29.1.10

Taispeántas scannáin Bhob Quinn

Ar an dara Máirt de gach mí bíonn Club Áras na nGael i gcathair na Gaillimhe mar ionad do shraith oícheanta chultúrtha. Don cheathrú oíche den sraith Airneáin sa Chathairbeidh Bob Quinn scríbhneoir agus scannánóir - Cinegael (Béarla) - ag tabhairt taispeántas ar a chlár faisnéise “Fly Tippers”. Is léargas iontach é seo ar ghrúpa daoine as Conamara a bhí ag maireachtáil i Londain sna hochtóidí. Beidh sé ar siúl ar an Máirt, 9 Feabhra 2010 ag 8:15 i.n.

Tá taifead déanta ag Bob Quinn ar saol iarthar na tíre anois ar feadh dhá scór bliain go háirithe sa Ghaeltacht agus i gConamara. Mar thoradh ar seo, tá an-cháil ar a chuid scileanna griangrafadóireachta agus scannánaíochta. Tá roinnt mhaith dhá chuid saothair bunaithe timpeall ar an Ind, an Aifric agus na Stáit Aontaithe. Tá cuid acu ar thaispeántas i nGaillimh agus in L.A. freisin, rud a leiríonn a stádas mar ealaíontóir den chéad scoth.

Tógadh i mBaile Átha Claith é agus thrial sé roinnt postanna sular shocraigh sé ar phost mar láithreoir teilifíse nuair a bhí sé seacht mbliana is fichead d’aois. I 1969 rinne sé deoraíocht ar fhéin go Conamara, an áit a tugadh a shaothair faoi deara don chéad uair. Sa bhliain 1973 nuair theastaigh ó Cinegael, le Seosamh Ó Cuaig agus Toni Cristofides (nach maireann) áilleacht iarthar na hÉireann a chaomhnú, d’fhás cáil Quinn de bharr a chuid scileanna taifeada.

Ó shin i leith tá roinnt gradam faighte aige de bharr a chuid saothair scannáníochta: Poitín (1977), the Atlantean Trilogy (1981-1984), Dunaway (1987), The Bishop’s Story (1994), The Atlantacans: Navagatio (1998) agus an ceann is déanaí Vox Humana (2008). B’iad na gradaim is suntasaigh a bhfuil faighte ag Quinn ná iad seo a leanas: i 1988 toghadh é mar bhaill d’Aosdána, Pairlimint Ealaíona na hÉireann agus i 2001 thug Institúid Scannánaíochta na hÉireann (Béarla) an gradam dó i gcomhair an “t-éacht daonna is fearr”.

Leis an sraith oícheanta chultúrtha seo “Airneán sa Chathair” tá sé i gceist pobal mhór Gaeilge na Gaillimhe agus go deimhin mórthimpeall a thabhairt le chéile. I Mí Márta beidh Máire Holmes ag cur oíche filíochta i láthair le Seosamh Ó Guairim agus Collette Nic Aodha mar pháirt de Sheachtain na Gaeilge. Chomh maith leis sin, i mí Aibreáin táimid ag súil go mór le ceolchoirm beag ó Áine Ní Dhroighneáin.

Chun costais a chlúdú beidh táille €5.00 ar an doras, €3.00 ráta lascaine. Tá súil againn go mbeidh slua mór i láthair ann chun tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge agus do na healaíntóirí iontacha seo. Bígí ann más fidir libh. Fáilte roimh chách!

28.1.10

Daonáireamh 1911

Rinne Seosamh Ó Cuaig cur síos ar dhaonáireamh na bliana 1911 agus míníonn sé an méid eolais atá le fáil ón ndaonáireamh sin ar an Raidío (RnaG) le déanaí.

Dhiríonn sé a aird ar cheantair faoi leith i gcuid de na cláracha seo, agus ar an eolas atá le fáil maidir le pobail agus stair na gceantar sin.

Tá an daonáireamh na hÉireann ina iomláin le fáil ar shuiomh an An Chartlainn Náisúnta (Béarla) anois.

Tá an clár le fáil anseo. Agus muid ag trácht ar an daonáireamh céanna, is íontach an áis é agus tá sé an éasca chuardú ann do do shinsear. Bhí mé fhéin an-chuid eolas a fháil faoi mo shinsear féin ann, cuid de nach raibh eolas agam ortha cheanna.

25.1.10

Athas Dé!

Is iad an dá léacht agus an soiscéal ag Aifreann an Domhnaigh (3ú Domhnach na bliana Bl C) a spreag mé é seo a scríobh.

Chuala mé le deanaí go bhfuair bean uasal a bhí ina chara mór do nuair a bhí mé i mo chónaí i mBaile Átha Cliath Kay Kinsella a bhí uirthi agus is i ngrúpa uirnithe charasmatach Avila (Béarla) i nDomnach Broc. Bhíodh mé ag freastail ar an ngrúpa seo gach seachtain ó 1987 go dtí gur aithraíomar siar go Conamara. Is minic a déarfadh sí paidir liom ag an ministreacht urnaithe ann nuair a bhí mé in ísle brí. Chabhairigh na thréimhse gearr paidreoireachta liom go mór ag an am sin.

Is mian liom dhá scéal a roinnt faoi Kay anseo.

Nuair a bhí mé nua go leor sa "ghluaiseacht", d'iarr ceannaire na cruinnithe, ar oíche amháin, ar bhaill an ghrúpa ceannasaíochta nó an croíghrúpa a bhíodh ina suí i gciorcal i lár an seomra, casadh timpeall agus teangacha a mhúineadh don na daoine a bhí ós a gcomair. Rud as an gnáth a bhí anseo. Baineadh geit asainn ar fad. B'í Kay a bhí ag ár dtaobh den seomra. Ar bhealach tá sé an deacair an bua seo, teangacha, a mhíniú. Da réir scriptiúr tá dhá nó trí cineal teangacha ann ach an cineál atá i gceist anseo ná bua teangacha molaidh. Moltar Dia le focal nach féidir linne a thuiscint de gnath. (Seans go ndéanfidh mé iarracht dul níos doimhne isteach sa scéal sin níos deanaí)! Thosnaigh Kay ag spreagadh muid tré usáid a bhaint as an bhfocal ar Dia an Athair, a úsáid Íosa féin nuair a bhí séiseann ag guí, "Abba!" Diaidh ar ndiaidh go cúthallach, thosaíomar á leanúint agus ag ag leathanú amach i bhfuaimeanna eile. Nuair a bhí an cleachta sin déanta bhí mise i ndán teangacha a úsáid in mo chuid paidreoireachta.


Molaimís an Tiarna!

Ezra, an scríobhaí ag léamh na scriptiúir dá mhuintir.
Ar ndóigh mar soinicí ceart níor chreid mé gur fíor bhua a bhí ann agus chuaigh sé i léigh beagáinín sna seachtaine ina dhiadh. Lean mé ag frestail ar na cruinnithe áfach agus láidrigh sé i gcionn míosa nó dhó. Tá sé agam ó shin agus is mó an taca atá ann dom go mór mór in am an ghatar nó am na géircéime. Is míorúilt beag a rinne Dia domsa tré umhlaíocht ceannaire na cruinnithe áirithe sin agus Kay. Tá mé i ndán Dia a mholadh ar bhealach nach raibh agam roimhe sin agus is beag lá nach n-úsáidim teangacha i rith an lae. (Sa dara léacht ag an Aifreann Coirintigh 12: 12-30 luaitear teangacha i measc buanna an Spiorad Naomh!)

An dara uair a úsáid an Tiarna Kay bhí cúrsaí gnó go dona agam agus bhí mé i ndroch-stáid le dúlagar nó lionn dubh íseal orm. Bhí ministreacht urnaithe ag an croíghrúpa i ndiaidh gach cruinniú agus chauigh mé chucu. Kay a tháinigh chugam agus duine eile ón grúpa chun guidhe liom. Chuireadar a lámha orm agus nuair a bhí an paidreoireacht thart d'fhéach Kay orm agus dúirt "Tá teachtaireacht agam duit!" Baineadh geit asam ar ndóigh mar ní raibh mórán aithne agam ar Kay nó ag Kay ormsa agus níor dúradh a leithéad doms cheanna (nó ina dhiaidh!). Ansin dúirt sí na focail seo "Sé áthaa an Tiarna do neart!" Bá rud nua domsa an ráiteas sin agus bhí sé aisteach go raibh na focail sin aici dom agus mé chomh mór in ísle brí. Ach ní dherna mé dearmad ar na focail ó shin.

Ó thosaigh mé ag freastail ag Avila bhí sé de nós agam éisteacht go mion leis an léitheoireacht ag an Aifreann. Ach uaireanta bím in áit eile ar fad agus iad á léamh. An an domhnach áirithe seo bhí mé ag an aifreann go fisiciúil ach bhí mo intinn áit eile ar fad eile. Go tobann chuala mé na focail céanna. "Ná bíodh brón oraibh mar sé áthas an Tiarna bhur neart." Thog mé é mar deimhniú nó cinntiú ar a dúirt Kay liom an oíche úd.

Nuair a chuir mé aithne níos fearr ar Kay d'inis mé an scéal seo lei agus ait go leoir ní raibh cuimhne ar bith aici ar an ocáid.

Agus ar an nDomhnach seo thart léadh an léacht céanna as leabhair Nehemia Caib 8. "...tá an lá seo coisricthe dár dTiarna. Ná bíodh brónoraibh mar sé áthas an Tiarna bhur neart."

Moladh go deo leis.

Ar dheis Dé go raibh anam uasal Kay.

22.1.10

Éan aisteach


Cúpla lá ó shin chonaic mé éan aisteach sa gharraí taobh leis an teach. Níor éirigh liom pictiúir ceart a fháil de agus d'imigh sé sul a raibh seans eile agam pictiúr níos fearr a fháil. Ar maidin thugas faoi dearadh ealta de cúig nó sé acu sa ghearraí ó dheas den teach. D'éirigh liom griangraf i bhfad níos fear a fháil agus seo dhá cheann.

Is cosúil gur cuirliúin ata ionta, nó crotach mar a thugtar ortha a shuíomh Birdwatch Ireland (Béarla).

Tá trí cineál cuirliún ann dar leis an suíomh seo:an Gobanán Crotaigh, an Crotach cloch and an Crotach. Tá éan eile luaite an Crotach Éanaigh. Deireann focal.ie go bhfuil and focal Cuirliún "in úsáid" seachas Crotach.

Is lapaire an éan seo. Déanann na h-éin mhóra dhonna seo a neadacha i mí Aibreáin agus i mí Bhealtaine nuair a bhíonn neart bia le fáil. Is éin cheoil iad agus tá glór ar leith acu. Déanann siad a neadacha sa fhraoch ar na tortóga. Itheann siad péisteanna mar cuiteoga, feithidí agus plandaí a aimsíonn siad lena ngob fada cuarach sa puiteach nó i dtalamh bog.

15.1.10

Imeachtaí sa chathair

Seachtain gach seachtain!

I bhfolach ar chúl Áras na nGael, Conradh na Gaeilge Gaillimh ar 45 Sráid Doiminic, gheobhaidh tú an bealach isteach chuig an sceach gheal Ghaelach! Club Áras na nGael is ainm don chlub sóisialta Ghaelach seo, agus bíonn rogha leathan d'imeachtaí ar siúl sa chlub beagnach gach oíche den tseachtain.

Cur tús bríomhar leis an tseachtain le ranganna damhsa ar an sean-nós gach Luain faoi stiúir an saineolaí ó Chonamara Pádraig Ó hOibicín. Fiú muna bhfuil suim agat páirt a ghlacadh sa rang tá fáilte roimh aon nduine a theacht agus féachaint ar an modh álainn damhsa seo.

Ar an gcéad Mháirt de gach mí tiocfaidh tú trasna ar mhodh thraidisiúnta eile damhsa nuair a thagann na Briotánaigh le chéile chun cleachtadh a dhéanamh ar a gcuid steipeanna féin.

Ar an dara Máirt den mhí bíonn “Airneáin sa Chathair” ar siúl áit a thagann pobal Ghaeilge na Gaillimhe le chéile i gcomhair oíche shóisialta. Tá sár-oícheanta tar éis a bheidh ann le Joe Steve Ó Neachtain, Lasairfhíona Ní Chonaola agus Dermot Somers go dtí seo. I mí Feabhra, beidh an scannánóir cáiliúil Bob Quinn ag léiriú an clár faisnéise "Fly-tipping in London".

Ar an gCéadaoin buail isteach chuig Oíche na bhFoghlaimeoirí. Má tá tú líofa, cúpla focal nó gan aon fhocal agat, is cuma sin má tá suim agat sa Ghaeilge. Bíonn Eílís Ní Dhúill i láthair mar áisitheoir chun daoine a spreagadh agus chun ceisteanna a fhreagairt.

Ar an Déardaoin tiocfaidh tú trasna ar na scolairí a thagann le chéile i gcomhair Oíche na Mac Léinn.

Ná caill amach ar oíche bheomhar eile ar an Aoine leis an gceol domhanda is fearr i nGaillimh le Club OA2. Bíonn DJaithe cónaithe Oa2, Ben Ó Faoláin agus Will Softly ag casadh an scoth de cheol domhanda comhnasctha gach Aoine. Tá an club cairdiúil agus gan aon mhórtas; an rún is daingne i nGaillimh.

Má tá ceol traidisiúnta Ghaelach dhá lorg agat, bíonn seisiún ceoil thraidisiúnta den scoth ar siúl gach Oíche Shathairn. Is seisiún oscailte é seo, agus tá fáilte roimh cheoltóirí, éisteoirí agus damhsóirí.

11.1.10

Thíos seal


Léigh me páipéar taighde WP09/32 (Béarla pdf) le Morgan Kelly as Coláiste na hOlscoile Bhaile Átha Cliath a léiríonn go beacht an mboilgeog creidmheasa agus a éifeacht ar ár dtodhchaí

Seo h-iad na príomhphointí a thóg mise as:

1. Mhéadaigh ioncam náisiúnta na hÉireann ó thógáil tí 4-6% i 1997 (an gnáth figiúr i dtír forbartha) go 15% i 2006 le breis is 6% ó tógála eile (iomlán 21%).

2. Sa bhliain 1995, bhí meán phraghas ar theach 4x meán thuilleamh. Faoi 2006 bhí méadú tagtha ar 10 x meán tuilleamh 10x meán, le tithe dara láimhe i mBaile Átha Cliath ag 17x meán thuilleamh.

3. I 1997 bhí iasachtaí bainc in Éirinn 60% de OTN (olltáirgeacht náisiúnta); níos luaithe ná Sasana agus sa meán limistéar an euro de 80%.

4. Le linn 10 mbliana d'árdaigh Shasana agus an limistéar euro 100% faoi 2008 (An Spáinn 160%). Shroich bainc na hÉireann 100% de OTN faoi 2004, agus ansin sna 4 bliana idir sin agus 2008 suas chomh fada le 200% faoi 2008.

5. Bhí na bainc Éireannach beagnach go h-iomlán maoinaithe ar éarlais suas go 1997. Ó sin tá múnla gnó baincéireachta na hÉireann bunaithe ar iasachta mórdhíola trom costasach.

6. Fagann an tubaiste ar an margadh mórdhíola bainc i mbaol ó:
- Caillteanais móra do na forbróirí
- Ag braith ar mhaoiniú mórdhíola
- Dóchúlacht mainneachtana morgáiste fairsinge

7. Níl iasacht bainc reatha 5.6% le morgáistí a mhaoiniú, inmharthana.

8. Má filleann critéir iasachta ar ais chuig caighdeán na nochadaí, beidh praghsanna réadmhaoine laighdaithe aon trionn den phragheas is aoirde (leath praghsanna an lae inniú!).

9. Má fhasann praghsanna réadmhaoine i gcomhréir le fás fíorioncam nó pá 2% sa bhliain , tógfadh sé 50 bliana na buaic praghsanna a bhaint amach.

Ar ndóigh tá a pháipéar i bhfad níos soiléire ná mo achoimre neamhfhoirfe. Is fiú go maith an páipéar féin a léamh.

Go bunúsach, tar éis a chuid acmhainní a loit ag tartháil na bancanna ó chaillteanais forbróirí - Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní (GNBS) (NAMA - Béarla), an mbeidh an Stát in ann iad a tharrtháil ó mainneachtainí morgáiste (NAMA II)?

Céard é do mheas féin!

7.1.10

Fuacht fuair!

Loch an tSean Bhaile, Caorán na gCearc, Chonamara

Nuair a bhíos i mBaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine bailíodh ag an stáisiúin mé agus fuair mé iasacht charr an fhaid is a bhí mé ann.

Bhí mé ag tabhair aire do mo mháthair, atá beaghnach nocha haon bliain d'aois, agus chuamar amach ag tiomáint chuig dearthair liom i nDeilginis. Turas timpeall 10 míle nó mar sin ó Rath Fearnáin. Bhí na boithre go fíochmhar agus bhí baol ann nachj mbeidh muid i ndán teacht abhaile. Ach bhí Dia linn agus d;'éirigh linn.

Anois agus mé thar n-ais i gConamara tá tuairiscí ar na meáin faoi cé chomh dona is atá cúrsaí in oirthear na tíre. Anseo cé go bhfuil sé an-fhuair níl aon sneachta ann. Bíonn sioc chrua gach oíche agus rud nach bhfacha mé ríomh, locha reoite ina niomláine.

Bhí pictiúir duganna na Gaillimhe sa Galway Advertiser (Béarla) agus iad reoite. Agus tá loch an tSeanbhaile anseo ar an gCaorán reoite chomh maith.

2.1.10

Sioc agus Sneachta

Ní cuimhín liom tréimhse fuar chomh fada leis an tréimhse seo. Is annamh a bhíonn sioc ceart anseo i gConamara agus ar bhealach dheinfeadh sé maitheas dúinn. Maróidh sé an péisteanna nimhneach a deineann féasta de na fataí agus glasraí sa samhradh!

Bíonn sé dáinséarach áfach tiomáint a dhéanamh in aimsir mar seo. Cé nach raibh sneacht ar bith againn, bhí frith sneachta ann agus ansin i rith na hoícheanta reóinn sé seo ar na bóithre. Agus mar a déaradh sean-chara liom fadó níl ann don tiománaí ach “plenty sideways!”

Bhí orm tiomáint go Baile Átha Cliath ar an Domhnach roimh Lá Nollag, agus cé go raibh an sioch géar go leor ní raibh a turas chomh dona san. Bhí an bóthar soir chomh fad leis an Spidéal dainséarach in áiteanna ach soir uidh sin go Gaillimh bhí sé go maith. Ós rud é go raibh orm dul isteach go Baile Loch Riach níor thóg mé an motorbhealach nua M6 agus ghlach mé an sean-bhóthar. Bhí an cuar-bhóthar thar timpeall an baile thar a bheith dhainserach agus sleamhain. Cheap mé go raibh rud éigin cearr le boinn an char agus stop mé é len iad a iniúcadh. Bhí an bóthar cosúil le gloine agus is ar éigin a bhí mé i ndán seasamh air. Ait go leoir bhí na cúl bóithre ceart go leor.

Thiomáin mé abhaile ar an Luain agus bhí gach rud i gceart ar an mbóthar nua!

Inniú ta mé ar mo bhealach go Baile Átha Cliath arís. Thiomáineamar istech go Gaillimh go luath ar maidin. Ní raibh deoirí ar an mbóthar a bhí bá le sioch. Tá me ag ceapadh go bhfuil sé níos éasca tiomáint ar bóthar nuair nach bhfuil tiomáiní eile air! Bhí an aimsir ró-fhuar le dul sa cearr. Bhí lucht na haimsire ar an raidío ag rá go raibh sé go dona i lár an tíre agus san oirthear. Mar sin bheartaigh mé ar an traen a thógaint.

Tá braithlín bán ar an tír ar fad. Tá sé go deas le breathnú air agus a griain ag taitneamh. Is íontach an radharc é agus tú, deas te compóirdeach sa carráiste.

Deirtear nach bhfuil na busanna ag obair sa chathair inniú de bharr na haimsire ach tá súil agam go mbeidh mé á bhailiú ag an stáisíun. Feicfidh muid!