29.1.20

Aimsithe!

Scríobh mé cupla uair cheanna* faoi mo dheirfiúr Máirín a cailleadh agus í ina naoíneán sa bhliain 1952 ag aois trí mhí. Toisc lagú ó bhroinn ní raibh aon seans go mairfeadh sé i bhfad.

Plásóg na nAingeal, Glas Naoín.
Nuair a fógraíodh shuíomh gréasáin ginealais na Ranna Chultúir oscailte anuireadh, rinne mé cuardach ag iarraidh fháil amach an raibh aon eolas ann fuithí. Fuair mé taifead fuithí agus ar a bás. Mar a dúirt mé i mí Mean Fomhair scríobh mé chuig Siúracha na Carthanachta chun a fháil amach cá raibh sí curtha. Chun an fhirinne a insint bhí eagla orm go mbeadh sí curtha i bplásóg anaithnid taobh lesi an oispidéal ina bhfuair sí bás - Cnoch an Teampaill - atá anois imithe ó sheilbh na mBan Rialta.

Tar éis tamail ghearr go leor fuair me freagra deas ó duine de na siúracha. Dúirt sí go raibh sí curtha is bPlásóg na nAingeal i nGlas Naoín i mBaile Átha Cliath. Bhí áthas orm é sin a chlos mar tá ár dtuismitheoirí curtha sa reilig céanna.

Ar ábharaí an tsaoil bhíomar tar éis leach uaighe a ordú dár dtuismitheoirí ach ní raibh seans againn  breathnú ar ó tógadh é roimh Nollaig. Chuigh mé ann inné chun breathnú air agus nuair a bhíos ann rinne mé eolas ar an bplásóg úd a fháil. D'Fhuair mé amach go bhfuil níos mó ná Plásóg na nAngeal amháin ann. Mar sin thug mé an t-eolas faoi Máirín sagainne. Ar ndóigh cheap mé go mbeadh sí sa phlásóg ach ní bheadh fhios ag éinne cén áit go díreach ina mbeadh sí curtha. An-fhoireann atá acu in Iarsmalann na Reilige - chomh cáirdiúil agus tá Gaeilge ag cuid acu. Cuireadh mé chuig bean a bhí ag bínse ginealais.

Reilg Glas Naoín -
Plásóg na nAingeal in aice leis an dTúr
ag an mbun ra dheis.
Íontas na n–íontas bhreathnaigh an bhean isteach ina ríomhaire agus fuair sé taifead adhlactha ár ndeirfiúir. "Sea, tá sí curtha sa Sean Phlásóg na nAingeal!" Dúirt sí linn cá raibh sé agus dúirt "Tá sé curtha ag NA 104.5!" Mhínigh sí dom conas é a aimsiú.

Tá lithreacha ar taobh amháin den bplásóg agus ar an mballa ar thaobh na plásóige tá na h-uimhreacha. Is beag ná gur thosaigh mé ag caoineadh nuair a dúirt sí é sin mar, mar a dúirt mé, níor cheap mé go mbeadh an taifead chomh chruinn sin.

Chuaigh mé ansin go dtí an áit agus bhí sé íontach go mbfhéidir  seasamh díreach ag an áit sa plásóg ciúin sin ina bhfuil sí curtha. Ní raibh mé chomh congarach léi ón lá a rugadh ocht mbliain agus thrí scór ó shin agus í ina cliabhán.

Móimint speisialta!

Ag lorg Maureen.. (16/9/19)
   Edward - m'uncail agus Máirín - mo dheirfiúr! (1/6/2016)

12.1.20

Ó choiscéim amháin!

Ná chuir an sonas ar athlá!

Is minic a bhím ar an gcóras giolcaireachta, twitter,  agus mar sin tagann mé ar teachtaireachtaí Úna-Minh (is my first name) Caomhánach anois is arís. Bíonn na comhroinnte uaithe beagáinín eicléictiúil ach seacha sin ní raibh mórán ar eolas agam fuithí.

Bhí fhios agam gur scríobh sí leabhair* faoin a saol agus mar sin bhí áthas orm nuair a thug m'iníon cóip den leabhair don Nollaig dom. Ó tháinig mé anseo go Conamara agus mé ag éirí níos sine is gnáthach liom leabhair i mBéarla a seachaint. Mar sin b'é seo an chéad leabhair i mBéarla a léigh mé le fada.

Thaithin agus níor thaithin sé liom ag an am céanna. Thaithin a sceal go mór liom. Léiríonn sé an saol soineanta mar pháiste ina clann grámhar i gCiarraí. Thosigh le le turas streachlánacht a máthair tré bacanna maoirleathasach i dtíortha iasachta agus an toradh áthasach an naíonán beag a thabhair abhaile go Ciarraí.  Léiriú ar an nath atá sa leabhair aici: "An turas is faide sa saol tosaíonn sé le coiscéim amháin!" Insíonn sí an scéal faoin a saol lena máthair agus a Daideó. Bhí an thionchar aige-san uirthí agus ar a dearcadh ar an saol agus ar ndóigh ar a grá dá chontae agus don theanga. Ar bhealach ba gnáth saol pháiste i dteaghlach grámhar i gCiarraí tré súile an pháiste.

Ansin bhí sí fásta agus ina scoláire i gcathair mór Bhaile Átha Cliath. Léiritear ar chonas ar roghnaíodh an cúrsa triú léibhéal agus ar chonas ar éirigh léí lena chomh-dhaltaí - ón tuaith, "culchies," cosúil leithí féin.

Saol eile ar fad a bhí ann taobh amuigh den gcoláiste!  Is ansin a tháinig sí ar idirdhealú ciníoch don chéad uair. Tá fhios againn go léir faoin am seo go bhfuil ciníochas beo anseo in Éirinn (agus cosúlacht ann go bhfuil sé ag fás!). Ar bhealach is cosúil go raibh sé ann i gcónaí is dócha. Nuair a bhí mise óg bhiodh boscaí ag bailiú airgead do na misiúnaithe - do na "black babies!" Nach ciníochas fo-chomhfhiosach a bhí ansin? Tá cuir síos an mhacanta aici ar ionsaí ghránna a thárla dí nuair a maslíodh go uafásach í. Rinne sí gearán leis an Gardaí agus gabhadh a té a mhaslaigh í. Is uaidh sin a d'fhoghlaim conas déileáil (más sin an focal) le na maslaí , neamhthuiscint nó neamhchúram a thárlaíonn dí ina tír féin. Bhí sé spéisiúl an faoiseamh a fuair sí nuair a roinn sí a scéal ar-líne.

Sa cuid deireannach den leabhair tá cuir síos ar an míthuiscint maslach (ciníochas?) a bhíonn á fhulaingt ag an nGaeilgeoir go ró-mhinic. Mhothaíos go raibh a cuid seo den leabhair dírithe ar lucht an Bhéarla, go mór mór iad siúd a raibh meas acu ar an dteanga ach ar chúis amháin nó ar chúis eile nach raibh sí acu. Tá an bhéim curtha aici ar an idirlín - is cluichire idirlín í. Agus mar a dúradh thuas tá Una-Minh gníomhach ar na meán-shóisialta. Is íontach an obair atá ar siúl aicí don teanga ar líne ach caitheadh mé a rá nár thaitn an chud sin den leabhair chomh mór san liom. Seans go bhfuil mé ag éirí ró shean?

D'fhoghlaimíos rudaí nua as an leabhair, go mór mór an cabhair a thugann dearcadh dearfach don duine atá ag fulaingt. Tá an leabhair breacha le coraí cainte nó sean nathanna (cuid acu sílim nach bhfuil chomh sean sin)! An tabhacht atá le cúlra seasta grámhar don bpáiste ag fás aníos. Agus ar ndóigh chuala mé tearmaí nua an chluichire idirlín mar "fardal," "pointí beochta,""masla an mhála tae!" Tá mé ag foghlaim fós! Agus chuala mé den chéad uair ar Twitch!

Tá an leabhair dúnta agam anois agus ar chúl thug mé díreach anois go bhfuil scríofa: "Tá teanga láidir sa leabhar seo a d'fhéadfadh a bheith déistineach do dhaoine áirithe!" Agus bhí!  Ach ba focail Béarla iad ar ndóigh!

* Anseo - Úna-Minh Kavanagh 
ISBN:978-1-84840-749-7
Foilsithe 2019: New Island Books, Baile Átha Cliath.