31.5.10

Ár ar an Mheánmhuir!

Inniú chualathas ar an ár sa Meánmhuir.

Is cosúil go raibh mioncabhlach (sé mbáid) ag seoladh go dtí Gaza na Phailistíne le cabhair do na daoine bochta ansin atá faoi léigear ag Stát Iosrael ó tháinigh an dream Hamas i gcomacht ansin ceithre bhliain ó shin ach i ndairírí sé Iosráil atá ina fhorghabháilí go neamhfhoirmealta anseo cé go séanann siad é seo.

I beag cabhair atá a ligint isteach ag Iosrael agus táid a coimeán dian-smacht ar aon rud a thagann isteach sa cheantair seo.

Is ceantair an-bheag é Gaza, timpeall fiche cúig míle ar fhiche agus cúig nó sé míle ar leithead. Tá breis is miliúin go leith ina chónaí ann an chuid is mó acu ina dteifí bochta ón áiteacha eile sa Phailistín agus Iosrael ón na chogaidh in 1948 agus sna seascaidí.

Tá an Iosrael ar ó thuaidh agus siar ón gceantair agus tá teora leis an Éigipt ó dheas. Deireann Iosrael gur ceart aon chabhair dhaonnúil a thabhairt is teach tré calaphoirt na Iosráile ach i ndairíre is beag cabhair a ligtear teacht isteach an bealach sin. Cheapfá go mbeadh níos mó chabhair ag teach trén teorann gearr atá ag Gaza le hÉigipt ach is cosúil go bhfuil ealaíon na bacóireachta foglamtha go maith acu agus tógann sé an méid sin ama an maorlathas Éigipteach a idirbheartú go bhfuil aon bhia somheata, meata!

Tá cósta fada ag Gaza afach ar an Meanmhuir agus beartaíodh ar cabhair a thabhairt i dtír i nGaza féin. Ach deireann Iosrael gur a thabairt isteach airm agus armlón a bhí siad. Chinneadar ar an cabhlach beag seo a ionsaí, rud a rinneadar ar maidin. Rud a rinneadar in uisce idirnáisiúnta ar an mórmhuir agus is cosúil go bhfuil ar a laghad deichnúir marbh.

Anois tá an Aontas Eorpach ag lorg fiosrúcháin idirnáisiúnta. Tá Aire Gnóthaí Eachtracha na hÉireann tar éis Ambasadóir na hIosráile a glaogh isteach chun a scéal a mhiniú agus chun dearcadh Rialtas na hÉireann (Béarla) a chuir i n-iúl do Rialtas na hIosráile.

Idir an dá linn tá daoine daonna, leannaí, mná, fir, gan bunriachtainisí an saol i nGaza sa bhliain 2010.

1 comment:

  1. Tabharfar cead a chinn ag an Iosraelach mar is gnáth cionn is go bhfuil an Poncánach ar a chúl.

    Is beag bua a bhéas ag an AE ar an gcás. Tógadh calaphort sa Gheása maoinithe ag an AE. Scriosadh é ag an Iosraelach. Tógadh aerphort sa Gheása maoinithe ag an AE. Mhaigh an tIosraelach go leagfadh sé aon eitleán ag éirí uaidh nó ag turlaingt ann. Níor oscladh an t-aerphort riamh.

    Lámh fhada láidir atá ag an Iosraelach, agus croí cloiche.

    Fearn

    ReplyDelete