15.11.19

Mol ó dheas á oscailt!

Cuirfidh an chéad cheann de thrí mhol digiteach gteic atá le forbairt i nGaeltacht Chorcaí borradh eile le cúrsaí gnó agus nuálaíochta i Múscraí. (This story in English)
Pic: @valphoto

Osclaíodh an mol digiteach agus nuálaíochta, gteic@Béal Átha an Ghaorthaidh go hoifigiúil inniu i gcroílár Ghaeltacht Chorcaí. Is é an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed, TD, in éindí le Príomh Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus na hOileáin, Seán Kyne, TD, a dhéanfaidh an mol digiteach is úire i gContae Chorcaí a oscailt go hoifigiúil.

Tá gteic@Béal Átha an Ghaorthaigh curtha i gcrích mar chuid de líonra de 31 mol nuálaíochta & digiteach, le ceangal ardluais leathanbhanda, atá á bhforbairt ag Údarás na Gaeltachta i gceantracha ar fud na Gaeltachta. Is mol nuálaíochta agus digiteach den chineál is nua-aimseartha é, lonnaithe ar Pháirc Ghnó an Údaráis i mBéal Átha an Ghaorthaidh i nGaeltacht Chorcaí, áit ina mbeidh cultúr uathúil na Gaeltachta ag cur cruthaitheacht agus nuálaíocht chun cinn.

Cuirfidh 22 deasc shealaíochta/spásanna oibre comhroinnte, áiseanna cruinnithe agus fís chomhdhála agus leathana bhanda ardluais i láthair oibre oscailte agus cruthaitheach deiseanna den scoth ar fáil do fhiontraithe, lucht nuálaíochta, cian oibrithe agus forbróirí coincheapa i dtimpeallacht shuaimhneach an bhaile ársa seo in iarthar Chorcaigh.

Tabharfaidh an fhorbairt seo deis do phobal na Gaeltachta, sa bhaile agus i gcéin, filleadh ar a gceantar dúchais nó cónaí ann trí dheiseanna cianoibre a chur ar fáil ag deasca sealaíochta nó spásanna oibre comhroinnte. Dá réir sin, tabharfar tacaíocht, misneach agus cabhair do na pobail uathúla teanga seo, agus cabhrófar leo aghaidh a thabhairt ar dhúsláin bhánú na tuaithe.

Tá buntáistí eile ag baint le ballraíocht gteic seachas an deis cothromaíocht oibre is saoil a fheabhsú! Mar gheall ar shocrú cómhalartach le hIonad Fiontraíochta Guinness (GEC) i mBaile Átha Cliath, féadfaidh baill den GEC leas a bhaint as áiseanna gteic áit ar bith ar fud an líonra agus féadfaidh baill de phobal digiteach gteic leas a bhaint as na háiseanna in GEC i mBaile Átha Cliath saor ó tháille.

Gné ar leith a bhaineann le Gréasán Digiteach na Gaeltachta ná go bhfuil sé dhá fhorbairt as lámh a chéile leis na pobail áitiúla i gcuid mhaith de na ceantair tuaithe seo. Is iad Comharchumann Forbartha Mhúscraí a bheidh i mbun feidhmithe agus bainistíochta ar gteic@Béal Átha an Ghaorthaidh thar cheann Údarás na Gaeltachta. Tá seachtar daoine ag obair ón mol faoi láthair – leath acu féin fhostaithe agus an leath eile i mbun cian oibriú. Is léir go mbeidh tréimhse na Nollag cruógach sa gteic agus daoine áitiúla ag tapú an deis fad a chur lena gcuid saoire Nollag trí leas a bhaint as áiseanna gteic@Béal Átha an Ghaorthaidh.

Tá an t-éiceachóras digiteach seo ag fás agus ag cur deiseanna den scoth ar fáil do chomhlachtaí nua teicneolaíochta iad féin a bhunú nó a lonnú sna ceantair tuaithe ina bhfuil an Ghaeltacht, agus deis dá bhfostaithe leas a bhaint as an gcothromaíocht iontach oibre is saoil atá ar fáil sna ceantair áille seo.

Beidh gteic@Béal Átha an Ghaorthaidh ar cheann de thrí mhol digiteach gteic a fhorbróidh Údarás na Gaeltachta i nGaeltacht Chorcaí. Táthar ag súil go mbeidh na hoibreacha tógála curtha i gcrích sna seachtainí seo romhainn ar mhol gteic ar Oileán Chléire. Le tacaíocht ón gCiste um Athghiniúint agus Forbartha Tuaithe tá máistirphlean á réiteach do Champas Choláiste Íosagáin i mBaile Bhuirne a mbeidh mol nuálaíocht agus digiteach gteic mar chuid lárnach den togra freisin.