4.4.20

Ileolai caillte!

Ní raibh mé le h-aon rud a scríobh faoin leabhair a bhí á léamh agam le cúpla lá anuas agus a chríochnaigh mé á léamh inniú*. Ach ansin inné tháinig an nuacht gur raibh an udar tar éis bás a fháil leis a víreas corónach i Londain. Saoi, Draoi agus cumadóir focail, léarscáilí agus ealaíontóir - ileolaí gan aon amhras a bhí i dTim Robinson.

Is cuimhin liom nuair a thanamar anseo go Conamara ar dtús cheannaigh mé a leabhrán bheag leis an map aon-orlach den áit. Cé go raibh sé i mBéarla bhí sé soiléar go raibh meas neamhgnách ar an áit agus ar a "eisintiúlachas" nó a bunbhrí. Bhí meas aige ar an talamh faoin a gcos idir cré agus carraig.

Ach thár rud ar bith eile, is dócha, bhí meas aige an oidhreacht agus seanachas a bhí le fáil i scéalta na ndaoine agus ardmheas ar an traidisiún a bhí léirithe in logainmneacha na háite. Chum sé focal faoi leith ar an obair a bhí idir lámha aige in Iarthair na tíre - "geophany" seachas "geography". Ní liníocht ach thaispeáint spiorad áite a bhí ar siúl aige.

Sa leabhair a bhí á léamh agam - an ceann deireannach a foilsíodh* - tá an omós, urraimeachas (má tá a lethéid d'fhocal ann) go soiléir ann. Tá an chaibidil deireannach san leabhair seo mar cineál tiomna nó uacht b'fhéidir sna cúrsaí seo.

"Among the historical roots of Ireland's carelessness of place is the retreat of its language and the accompanying anglicization of its placenames, which have been defaced, rendered dumb and sometimes reduced to the rediculous. To undo a little of this damage has been for me, an Englishman, a work of reparation." (llch 187)

In áit éigin eile scríobh sé "Irish placenames dry out when anglicised, like twigs snapped off from the tree".

Tuairisc ar TG4
Deirtear go bhfuil an nós ag na hÉireannaigh a rá go bhfuil Gaeilge maith nó a mhalairt ar dhuine agus nach ndeirtear a leithéid de rud i dtaobh aon theanga eile. Rud nach bhfuil fíor. Tá thogha an Bhéarla le fáil i scríobhnóireacht Tim Robinson. Saibhreas nach bhfuil le fáil go ró mhinic sa teanga sin.

Tá muintir Chonamara ach go h-áirithe brónach sna laethanta seo, mar atá muintir Árainn agus Muintir An Bhoirne.

Tá laoch eile liteartha caillte ar shala a cháirde Joe Steve Ó Neachtain i mí Eanáir agus Liam Mac Con Iomaire anuireadh. Go mbuaileadís le chéile sa saol eile ag roinnt agus ag saibhriú a chéile go deo.1

*  Experiments on Reality - Tim Robinson, 2019; ISBN: 978-1-844-88483-4;  Penquin Ireland
1  CF Pictiúr ag Seán Ó Mainnín tógtha i 2006 roinnte ar twitter.





No comments:

Post a Comment