Ná bris mo chosaintí, glach le cuid an duine:
gach bóthar teann i dtreo na hintinne.
Micheál Ó hUanachán 2018

Fagfaidh mé fútsa é a mheas an guth an mbun údair nó guth an aistritheora atá i dtreis san dá aistriuchán seo!

*    An Timire, Timire an Chroí Naofa, Foilseachán Íosánach, Eagran: Geimhrifh 2018
**  Dánta Eoin Pól II, Ciarán Ó Coigligh a d'aistrigh, Coiscéim, 2010

12.1.19

Radharc álainn - fadó!

Gluaisim ar ais bóithrín na smaointe.

Tugaim faoi deara le déanaí go mbím ag brionglóideach faoi rudaí a thárla fadó dom. Athchuairt ar áiteanna agus amanataí a thárla blianta agus nár chuimhnigh mé ortha le fada.

Aréir is ar mo chéad chuairt ar an nGearmáin a bhí mé. Ar chuairt ghnó a bhí mé agus d'eitil mé go Frankfurt/Main. Ní raibh aon cheist faoi chúrsaí slándála ag an am sin agus ní dearnadh curdú orm ná ar mo chuid bagáiste is mé ag dul isteach san aerphort - deaireadh na seaacaidí a bhí ann. Bhí mé tár éis cúrsa trí seachtaine sa Ghearmánais a dhéanamh agus bhí me cinnte go raibh go leor agam le dul aon áit sa tír sin.

I bhFrankfurt bhí orm an traen a fháil go dtí an baile beag ina raibh an chomhlucht a bhí mé le dul ann. Klingenberg-am-Main. Mar sin bhí fhios agam go raibh sé ar an abha chéanna le Frankfurt féin ach chinn mé é a aimsiú ar na h-am chláracha a bhi thuas sa stáisiún ann. Ar deireadh chuaigh mé isteach chuig an oifig eolais agus theip orm iad a thuiscint agus mar sin d'athraigh mé go "Sprechen sí Englisch?"  (bhí mé ar buileadh liom fhéin!). Labhair agus mhíníodar dom gur gá dom dhá thraen a fháil ceann amháin go hAschaffenburg agus uaidh sin ceann eile go Klingenberg.

Cá bhfuil na blaincéid?
Bhí socrú ann go bhfanfainn in ostán in aice leis an staisiún,  Schoene Auschicht (Gearmánais - "Radharc Álainn"). Cuireadh fáilte romham ansin (meascan Béarla & Gearmáinis briste!!!) agus chuaigh mé thuas staighre chuig an seomra.

Bhí rudaí nua domsa ansin. Ar an leaba ní raibh an gnáth rud a bhíodh againne in Éirinn, blaincéid is braillíní ach bhí cineál plúid agus bshin an méid a bhí ann le duine a chlúdú agus thú ag dul a choladh. Anois tá sé sin i ngach áit ach ag an am sin ní raibh. Bhí mé ag ceapadh go mbeinn fuair go leor faoi ach bhí sé an chompórdach.

Rud nua eile domsa a bhí sa seomra folcadh. Bhí na gnáth rudaí a bheithfeá ag súil leis ach bhí rud éigin eile agus an crot céanna le leithreas insruthlaithe ach le dhá sconna nó buachire ar a chúl. Ní raibh tuairim agam céard le haghaidh a bhí sé sin (agus fós níl sé de mhisneach agam iarraidh ar éinne cunas a úsáidetera iad!).

Meas tú céard é seo?
Áit álainn ach an bheag a bhí i gKlingenberg agus b'ait liom ag an am conas ar éirigh leo gnó chomh mór agus chomh rathúil bheith i mbun oibre in áit chomh bheag. Tuigim anois gur toisc an cineál rialtas scaipthe atá acu sa tír sin. Bíonn cumhacht ag an rialtas áitiúl seachas mar atá cúrsaí anseo. Ní rabhadar i gcónaí ag iarraidh dul ó thuadh go dtí an Rialtas i mBonn (mar a bhí sé ag an am) ag lorg cabhair nó airgead. Bhí (agus tá) na h-aonaid rialtais i bhfad níos luath sa Ghearmáin ná mar atá siad in Éirinn. Is trua nach mar sin atá cúrsaí anseo in ionad bheith ag iarraidh na h-údaráis áitiúla a nascadh le chéile seachas iad a láidriú ar son na bpobal.

Nach aisteach na rudaí a smaoiníonn tú ortha agus tú i do choladh?


5.1.19

Mídhílseacht phósta i lár tíre!


Chonaic mé fógra ar leathanach straoisleabhair Chlub Leabhar Chois Fharraige go raibh an údar Pádraic Breathnach le bheith i dTí Mholly ag tús mí na Nollag ag caint faoin a leabhair "Dialann mo Mháthair."* Chinn mé mar sin an leabhair a cheannach le léamh roimh dul ann agus éisteacht leis.

Ag Tí Mholly Nollaig 2018
Níor éirigh liom é a chríochnú roimh an gcruinniú ach bhí leath de léite agam. Bhuaigh sé duais ag an Oireachtas agus cheap sé mar sin go mbeadh sé éasca le léamh. Ach ní raibh sé chomh h-éasca san domsa pé scéal é. Ní fios dom an é go raibh an Gaeilge ró-dheachair dom nó nár éirigh liom dul i dtaithí ar "modus operandi" an scéalaí - uaireanta ag caint faoina "máthar", uireanta ag caint faoi "Péarla"- agus thóg sé píosa orm dul i dtaithí air. Cinnte bhí mé i ndán an scéal fhéin a thuiscint agus thaitin sé liom.

Cheap mé go mbeadh sé i bhfoirm dialainne ach ní raibh. Is scéal faoi iníon a thagann ar dhialann a máthar san áiléar lá éigin. Bhí an máthair dhá scór bliain marbh agus ní fhaca an iníon an dialann seo cheanna ná ní raibh fhios aici go raibh a léithéid á coimead ag a máthair. Nach féidir é a shamhlú, dul thuas le rud éigin a fháil agus tugann tú rud eile ar fad faoi dearadh, tú gafa, cúpla uair loite agat agus an rud a bhí uait dearmadta ar fad? Mar sin tá an leabhair seo bunaithe ar a cuid smaointe, cuimhne fíor nó samhailteach.

Leanann an leabhair ag leanúint saol an máthair ón gcéad uair a bhuail sí lena fear go dtí an lá a stopann sí ag scríobh a chuid smaointe sa dialann. Spéisiúil domsa a bhí na h-ainmneacha a roghnaigh an údar dá charachtair. Péarla a bhí ar an máthar, Sylvester a fear chéile agus níos deanaí tá duine leis an ainm Maolmhuire (litrithe mar sin seachas Maolra!). Tá na hainmneacha sin i mo chlannsa agus i measc mó shinsir agus níl siad ró choitianta sa lá atá inniú ann!

Tá an scéal suite i lár tíre agus tógtar tré saol an mhathar ón a pósadh breith a triúr pháiste, mídhílseacht a fear agus na cáirde agus daoine eile a bhuileann leithí i rith a saol. Cheap mé gur léirigh sé an thuiscint ar mheoin na mná agus míthuiscint go neamh-mhothúcháin a fear go h-an mhaith. Nó bfhéidir go léiríonn sé é sin mar a cheapfadh fear iad a bheith. Is scéal comhaimseartha gan leathscéal atá ann.

Tá an comhra idir na charachtair éagsúla an nádurtha ann chomh maith. Is féidir iad a chloisint agus iad ag caint.

Bhí an-oíche i Tigh Mholly in éineacht leis an údar féin. Bhí neart cainte ar an oíche agus thug sé níos mó thuiscint ar an scéal ag éisteach le giotaí as á léamh ag an údar. Níl mórán úrscéalta scríofa aige agus dúirt sé gur cuireadh ian a leith gur pornagrafaíocht a bhí i gcuid acu! Ní bhead fhios agam ach cinnte tá a chuid scríonóireacht díreach, macánta agus oscailte.

Mar a dúirt mé thaitin sé liom agus críochnaigh mé an leabhair!

* Dialann mo Mhathar, Pádraic Breathnach, Cló Iar-Chonnacht 2018: ISBN 978-1-7844-176-0

1.1.19

Teachtaireacht ón gCeannasaíocht!

"...tá suaimhneas an teaghlaigh de dhíth ar an iomarca dár muintir, agus tá imní ar mhuintir eile faoina gcumas teacht ar sheirbhísí sláinte agus oideachais, agus faoina gceart a n-ábhair imní a chur in iúl agus a bheith páirteach go hiomlán inár bpoblacht..."

Tháinig mé ar dhá teachtaireachtaí ar an gcóras giolcaireachta, twitter, i rith na Nollag. Ar ndóigh bhí an chuid acu and cuid is mó gearr agus intuartha is dócha - Nollaig shona agus áth mór i rith 2019! Ach an dá cheann seo bá ó dhá Oifigigh Stáit, Uachtarán na tíre and Taoiseach na tíre.

Tá an difríocht idir an dá theachtaireacht.

Bhí ceann an Taoisigh gearr go leor, thart ar neomad go leith. Chuir sé amach leagan amháin i mBéarla amháin seachas an píosa "oibleagáidiúil" ag an deireadh - "Nollaig shona..." 

"While the country is in a good place with more people at work than ever before in our history and our living standards are rising, [we] know that many people are still struggling this Christmas....the homeless and those living in emergency accommodation."

Labhrann sé ar a méaid atá déanta ag a Rialtas agus iad ag leanúint ar aghaidh leis an obair íontach ag feabhsú seirbhísí agus saol muintir na hÉirinn. Athnaíonn sé go bhfuil daoine ag fulaingt ar ndóigh agus molann sé  dúinne teangabháil a dhéanamh leo siúd atá uaigneach nó i ngannchuid. Ach bun agus barr an scéal ná "there is much to be positive about..." agus a Rialtas ag leanúint ar aghaidh leis an dea obair!

Bhí caint an Uachtaráin i bhfad níos faide, timpeall cúig neomad ar fhaid. Bhí sé le fáil sna dá theanga oifigiúil agus cheap mé go raibh sé i bhfad níos daonna ná cheann an Taoisigh. Ach thár sin bhí tuiscint an shoiléir ann ar chonas tá muintir na hÉireann ag aimsir na Nollag sa bhliain 2018.

"...In Éirinn an lae inniu, tá suaimhneas an teaghlaigh de dhíth ar an iomarca dár muintir, agus tá imní ar mhuintir eile faoina gcumas teacht ar sheirbhísí sláinte agus oideachais, agus faoina gceart a n-ábhair imní a chur in iúl agus a bheith páirteach go hiomlán inár bpoblacht. Mar sin, agus ár leochaileachtaí comhroinnte tugtha i gcuimhne againn an Nollaig seo, beartaímis seasamh le chéile chun dlúthchomhar athnuaite a chruthú, ceann a bheidh múnlaithe chun oiriúint dár saoránaigh go léir, agus agus chun iad a chuimsiú.

"Tá go leor fós inár sochaí a bhíonn ag obair gan staonadh chun tacú leo siúd atá imeallaithe nó ar an ngannchuid agus chun seasamh gualainn le gualainn leo..."

Ag éisteach le caint an Taoisigh ní bhfaighfeá an teachtaireacht sin! Spéisiúil chomh maith nach bhfuil sé sásta tuiteáil sa dá theanga. Ceacht fós le foghlaim ó Phríomh Aire Chanada? An seo an Taoiseach a mhaígh go labhródh sé gach lá agus é ina Thaoiseach?

Béim an difriúil ó bheirt Cheannaire na tíre, Uachtarán agus Taoiseach.

Cé acu a léiríonn an meabhrú is doimhne ar chúrsaí an lae inniú?