7.12.18

Solas ó neamh!


Thug mé cuairt istig i Séipéil na Tulaigh le déanaí. Ní minic a deanaim é sin - cuairt gearr a thabhairt ar an Naomhshacraimint - ach bíodh sin mar atá is deas an nos é. Mar a deireann an sean rann Bhéarla:

"Whenever I pass by the Church I pay a little visit,
So on that day I'm carried in the Lord won't say, "Who is it!?"

Bhí se timpeal a dó a chloig sa tráthnón agus bhi an ghrian íseal ag lionrach agus a gealú ballaí binne bana na tithe sa chomharsanacht. Agus mé ann liom féin leis an Tiarna thug mé faoi deara an patrún a bhí á dhéanamh ag an ngriain tré na fuinneoga agus ghlac mé an pictiúr seo.

Nach bhfuil sé go h-álainn?



4.12.18

Thár n-ais chuig an charta ghlas!

Bhfuil na páipéirí cuí agat?

Bhí mé ar scoil nuair a thug mé cuairt ar Bhéal Feirste don gcéad uair. Ar thuras scoile a bhí muid, fós sa bhunscoil, agus chuamar ar an dtraen. Is dócha gur ag deireadh na caogadaí a bhí ann agus ní raibh na "troblóidí" ar siúl ach is dócha go raibh borradh éigin faoi thalamh a pléasc i 1966 agus níos deanaí.

Teorainn chrua!
Ba eachtra é ar ndóigh. Bhí fhios againn gur chuid de Shasana é agus go raibh ar na póilíní gunnaí a bheith acu. Mar sin, dár linn, bhí cineál dainsear ann. Nuair a shroic an traen Port a' Dúnáin tháinig lucht custaim ar bhóird ag lorg pé rud a bhí á importáil go mí dleathach ag na paisinéirí. Bhíomar trasna an teorainn.

Mheasamar go raibh Béal Feiriste aisteach go leor. Taobh amuigh de na póilíní a bheith armtha bhí na busanna dearg ann agus bhí na siopaí difriúl ar chuma éigin ó na siopaí a bhí i mBaile Átha Claith againn. Cheapamar go raibh sé níos saibhre agus i siopa amháin (C&A ar an Ascall Ríoga tá mé ag ceapadh) chonaiceamar staighre beo don gcéad uair. Ní raibh a leithead ó dheas. Chuamar amach chuig Teach na Pairliminte - bhí fhios againn gur "Pairlimint Phrotastúnach don bPobal Phrotastúnach" a bhí ann agus cheap mé go raibh sé aisteach go raibh siad chomh "dílis," más sin an focal, do Shasana agus don Impire. (Ní raibh aon tuiscint againn ar an Ríocht Aontaithe againn. B'Ionann Sasana agus An Bhreatain dúinn agus thuigeamar inár gcroíthe istigh nach i Sasana nó sa Bhreatain a bhí an áit seo.

Bhí rudaí níos saoire ann leis agus bhí milseáin éagsúil. Bhí Mars Bars acu nach raibh le fáil sa bhaile agus Spangles, milseáin a shúití arís nach raibh le fáil ó dheas. Cheannaíomar ár ndóthain den stuif sin.

Ar an turas ó dheas stopadh i nDún Dealgan ag lucht chustaim sinn ach chuireamar ár gcuid cheannacháin agus eagla orainn go nainseofar ár gcuid stóir luachmhar a bhí á smugláil againn.

Níos deanaí chuaigh mé le mo thuismitheoirí i gcarr agus stopadh ag an teorainn ó thuaidh ó Dhún Dealagann muid. Deineadh iniúcadh ar an gcarr agus bhí ar m'athair dul isteach i gcaibín lena a chuid páipéirí a theaspeáint agus rud éigin a shiniú. Níos deanaí fuair mé amach go raibh air páipéar faoi leith a fháil ón gcomhlucht árachais do charr. Glaodh an "Green Card" ar sin. Thárla an rud céanna agus muid ar an dturas thár n-ais.

Pic: Coláiste Bhoston, S.A.M
Diaidh ar ndiadh cuireadh deireadh leis na rialacha go mór mór ó chuamar isteach sa chomhmhargadh le chéile i 1973. Ach ar ndóigh ansin bhí na trioblóidí ann. Nuair a chuireadh deireadh leis an sean córas bhi an "Teorainn Bhog" ach a mháin go raibh arm Shasana ann ina áit. Ach tár éis an sos cogaidh agus teacht an "ré nua" chonaiceamar don chéad uair an teorainn bhog.

Cuireann sé isteach orm nuair atá daoine ag caint faoin teorainn chrua agus gur léir gur ar an teorainn na seicphointí mhíleata atá siad ag caint. I ndairíre leat den am a bhí siad siúd i réim bhí rialacha an Chomh Phobal i réim.

Anois tá an baol ann go dtiochfaidh na seicphointí chustaim agus mál thar n-ais. Má éiríonn an Ríocht Aontaithe as an mbeidh orainn dul thár n-ais chuig an sean-chóras, roimh na troblóidí. An mbeidh orm an cárta glás a fháil le tiomáint thár an droichead ó An Blaic go Beal Cú?

Bhfuil an Carta Glas agat?