14.8.17

Fadhb (?) na tuaithe!

Tá an t-iar-Chomhairleoir Contae as Conamara Seosamh Ó Cuaig ag cuartú tuairimí faoin moladh atá aige go dtoghfaí deichniúr Teachtaí Dála le ceantair thuaithe na tíre a chosaint. Bheadh súil aige go mbeadh an chomhghuaillíocht seo in ann cumhacht agus smacht a bheith acu ar pholasaithe a bhainfeadh le borradh a chur faoi réigiúin.

Bhí se ag labhairt ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar maidin agus dúirt sé go bhfuil ceacht le foghlaim ag ceantair thuaithe ón margadh ar tháinig an DUP agus Rialtas na Breataine air le gairid. Dúirt sé go bhfuil daoine ag rá go bhfuil an chumhacht ar fad i mBaile Átha Cliath agus nach féidir tada a dhéanamh faoi, ach creideann seisean go bhféadfaí an chumhacht a chothromú níos fearr lena phlean féin dá dtoghfaí deichniúr Teachtaí Dála le breathnú amach do cheantair taobh amuigh de chathracha na tíre.

"Díospóireacht atá uainn. Chuir mé an litir seo (Béarla) chuig nuachtáin áitiúla ar fud na tíre ach níl a fhios agam cé mhéad acu a  d'fhoilsigh í, cés móite de nuachtáin i bPort Láirge, san Iarmhí, i gCábhán, i Ros Comáin agus i gCathair na Gaillimhe," a dúirt sé linne níos túisce!

11.8.17

Sos ar thaobh an bhóthar!


Tá an fomhair faoi lán seoil anseo i nDeisceart Chonamara. Ach fós tá sé beagáinín ró luath le tosú ag bailiú sméara dubha. Tá roinnt le feiscint ach níl go leor le mórán subh a dhéanamh go fóill.

Tá sé de nós againn dul isteach i gCeantair na n-Oileán len iad a bhailiú agus tá cosán deas ag dul ó thuaidh ón dTrá Bhán ar imeal na farraige agus tá neart sceacha ann a bhíonn an torthúil.

Bhí an lá go deas agus thugamar faoi deara go raibh feilicháin agus feithidí eile ag eitilt ó craobh go craobh, ach buíochas le Dia ní raibh rian de na míoltógaí le feiscint.

Tháinig ceannaín beag in aice linn agus suí sé ar cloch ar thaobh an mbóthar. Ní suíann siad go ciúin fada go leor le pictiúir a thógaint agus san am a thógaim se orm mo fón a ullmhú bíonn siad imithe de gnáth. Ach bhí an t-adh liom an babhta seo!

Scríos chuig Ethna Viney (ón Irish Times) ag iarradh fháil amach an féileacán nó leamhan a bhí ann. Tháinig sí thár n-ais chugam go sciopadh le freagra.

Feilichán atá ann agus Donnóg an Bhalla atá air.  Bíonn sé ag eitilt ó mí Márta go dtí mí Mean Fomhair. Tá nós aige bolg le grian a dhéanamh ar chlocha nó ar bhallaí (ach sa chás seo tá a dhroim atá á thaispeáint do ghriain!) Tá ainm laidin ar ar ndóigh - "Lasiommata megera!"

Tá sé donn do chuid is mó agus spotaí oráiste air cuid acu i bhfoirm súl. Deirtear go mbíonn an dath liath ar an taobh eile den na sciatháin.

D'fhán sé ciúin an fhaid is a bhí mé ag tógaint an pictiúir.

3.8.17

Goile fhomhair!

Tá an Fomhair linn agus inniú is muid ag siúl bhi cruthú le feiscint.

Bhí corr sméar dubh cúthaileach ar na sceacha ar thaobh an mbóithrín ar chúl an tí.

Tá sméara dubha fiáin á ithe in Éirinn leis na cianta cairbreacha. Táid le fáil in an chuid foirmeacha. Tá cuid acu beag agus suarach, cuid eile ramhair bog agus blasta. Cinnte is féidir cinn a fháil san ollmhargadh ach níl comparáid ar bith idir iad siúd agus na cinn atá le fáil go fiall, go fliúrsach agus go fiáin amuigh faoin spéir.

I gcionn seachtaine nó dhó beidh siad reidh le piocadh. Agus ansin subh agus píóg le n-ithe

Tá ocras orm anois!

2.8.17

Níl ann ach Baile Átha Cliath?


Pic: Irish Central
Imealú go deimhin! Tá gach bóthar Iarainn ag dul go BÁC (fiú sna 6 Chontae). Lárnú níos measa ná aon tír eile san Eoraip - fiú sa bhFrainc.

Mar Duibhleannach a chuaig siar is mó a thuigim an galar seo atá ar ár dtír agus ar a muintir ná mar an tuiscint a bhí agam air agus mé linnaithe san Árd Chathair. Bíonn orainn dul soir le haghaidh chuile rud. Ní féidir le Comhaire Áitiúil (iad siúd atá fágtha ag Rialtas BhÁC) aon rud a dhéanamh gan dul tré chóras dian mhaorlathach le cead agus airgead a fháil lena aghaidh. I nGaillimh tá deireadh curtha ag Rialtas Bhaile Átha Cliath ar na Comhairlí Bhaile le déanaí. Tá Údarás na Gaeltachta spochta acu cheanna. Ní raibh mórán tionchar ag ionadaithe tofa sna cinntí sin. Níor pléadh cuid acu sa Dáil fiú. Agus anois táid ag iarraidh an Contae and an Chathair a nascadh le chéile.

Ar ndóigh chuireann a teorann (bíodh sé bog nó crua) bacanna so bhreis isteach ar fhorbairt i dTír Chonaill agus is cosúil nach bhfuil mórán níos fearr ar siúl in iarthair na Se Chondaethe, Doire, Tír Eoghan agus Fear Manach. Féach ar an alt seo san Irish Central (Béarla). Tá gif íontach ann ag teaspáint meath an chorais bhothair iarainn in Éirinn i rith an chéid seo caite. Athbunaiodh an líne idir Luimneach & Gaillimh ó shin.

Bíonn ar gach gluaiseacht náisiúnta a bheith i mBaile Átha Cliath. Agus deirtear linn go bhfuil an cathair sin á thachtach le trácht agus cloisim anois go bhfuil Rialtas Bhaile Átha Cliath ag iarraidh an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach a lionniú inti, mar aon le Ghníomhaireacht Airgeadais Eorpach nuair a thagann an Bhreat-imeacht i gcríoch (Márta 2019).

Cén fáth Bhaile Átha Cliath? Cén fáth nach Gaillimh, nó Corcaigh, nó Sligeach?

Nuair a bhí cónaí orm i mBaile Átha Cliath bhí sé de nós agam dul go Corcaigh go minic. Ní raibh trioblóid ar bith agam dul ar an dtraen. Ní bheadh aon trioblóid agam dul chuig na cathrachta móra, Béal Feiriste, Port Láirge, Luimneach, Gaillimh nó Sligeach ó Bhaile Átha Cliath. Nuair a thainig mé go Gaillimh bhí fadhb agam. Ní féidir dul go Corcaigh go héasca, (gan tracht ar aon áit san Iar-Thuaisceart)! Bíonn orm dul go Port Laoise agus traen eile a fháil ansin. Ansin osclaíodh seirbhís go Luimneach ach fiú ansin bíonn orm traen a fháil as Gaillimh go Luimneach ansin ceann  a fháil go Gabhal Luimnigh agus as sin Traen BhÁC go Corcaigh (Níl traen díreach ó Luimneach go Corcaigh mar a bhíodh fadó!)

Cuidíonn an córas seo le Bhaile Átha Chliath thár aon áit eile sa tír. Tá na milliún á chuir isteach ag Rialtas Bhaile Átha Cliath ar cheangal idir chóras Luas Glas agus Dearg. Nach cabhródh sé le chursaí ghnó na tíre ina iomláine líne ó Corcaigh go Gaillimh go Sligeach agus go Doire Cholmcille agus ansin ó Dhoire soir go Béal Feirste.

Is rí léir nach dtuigeann fíor rialtas na hÉireann na cúrsaí seo. Rialú faoi deachtú atá againn faoi dúmas bréige daonlathach.

Ní nach íonadh a thárlaíonn tubaistí mar Brexit agus Brexit. Níl leigheas ag na daoine beaga ar an scéal - beag ná mór!