6.3.14

Cosaint reilige!

Is fada ó scríobh mé píosa anseo. Tá an chuid tár éist titim amach ó thosaigh an bliain seo. Ar dtús bhí na stoirmeacha, ceann i ndiaidh a chéile a rinne an chuid dhamáiste sa chomharsanacht. Bhuail tintreach féin an teach s'againne an an 6 Eanáir agus básaíodh mo ríomhaire agus treallamh eile a bhain leis. Buíochas le Dia bhí muid clúdaithe le hárachás agus anois tá muid tosaithe as an nua.
Pic: Máire Bríd Uí Ráinne
Ar an gcósta deineadh damáiste ní h-amháin do Thoit Chónáin a scríobh mé faoi mí ó shin ach níos faide soir uainn ar Reilg Mhaoiris, an áit a bhfuil Bád agus Toibreacha Cholmcille and áit a mbíonn Lá an Tobar gach Meitheamh!

Thug an Aire Talamhaíochta cuairt ar an áit agus gheall sé go mbeadh airgead le fáil chun an reilig a dhaingniú arís agus lé deanaí cuireadh an pictiúir seo thuas ar líne leis an dul chun chinn atá deanta idir an dá linn.
Is minic a deanaim féin gearán faoin gComhairle Chontae ach sa chás se táid le moladh as obair mhaith, dár liom, atá deanta acu ar an suíomh seo!


1 comment:

  1. Tá súil agam go sáróidh na hoibreacha innealtóireachta buaileadh na seacht síne; mar le forthéamh domhanda, beidh na buillí ag teacht go tiubh as seo amach.

    Fearn

    ReplyDelete