28.7.10

Buíochas!

Fuair mé glaoch gutháin ó mo dheartháir go luath ar an Aoine seo chaite le nuacht ar thimpist a bhí ag ár máthair. Is cosúil gur thit sí agus bhris sí a cromán. Anois mar a roinn mé libh roimhe seo tá aois aon bhliain deag agus ceithre scór uirthi agus chomh maith leis sin tá an intinn, nó bfhéidir gur fearr a rá, a cuimhne, beagnach imithe ar fad. Tá fhios aici go bhfuil aithne aici orainn ach níl tuairim dá laghad aici cé muid!

Tógadh chuig Oispidéal Thamhlachta (Bearla) í ar timpeall a dó ar mhaidin Dé hAoine in otharcharr. Níor fágadh ró fhada san Aonad Timpistí agus Éigeandála ann agus ligeadh isteach i bharda taobh istigh de chupla uair a chloig. Bhí an cromán briste agus duairt na dochtúirí go raibh sé coitianta go leor mar thimpist agus nach raibh sé ró neamh-ghnach mar gnáthamh é a laigheas. An t-aon deachtaireacht a bhí ann ná nach raibh sí i ndán a thuiscint céard a bhí ar siúil, nó conas comhoibriú leis na saineolaithe len í fhéin a fheabhsú í ndiaidh an obráid.

D'éirigh go maith leis an obráid, buíochas le Dia, agus anois tá sí faoi churam an fhisiteiripeora. Tógfaidh sé tamall!

Táim á scríobh seo chun moladh mór a thabhairt don Oispidéal seo. Ní fhéadfadh na ailtirí, na duchtúirí, nó an foireann ar fad a bheith níos fearr, níos cinealta, níos tuiscine do mo mháthair nó dúinne, a clann. I ndairíre bhí íontas orainn tar éis an méid sin ghearáin a deintear faoin sheirbhís sláinte - agus chun an fhirinne a rá bhí an-eagla orainn mar bhí deachrachtaí againn le hoispidéal eile cupla bliain ó shin. Ach sin scéal eile.

Tá mé chun dul go Baile Átha Cliath ag deireadh na seachtaine arís len í a fheiscint ach buíochas le Dia níl imní ar bith orainn faoin churam atá á thabhairt dí ag Oispidéal Tamhlachta.

Molaim iad.

21.7.10

Euro eile!

Tá an méid sin caint faoi an Euro a bheith lag, go mór mór sna nuachtáin Sasanach, a léitir go ró minic in Éireann. Ach tá mé ag ceapadh go bhfuil a Euro anseo go deo agus nach íontach an rud é gur féidir le daoine i sé tíortha déag comparáid a dhéanamh le praghasanna sna tíortha eile gan céim matamaitice a bheith aige nó aici.

Anois feicim go bhfuil an seachtó tír déag ag teacht isteach sa chlub. Athróidh an Eastóin ón krooni an 1 Eanáir 2011, is beidh sí ar an 17ú tír a tháinig isteach i limistéar an euro.Dár le ráiteas le déanaí ó Choimisiúin na hÉorpa, (atá in nGaeilge dála an scéal - Irish government please copy!!!!!) d'aithin siad "gur chomhlíon an Eastóin na coinníollacha uile chun an comhairgeadra Eorpach a ghlacadh."

Tír beag í an Eastóin, le daonra de 1.2 milliún. Mar sin méadóidh an Eastóin daonra an euro go 330 milliún. Tíortha eile a ghlac le blianta beaga anuas é ab ea an tSlóvaic in 2009, an Chipir agus Málta in 2008 agus an tSlóivéin in 2007.

18.7.10

Ar an tra bhán

Chuamar ar siúlóid inniú i gCeantair na nOileán síos chomh fada le céibh na Trá Báine. Bhí an lá go h-álainn agus ghlac mé pictiúir den leacht cuimhneacháin den ceathrar a fuair bás sa bhfarraige chrua fadó.

Seo leagan d'amhrán na Trá Báine faoin dtragóid usfásach sin. Scríodh an amhrán seo ag a ndeirfúir a chuaigh ar imirce go Meiriceá.

Mo mhíle slán leat a Éirinn bhocht, is breá an rud é an t-earrach fhéin;
Níl caint ar obair bosannaí, ná rud ar bith mar é;
Seal ag tarraingt fheamainne, a' cur fhataí 's a' baint fhéir.
Níl fear ar bith, dhá bhoichte, nach bhfuil feilm aige fhéin.

Mo mhallacht ar na currachaí 's mo bheannacht ar na báid;
Mo mhallacht ar na currachaí atá thall insa Trá Bháin
A bhain mo cheathrar deartháir díom a raibh an fheilm acu ann.
Nach cuma leis an gCeallach é ó 'sé fhéin atá ina n-áit.

'S faraor géar nár cailleadh mé lá a baisteadh mé go hóg,
Nuair a fágadh i mo chadhain aonraic mé gan feithide an bhéil bheo
Níl deartháir a'am 's níl deirfiúir a'am 's níl mo mháithrín beo;
Tá m'athair bocht lag goilliúnach 's a Chríost, cé hionadh dhó.

Agus shoraidh dhíbhse, a dheartháireachaí, nach dtagann sibh i dtír;
Chaoinfeadh mná an bhaile sibh a gcleamhnaithe 's a ngaol;
Chuirfí cónraí geal' oraibh amach ó láimh an tsaoir;
Ní bheadh sibh dhá bpocáil idir farraigí ná dhá gcur ó thaobh go taobh.

Agus d'fhágadar an caladh againn ar maidin leis an lá.
Dia linn agus Muire! 'siad an triúr a chuaigh sa ngábh;
Níl blas ar bith dár cheannaíodar nach dtáinig dhon Trá Bháin;
Tháinig na maidí ar an duirling 's an curach ar an trá.

'S báitheadh Seán 's Peadar orm, bhí cathú agam ina ndiaidh,
Báitheadh deartháir eile orm, ó, Máirtín fadó ariamh.
'Sé Micil bocht ba mheasa liom dhá bhfaca mé ariamh
Ach mo mhallacht don tonn bháite, 'sé a d'fhága mé ina ndiaidh.

Nach é an Ceallach a bhí náireach nach labhródh sé le Bríd;
Chaith sí seacht seachtaine i stór na ragannaí
Níor chleachtas mhór é sin uirthi dhá mbeadh a muintir cruinn;
Ó bheadh sí ag baint na carraigín 's á triomú leis an ngaoth.
Leagan d'Amhrán na Trá Báinne a chas Seosamh Ó hÉanaí (Joe Éinniú)

12.7.10

Bás Sheáin


Bhí mé ar an mbus ó Bhaile Átha Claith inné nuair a rinne mé iarracht breathnú ar facebook ar an bhfón. Tá mo chuid méaranna ró-thuatach le daighleáil le HMI (Béarla = Human Machine Interface nó Idirphlé Gléas Daonnach?) ar an bhfón céanna. Ar an ocáid san d'éirigh liom.

Chonaic mé teachtaireacht ó duine de mo cháirde, Scott de Búitléar, ag rá "RIP Seán - Ar lámh dheis Dé a anam." agus nasc ann chuigh Nuacht 24 ar a raibh mír ann faoi bhás Sheáin Uí Leachtnáin, nó mar a ghlaotar níos minicí "Séan Dublin Bay Loftus!"

Fear lách, cúthaileach, ionraic, stuama, a d'oibrigh i gcónaí ar bhonn prionsabail. Rud annamh i gcúrsaí polataíocht i dtír ar bith. Cé gurb as Co Muigheó é d'éirigh leis dul ar Bhárdas Bhaile Átha Cliath agus caith sé 25 bliain ar sin bliain amháin acu mar Árd Mhéara (1995-6).

Bhí sé ar dhuine acu sin a bhí ar thús cadhnaíochta i gcúrsaí timpeallachta, an t-am nach raibh a macasamhail faiseanta. Mar aon lena fheachtas fada ar son chosaint Chuain Átha Cliath bhrúigh sé ar rialtais cás láidir a dhéanamh ar son Rockall a bheith faoi smacht na hÉireann.

Déanaimís chomhbhrón lena bhean chróga Úna, agus an clann.

Ar dheis Dé go raibh an fear uasal seo.

9.7.10

Cad é an difríocht?

Is mallacht mór í an galar ailse.

Deirtear linn go bhfuil mór bhaint ag caitheamh tabac leis an galar ailse. Tá feachtaisí móra ag iarraidh ar dhaoine deireadh a chuir leis an nós sin chun stop a chur le leathnú an ghalair seo. Tá dlithe in an-chuid tíortha le cosc ar an méad áiteanna in ar féidir tobac a caitheamh. Is féidir cúrsaí traenála fháil chun cabhrú leat éirí as an nós. Tá na feachtaisí seo go léir béimithe ar athrú stíl maireachtála, an stíl marachtála a deireann go bhfuil sé faiseanta tobac a caitheamh. Féach mar shampla ar an feachtas sa bhFrainc a lúann Áine ina blag faoin dtideal “Sclábhaí nó Saorthoil?” le déanaí.

Is mallacht mór í an galar SEIF (siondróm easpa imdhíonachta faighte).

Níl amhras ar chonas a faightear an galar seo. Agus cad é an lagheas a moltar? An bhfuil feachtas ar bith ann a mholann athrú ar ár stíl maireachtála? Bhfuil éinne ag moladh gan gnéas a bheith agat le héinne seachas do phairtnéir fhéin? Bhfuil cúrsaí ann? Cad é an t-aon moladh atá go foirleathain ann?

Coiscíní!

Nach ionann san agus “tips” a chuir ar toitíní. Ní stopann sé an plá. Ní laghdaíonn sé an plá fiú. An féidir le héinne a cruthú le figiúirí go laghdíonn úsáid coiscíní tarliúint an galar úafásach seo. Tá said comh héifeachtach agus atá na tips ar toitíní.

Tá fianaise áfach go bhfuil toradh ar fheachtais a mholann athrú stíl maireachtála daoine tré stopadh a chuir le caitheamh tobac agus tarlú ailse. Creidtear é seo go foirleathan.

Tá fianaise ann go bhfuil toradh ar fheachtais a mholan athrú stíl maireachtála daoine tré stopadh gnéas le iolrach paitnéirí ar tharlú SEIF. Ní creidítear é seo go foirleathan.

Tuige an difríocht? Tá sé soiléar nach féidir le duine SEIF a fháil gan gníomhaíocht ghnéasach. Níl mé ag rá nach bhfuil éifeacht ar bith leis na coiscíní céanna sa troid i gcoinne SEIF ach tá mé ag rá go bhfuil sé mícheart an béim iomlán a chuir ortha. Agus cinnte tá galar gnéas-tarchurtha eile nach bhfuil éifeacht ar bith ag coiscíní ina gcoinne!

Ag deireadh a phíosa déanann Áine athfhriotal ar bhlag Phatrick Hayes. (Béarla) : “To buy into the claim that we cannot control ourselves is to shun responsibility for our own personal choices.’?

Sea go deimhin!

Ar eagla go ndéarfadh duine gur féidir le mí-úsáideoir drugaí go hinfhéitheach an SEIF a fháil tuigim san agus tuigim go bhfuil feachtaisí ann chun daoine a scoitheadh ó na drugaí níl na feachtaisí béimithe ar SEIF leis féin. I dtaobh na feachtaisí SEIF deirtear gan snaithid salach a úsáid. Díreach an pointe atá á dhéanamh agam.