30.1.14

An cinneadh ceart? Uisce Éireann eile á bhunú ag an Rialtas?

"Cuireann an tAire fáilte roimh shíniú an chonradh don Chóras Náisiúnta Postchóid"

Seans gur chaill tú an nuacht seo.

D'fhógair an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha, Pat Rabbitte TD ar an Luain (27 Eanáir 2014) go bhfuil an conradh foirmiúil don Cheadúnaí Bainistiú Postchóid sínithe le Capita Ireland (Béarla).

Déantar soláthar sa chonradh deich mbliana atá sínithe le Capita, le tacaíocht ó BearingPoint (Béarla) agus Autoaddress, le haghaidh postchóid náisiúnta a dhearadh, a chódú agus a sheoladh amach faoin gcéad ráithe de 2015.  Is dearadh úrnua ar domhan é ina n-úsáidtear aitheantóir uathúil le haghaidh gach uile seoladh in Éirinn.

Úsáidfear cód alfa-uimhriúil 7 gcarachtar sa chóras nua postchóid.  Coinneofar na ceantair poist i mBaile Átha Cliath mar atá siad. Ní fios dúinn an mbeidh na códeanna bunaithe aimneacha áite agus más mar sin a bheidh siad an ar ainmneacha ársa Ghaelach áite a bheidh siad bunaithe!

Deirtear linn go ndéanfadh gach seoladh agus a chód a stóráil i mBunachar Sonraí Seoltaí lárnach (PAD).   Le rochtain ar na geo-chomhordanáidí a bhaineann leis an gcód seo beifear ábalta léarscáiliú mar a dhéanamh ar láthair an chóid ar ardáin éagsúla teicneolaíochta agus fearais, lena n-áirítear ríomhairí, taibléid, fóin póca, loingseoireacht saitilíte agus córais ele bhogearraí léarscáilíochta.   Beidh láthair gréasáin ar fáil don phobal agus beidh rochtain in aisce air chun postchóid a lorg go mear agus go héasca.

Bunóidh an Ceadúnaí Bainistiú Postchóid láthair gréasáin faisnéise sna míonna atá le teacht chun Ceisteanna Coitianta a fhreagairt, faisnéis iomlán a sholáthar faoi dhearadh an chóid, úsáid agus buntaiste an phostchóid náisiúnta a fhógairt, agus cabhrú le gnólachtaí pleanáil a dhéanamh don chóras nua.

Ní deirtear linn cén fáth go bhfuil gá leis an  gconradh áirithe seo agus costas mar tá ronnt chomhluchtaí ann cheanna féin atá cuid nó an cuid is mó den obair seo déanta cheann féin.

Is cosúil nár iarraidh fiú ar LOC8, mar chomhlucht ag fáil cúnamh stáit ó Fhiontraíocht Éireann cheana féin, dul san iomaíocht don gconradh seo. An raibh fhios ag an aire nó ag a chomhairle go raibh a leithéid de chomhlucht ann? Is léir ó mo chuid taithí féin go bhfuil an cumas ortha an cineál seo obair a dhéanamh, ní h-amháin san ach tá sé á dhéanamh cheanna féin.

Tá mise clúdaithe leo agus á úsáid ar mo sheoladh féin. Más maith leat is féidir dul díreach agus breathnú ar an teach againn ag Caorán na gCearc tré cliogáil ar an gcód K5C34RW8. Dála an scéal tá ainm truailithe na h-áite ar an learscáil mar nach bhfuil an leagan ceart d'áit Ghaeltachta ar léarscáil Suirbhéireacht Ordanáis Éireann (Béarla) - ait go leor níl ainm na h-eagraíochta féin i nGaeilge ar a suíomh acu!

Ní fios dom cén chostas a bheidh ar seo ach tá aon rud idir €15milliúin go €25milliúin air - nó níos mó?. An Uisce Éireann atá á bhunú aige?



26.1.14

Slán le Fil!

Tá Aifreann speisialta le bheith i Séipéal na Tulaí le buíochas a teaspáint do Dia ar obair Fil Uí Dhubhghaill agus an obair a rinne sí ar fud an cheantair ar son phobal an leath-pharóiste Séipéal Cholmcille agus ag son phobal na scoile. Chaith sí na blianta mar muinteoir agus mar príomh i Scoil Colmcille agus tá sí le h-éirí as ag deireadh na míosa seo (Ean 2014)
Fil Uí Dhubhghaill
Seo an teachtairecht a bhí i nuachtlitir an Pháróiste ag an deireadh seachtaine ón Ath Billy, an Sagart Páróiste:
    "Míle buíochas: Thar mo cheann féin, thar cheann pobal na scoile, pobal aan pháróiste agus na sagairt a d'imigh romham ba mhaith liom míle buíochas a ghlacadh le Fil Uí Dhúil agus í ag éirigh as a post mar mhuinteoir agus mar Phríomhoide Scoil Cholmcille na Tulaí ag deoreadh na míosa seo. Míle buíochas as an seirbhís a thug sí trí na blianta, níor chuir mé cheist ar ché mhéid bliain, ma mhuinteor agus mar phriomh oide, mar chabhróir agus comhairleor, as anseirbhís agus an cúnamh a thug sí do go leor daoine sa phobal i rudaí a bhain agus ná bhain leis an scoil agus an scolaíocht. Míle buíochas as an seirbhís a thug sí do phobal an Aifrinn ó thaobh ceol agus eile i rith na blianta san ach go h-airithe ar na h-ócáidí móra. Guím rath Dé ort a Fil. Go raibh sláinte maith agus croí láidir agat cun sásamh agus taithneamh a bhaint as na blianta atá amach romhat agus go mba fada iad na blianta sin."
Beidh an Aifreann Buíochas ann i Séipéal Cholmcille ar 11.30 r.n, ar Maidin Dé hAoine 31 Ean 2014. Beidh cór na scoile páirteach ann agus eidh fáilte roimh thuismitheoirí agus iar-scoláire na scoile ann.

Una Uí Dhiorráin atá ceapthya mar príomh oide na na scoile ar Lá 'le Bríde. Dúirt an Sagart, "Go raibh beannacht Bríde uirthí agus go raibh spiorad Bríde inti agus í ag tabhairt faoin dúshlán seo."


Téann Múinteoir Fil ar bhóthar na smaointe i dteannta na cultachaí ar Cheoldrama RTÉ

22.1.14

Pardún do Mhargaretta D'Arcy!

Tá Margaretta D’Arcy (79) faoi ghlas le beagnach seachtain anois i bPríosún Luimnigh in ainneoin galar Parkinson a bheith uirthi agus í a bheith ag teacht chuici féin ó bheith buailte ag ailse. Cuireadh faoi ghlas í nuair a dhiúltaigh sí barantas a shíniú ag dearbhú nach mbeadh sí páirteach feasta In agóidí i gcodanna áirithe d’Aerfort na Sionainne.

 Tá iarrtha ag Seanadóir Shinn Féin Trevor Ó Clochartaigh go scaoilfí saor an gníomhaí frithchogaíochta Margaretta D'Arcy agus tá fáilte curtha aige roimh chuairt Sabina Higgins uirthi i bPríosún Luimnigh.

Sabina Higgins agus Uachtarán na hÉireann
ag Comóradh Maolra Seoighe i nGaillimh
(Nollaig 2012)
"Tá cuairt bhean Uí Uiginn dearfach agus is fiú a nótáíl go bhfuil sé de chumhacht ag an Uachtarán faoi Alt 13, mír 6 den Bhunreacht pardún a thabhairt do dhuine atá gafa.
Dá mba mhian leis d'fhéadfadh sé Margaretta a scoileadh saor le síniú peann."

Sílim féin nach féidir leis an Uachtarán an pardún sin a thabhairt gan cead ón Rialtas, ach bíodh san mar atá níl sé ceart bean den aois sin a chuir isteach i ngéibhinn. Tá an dlí déanta do na daoine agus ní an duine don dlí!

Tá an méid atá tarlaithe do Mhargaretta mídhaonna agus gan chiall. Seo bean 79 bliain d'aois atá lag go leor agus nach bhfuil i mbarr a sláinte. Níl aon baol inti do shlándáil an Stát agus is fimínteacht den chéad scoth on stát atá ann coirpeach a dhéanamh di de bharr a cuid gníomhartha frith-chogaíochta.

Bhí gach cineál coiriúlacht agus caimiléireacht ar bun sa tir seo ag baincéirí, forbróiri agus daoine gairmiúla eile le fada, a chosain na billiúin ar an stát seo. Níor cúisiodh aon duine acu sin sna cúirteanna, ná níor chaith siad oíche ar bith sa phríosún go fóoill.

Ach, tá gníomhaí síochána aosta, a bhfuil an galar Parkinson's ag dul di, a chuireann i gcoinne míleatú aerfort sibhialta, caite i bpríosún ar feadh trí mhí.

Ba chóir do gach pháirtí Rialtais gníomhú le cinntiú go scaoiltear Margaretta D'Arcy saor láithreach. 

2.1.14

Mar a cuireadh deireadh le saontacht earnáil na h-uathoibríochta.

Seo nótaí don chaint a tugadh ag An Roth, fo-ghrúpa de chuid Innealtóirí Éireann (Cumann na n-Innealtóirí), i mí na Samhna seo caite ina ceann ceathrú i mBaile Átha Cliath. (19/11/2013) Tá an léiriú "Power Point" anseo i bhfoirm pdf!

Uaithoibriú
Baineann uathoibriocht go speisialta le tomhas, monatóireacht agus córas rialaithe i próiseas tionsclaíoch, déantúsaíocht agus earnáil eile mar uathghluaisneach, iompair, nó chursaí timpeallachta.

Truilliú
Ó thosaigh daoine ag úsáid ríomhaire ag deireadh na seachtóidí agus an idirlín ag tús nó i lár nochadaí níor thóg sé an iomarca ama fadhb a aimsiú, rud ar a tugadh “truailliú” air agus nuair a bhí ríomhaire, nó chun an fhirinne a rá, nuair a bhí an bogearraí trulaithe ní raibh an úsáideoir an clár nó chuid den chlár a úsáid.

Uaireanta bé rud inmheanach sa chlár a bhí ann, ach d’éirigh said siud níos fearr diaidh ar ndiaidh agus is annamh anois a thárlaíonn triúliú mar sin sna chláracha proifisiunta. Mar sin is rud mailíseach a bhíonn ann anois a faightear anois agus is ceart eínne atá ag úsáid riomhaire, go mór mór má tá sé ceangailte leis an idirlín coras cosanta éigin a úsáid.

Is minic a thagann sé mar turscar i r-phoist.

Neart & Laige
B’shin neart agus laige na chorais uathoibriochta. Mar aon leis sin ceapadh toisc sofaisticiúlacht agus uathúlacht bog-éarraí uathoibriochta ceapadh nach raibh dainsear ar bith ó thaobh triúliú de! Ní raibh baint ag an proiséas le h-aon chóras taobh amuig de.

Bhí gach rud togha!

Ach ní mar a shíltear bítear!

Lúb Rialúchán
Breathnóidh muid ar ceard is Lúb Rialúchán ann.
Go simplí tá trí chodanna ann.
Braiteoir
Braiteoir, a deineann tomhas, teocht, brú, sreabhadh, pH 7rl

Rialtán
Tagann comhartha de short éigin uaidh sin agus uaireanta ní féidir leis an rialtán é a thuiscint. Mar sin tá gá le trasduchtóir leis an comhartha a dhéanamh ina oiriúint dó. Sa rialtán tá luach tagartha réamh-shocraithe réitithe.

An Eleimint Rialtán Deireannach
Má tá an paraiméadar ró árd nó ró íseal tagann órdú amach ón réaltán chuig an rialathóir a osclaíonn nó a dúnann an chomhlá nó lasc. Nó d’fhéadfadh se inneal a rith sciopadh nó mall, nó gaothrán a chuir ar siúil – an chuid féidireachta ann.

Forbairt
Ní raibh aon áit don ríomhaireacht traidisiúnta sna cúrsaí sin go dtí deireadh na seascaidí. Níor bhain bogearraí ar bith leo agus d’fhan cúrsaí ríomhaireachta taobh amuigh ag na cuntasóirí. Ach bhí rudaí ag athrú. I measc na rudaí a thárla le rudaí a athrú ó bhun go bar i gcúrsaí uathoibríochta tá spástaiscéalaíocht ó na caogadaí agus an ríomhaire pearsanta, dár liom, go mór mór an obair a rinne Apple ó thaobh cruthaíochta de. Béim ar chursaí cuntasaíochta a bhí ard Microsoft dírithe. Cruthaigh an ideardhealú sin fadhbeanna níos déanaí.

Leis an treallamh íontach seo ina n-oifig acu theastaigh eolas ó na bainisteoirí (nó na “suits” mar a glaotar go díspeagúil!). Bhí figiúrirí cuntasaíochtaí acu ón oifig ach ní raibh eolas acu ó urlár na monarchan. Agus b’shin an chéad céim eile. Diaidh ar ndiaidh bhíodar i ndán níos mó eolas agus níos mó chumachta a bheith acu ar cad a bhí ag tárlúint sa phroiséas. Nó mar a déarfadh na h-innealteoirí bhí an bua ag na suits!

Chuir an obair a rinne NASA agus an Rúis le sofaisticiúlacht na cláracha agus d’oscail sé súile tionsclaíochta an domhain. Chuir an obair a rinne Apple, Microsoft agus níos déanaí na cumhlaíochtaí eile, HP, Dell agus eile an ríomhaire ag méaracha an ghnáth duine agus ar bhínsí stuirtheoirí chomhlachtaí.

Scartha?
Ansin tháinig an idirlín, agus anois tá ríomhaire ag gach éinne beagnach agus iad ceangailte le chéile. Thuig daoine go raibh dainséar ó viris agus dioscaí inscríofa uair amháin il-inléite (WORM) agus go bhféadfadh triuliú teacht isteach ar line. Mar sin bhí an proiséas agus aon ríomhaire a bhí ceangailte leis an bproiséas scartha ón idirlín.

Glaotar an "bearna aer" ar seo!

Ach níorb leor san mar bhí an chóras ríomhaireachta agus an bealach a úsáidtear é ag athrú go tapaidh.

Foghlaim fhionnachtanach
Comhlucht é Symantec a cabhraíonn le comhluchtaí agus eagraíochtaí iad fhéin a sabháil ó ionsaithe agus baolacha eile. Táid de shíor ag scrudú na hionsaithe agus na bealaí nua atá á úsáid ag brádaí agus eile.

I 2009 fuair chomhlacht dheisiuncháin riomhairí sa Chasacstáin ríomhaire le deisiú ón Iráin. D’aimsíodar ionfhabhtú aisteach nár athníodh said.

Nuair a rinne Symantec staidéar air seo d’aimsigh beirt sa chomhlacht Traíoch (Trojan) nua leis an ainm Stuxnet. Níor thuigeadar a tabhacht go dtí mí Iúl 2010.
Eric Chan & Liam Ó Murchú
(Pic ó chlár Horizon an BBC )

B’iad Eric Chan agus Liam Ó Murchú (Éireannach – mac leis an Liam Ó Murchú a bhíodh in RTÉ), an beirt agus diaidh ar ndiaidh d’aimsíodar gur traíoch leithleach a bhí i Stuxnet agus thuigeadar cé chomh éagsúil is a bhí sé. B’é an chéad uair a díríodh péist ar córas uathrialaithe tionscailíochta go bhfios dúinn.

Bhí soiléir nach clár amaitéarach a bhí inti ach clár sofaisticiúil proifisiúnta a bhí dírithe ar sprioch faoi leith.

Bhí Stuxnet thar a bheith casta agus neamhghnách - mar bhí sé ciúin mura raibh sé ar ríomhaire de chineál áirithe. Bhí sé dírithe ar rialatheoraithe in-ríomhchláraithe (PLC) Siemens agus diaidh ar ndiaidh thuig siad go raibh sé dírithe ar fhóntas faoi leith, gléasra núicléach san Iaráin. Rinneadh amach ar deireadh gurbh dócha gurbh iarracht a bhí ann córas núicléiche na hIaráine a scrios - tríd na gléasanna stiúrtha a chuir as feidhm. Ar bhealach thar a beith simplí - na hinneall a chuir ag casadh ró ghasta ar feadh seal, ansin ró mhall. Arís is arís eile. Bhí níos mó ná 59% de na h-ionsaithe sa tír sin agus rinne sé preaseach de níos mó ná 1500 lártheifneoirí san áit!

Ach bhí an proiséas sa bhfóntas seo ina iomlán aonraithe, sé sin ní raibh sé ceangailte leis an idirlín.

Mar sin conas ar éirigh leis teacht isteach sa phroiséas?
Scéal Stuxnet (Brú len éa dhéanamh níos mó)

An-shimplí, agus bhí sé soiléar ón scrudú a rinne Chan agus an Murchach: méaróg chuimhne! Ach bhí sé ró dheireannach nuair a tuigeadh seo agus bhi bosca Phandóra oscailte.

Bhí na déantúsóirí treallamh íontach mall ceacht Stuxnet a fhoghlaim. I rith na blianta ina dhiadh san tá trí nó ceithre chinn eile aimsithe mar atá Duqu (Mac Stuxnet!), Shamoon, Flame agus níl amhras ann ach tá tuile le teacht.

Tá ceacht le foghlaim anseo ní h-amháin ag lucht na h-uathoibríochta ach ag gach earnáil agus ag gach éinne a úsáidíonn bog-earraí ríomhaireachta. Bímís aireach mar sin!