9.8.16

Lacerta vivipara sa chistin!

Bhi cuairtoir istigh sa chistin againn inniú. Ní fios dúin conas ar tháinig sé isteach ach bhí sé ann ar an úrlár le feiscint go soiléir. Laghairt a thugann tearma.ie air. Níl ach an t-aon ceann anseo in Éirinn deirtear agus glaoghtar laghairt choiteann air.  Tugtar ainm eolaíochta "lacerta vivipara" nó "zootoca vivipara" air.
    Fuair mé amach ó shin ó scríos an píosa seo (gura maith agat a Dhónaill Uí Chnáimhsí)  go bhfuil ainm i bhfad níos deise air áfach earc luachra. Tá neart ainmneacha eile lúaite ar shuíomh phota focal.
Bhí sé timpeall sé n-orlach ar fhaid and dath donn dorcha air. Bhí sé ina sheasamh agus thaistigh ó bhean a tí go dtógfainn amach as an áit go sciopadh é. Thóg mé píosa nuachtáin agus rinne mé iarracht é a shleamhnú faoi ach ansin do rith sé uaim. Rith sé chomh fada leis an mballa agus buíochs le Dia ní raibh spás ann dó dul isteach i bpoll éigin. Bhí mé i ndán é a scúpáil isteach i sluasaidín agus thóg mé amach chuig an garraidh é.

D'fhág mé ar an mball ansin é agus d'fhan sé ansin ar feadh neomad ghearr agus ansin d'imig sé as radharc le preab.

• Tá  Iontaobhas Fiadhúlra na hÉireann (Béarla) ag déanamh suirbhé ar an ainmhí seo agus má feictear iad ag tuairisc air a dhéanamh leo.

Tuilleadh eolas faoi anseo i mBéarla.

4.8.16

Oireachtas Chois Fharraige 2016 ag céiliúradh Damhsa ar an Sean-Nós! #OirCF16


Tá sé socraithe anois go mbeidh Oireachtas Chois Fharraige ar bun thar dhá dheireadh seachtaine mí Meán Fómhair seo chugainn.



Tosóidh imeachtaí an Oireachtais ar an Aoine, 16 Meán Fómhair, le oscailt Taispeántas Ealaíne i gCasla, sa bhfoirgneamh ina bhfuil oifigí Oireachtas na Gaeilge ar an eastát tionsclaíoch de chuid Údarás na Gaeltachta.

Ar an Satharn agus ar an Domhnach, 17 agus 18 Meán Fómhair, beidh seó ilmheánach á léiriú san amharclann i Seanscoil Sailearna, rud atá curtha le chéile go speisialta ag Joe Steve Ó Neachtain, le comóradh a dhéanamh ar 1916, ach chomh maith le sin, le comóradh a dhéanamh ar bhunú Cumann Forbartha Chois Fharraige i 1966, leathchéad bliain ó shin.

Le linn na seachtaine dár gcionn beidh ceardlanna éagsúla ar bun sna bunscoileanna sa gceantar, idir scéalaíocht, drámaíocht, damhsa, amhránaíocht agus ealaín.

Damhsa ar an Sean-Nós
Déanfar Oireachtas Chois Fharraige a oscailt go hoifigiúl ar an Déardaoin, 22 Meán Fómhair, nuair a bheas oíche mhór Damhsa ar an Sean-Nós, le comóradh a dhéanamh ar an oíche a baistíodh ‘Damhsa ar an Sean-Nós’ ar an stíl damhsa aonair a bhí fós á chleachtadh ag daoine i gConamara: eagraíodh ‘Taispeántas Damhsa ar an Sean-Nós’ mar chuid d’Oireachtas na Gaeilge 1976 agus cuireadh síol an oíche sin, as a d’fhás is a leathnaigh an Damhsa ar an Sean-Nós, mar stíl damhsa ar fud na tíre agus thar lear chomh maith.

Le linn an dara deireadh seachtaine beidh neart ceol is drámaíocht sa gceantar, idir Fibín ag cur ‘Mac Piarais i bPictiúr’ ar an ardán, Aisteoirí an Spidéil ag léiriú an dráma iontach ‘Boicíní Bhóthair Kilburn’ agus Síle Denvir ag déanamh an seó ‘Caithréim’, atá bunaithe ar cheol agus amhráin an Phiarsaigh.

Coirmcheoil Mhór
Ar an Satharn, 24 Fómhair, beidh Coirmcheol Mhór na Féile ar bun in Óstán na Páirce, le scoth na n-amhránaithe is na gceoltóirí ar an ardán chomh maith le Cór Fear na nDéise agus Cór Chois Fharraige.

Tá Oireachtas Chois Fharraige á eagrú faoi choimirce Chumann Forbartha Chois Fharraige. Cosnaíonn sé go leor airgid é a chur ar bun. Tá urraíocht fáighte ó Chomhar Creidmheas Cholmcille ach seachas sin is ag brath ar shíntiúis ó dhaoine a bheas an coiste. 

Tá achainí curtha amach ag daoine ag iarraidh orthu ticéid a cheannacht don deireadh seachtaine roimhré ar an bpraghas €25. Duine ar bith ar mian leo síntiús a thabhairt níl le déanamh acu ach seic a chur ag Brian Ó Cuív, Teach Mór Thoir, Indreabhán, Co. na Gaillimhe.

Tá suíomh ag Oireachtas Chois Fharraige anseo ar facebook agus ar an gcóras giolcaireachta twitter anseo. Más ag tuíteáil faoi atá tú bain úsáid as an haisclib - #OirCF16


1.8.16

Ruairí Mac Easmainn - Crann fuinseoige le cur ag an gCeathrú Rua!


Beidh TG4 i lathair nuair a chuirfear crann i gcuimhne ar chuairt 1913 Ruairi Mhic Easamainn ar Chonamara ag 1.00 ar an gCeadaoin seo ag Aras Ui Chadhain ar an gCeatharu Rua.

Tabharfaidh Cumann Liam agus Thomáis Uí Fhlaithearta chun cuimhne an saothar a rinne Ruairí Mac Easmainn ar son na hÉireann agus an cúnamh a thug sé do ghasúir scoile ar an gCeathrú Rua nuair a chuirfear crann ina onóir ar an mbaile sin ag a 1p.m. ar an 3ú Lúnasa. Sin é cothrom an lae ar chuir Impireacht na Breataine chun báis é.

Ruairí Mac Easmainn le John Devoy 2014
Sa mbliain 1913 thug Mac Easmainn cuairt ar Chonamara agus chuaigh sé isteach i gcuid de scoileanna an cheantair. Bhí Scoil Náisiúnta na Ceathrún Rua ar cheann acu. Scríobh sé cuntais ina dhiaidh sin ar an mbochtaineacht a chonaic sé. Bhí an cás chomh dona, a dúirt sé, le rud ar bith a bhí feicthe aige sa gCongó ná i measc na nIndiach Putumayo le bruacha na hAmasóine. Chuir sé ciste airgid ar bun le lón a chur ar fáil chuile lá do dhaltaí Scoil Náisiúnta na Ceathrún Rua. Ar na dreamanna a chuir airgead sa gciste bhí comhlacht Chadbury—lucht déanta na seacláidí.

A dtógaint ón gcúirt i Londain!

Ba iad Patrick agus Jane Tubridy an dá mhúinteoir a bhí sa scoil ag an am—sin-seanathair Ryan Tubridy, RTE, agus a bhean. Scríobh Jane Tubridy chuig Mac Easmainn ag glacadh buíochais leis faoina chúnamh. Ar sise: “No one but an eyewitness can fully realise the depth of their poverty. It is touching in the extreme to see them coming in, many of them half-naked, to partake of the daily meal.”

Is í Mairéad Mhic Dhonncha atá ina Príomhoide ar Scoil Mhic Dara na Ceathrún Rua anois. Dé Céadaoin, , an 3 Lúnasa, cuirfidh sise crann fuinseoige san áit a raibh an bhunscoil nuair a tháinig Ruairí Mac Easmainn an bealach i 1913. Ar an suíomh sin atá Áras Uí Chadhain inniu.

Is fiú a lua go raibh baint ag Ruairí Mac Easmainn le Árainn freisin, le Liam agus le Tomás Ó Flaithearta go háithrid.. Thug sé cuairt ar Scoil Náisiúnta Fhearann an Choirce agus bhronn sé leabhra ar Thomás Ó Flaithearta a bhí ina dhalta sa scoil ag an am.

Beidh fáilte roimh chuile dhuine ag plandáil an chrainn cuimhneacháin ag 1p.m. Dé Céadaoin, 3 Lúnasa 2016.

Tuairisc i mBearla faoin ocáid san Galway Advertiser 28 Iúl 2016

Edward - m'uncail agus Máirín - mo dheirfiúr!

Mé ag smaoineamh ós árd ar cheist chasta!

Tá sean bhíobla mo shean-mhuintir sa teach againn. Tá sonraí faoin gclann, pósadh mo shean athair agus mátthair (tús 1907) agus na dátaí a rugadh na deich bpáistí a bhí acu - idir 1907 (Mí na Nollaig) agus 1921. Ansin tá dátaí bháis breactha isteach ann leis chomh fad le 1936 nuair a fuair mo shin-sean mháthair Mary bás.

Chuir mé spéis faoi leith i iontráil amháin. Sílim go bhful sé spéisiúil agus plé á dhéanamh ar Aisghairm Alt 8 den bhunracht. I mí Deireach Fomhair 1921 rugadh Edward, an duine is óige sa chlann ach ansin idir lúibíní tá an focal "stillborn!"(marbh-bheirthe). Ní raibh m'athar féin ach trí bhliain d'aois nuair a thárla seo agus ní raibh cuimhne ar bith aige air cé go raibh fhios aige gur thárla sé. Gurbh é a dheartháir a rugadh marbh é! Deirtear sa chlann gur duine é cé gur rugadh é gan beatha ar bith ina chorp bheag.

Rugadh deirfiúr dúinn féin i mí Iúl 1952. Máirín Olivia a tugadh uirthí mar rugadh ar fhéile Oilibhéir Beannaithe ag an am í. Ní raibh seans ar bith aici saol iomlán a caitheamh agus bhi a fhios san ag mo thuismitheoirí sular rugadh í. Ach is cuimhin linn sa chlann uirthí i gcónaí cé nach raibh sí linn ach dhá seachtain déag. Ní raibh seans dá laghad go mairfeadh sí. Fiú ina sean-aois bhíodh cuimhne air mo mháthair ar an naíon óg, ar Mháirín.

Tá mé ag inseacht na scéalta seo mar bhí litir i nuachtáin éigin i rith na seachtaine ag rá nach ionann beatha duine sa bhroinn agus duine beirthe (a máthair sa chás seo). Ar bhealach bhí an scríobhnóir ag rá nach duine é nó í an té sa bhroinn. Ní féidir liomsa é sin a creidiúnt agus sin an fáth nach féidir liom vóta a caitheamh a tabhrafadh an cumhacht sin d'éinne deireadh a chuir le saol daonna sa bhroinn - ar chúis ar bith. Níl mé ag rá gur ionann an beatha atá sa mbroinn agus an beatha atá taobh amuigh dí - tá sé difriúil agus tá sé spleach. Nuair a rugadh mo dheirfiúr bhí sise spleach go dtí go bhfuair sí bás - níor smaoinigh éinne ar deireadh a chuir lena saol, sa bhroinn nó taobh amuigh di.  I ndairíre nach bhfuil muid uileag spleach ar bhealach go dtí go mbíonn muid fásta?

Ag an am céanna tuigim leis gur uafásacah an rud é don máthair agus don athair nuair a thárlaíonn tubaist mar seo agus tá dualgas láidir orainn go léir pé cúnamh gur féidir a thabhairt a thabhairt. Tá sé crua agus níos mó ná sin tá sé éasca é a rá nó a scríobh agus tuigim san. Chomh maith le sin tá sé soiléir nach dtugann an Stáit nó na hÉaglaisí cúnamh ceart do na máthaireacha.

Munar féidir le h-éinne a rá liom nách duine daonna atá sa bhroinn ní féidir liomsa a chreidiúnt nach marú duine daonna atá sa chríochniú bheatha nó ginmhilleadh seo.

Agus seo á scríobh agam tá mé cinnte nach bhfuil an ceart agamsa nó ar éinne milleán a chuir ortha siúd atá ar mhalairt tuairim.  Ní ceart dúinn breithiúnas a dheanamh ar éinne. Ta mo consias fhéin agam féin ach nach ceart dom ligint do mo chomharsan a chonsias féin a bheith aige nó aici?