19.9.14

Seoladh Leabhrán Oireachtas Chois Farraige!


Bhí Tigh Giblin sa Spidéal ag cur thar maoil aréir nuair a sheol Rónán Ó DomhnaillCoimisinéir na dTeangacha Oifigiúla leabhrán ar leith atá foilsithe mar chuid d’ Oireachtas Chois Fharraige 1974 – 2014.

Sa leabhrán tá altanna éagsúla a bhaineann le Oireachtas na Gaeilge 1974, leis an sean nós chomh maith le stair áitiúil an cheantair. Chomh maith le sin tugtar sa leabhrán eolas faoi imeachtaí na féile, a bhéas ar bun an deireadh seachtaine seo chugainn.

Ina phíosa cainte ag an ocáid, dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, go mba údar ceiliúrtha é Oireachtas na Gaeilge 1974 agus an méid a baineadh amach ó shin.

Dúirt sé go dtugann na hailt sa leabhrán léargas ar an speodracht a bhain le reáchtáil an OIreachtais i gceantar Chois Fharraige dhá scór bliain ó shin agus ar an misneach a bhí ag daoine seasamh lena gcearta agus go raibh Údarás na Gaeltachta, Raidió na Gaeltachta agus TG4 mar thoradh ar na síolta a cuireadh sa tréimhse sin.

"Mar phobail Ghaeltachta,"  dúirt sé,  "Sí seachadadh na teanga ó ghlúin go glúin ceann dena dúshláin is mó atá os ár gcomhair anois agus caithfidh an stát ceannaireacht a léiriú agus a chuid féin a dhéanamh chun a chinntiú nach lagaítear an Ghaeilge sna ceantair Ghaeltachta thar mar atá sí lagaithe cheana féin!"

Dúirt sé nach bhfuil an éileamh mí réasúnach go mbeadh Gaeilge ar a dtoil ag oifigigh stáit atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta nó a chuireann seirbhís ar fáil sna ceantair sin. Tá an caint a thug sé le léamh anseo!

Ag glacadh buíochas leis an Roinn Ealaín, Oidhreachta is Gaeltachta, as tacaíocht a chur ar fáil don leabhrán, dúirt Cathaoirleach Chumann Forbartha Chois Fharraige, Donncha Ó hÉallaithe, go raibh sé níos tábhachtaí anois ná ariamh go mbeadh tacaíocht ar fáil le foilsiú irisí áitiúla sa Ghaeltacht, os rud é nach mbeidh aon nuachtán Gaeilge clóite ar fáil amach anseo. "Má tá deis le bheith ag pobail na Gaeilge sa Ghaeltacht ábhar tré Ghaeilge a léamh go rialta, is iad na hirisí áitiúla ar nós Biseach agus leabhrán bliantúil Iorras Aithneach, is fearr a chuirfidh an deis léitheoireachta sin ar fáil."

Tá an leabhrán, ina bhfuil 72 leathanach, ar fáil le ceannacht i siopaí ar fud Gaeltacht Chonamara ón lá inniu ar aghaidh ar phraghas €4.