Ba lá speisialta dúinn inné ach bhíomar i mBaile Átha Cliath agus ní sa bhaile.
Chinneamar le dul amach chun céiliúradh beag a dhéanamh - béile deas i bproinnteach deas a bhí i gceist againn. Chualamar go raibh áit deas ar An dTrá Thuaidh. Is ó deisceart na cathrach agus mar sin is tír iargualt é tuaisceart na cathrach. Áit a bheadh marcáilte ar na sean learscáileanna "here be dragons!" Thógamar bus isteach chomh fada le Droichead Newcomen agus is ansin atá Da Mimmo (Béarla).
Áit an-bheag atá ann b'fhéidir leath dosáen nó beagáinín níos mó bóird inti. Tá na mílte caféanna no trattoria mar seo le fáil san Iodáil ach in Éirinn níl siad chomh coitianta. Is cosúil go mbaineann sé leis an gClann Iodálach Fuscairdi, as Casalattico ó dheas ón Róimh. Cheanníodar an áit seo sna seascaidí agus thosnaíodar ag díol iasc agus sceallóga, mar a rine an-chuid iodálaigh i mBaile Átha Cliath, agus áiteann eile ag an am. Cúig bliain ó shin rinne mac na clainne sin, Tino Fuscairdi, an chuid aistrithe ar an áit agus d'oscail sé Da Mimmo, mar Sapori D Italia (Blas na hIodáile). Agus d'éirigh leis, oh d'éirigh leis cinnte.
Chomh luath agus a chuamar isteach cuireadh fáilte is fiche romhain ag an mbainisteoir (Tino é feín?). Cuireadh chun suí muid agus léamar an gnáth bhia chlár agus bhí na béiltí speisialta ar chlár dubh. Mar is gnáth i proinntithe san iodáil cuireadh arán le beagáinín pesto agus gloine uisce ós ar gcomhair agus muid ag léamh. Roghnaíos Ravioli an lae agus d'ordaigh mo bhean orchiette (cluaisíní beaga - cineál pasta). Rognaíomar boidéal deas fíon "Gavi" - fíon geal a thatníonn linn.
Gan mórán moille, thainig an bia agus bhí sé ar fheabhas. Bhí an pasta agamsa díreach i gceart, "al dente" ach ní ró chrua agus bhi anlann trátaí agus uachtair (sílim) a bhí díreach ceart. Bhí blas íontach ann nach raibh ró láidir. Bhí blas nios láidre ag anlann orecchietti mo bhean le blas ó ispíní na hIodáile istig ann. Agus ar ndóigh chuir an fíon leis an béile go mór.
Ach fagaim na rudaí is deise chuig an deireadh. An milseog! Déarfaidh éinne le aithne orm an tabhacht atá leis an mír seo d'aon bhéile liom. Deirtear, agus ní shéanaim é, go ndeanaim mo rogha den bpríomh chúrsa tár iniúcadh a dhéanamh den chuid seo den mbia chlár. Ar aon nó rine me mo rogha - trimisiú! Ar bhlais tú riamh é? Neam! Neam! Agus is beag áit in Éirinn a deanann tirimisiú ná tirimisiú Da Mimmo. Nó b'fhéidir san Iodáil!
De gnáth sé an rud a deireann liom gur proinnteach fíor Iodálach é ná an cáife. D'fhoghlaim mé ceacht nuair a bhí mé san Iodáil gan cappuchino a ordú i ndiaidh béile ach cáife - cáifé mar a deineann na hIodálaigh é. Nó mar a deirtear taobh amuigh den tír sin - espresso. Mar sin ag deireadh gach béile tá sé de nós agam cupáin espresso a ordú agus diaidh ar ndiadh is cupán beag atá beagnach lán de uisce te donn - caife istigh ann ceart go leor ach an iomarca uisce. Ruad nach fíor cupán cáife Iodálach ann, rud nach gcuirtear ós do chomhair ag aon áit san Iodáil.
Bhuel, a cháirde, is féidir liom a rá libh gur cáife ceart láidir, blasta, Iodáileach atá le fáil san áit seo.
Ná déan dearmad ar an ainm Da Mimmo ar an dTrá Mór i mBaile Átha Claith. Is fiú go mór bheith cróga agus dul ó thuaidh len é a thriail.
• Tá léarmheas i mBéarla scríofa ar Tripadviser agam! (30/9/2015)
13.9.15
Subscribe to:
Post Comments (Atom)
No comments:
Post a Comment