31.7.20

Céard tá taobh thiar de figiúirí lom i dtuairisc?


Ní minic a bhím scanraithe.

Tháinig tuairisc amach ón Rialtas le deanaí a chuir scáth imeaglach ar mo chroí. Ní scanradh a mhothaidh mé fúm féin - mar a bheadh ann dá mbeadh timpist boithre ann nó duine um ionsaí le gunna. Ní h-ea, ach eagla, díomá meascadh le náire b'fhéidir.

Tuairisc faoi Foirceannadh Toirchis a Rialáil don bhliain 2019 a bhí ann. De réir dlí tá sé riachtannach tuairisc ar "gach aon fhoirceannadh toirchis" a chuir chuig an Aire Sláinte agus go bhfuil ar an Aire tuairisc a ullmhú agua a fhoilsiú roimh deireadh Mheithimh gach bhliain.

Tuigim nach n-aontaíonn an chuid le mo dhearcadh ar na cúrsaí seo. Creidim gur duine daonna atá chomh-déanta ag fear agus bean atá sa broinn ón tús. Ní fhaca mé rud ar bith in aon áit a chruthaíonn a malairt dhomsa. Ní bhraitheann sé seo ar chonas a thárla an duine óg a bheith ann - éagniú san áireamh. Dár liom-sa is daoine daonna atá ionta ar fad.

Bíodh sin mar atá. Ar ndóigh tuigim cinnte nach mbíonn fáilte i gcónaí roimh an nuacht agus go ró-mhinic fagtar "an fhadhb" leis an mbean ina haonair. Go minic níl an fear le feiscint - bhfuil suim ag lucht dlí an cheist áirithe sin a iniúcadh? Ceist na bhfear sna cúrsaí seo?

Tá na figiúirí lom neamaiteach sa tuairisc:


Is cosúil ó na figiúirí fuair seo go raibh fadhb sláinte i 124 cásanna. Ach is cosúil nach cúrsaí sláinte a bhí i gceist i 6542 cásanna - gur mná sláintiúil agus "féatas" sláintiúil a bhí ionta.  Cuireadh deireadh leo ar fad faoi dlí na hÉireann - go dleathach.

Tá ceist eile agam chomh maith. Cad a thárla do na mná seo. Bhí ortha an cinneadh truamhéalach seo a dhéanamh, go minic b'fhéidir gan aon chúnamh ón bhfear nó óna muintir féin. Conas tá na mná seo, 6666 dóibh, tar éis an foirceannadh seo? Bhfuil fhios ag an Aire?

Conas tá na mná?

Ní deirtear linn.


Dleathach ach mícheart (Bealtaine 2013)
• Edward - m'uncail agus Máirín - mo dheirfiúr! (Lúnasa 2016)

4.7.20

Scaoilte saor!

Bhí an bus in ám. Bhí ar n-aghaidheanna clúdaithe i gceart. Chuamar isteach don gcéad uair ó mhí Feabhra. Is minic a chuaigh an bus thár an tí le thrí mhí anuas gan duine istigh ann. Cóiste gan chorp seachas an tiománaí féin. Comhartha fágtha den gnáth saol roimh coraintín.

Bhí roinnt istigh ann romhain, iad go léir clúdaithe i gceart agus suite go h-aonarach agus ciúin. Stop sé anseo is ansiúd ar an mbealach soir chuig an gcathair. Phioc sé cor duine suas agus muna raibh a n-aghaidh clúdaithe mhol an tiománaí a gclúdach aghaidhe a ceangal ortha féin roimh teacht ar bhórd. Bhí aghaidh an tiománaí féin clúdaithe.

B'é ár gcéad turas go Gaillimh le fada agus bhí sé go deas bheith i n-ann dul arís ann. Ní raibh sé chomh phlódaite agus a bhíodh sé roimh-chovid ach mar sin féin bhí neart daoine thár timpeall ar na sráideanna. Bhíodar cineál cúramach agus iad ag fágaint spás don na duine eile.

Ní raibh bearradh gruaige agam ó mí na Nollag agus mar sin an chead rud a rinne me ná buaileadh isteach chuig siopa bearbóra chun fháil amach cén modus operandi nua acu post covid! Cheap mé go mbeadh orm coinne a dhéanamh agus nach mbeidh siad i ann mé a dhéanamh go dtí cúpla seachtain ar aghaidh.

"An mbeidh deich neomad ceart go leor?" a dúirt sí.

"Inniu?" a dúirt mé.

"Sea!" 

Thóg sí m'ainm agus fón uimhir agus taobh istigh de deich neomad bhí mé suite sa suíochán agus barbóir óg ag deanamh a dhícheall an ceann is fearr a fháil ar líon ghruaige mo chloigeann! D'éirigh leis!

Lean mé ar aghaidh ansin go ceann-éadromach ag lorg mo bhean a bhí ag deanam iniúcadh ar na siopaí nua-oscailte. Ghlaoigh sí isteach ag a gruagaire féin. (Coinne déanta aici ceithre seachtaine!)

Ós rud é nach raibh aon bhéile amuigh le fada againn rinne muid cinneadh cuardach phroinntigh le feiscint cad a bhí ar oscailt agus a mbeidh muid i n-ann bórd a fháil. D'éirigh linn áit a fháil ag Rúibín*. Tá sé sa teach inar rugadh Sean Phádraigh Ó Conaire. Bhíomar ann cheanna agus ó shin thogadar dhá bhórd amach ionas go mbeadh spás dleathach idir na cuistiméirí. Thógadar ainm agus uimhir ghutháin le haghaidh teagmháil - ar eagla na h-eagla.

Cuireadh an fháilte romhainn agus bhí béile álainn againn, bun stéige a bhí agamsa agus filléad colmóra a bhí ag mo bhean. Ar ndóigh bhí fíon againn leis - b'shin a chúis gur thógamar an bus! Bhí an béile go haoibhinn ann agus mólfainn d'éinne dul ann - béile deas ag breathnú amach ar na báid ag an dúg.

Thógamar go bog é agus bhí neart ama againn dul chuig an stáisiún leis an mbus abhaile a fháil. Thóg sé abhaile muid slán sabháilte agus muid sona sásta lenár gcéad turas amuigh le fada.

* Rúibín (Bearla)