Níl sé de nós agam scéalta gearra a léamh - is fearr liom úrscéalta, beathfhaisnéis nó leabhair staire. Chonaic mo bhean mé ag breathnú ar an leabhar seo i siopa Charlie Byrne i nGaillimh agus cheannaigh sí dom é i ngan fhios dom mar bhronntanas.
Léigh mé leabhair amháin leis an Titlíoch cheana. Scéal faoi eachtraí Aifreacánach óg ar a shlí chun na hEorpa "Gluaiseacht". Scéal inste go maith agus tuiscint léirithe ar saol na n-imearcach atá thár a bheith ábharthach sa lá atá inniú ann. Ar ndóigh tá colún aige san Irish Times gach seachtain.
Ach thár n-ais chuig na gearr scéalta. Sé scéalta déag atá ann atá an-difriúil óna a chéile. Tá chuile cineál scéal ann, finscéal, rómánsíocht, spóirt idir peil agus iománaíocht. Is cosúil gur féidir leis an údar é féin a chuir isteach i meon cailíní óga nó múinteoir díreach tagtha amach ón gcoláiste traenála. Agus ar deireadh bhí scéal cuíosach fada a chuir Asal Beag Dubh sean Phádraig Uí Chonaire i gcuimhne dom.
Is maith liom an bealach a scríobhann sé. Tá sé cliste ag imirt le focail agus stíl éagsúla teangan de réir már a oireann an scéal. Cúpla uair thosaigh mé ag gáirí ós ard agus mé á léamh.
Ag dul i bhfad - Alan Titley; Cló Iarchonnacht 2023: ISBN 978-1-78444-275-6
No comments:
Post a Comment