5.6.14

Leamhan!


Tá mé ag foghlaim!

Thánamar ar rud a cheapeas gur féilacán é ar maidin. Nuair a chuardaigh mé na suíomheanna (mar a rinneamar nuair a ghlach mé pictiúir den mbarr buí cúpla bliain ó shin.

Leamhan flanndearg
(Tyria jacobaeae)
Ach theip orm pictiúir cosúil leis a fháil ar an lios de fhéileacán na hÉireann ar líne. Bhí an pictiúir cuíosach maith agus chuir mé suas ar an gcóras giolcaireachta twitter é. Taobh istigh de cúpla bhí freagra agam ó @ConchubharOD agus @SayersPeig (ón uaig?) ag rá gur leamhan a bhí ann, leamhan flanndearg.

Is cosúil go bhfuil se forleathan anseo in Éirinn, go mór mór ar thalamh féaraigh, ach deirtear go bhfuil sé forleathan i ngairdíní leis. Faigheann an bolb bia ón mbuachalán agus an leamhan féin ón ngrúnlas. Tá dathanna buí agus dobh ar an mbolb cosúil le dathanna beiche. Is dócha go scainríonn sé seo a chuid maimhde!

Agus a chéad ceist eile. Cad é an difríocht idir féileacán agus leamhan. Is cosúil nach bhfuil mórán. Tá sé de nós ag an leamhan a bheith amuigh san oíche ach tá cinn a théann amach faoin ngrian leis. Ac deireann @sayerspeig go gclúdaíonn an leamhan an cholainn, mar atá seisean á dhéanamh i mo phictiúr.

Nach íontach an rud é an t-idirlíon le h-eolas a fháil?

• Tá píosa ag miniú na difríochta idir an dá chineál feithide i mBéarla anseo! Agus seo píosa (molta ag @tuigim) ar shuíomh i Sasana faoin leamhan flanndearg féin agua a chuid thrithe. (Béarla)

1 comment:

  1. maith thú.
    Ní fhaca mé an boc seo riamh, ach coinneoidh mé súil amach dó, agus anois is eol dom an difríocht idir feileachán agus leamhan.
    Is maith liom an focal "flanndearg" fosta.

    Fearn

    ReplyDelete