Tá an Pholainn mar Uachtarán ar an Eoraip Aontaithe go dtí deireadh na míosa (Meitheamh 2025). Mar comóradh ar an nasc idir an Pholainn agus ár dtír féin cinneadh ar thaispeántas a bheith sna Seomraí Stáit i gCaisleáin Bhaile Átha Cliath (nó Caisleán Dhuibh Linne mar is ceart é a ainmniú!).
![]() |
Constance Gore-Booth (1899) le Casimir Markievicz |
"Tá an t-ainm Markievicz ar eolas ag gach Éireannach, ach níl a fhios ag mórán cé as a dtáinig an t-ainm ná cé a thug an t-ainm sin go hÉirinn..." is mar sin a dúirt oifigeach ó Ambasáid na Polainne agus an taispeántas a oscailt. Agus an ceart aige ar ndóigh.
Is cosúil go raibh fonn ar Constance Gore-Booth a bheith ina ealaíontóir. Chuaig sí go dtí an Fhrainc agus is ansin a bhual sí le Casimir Markievicz agus ag tus an fichiú Aois phós siad i Londain. Ba ealaíontóir eisean chomh maith. Bhogadar go Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1903.
Sa taispeantás seo léirítear scéal na beirte agus a saol a bhi acu mar chuid den uasail aicme, ag cóisir, oicáidí mór i gcaisleáin agus tithe mhóiruaisle an am. Rugadh eiseann ní sa Pholainn mar ní raibh a cuid saoirse ag an tír sin go dtí deireadh an chéad cogadh domhanda - ní raibh a Pholainn ann. Rugadh san Ucráin é agus bhí tailte ag a chlann ann. Is cosúil gur chaith an bheirt ronnnt mahaith ama ansin.
Díbríodh as gcuid tailte iad nuair a tháinig na Cunmanaigh i réim 1917 agus bhog a clann ansin go dti Warsawa, áit a bhuil a sliocht go dtí an lá atá inniú ann. Is ó chlann Markievicz a fuarthas an chuid den ábhar sa taispeantás. Tagann an chuid eile ó muintir Gore-Booth.
![]() |
Casi & Con (1899/1900) |
Bhí an saol acu i mBaile Átha Cliath. Bhunaigh sé club ealaíona ann agus bhí an cháil acu i measc lucht ealíona na cathrach. Bhí "Casi & Con" lán páirteach i saol na cathrach idir scríobhnóiri, aisteoirí, lucht na Gaeilge agus eile. Scríobh sé drámaí agus ghlacadar páirt i nDrámaí. Rinne sé roinnt mhaith péintéireachta, cuid acu a bhí le feiscint anseo. Rinne sé déaradh sa teach i Lissadell atá fós ann.
Sa bhliain tár éis an stailc mór sa cathair is cosúil nár aontaigh sé le hobair réabhlóideach a bhean, ach cé nac rabhadar le chéile a thuile ní clascaradh a bhí ann agus is cosúil gur coimeadatar teangabháil lena chéile. Chuaig sé ag obair sna mBalcáin agus ansin d'fhill sé go Kyiv ar dtús agus ansin go Moscó. Ghlach sé páirt san Cogadh Mór in Airm na Rúise agus gortíodh é sa bhliain 1915 agus d'fhil se ar Warsawa ar ball.
Lean sé ag scríobh dramaí agus lean sé lena chuid péintéireacht. Tá pictiúirí dá chuid i nDánlann Náisiúnta na Pólainne. Is cosúil gur choimead sé teangabháil le Constance agus a clann i Sligeach i rith an ama san agus bhí sé lei nuair a fuair sé bás . Rinne sé pictiúr dí agus i ar a leaba ag an amm sin agus bhí sé fhéin agus a mhac (óna phosadh roimh Constance) ag an socraid.(1927).
Fuair sé féin bás sa Phólainn ag deireadh 1932.
Tá an taispeántas ar siúl sna Seomraí Stáit sa Chaislean on 22/04/2025 - 14/09/2025. Is fiú go mór dul ann agus aithen ceart a chuir ar ní hamháin Casimir Markievicz ach ar a bhean agus a saol le chéile.
Tá na pictúir (a bhí le feiscint ag an taispeantais) tógtha ón leabhair "Casimir Markievicz, A Polish Artist in Bohemian Dublin 1903-1913) foilksithe ag Ambasáid na Pollaine 2025.