25.1.16

Láthair Tástála na Mara.

Is minic agus muid ag dul abhaile as Gaillimh go déanach bíonn solas le feiscint amach ó gcósta idir na Forbacha agus An Spidéal.

Beidh léacht ag An Roth, i gCumann na nInnealtóirí, 22 Bóthar Cluaidhe, BÁC 4, ar Dé Céadaoin, an 27ú Eanáir, ag tosnú ar 19:30.

Ag 900,000 km2, tá achar mara na hÉireann 10 n-uaire níos mó ná achar talún féin. Tá ceann de na h-acmhainní nadúrtha is mó ar domhain againn maidir le fuinneamh in-athnuaite na mara.

Tá suíomh tástála ann, atá suite leath-slí idir An Spidéal agus na Forbacha, timpeall ar 1.5 ciliméadar amach ón chósta agus ag doimhneacht 23 méadar. Faoi cheannas Fhoras na Mara, ar na comhlachtaí atá ag baint úsáid as an suíom tástála seo, tá WaveBob agus Ocean Energy Limited.  Ón suíomh seo, tá cábla snáthoptaice ann, a théann go dtí An Spidéal.

Beidh go leor le rá faoi seo, agus na deiseanna íontacha atá ins na h-earnálacha seo leanas: muir, imshaol, teicnneolaíocht agus taighde, ag an aoichainteoir, Diarmuid Ó Conchubhair, SmartBay Ireland. (Béarla).

Tá fáilte roimh chách ann. Tá beár againn ansin, le tae, caifé agus eile. Muna féidir leat a bheith ann tá sé le bheith craolta ar líne anseo.

Seo scannán (i mBéarla) faoin dtógra:

21.1.16

Marion Gunn ar slí na fírinne!


"Is oth liom a rá libh go bhfuil ár Mharion Gunn ar slí na fírinne!" Teachtaireach lom gan coinne i mo bosca phoist anocht.

Ní raibh mórán aithne agam uirthe ach ar-líne. Rinne sí neart obair ar son na teanga agus bhí sí sáite in leagan Ghaeilge Cláracha Microsoft agus eile trén chomhlucht EGTteo.

Thug sí cead domsa trí chin dá cuid dánta a fhoilsiú ar an mblag seo.

Ceann a scríobh sí ar bhás Stephen Gately. (2009)

"Is cuma cad a deir siad
Maidir le beart is briathar
Is cuma faoina dteagasc
Linne an lá sa deireadh thiar..”

Ceann eile ar an dtubaist ar Bhothar Ghleann na Muc i mí Deireadh Fomhair 2015.

agus "Suantraí an tromluí" a scríodh i 2010 agus atá oiriúnach don lá atá inniú ann

"Tá an phoblacht sin coigistithe is Gaeil ag guí
go seasfaidh seantír ár n-aislingí,
gurb ionann í agus Éire mo chroí.”

Ar dheis Dé go raibh sí.

• Tá píosa deas scríofa ag Aonghus Ó hAlmhain futhi a thugann eolas ar an obair a rinne sí i gcúrsaí ríomhaireachta agus cló agus ar a socraid: Marion Gunn: Cloch ar Charn.

19.1.16

Ar rothar go Ros Muc!


Chuir alt Sheosaim Uí Chuaig i dTuarisc.ie siar ar bhóthre na smaointe mé.  "Ar rothar ó Ros Muc.." atá ar an bpíosa aige agus é ag caint faoi thuras Choilm Uí Ghaora soir go oithear na Gaillimhe. Turas soir chuig an Éirí amach, mar a bhí beartaithe, ach ar ndóigh, mar a déarfadh Seosamh féin, "Sin scéal eile!"

Cuireadh ar bhóithre na smaointe mé. Mí Iúl 1967 a bhí ann agus bhí mé tár éis teacht go Chonamara, go Leitir Móir, don chéad uair. Mo chéad uair i nGaeltacht ar bith agus gan ach Gaeilge briste na Ghalltachta agam - seans go bhfuil sé fós agam!

Bhí mé ag fanacht i dteach Sonny & Kate Standúin ar an Sconsa, Leitir Chaladh, ar dheis Dé go rabhadar beirt. Is cuimhin liom gur íoch mé £5.00 nó mar sin don lóistín seachtaine! Ach rinne mé cairdeas leo agus bhíodh sé de nós agam tiomáint siar ó Bhaile Átha Cliath gach deireadh seachtaine ar feadh timpeall tri nó ceithre bhliain le feabhas a chuir ar mo chuid cainte sular phós mé.

Ach ar an gcéad cuairt dom ní raibh carr ar bith agam, nó rothar fiú ach theastaigh uaim dul ar oilthreacht is dócha, go Teach an Phiarsaigh. Fuair mé iasacht rothair ó dhuine éigin agus chuaigh mé ó thuaidh. Ní chreidim anois go ndearna mé an turas sin in aon tráthnóna amháin - beagnach 30 míle - ach rinne. Ní dhearna mé turas níos faide ná 5 míle i mo shaol roimhe, ach bhí sé nach mór 30 míle go Teach an Piarsaigh agus 30 eile ar ais! Bhí an aimsir ceart go leor ach bhí báisteach trom Chonamarach, ar an turas thár n-ais ach níl aon cuimhne ar an turas a bheith fada nó aon trioblóid orm.

Shroich mé an teach agus chuigh mé tré an trí sheomra ag smaoineamh ar rud a léigh mé áit éigin. An rud a dúirt sé nuair a suí a mháthair agus Liam ag an mbórd ansin le chéile don gcéad uair. "Anois! Tá muid sa bhaile!"

Anois, agus beagnach leath chéad bliain tagtha níl dearmad deanta agam ar an gcéad uair a chonaic mé an teach beag bán agus an cnoch siar uaidh agus an loch ós a comhair. Neomad spioradálta is dócha mar ar bhealach tá croí na brionglóide ansin i gcónaí - mar a scrí sé féin ann sular fhág sé an teach don uair deireannach i mí Iúl 1915 san oráid ag uaigh Uí Dhonabháin Rosa a bhí ina phóca aige. "Chonacthas do shúile glé glana an fhir seo, agus dósan amháin beagnach ina ré, fís na hÉireann faoi mar ba mhaith linne go deimhin í a bheith – Éire saor agus fós í Gaelach; Éire Gaelach gan práinn ar shaoirse..."

Nach ndéanaimís dearmad ar an brionglóid úd!

Agus ná déan dearmad ar alt Sheosaimh a léamh chomh maith, agus, "go n-éirí an saol agus an aimsir leat!"

11.1.16

Breith agus Fás an Náisiúin! @TG4TV @ÉIRE1916

Faisnéis, drámaíocht, ceol, spórt agus eile – idir ábhar cartlainne agus nua-choimisiúnaithe, a chuirfidh le tuiscint an lucht féachana ar imeachtaí 1916, ar bhreith agus ar fhorbairt an náisiúin sna blianta corracha a lean é agus anuas go dtí ár linn féin.

Tá an chuid díospóireachta ar siúl maidir leis an dráma ar RTÉ 1, Rebellion, ag aimsir 1916. Agus seo á scríobh agam tá and dara mír thart agus ceithre cinn eile le teacht. B'fhéidir gur ceart gan mórán a rá faoi go dtí deireadh na sraithe.

Idir an dá linn tá fógartha ag TG4 a bpleannana le comóradh a dheanamh ar Éirí Amach na Cásca. Deireann ráiteas ón staisiún go bhfuil TG4 le cur lena cháil mar sholáthraí cuimsitheach ábhair a chuireann le tuiscint an lucht féachana ar ár n-oidhreacht bheo ar bhealach atá eolasach, samlaíoch, siamsúil. Agsu ag breathnú ar seo tá sé deacair é sin a shéanadh.

6-Ean :- Tom Clarke
13-Ean :- Thomas MacDonagh
19-Ean :- Erskine Childers
20-Ean :- Pádraig Mac Piarais
26-Ean :- Jim Driscoll
27-Ean :- Michael O’Hanrahan
2-Feabh :- Cumann na mBan
3-Feabh :- Joseph Plunkett
04-Feabh :- EPIC (Tús)
9-Feabh :- Ginneadóir an Stáit
10-Feabh :- Ned Daly
12-Feabh :- An Trucailín Donn
17-Feabh :- Willie Pearse
23-Feabh :- Kathleen Lynn
24-Feabh :- John MacBride
2-Márta :- Seán Heuston
8-Márta :- Frank Sheehy Skeffington
9-Márta :- Michael Mallin
15-Márta :- Deargdhúil
16-Márta :- Éamonn Ceannt
23-Márta :- Con Colbert
30-Márta :- Seán Mac Diarmada
15-Aib :- Earnán de Blaghd
Tá dhá shraithdhráma nua Gaeilge coimisiúnaithe acu don chomóradh agus an tsúil eile á hoibriú ar scéal an Éirí Amach iontu ar aon. Éirí Amach Amú is teideal do dhráma ina dtarlaíonn do thriúr fear ónár linn féin taisteal siar sa stair agus lonnú i lár an scliúchais san ardchathair ar Luan Cásca 1916. Tá an greann go smior sa tsraith seo ach dúisíonn sí roinnt bun-cheisteanna freisin.

EIPIC (tús craolta 4 Feabhra) is teideal do dhráma atá suite san am i láthair ach a bhfuil macalla láidir den Éirí Amach ann freisin. Seo scéal ghrúpa ógánach as baile beag ciúin faoin dtuath a ghlacann seilbh ar oifig an phoist lena réabhlóid cheoil féin a bhunú – agus i nGaeilge freisin.

Is fada cáil na gclár faisnéise agus staire ar TG4 agus beidh scoth an ábhair ar fáil le linn na Earraigh agus ina dhiaidh agus trácht ann ar chúlra an Éirí Amach, Chogadh na Saoirse agus Cogadh na gCarad agus ar bhunú an tSaorstáit agus ar fhás an náisiúin ó shin.

Beidh an t-ábhar seo ar fáil go rialta i dhá thráth atá tiomnaithe chuige sa gclársceideal. Gach Céadaoin ar TG4 ag 7.30pm, díreofar ar an Éirí Amach féin agus ar na pearsain a d’eagraigh é, a throid ann agus a cuireadh chun báis díreach ina dhiaidh. Ríomhtar a scéal sa dá shraith aitheanta Seachtar na Cásca agus Seachtar Dearmadta atá le craoladh an athuair - féach sa bosca.

Chomh maith le cláracha sin 1916, tá tráth rialta eile sa gclársceiceal seachtainiúil (Máirt 9.30pm) curtha in áirithe feasta ag TG4 d’ábhar a thugann léargas ar mhór-imeachtaí, croí-eagrais agus pearsain chinniúnacha i bhforbairt scéal an náisiúin.

Ina measc seo tá cás An Trucailín Donn –inar cuireadh an dlí ar Niall Mac Giolla Bhríde as Gaeltacht Thír Chonaill mar go raibh a ainm scríofa i nGaeilge aige ar a charr asail, rud nach raibh dleathach ag an am. Bheartaigh na húdaráis an dlí a chur air (an t-aon chás cúirte a throid Pádraig Mac Piarais ina ghairm mar abhcóide). Cé gur bhuaigh an Choróin an cás, bhain Conradh na Gaeilge lán-leas as an deis phoiblíochta le cás na teanga a chur chun cinn. (12 Feabhra).

Is iomaí cor i mbreith agus i bhfás náisiúin agus is minic daoine a rinne go leor ar an gcúlráid a bheith ligthe i ndearmad nuair a scríobhtar na ceannlínte. I stair na hÉireann, is annamh a thugtar a gceart do na mná a sheas agus a throid agus a d’fhulaing. Féachann Cumann na mBan (2 Feabhra) le cuid den leatrom sin a chur ina cheart maidir leis an Éirí Amach agus Cogadh an Saoirse agus rianann Kathleen Lynn (23 Feabhra) scéal mná a rinne a cion san Éirí Amach ach a shaothraigh do dícheallach ar mhaithe le sláinte agus Saoirse na mban ar feadh na mblianta fada ina dhiaidh.

Bhain cruál agus conspóidí go leor le blianta bunaidh an tSaorstáit agus b’é cinneadh an Rialtais nua daoine a chur chun báis gan triail shibhialta thar a bheith dian. Ar na daoine a básaíodh mar seo bhí Erskine Childers (19 Eanáir), Poblachtach, údar aitheanta agus Protastúnach. Duine eile a rinne a chion d’Éire ar a bhealach féin ab ea Jim Driscoll (26 Eanáir) dornálaí de bhunadh na tíre seo a rugadh agus a tógadh sa mBreatain Bheag ach a thuill gean agus meas ar Éireannaigh ansin as a chumas. Pearsa i bhfad níba chonspóidí ab ea Earnán de Blaghd (15 Aibreán) Poblachtach Preispitéireach, pearsa casta a thuill idir mheas agus fhuath lena linn – mar pholaiteoir, mar Aire Airgeadais agus mar Stiúrthóir ar Amharclann na Mainistreach.

Iriseoir eile ab ea Frank Sheehy Skeffington (8 Márta) a raibh aithne mhaithe aige ar pholaiteoirí agus ar cheannairí an Éirí Amach. Fear síochána ab ea é a dhiúltaigh don fhoréigin ach a dúnmharaíodh go gránna ag fíor-thús Sheachtain na Cásca.

Agus an Saorstát bunaithe agus síocháin i bhfeidhm, thug an Rialtas aghaidh ar na dúshláin a bhaineann le neamhspleáchas tionsclaíoch agus eacnamaíoch a bhaint amach. Tráchtann Gineadóir an Stáit (9 Feabhra) ar an togra is mó ar fad acu, scéim chun leictreachas a ghiniúint ó chumhacht na habhann is mó ar an oileán, tionscnamh oll-mhór inar fostaíodh na mílte ag obair ar na suíomh in Ard na Croise.

Sa mbreis ar na cláracha seo a chraolfar i lár na seachtaine, cinnteoidh TG4 clúdach comórtha eile freisin. Craolfar stair CLG agus táimid ag obair ar bheo-chlúdach a sholáthar ar ócáid ar leith i bPáirc an Chrócaigh ag Cluichí Ceannais na Sraithe 2016 cothrom an lae, 100 bliain go díreach ón Éirí Amach.

Filí agus údair ab ea roinnt de cheannairí na Réabhlóide agus beidh a n-oidhreacht sin agus a sliocht in aschur cultúir agus ealaíne TG4 i mbliana freisin. Ina measc seo beidh Deargdhúil clár nua físiúil ar dhánta Mháire Mhac an tSaoi, bean atá ar chomh-aois leis an Stát agus ar iníon í le duine de mhór-pholaiteoirí na haoise seo caite, fear a throid san Éirí Amach. (15 Márta).

I bpáirt leis an gComhairle Ealaíon, tá 8 ngearrscannán nua coimisiúnaithe ag TG4 ar théama na n-ealaíon in Éirinn le 100 bliain (le craoladh i mí Márta) agus beidh aitheantas ar leith d’oidhreacht 1916 ar fáil i ngradam speisialta a bheidh mar chuid de Ghradam Ceoil TG4 2016 a fhógrófar go luath.

7.1.16

Mars Álainn! @HiRISEIrish

Tá mé ag leanúint cuntas giolcaireachta le deanaí a roinneann pictiúirí ó Mars - an pláinéad dearg.

@HiRISEIrish atá ar an gcúntas agus bhaineean sé le tionscadal "Mars Álainn" (BeautifulMars) de chuid Olscoil Arizona sna Státaí Aontaithe. An aidhm atá leis an tógra na scaipeadh an smaoineamh  gur le gach éinne an teolas atá a bhailiú faoin bplainéad sin. Scaiptear an t-eolas i dteangacha éagsúla agus chuireann siad fáilte roimh éinne atá sásta cabhrú le NASA.

Is é an ceamara HiRISE (High Resolution Imaging Science Experiment), atá ar bord an Orbiter Taiscéalaíochta Mars, an ceann is cumhachtaí dá leithéid a sheoladh riamh chuig pláinéad eile. Leis an gceamara ardtaifigh sin is féidir dromchla a iniúcadh ar bhealach narbh fhéidir a dhéanamh cheana. Ar ndóigh cabhródh sé áiteanna a roghnú le leaindeáil amach anseo.

Seo scannán a roinn siad ar maidin:


Tá tuilleadh físeanna le feiscint ar YouTube HiRISE Gaeilge.




4.1.16

Pictiúir ón stair ar Dhroichead uí Chonaill! @manOnBridgeDoc

Caoga bliain le phobal Bhaile Átha Cliath!

Nuair a luadh ainm Arthur Fields dom i rith na Nollag cheap mé nach raibh aithne agam air. Ach bhí agus tá ag an-chuid as Bhaile Átha Cliath agus ar chuairteoirí ar an ard-chathair le breis is caoga bliain. Bé an fear na grianghrafadóireachta ar an ndroichead é ag glacadh griangr aagus má deireann tú é sin deireann daoine leat "Oh sea is cuimhin liom é!"

Chuireann an smaoineamh sin a bhóithre na smaointe iad - "Sea! Is cuimhin liom gur tógadh pictiúir fadó de mo Mháthair, de mo Mhuintir agus tá sé againn 'áit éigin' sa bhaile."

Mar sin a bhí sé agamsa pé scéal é. D'aimsigh mé fhéin pictiúr a bhí tabhachtach do m'athair agus bhí sé ar an matal againn i gcónaí agus muid óg.

Tá mo shean mháthair ar thaobh m'athair atá ann agus i lena h-iníon is óige, Máirín. Tá siad ar dhroichead uí Chonaill ag dul ó dheas agus foirgnimh Ché Éidin ar chúl - Hopkins & Hopkins a bhí ar an gcúinne sin. Tá scéal leis an ngriangraf seo áfach.

Lá éigin i lár mí Márta 1941 a bhí ann. Bhí mo shean mháthair le dul is teach san oispidéal ach bhí uirthí slipéir nua a fháil le bheith gléaste i gceart ós comhair na banaltairí. Chuig sí isteach lena h-iníon chun iad a cheannach agus is dócha gur i gClery's a fuaireadar iad. Tá cuma sona ar an mbeirt acu.

Chuaig sí isteach go dtí an oispidéal ach agus í ar bhórd na h-obráide fuair sí t-aom chroí agus fuar sí bás ar an 25 Márta 1941. Mar sin is é seo an pictiúir deireannach atá againn di. Ní raibh sí ach 56 bliain d'aois.

Agus muid óg glaomar "Grandma in heaven!" uirthi i gcónaí agus an pictiúr seo á theaspeáint againn.

Tá suíomh ar líne ann - Man on the Bridge - lán le pictiúirí idir 1930 go dtí na h-ochtaidí nuair a d'éirigh sé as. Ní raibh aon chartlann claonchlónna fágtha aige, nó ag a chlann agus mar sin níl ach na pictiúirí a tá ag an bpobal féin fágtha mar taifead ar a chuid saothair. Deirtear go thóg sé breis is 182,500 griangrafeanna i rith an ama sin.

Chuireas an pictiúir isteach ann, tá sé éasca é a dhéanamh agus tá sé ar líne anois ann.