Ar an lá seo daichead bliain ó shin phós mé mo bhean.
Mar a dúradh le Tobias "...glac cúram do mhná...ort féin. Ón uair seo amach is tusa a fear céile agus is ise do bhean chéile; is leatsa í ón lá seo amach agus go deo. Go rathaí Tiarna neimhe sibh anocht, a mhic, agus go dtuga sé grásta agus síocháin daoibh."
Tá beirt cailín againn, mac amháin agus a bhean agus beirt gar pháistí. Tá muid ag fás!
Deireann Naomh Pól: "A fheara, bíodh grá agaibhse do bhur mná faoi mar a bhí grá ag Críost don Eaglais...ar an gcuma céanna grádh gach fear a bhean mar é féin agus tugadh an bhean ómós dá fear."
Rinne mise, rinneamar beirt, iarracht é sin a dhéanamh i rith an daichead bliain. Uaireanta theip orm, uireanta eile d'éirigh liom.
Tá súil agam gur éirigh liom níos mó ná mar a theip orm!
Ní mór dúinn iarraidh ar Dhia na glóire cabhair a thabhairt i gcónaí ar an dturas seo:
A Dhia, nuair a chruthaigh tú an cine daonna ba é do thoil é go mba aon iad an fear agus an bhean. Tá do sheirbhísigh Eoin agus Máire faoi chuing an phósta le daichead bliain inniú, Ceangail i gcónaí iad i gcuing an ghrá agus cuir rath ar a ngrá dá chéile ionas go mbeidh siad ina bhfinnéithe dílse ós comhair an tsaoil ar do ghrá-sa. |
Go maire sibh! Beidh 25 bliain curtha isteach againne mí Shamhna seo.
ReplyDeleteGo maire sibh, Dia go deo leat.
ReplyDeleteFearn
Ná bpósfar go deo arís sibh!
ReplyDeleteTréaslaím libh é
Turas fada i mbur ndiaidh, turas fada romhaibh, tá súil agam.
ReplyDeleteGo n-éirí an bóthar libh ar an chuid eile den turas seo agaibh.
Áiméan..:-)
ReplyDelete