20.11.12

Comóradh ar éagóir Mhám Trasna 1882


Beidh ócáid chomórtha ar siúl i nGaillimh i lár mhí na Nollag mar ómós do Mhaolra Seoighe, a cuireadh chun báis go héagórach 130 bliain ó shin. Ciontaíodh é as a bheith páirteach i ndúnmharú teaghlaigh i Mám Trasna ar theorainn na Gaillimhe agus Mhaigh Eo sa bhliain 1882: crochadh agus cuireadh é ar láthair phríosún na Gaillimhe san áit a bhfuil Ardeaglais na Gaillimhe anois.
Ceantair Mhám Trasna (Pic: SÓ Mainin)
Fear Gaeltachta gan Bhéarla a bhí ann ach ní raibh aon Ghaeilge ag an dlíodóir nó ag na h-abhcóidí a bhí á chosaint os comhair cúirte i mBaile Átha Cliath. Ní raibh aon Ghaeilge ag an mbreitheamh ná ag baill an ghiúiré agus níor thóg sé ach faoi bhun 6 nóiméad orthu teacht ar chinneadh go raibh sé ciontach. Rinneadh neamhaird dá fhianaise i nGaeilge, coinníodh siar ón gcúirt fianaise a chabhródh lena chosaint agus thug brathadóirí fianaise bhréige ina aghaidh.

Beidh an ócáid chomórtha ina ómós á heagrú i bpáirt le chéile ag Oifig an Choimisinéara Teanga, Músaem Cathrach na Gaillimhe (Béarla) agus Conradh na Gaeilge. Fógraíodh eolas faoin ócáid inniu (20 Samhain 2012) cothrom an lae 130 bliain ó shin ar cuireadh deireadh le triail Mhaolra Seoighe agus ar gearradh pionós an bháis air i gCúirt Shráid na Faiche i mBaile Átha Cliath.

Beidh an ócáid ómóis ina thaca d’fheachtas atá ar bun sa Bhreatain ag roinnt ball de Thithe na Parlaiminte ansin faoi cheannaireacht na dTiarnaí Alton agus Avebury tabhairt ar údaráis na Breataine anois féachaint athuair ar chás Mhaolra Seoighe agus a fhógairt go raibh iomrall ceartais i gceist agus gur go héagórach a ciontaíodh agus a cuireadh chun báis é.

Uaigh Mhaolra Seoighe
Beidh gnéithe difriúla sa chomóradh atá beartaithe ar Mhaolra Seoighe Dé Sathairn an 15 Nollaig 2012, cothrom an lae go díreach ar crochadh é, 130 bliain ó shin. Beidh Aifreann ina chuimhne san Ardeaglais agus bláthfhleasca á leagan ar an áit ar crochadh é agus a bhfuil sé curtha faoin tarmac sa charrchlóis in aice na hArdeaglaise. Beidh siompóisiam i Músaem na Cathrach agus imeasc na gcainteoirí beidh an staraí, an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh; an Tiarna Alton ón mBreatain, arbh as Tuar Mhic Éadaigh dá mháthair; agus Johnny Joyce ó Bhaile Átha Cliath, duine de shliocht na Seoigheach a dúnmharaíodh i Mám Trasna agus as ar ciontaíodh Maolra Seoighe. Beidh taispeántais, léitheoireacht as sleachta stairiúla agus scannán de chuid RTÉ faoi Mhám Trasna mar chuid den ócáid freisin agus imeachtaí eile a bheidh le fógairt amach anseo.

Tá an clár i bhfoirm pdf le fáil anseo.

Dúirt an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, go raibh cás Mhaolra Seoighe ar cheann de na léirithe is suntasaí agus is truamhéalaí dá raibh riamh ann ar shéanadh ar chearta teanga. “Tráth a bhfuil cearta teanga an phobail daingnithe le dlí anois, níor cheart dearmad a dhéanamh ar chásanna cosúil le cás Mhaolra Seoighe, a léirigh gur dheacair cothrom na Féinne a fháil an uair sin faoin dlí gan Bhéarla”. Mheabhraigh sé an méid a tuairiscíodh a dúirt Maolra Seoighe féin agus é á thabhairt chuig crann a chrochta: “Feicfidh mé Íosa Críost ar ball beag –crochadh eisean san éagóir freisin.”

Dúirt Breandan Ó hEaghra ó Mhúsaem Cathrach na Gaillimhe go raibh áthas ar an Músaem a bheith páirteach sa chomóradh seo. “Cuid de stair na cathrach, an chontae agus na tíre é an méid a tharla do Mhaolra Seoighe. Ar nós aon mhúsaeim, tá ról tábhachtach againn i meabhrú na staire don ghlúin reatha agus do chaomhnú na gcuimhní do na glúnta atá le teacht” a dúirt sé.

Dúirt Peadar Mac Fhlannchadha ó Chonradh na Gaeilge gur dheacair a shamhlú anois an éagóir a rinneadh ar Mhaolra Seoighe agus ar dhaoine eile a chaith blianta i bpríosún as dúnmharuithe Mhám Trasna. “Tharraing an cás Gaeltachta seo raic a mhair ar feadh na mblianta i bParlaimint Westminster agus bhí sé ar cheann amháin de na cúiseanna gur thit Rialtas Liobrálach William Gladstone in 1885nuair a thacaigh na teachtaí Éireannacha faoi cheannas Charles Stewart Parnell leis na Tóraithe faoi cheannas Randolph Churchill.”

As an ochtar a ciontaíodh as dúnmharuithe Mhám Trasna, crochadh triúr ach glactar leis go coitianta go raibh duine amháin acu sin, Maolra Seoighe, neamhchiontach. Cuireadh pian seirbhís saoil ar an gcúigear eile agus bhásaigh beirt acu i bpríosún. Tuigtear go raibh ceathrar de na príosúnaithe neamhchiontach freisin. As an triúr a mhair, scaoileadh saor beirt deartháireacha agus nia le Maolra Seoighe, nuair a bhí fiche bliain príosúin déanta acu i 1902.

De réir na staire agus na dtaifead oifigiúil, áfach, ba dhúnmharfóirí iad ar fad.

Fógrófar mioneolas faoin gcomóradh sna seachtainí romhainn.

16.11.12

Ceiliúradh 40 Bliain RTÉ Radio na Gaeltachta



Tiocfaidh laochra an tsean-nóis le chéile i gcathair na Gaillimhe oíche Shathairn seo chugainn, 24 Samhain, ag ócáid atá a eagrú ag Club Áras na nGael mar chomóradh ar bhunú Raidió na Gaeltachta 40 bliain ó shin.

Bheartaigh an Club nasc a dhéanamh idir chomóradh Raidió na Gaeltachta agus an amhránaíocht ar an sean-nós mar aitheantas ar thábhacht an Raidió i gcur chun cinn an tsean-nóis sa tréimhse sin.

Is í Treasa Ní Cheannbháin a bheidh mar bhean an tí don oíche agus i measc na haíonna a bheidh sa Chlub beidh laochra Iorras Aithneach, Johnnie Mháirtín Learaí Mac Dhonnchadha, Joe John Mac an Iomaire agus Josie Sheáin Jeaic. Ar ndóigh is iomaí amhránaí eile a bheidh i láthair chomh maith agus tá oíche den scoth geallta.

Beidh neart ceoltóirí le cloisteáil chomh maith agus cuirfear tús leis an tsiamsaíocht ag 9.30i.n.

15.11.12

An bua ag clocha Chonamara!

D'éirigh le Cuan nua Chill Rónáin an chéad duais a fháil mar an Tógra Innealtóireachta na Bliana 2012.  Is tré vótáil ar líne a roghnaíodh an tógra seo faoi choimirce BSL agus á stiúradh ag Cumann na nInnealtóirí. B'iad Punch Consulting (Béarla) as Dún Laoghaire a rinne an déaradh agus an taighde innealtóireachta agus timpeallachta.
An caladh á thógáil
Ar bhealach d'fhéadfá éacht inealtóireachta a thabhairt ar an scéim seo. Ní raibh cead clocha ón oileán féin a úsáid agus mar sin is ó Chonamara a tháinig siad. Is cuimhin liom na leoraithe móra ag gluaiseacht go trom agus an talamh ag crith futhu ag trial go Ros a'Mhíl. Is oth liom a rá gur briseadh gaothscáth an sean-charr s'againne le cloichín fánach a shaor ceann de na leoraithe ón mbóthar. Ach sin scéal eile!

Bhí costas an mhór ar an tionscadal de breis is €39m ach is fiú go mór gach pingin leis an feabhas atá ar shaol pobal Inis Mór. Anois tá caladh mór atá sabháilte ón dian-fharraige agus stoirimeacha Atlantach agus a thugann fothain do bháid agus réadmhaoin eile muintir Chill Rónáin. Scéim ollmhór atá ann agus clúdaíonn an calafort nua acair atá chomh mór le dhá oiread Pháirc an Chrocaigh. Tá an tonnchosc leath ciliméadar ar fháid.

Dúradh ag an tiolcadh san Ostán 4Seasons (Béarla) i mBaile Átha Cliath go bhfuil saol na ndaoine feabhsaithe cheana féin ag an gcaladh nua.

14.11.12

Féilscríbhinn do Chathal Ó Háinle!

Tá Féilscríbhinn do Chathal Ó Háinle, ceann de na leabhair Ghaeilge is mó riamh, le foilsiú i mí na Samhna 2012.

Feileann leabhar mór do Chathal Ó Háinle, Ollamh Emeritus le Gaeilge i gColáiste na Tríonóide. Tá sé aitheanta mar dhuine de scoláirí móra na Gaeilge ón am a d’fhoilsigh sé a chéad alt acadúil leathchéad bliain ó shin. Ceiliúradh is ea an leabhar seo ar a bhfuil déanta aige do léann na Gaeilge ón am sin i leith.

Tá breis is míle leathanach ann agus breis is daichead alt ardchaighdeáin le saineolaithe ar mhórán chuile ghné de shaíocht na Gaeilge, ó ré na Sean-Ghaeilge anuas go béaloideas ár sinsear agus go litríocht an lae inniu. Tá na hailt go léir as Gaeilge, le péire acu as Gaeilge na hAlban.

Beirt léachtóirí i Roinn na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide – Eoin Mac Cárthaigh agus Jürgen Uhlich – a chuir an leabhar in eagar. Tá sé á fhoilsiú ag An Clóchomhar / Cló Iar-Chonnacht.

Deir Damian McManus, Ceann Roinn na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide, “Táim thar a bheith sásta go bhfuil an leabhar breá seo á fhoilsiú. Léiríonn sé an t-ardmheas atá ag lucht léinn na Gaeilge ar an Ollamh Ó Háinle. Is maith atá an t-aitheantas seo tuillte aige.”
Bhí slua mór de phobal na Gaeilge i láthair i gColáiste na Tríonóide Déardaoin 22 Samhain nuair a seoladh ceann de na leabhair Ghaeilge is mó riamh, Féilscríbhinn do Chathal Ó Háinle.

11.11.12

Muic ag eitilt?

Dúradh ar RTÉ ar maidin go mbeadh sabháilt de leath milliún Euro tré tosú ar vótáil sa Reifreann ag a naoi ar maidin. Is maith an rud é sin.

Dleathach
Ní deirtear linn cé tá chun an €1.1m a caith an Rialtas go mí dleathach a íoch thár n-ais chuig poball na tíre. Cé go raibh roinnt a cheap go raibh sé mídleathach an labhrán agus suíomh a fhoilsiú ag aon Ranna Rialtas ar an ábhar, go mór mór nuair atá Comisiúin dleathach ag obair ar an obair céanna agus a cosnaíonn níos mó na €1m chomh maith.

Mídleathach
Rinne an Cúirt Uachtarach breithiúnas ar an gcás (Béarla) ar an nDaoirdaoin agus bhí ar an Rialtas an suíomh idirlíon a dhúnadh. Níorbh fhéidir leo aon rud a dhéanamh faoin labhrán claonta nó faoin mbutún atá ar leathannach naoi den labhrann (Leath 8 sa leagan Bearla) nó faoi na fógraí aontaobhach a bhí sna nuachtáin.

Beidh an breithiúntas iomlán á fhoilsiú ag an gCúirt ar ball agus ansin feicfidh muid cé tá chun an aisíoch a dhéanamh, nó mar a dúirt duine éigin ar twitter "pigs might fly!"

Is cinnte áfach go chuir cinneadh na Cúirte isteach ar an méid daoine a bhí sásta teacht amach le vótáil.