31.7.13

Ag dul siar...


Tá an-taithí agam bheith ag léamh faoi Ionad Oidhreachta Leitir Mealláin ar facebook. Tá sé siar siar i Leitir Mealláin i gCeantair na n-Oileán ach go dtí an deireadh seachtaine níor thug mé chuairt air.

Tá an foirgneamh féin suite ar bhóithrín caol casta cam Chonamarach, beagnach chomh faide siar agus is féidir le duine tiomáint ó dheas sa cheantair. Ach is fiú go mór cuairt a thabhairt ar an ionad! B'fhiú páistí scoile a thabhairt ann le fháil amach faoin saol agsu stair a sinsir.

Is i sean teach atá deisithe go deas atá an ionad féin. Agus tá sé lán de hábair a bhaineann, ní h-amháin leis an gceantair féin, ach leis an saol tuaithe in aon áit in Éirinn. Thuas staighre tá bailiúchán tabhachtach de nuachtáin, leabhair agus foilseacháin i nGaeilge le feiscint.

Seoid atá ann, agus is mór an creidiúint atá le dul do mhuintir na h-áite as tógra mar seo a eagrú. Tá sé tabhachtach go mbeadh achmhainn mar seo suite, mar atá sé seo, i gcroí-lár a ceantair féin.

Tháinig Coiste Oidhreachta Leitir Mealláin agus Gharumna le chéile chun Teanga, Cultúr agus Oidhreacht Cheantar na nOileán a chaomhnú agus a chur i láthair an phobail in ionad buan agus muintir na háite/turasóirí a mhealladh chuig an ionad seo. Mar chuid den tionscnamh d’oscail an tIonad Oidhreachta a dhoirse i Meitheamh na bliana 2009 agus an áit ar oscailt cúig lá na seachtaine ó shin i leith.

Tá tograí éagsúla idir lámha ag foireann oibre an Ionaid Oidhreachta le linn na bliana, lena n-áirítear togra ainmniú na ngarrantaí ar oileán Gharumna i gcomhar le Comhairle Chontae na Gaillimhe, Turais Scoile faoi Threoir, ord agus eagar á chur ar stair an cheantair agus í á tabhairt cothrom le dáta, chun roinnt a lua.

Is tabhachtach go mór an obair atá idir lámh acu. Is íontach an obair atá ar siúl acu gan mórán maoine ó na hÚdaráis Stáit atá in ainm is a bheith a thabhairt cabhair do thionscnamh mar seo. Tionscnamh a fás aníos ón bpobal féin.

26.7.13

Naomh Anna i gCeantair na nOileán

Inniú (26 Iúil) an lá a ndéanann daoine oilithreacht chuig Tobar Naomh Anna i dTír an Fhia - lean an comhartha ag barr an bhóthair sé sin an chéad bhóthar ar chlé tar éis Séipéal Thír an Fhia agus tóg an bóthar ar dheis ina dhiaidh sin.


An tobar

Paidir Naomh Anna (ag an tobar)

A Naomh Anna, Máthair Mhuire,
Le lán-mhuinín a thagaim chugat,
Ag an tobar ós do chomhair-sa,
Líon mo chroí le grá 's dóchas.

Le do ghrásta ar an lá seo,
Trocaire Dé go mbeidh le fáil agam,
Éist le m'achainí go dtuga tú slán mé,
I mbun mo ghráithe ins gach céard dom.

Foai do choimirce, cuirim mo mhuintir,
'S chuile dhuine atá i mo thimpeall,
Ar do lá féile, a Naomh Anna naofa,
Sabháil muide - An Cine Daonna.

Aimeán

22.7.13

1700 bliain ó shin!

Glaoghtar Forógra Milano (Edictum Mediolanense) ar an dlí a thug Impire Iarthair agus Oirthear na Róimhe le chéile faoi Constantinus Magnus (Iarthair) agus Licinius (Oirthear) sa bhliain 313 AD

Constantinus Magnus
Trén bhforógra seo tháinig deireadh le trí chéad bhliain ghéarleanúna ar na Chríostaithe san impireacht. Fuaradar thár n-ais a chuid maoine agus bhí cead acu, sa deireadh, a gcreideamh a chleachtadh. Taobh istigh de 60 bliain deineadh ina Reiligiún Stáit san Impireacht í sa bhliain 380 AD faoi Theodosius.

Is ó Impireacht na Róimhe a thagann an-chuid de nósanna i Reiligiún na Criostaithe in Iarthair an domhain, focal mar Presbiterium, Pontifex Maximus, an Fáinne Solais a bhíonn thár timpeall pictiúirí naomh, agus ar ndóigh úsáid na Laidne féin thuas go dtí an lá atá inniu ann. Ar ndóigh tá nósanna eile ag Criostaithe agus Caitleachaí faoi ghnásaíochtaí eile nach ón Róimh iad, mar shampla gnásaíocht Bhiosántach Caitliceach, nó gnásaíocht Siriach Cailtliceach agus na Ceartcreidimhigh.

Ar an lá seo agus an Pápa ar a thuras siar go Braisil tá mé ag smaoineamh ar an ní a thóg an Críostaíocht amach as na gcatacóim agus faoi sholas na gréine seacht míle bliain déag ó shin i Milanó na hIodáile.

15.7.13

An bán ina dhubh!

Le seachtain anuas tá an aimsir go hálainn ar fad. Tá an ghrian "ag scoilteadh na chlocha" mar a deirtear thart anseo. In aimsir mar seo tá firinne i bhfocal an amhráin an grúpa Aerach, Siar go Chonamara, "...an áit a mbíonn an chraic 'san spraoi, an áit a mbíonn na mná sínte ar an dtrá, 'sna fir is breachta in Éirinn.."

Tá na bláthanna sa fál sceach, ar thaobh na boithre á theaspáint iad fhéin dúinn. Boladh álainn ag teacht chugainn ó chuid acu, agus crónán na mbeach ag bailiú meala agus corr féileacán ag caochaíl thart, ag dul ó planda go planda ag baint sult as an aimsir bhreá, solas agus teas na gréine.

Agus mé ag siúlóid ó dheas ón teach inné thug mé faoi deara go raibh na bláthanna go tiubh ar driseacha. Comhartha maith don fhomhair nuair a bheidh na bláthanna céanna ina sméara dúbha lonnrach milis. Fomhair nár chuireamar mar a glaogh mé ar cheana!

Mé ag súil go mór leis na píoga sméara dúbha agus subh deas amach anseo.

6.7.13

Colmcille sa bhaile ar deireadh!


Tá beagnach leath chéad bliain caite ó tógadh séipéal na Tulaigh i gConamara. Bé an céad séipéal tógtha in Éirinn faoi rialacha nua liotúirge a tháinig as Comhairle na Vatacáine (1963-1965).


Nuair a tógadh é bhí rún fuinneóg gloine stáin a cur ar an mbinn ó thiadh ós cionn na príomh doirse. De bharr easpa airgead ag an am níor cuireadh ann é.  Is dócha gur tré dearmad nár deineadh aon rud faoi go dtí anois.

Le déanaí cuireadh isteach é agus anois tá sé le feiceál ina áit fhéin. Is foirgnimh caomhnaithe é Séipéil na Tulaigh agus mar sin bhí ar an bhfuinneog teacht leis na fuinneogaí eile sa séipéil cheana, ó thaobh dearadh dé: dearadh simplí, geal. Sílim gur éirigh leis an bhfuinneog nua na coinníollacha sin a comhlíonadh.

Is deas an íomhá é den naomh ar cloch ag snámh ar an bhfarraige, de réir seanachas béile na háite, gur tháinig sé aniar as Árainn ar charraig mhór.

Tá Bád Colmcille fós le feiscint in aice le Reilg Muighreas ar trá an Bhánraigh agus is ansin ar Lá Cholmcille a bhíonn Lá an Phatrúin, nó Lá an Tobair á céiliúradh gach bhliain leis an cianta!

Nach deas an rud é go bhfuil Naomh Colmcille anois le feiceáil ina Séipéal féin, Seipéal na Túlaigh?

An Turas ar Lá an Tobair (Máirín MhicLochlainn 2012)

Colmcille i seanchas na ndaoine (Coilimín an Fhárthara 1995)

Johnny Chóil Mhaidhc agus Lá an Phatrúin! (1963)



4.7.13

Cúram is cosaint?

Chuireann ráiteas ag smaoineamh mé - cén saghas aire a thugann muid mar stáit do mhná?

Agus a diospóireacht ar siúl faoin bille nua a bhfuil an ainm "Sabháilt beatha le linn torchais" - m'aistriúchán féin mar ní sé de chuirtéis ag lucht an Oireachtais leagan Gaeilge den bille a chuir ar fáil! - chonaic mé ráiteas ón Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh a chuir ag smaoineamh mé!

Thug an Seanadóir dúshlán don Aire Dlí, Comhionannas & Cosanta Alan Shatter mar gheall ar na coinníollacha uafásacha ag ionad Dlí Teaghlaigh Ceantair Átha Cliath ag Teach Dolphin.

Dídean le fáil?
“Caithfidh an tAire freagracht a ghlacadh as an droch stáid seo agus ba chóir dó cur in iúl don Seanad céard atá i gceist aige a dhéanamh leis an scéal a leigheas.

“Níl sé maith go leor go gcaithfidh mná atá trína chéile agus leochaileach, atá ar chúis amháin nó ar chúis eile ag fanacht le horduithe urchoisc, fanacht i gcoinníollacha atá chomh dona.

“Tá áird tarraingthe ag Women’s Aid (Bearla) cheana féin ar an ábhar seo, go háirithe ós rud é nach bhfuil áiseanna ann le h-íospartaigh agus mí-úsáideoirí a choinneáíl óna chéile.

“Níl sé seo maith go leor. Tá mé ag impí ar an Aire gníomhú láithreach le cinntiú go dtabharfar na h-áiseanna ag Teach Dolphin suas chuig an caighdeán cui don fichiú haonú aois."

Cheap mé go bhfuil an-chuid cainte faoi chúram mná le linn torchais sa díospóireacht faoin mbille "ghinmhilleadh" úd ach má fhéacann muid ar an cúram atá a thabhairt ag an stáit do mná chean féin atá faoi bhagairt (agus, cá bhfios, faoi baol deireadh a chuir lena mbeatha fhéin!) nach cheart dúinn dul i bhfad níos doimhne isteach sa scéal.

An bhhfuil aon chúram don bhean roimhe nó i ndiaidh an "gnáthamh míochaine" a bheid ceadaithe faoin mbille seo, luaite sa bille féin?  Rud uafásach tromchúiseach deireadh a chur leis an mbeatha atá ina broinn ag bean.

An mbeidh na "coinníollacha uafásacha" rompu is atá roimh na mná bochta faoi bhagairt agus faoi dhibeart óna taighleach féin?