30.6.14

Píob eile!


Bhí scannán cúpla blian ó shin faoi bpíob i Ros Dumhach, The Pipe, faoin bpíob a tógaint gás isteach chuig scaglann gan toil phobal na h-áite.

Anois tá scéal phíopa eile le cloisint i nGaeltacht Chonamara.

Tá Loch an Óir ar bharr agus Árd Mór féin
ar an bóthar R340
Is cosúil gur cuireadh píopa nua trasna bóthair poiblí ag Árd Mór in Iorras Aithneach. Deirtear gur gan cead pleanála nó gan cead ar bith a deineadh an oibre seo. Ní raibh fhios ag muintir na h-áite faoi dár le tuairisiscí. Cé a thabharfadh cead, Uisce Éireann, Comhairle Chontae na Gaillimhe nó dream eile?

Tá an píob le uisce a thógaint ó Loch an Óir (ainm mícheart atá á thabhairt air in roinnt tuairiscí), dó nó trí míle ón áit síos go Cora na hÁirde Móire. Deirtear go dtógfar dhá milliúin gallúin uisce ón loch in aghaidh an lae.

Baol truaillithe?
Tá an t-uisce le n-úsáid le laigheas ar an ngalar AGD (Béarla)  atá forleathan i bhfeilimeacha éisc in Éirinn, na cinn i mBá Chill Chiaráin ina measc, agus ar fúd an Domhain de réir tuairiscí.

Tá imní ar muintir na háite faoin innealtóireacht díosail a núsáidfar leis an uisce a phumpáil go mbeadh sceith ola diesel isteach sa loch á trúailiú. Úsáidtear an t-uisce ón loch mar chuid den chóras solátaire usice sa cheantair!

Briseadh an píopa i rith na deireadh seachtaine agus tá na Gárdaí ag déanamh fiosrúcháin!
Fir ag obair! Bhfuil cead acu?

11.6.14

D’imigh siad leo ina nduine is ina nduine....

Agus scéal na bpáistí agus a máithreacha a daoradh isteach san h-árais úd ar fúd na tíre smaoiníos ar an rud is ceart do gach Críostaí a dhéanamh nuair ata fadhb d'aon saghas ann.

Más Críostaí mé is ceart dom an-iarracht an meon céanna agam agus atá ag Íosa, mar a deireann an Aspal, "Bígí ar aon mheon le hÍosa Críost!" (Fil 2:5). Agus conas tá fhios agam cén mheoin atá ag Críost? Is tré aithne a bheith agam air - ní eolas ach aithne. Agus conas is féidir liom aithne a bheith air? Tré bheith ag caint leis, tré bheith ag éisteacht leis, tré bheith ag léamh faoi sa Bíobla agus i scríbhinn na n-Aithreacha.

Ó na scrobhínní is sine is cosúil go raibh lucht na cumhachta ag gearán faoi hÍosa a bheith i meas na bocht, na peacaigh agus na striapaigh. (Chuireann sé sin in aigne dom an Pápa Prionsias ag caint faoi "boladh na caorach!")

"An duine agaibh atá gan pheaca..."
Tá scéal i soiscéal Eoin le scéal faoi bean óg a "rugadh uirthi in adhaltranas!" Agus seans go bhfuil ceacht le foghlaim sa scéal sin.

"Thug na scríobhaithe agus na Fairisínigh bean ar rugadh uirthi in adhaltranas agus chuir siad ina seasamh i lár baill í agus dúirt siad leis: 

“A mháistir, rugadh ar an mbean seo i gcoir féin an adhaltranais. D’ordaigh Maois dúinn sa dlí bás a imirt ar a leithéidí seo le clocha. Cad deir tú más ea?” 

Dúirt siad an chaint sin á phromhadh, chun go mbeadh rud éigin acu le cur ina leith. Ach chrom Íosa síos agus thosaigh sé ag scríobh lena mhéar ar an talamh. Ós rud é nach ndeachaigh aon stad orthu ach á cheistiú,d’éirigh sé suas agus dúirt leo: 

“An duine agaibh atá gan pheaca, bíodh sé ar an gcéad duine ag caitheamh clocha léi.” 

Agus chrom sé síos arís agus bhí ag scríobh ar an talamh. 

Arna chlos sin dóibh d’imigh siad leo ina nduine is ina nduine ag tosú leis na seanóirí, agus ag dul síos go dtí deireadh; agus fágadh Íosa ina aonar agus an bhean ina seasamh i lár baill. 

D’éirigh Íosa suas agus dúirt sé léi: 

“A bhean, cá bhfuil siad? Nár dhaor aon duine thú?” 

“Ní dhearna aon duine, a dhuine uasail,” ar sí. 

Dúirt Íosa léi: 

“Ná ní dhaoraimse thú ach oiread. Imigh leat agus ná déan peaca arís as seo amach.”'

An rud atá soiléar sna h-imeachtaí seo fadó, agus fós anois b'fhéidir, nach bhfuil mé ag éisteacht le guth hÍosa mar a deirean sé in áit eile faoin Samárach maith - “Imigh leat, agus déan féin mar an gcéanna.”

Nach trua nach n-éistimís leis sa lá atá inniú ann?

• Dála an scéal tá an Bíobla Naofa (Biobla Mhagh Nuad) ar líne i bhfoirm pdf anseo.

5.6.14

Leamhan!


Tá mé ag foghlaim!

Thánamar ar rud a cheapeas gur féilacán é ar maidin. Nuair a chuardaigh mé na suíomheanna (mar a rinneamar nuair a ghlach mé pictiúir den mbarr buí cúpla bliain ó shin.

Leamhan flanndearg
(Tyria jacobaeae)
Ach theip orm pictiúir cosúil leis a fháil ar an lios de fhéileacán na hÉireann ar líne. Bhí an pictiúir cuíosach maith agus chuir mé suas ar an gcóras giolcaireachta twitter é. Taobh istigh de cúpla bhí freagra agam ó @ConchubharOD agus @SayersPeig (ón uaig?) ag rá gur leamhan a bhí ann, leamhan flanndearg.

Is cosúil go bhfuil se forleathan anseo in Éirinn, go mór mór ar thalamh féaraigh, ach deirtear go bhfuil sé forleathan i ngairdíní leis. Faigheann an bolb bia ón mbuachalán agus an leamhan féin ón ngrúnlas. Tá dathanna buí agus dobh ar an mbolb cosúil le dathanna beiche. Is dócha go scainríonn sé seo a chuid maimhde!

Agus a chéad ceist eile. Cad é an difríocht idir féileacán agus leamhan. Is cosúil nach bhfuil mórán. Tá sé de nós ag an leamhan a bheith amuigh san oíche ach tá cinn a théann amach faoin ngrian leis. Ac deireann @sayerspeig go gclúdaíonn an leamhan an cholainn, mar atá seisean á dhéanamh i mo phictiúr.

Nach íontach an rud é an t-idirlíon le h-eolas a fháil?

• Tá píosa ag miniú na difríochta idir an dá chineál feithide i mBéarla anseo! Agus seo píosa (molta ag @tuigim) ar shuíomh i Sasana faoin leamhan flanndearg féin agua a chuid thrithe. (Béarla)

4.6.14

Léim an Bhradáin – Tobar na Feasa!

Raidió na Life, ag tosú Dé hAoine beag seo 6 Meitheamh, 8 – 9 i.n.


Beidh siad ag tabhairt an samhradh leo ar  Raidió na Life an samhradh seo ar an tsraith nua 'Léim an Bhradáin.' Craolfar an clár seo le linn an tsamhraidh ar an stáisiún agus a bheidh ar fáil mar phodchraoladh chomh maith.

Cuan Ó Seireadáin
Cad 'tá i gceist leis an teideal sin?  Mhaifí duit dá gceapfá gur ar ainm an bhaile i gCo. Chill Dara atá sé bunaithe, ach ní hé sin údar an teidil.  Is ar fhios an bhradáin fheasa, tobar sin an eolais i dtraidisiún na nGael atá 'Léim an Bhradáin' bunaithe.

Céard atá i ndán dúinn sa tír seo?  Cén sórt sochaí atá uainn in Éirinn?  An bhfuileamar ag dul sa dtreo ceart?  Chun freagraí a aimsiú ar na domhaincheisteanna seo, déanfaidh lucht léinn, lucht gnó, lucht na polaitíochta agus lucht na healaíona machnamh ar thodhchaí na hÉireann agus iad i mbun cainte le Cuan Ó Seireadáin ar 'Léim an Bhradáin', gach Aoine idir a 20.00 – 21.00 ar Raidió na Life 106.4FM.

Dírítear ar bhuncheisteanna fealsúnachta, físeanna phearsanta, agus déantar iarracht theacht ar fhreagraí nua agus éagsúla orthu ar an tsraith agallaimh seo.  Ina measc siúd a bheidh le cloisteáil ag cíoradh na gceisteanna le Cuan, beidh leithéidí Alan Titley, Maureen O'Sullivan TD, Conall Ó Móráin, Peadar Kirby agus tuilleadh smaointeoirí spéisiúla is tráchtairí tábhachtacha ó ghach cúinne de shochaí comhaimseartha na hÉireann. Tá 'Léim an Bhradáin' á léiriú agus á láithriú ag Cuan Ó Seireadáin agus is é Fearghal Saxe an t-innealtóir fuaime ar an tsraith.

Beidh 'Léim an Bhradáin' ar siúl mar sin, gach Aoine idir a 20.00 – 21.00, ag tosú Dé hAoine 6ú Lá Meitheamh 2014.  Is féidir teacht ar Raidió na Life ar 106.4FM i mórcheantar Átha Cliath agus ar ar Shuíomh an Stáisiúin ó áit ar bith eile.  Beidh na hagallaimh ar fad ar fáil mar phodchraoltaí ar leathanach SoundCloud Raidió na Life.