29.1.10

Taispeántas scannáin Bhob Quinn

Ar an dara Máirt de gach mí bíonn Club Áras na nGael i gcathair na Gaillimhe mar ionad do shraith oícheanta chultúrtha. Don cheathrú oíche den sraith Airneáin sa Chathairbeidh Bob Quinn scríbhneoir agus scannánóir - Cinegael (Béarla) - ag tabhairt taispeántas ar a chlár faisnéise “Fly Tippers”. Is léargas iontach é seo ar ghrúpa daoine as Conamara a bhí ag maireachtáil i Londain sna hochtóidí. Beidh sé ar siúl ar an Máirt, 9 Feabhra 2010 ag 8:15 i.n.

Tá taifead déanta ag Bob Quinn ar saol iarthar na tíre anois ar feadh dhá scór bliain go háirithe sa Ghaeltacht agus i gConamara. Mar thoradh ar seo, tá an-cháil ar a chuid scileanna griangrafadóireachta agus scannánaíochta. Tá roinnt mhaith dhá chuid saothair bunaithe timpeall ar an Ind, an Aifric agus na Stáit Aontaithe. Tá cuid acu ar thaispeántas i nGaillimh agus in L.A. freisin, rud a leiríonn a stádas mar ealaíontóir den chéad scoth.

Tógadh i mBaile Átha Claith é agus thrial sé roinnt postanna sular shocraigh sé ar phost mar láithreoir teilifíse nuair a bhí sé seacht mbliana is fichead d’aois. I 1969 rinne sé deoraíocht ar fhéin go Conamara, an áit a tugadh a shaothair faoi deara don chéad uair. Sa bhliain 1973 nuair theastaigh ó Cinegael, le Seosamh Ó Cuaig agus Toni Cristofides (nach maireann) áilleacht iarthar na hÉireann a chaomhnú, d’fhás cáil Quinn de bharr a chuid scileanna taifeada.

Ó shin i leith tá roinnt gradam faighte aige de bharr a chuid saothair scannáníochta: Poitín (1977), the Atlantean Trilogy (1981-1984), Dunaway (1987), The Bishop’s Story (1994), The Atlantacans: Navagatio (1998) agus an ceann is déanaí Vox Humana (2008). B’iad na gradaim is suntasaigh a bhfuil faighte ag Quinn ná iad seo a leanas: i 1988 toghadh é mar bhaill d’Aosdána, Pairlimint Ealaíona na hÉireann agus i 2001 thug Institúid Scannánaíochta na hÉireann (Béarla) an gradam dó i gcomhair an “t-éacht daonna is fearr”.

Leis an sraith oícheanta chultúrtha seo “Airneán sa Chathair” tá sé i gceist pobal mhór Gaeilge na Gaillimhe agus go deimhin mórthimpeall a thabhairt le chéile. I Mí Márta beidh Máire Holmes ag cur oíche filíochta i láthair le Seosamh Ó Guairim agus Collette Nic Aodha mar pháirt de Sheachtain na Gaeilge. Chomh maith leis sin, i mí Aibreáin táimid ag súil go mór le ceolchoirm beag ó Áine Ní Dhroighneáin.

Chun costais a chlúdú beidh táille €5.00 ar an doras, €3.00 ráta lascaine. Tá súil againn go mbeidh slua mór i láthair ann chun tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge agus do na healaíntóirí iontacha seo. Bígí ann más fidir libh. Fáilte roimh chách!

1 comment:

  1. Tá óiche mhaith róimh.Mo bhuíochas leat faoin scéal faoi Bob Quinn a roinnt linn.

    ReplyDelete