14.10.19

Solas cineálta!

Bhí giolch ag Leo Varadker ar chanónú an Cairdinéal John Henry Newman aréir.

Chuir sé isteach go mór orm cuid de na tráchtanna mar fhreagraí air a bheith chomh nimneach mí-thocaireach san. Nach bhfuil spás ann in Éireann a thuile d'éinne a chreideann in Eaglais na gCaitliceach?

Naomh John Henry Newman
Cinnte bhí rudaí - agus tá - rudaí uafásach a dhéanamh san Eaglais ach mar a deireann  Pól "Go deimhin ní thuigim mo chuid iompair féin, mar ní hé an ní is áil liom a dhéanaim, ach an ní is fuath liom, is é a bhíonn ar siúl agam." 

Tá traidisiúin fós sa tír seo atá bunaithe ar chreidimh i gCríost. Nár léiríodh cuid den aigne nó meon, fiú drochdhearcadh, ag "an bhunaíocht" idir lucht ard-oideachais agus riaracháin an cinneadh gan ionadaithe a chuir  chuig an searmanais sa Róimh. Cinnte ba shearmanais reiligiúnach a bhí ann ach ag comóradh fear mór i gcúrsaí oideachais sa tír seo chomh maith. Ba chead uachtarán ar ollscoil nua in Éireann é - an céad ollscoil a bunaíodh ó 1592.

Ar ndóigh nuair a tógadh raic faoi chuir Coláiste Ollscoil Bhleath Cliath ionadaí agus cuireadh Aire Oideachas go dtí an Róimh ar deireadh. Ach mar a deireann Alan Titley sa Times inniú, "Dhá chúis a bhí leis an doicheall bunaidh. Bhain ceann amháin díobh lena chuid Chaitliceachais, agus an ceann eile lena chuid tuairimí oideachais. Ar a laghad, léirigh siad go rabhadar in-náirithe."

Ag caint ar Newman féin agus an trí bhliain a caith sé i mBaile Átha Cliath is fíor nár cuireadh fáilte roimhe ag gach éinne, fiú na heaspaig féin. Ar ndóigh bhí lucht caol-aigeantach udaráis na hEaglaise imníoch faoin a thuairimí faoin oideachas a bheith oscailte agus ag spreag agus ag gríosaigh iad siúd a bhí ag freastail. Nár léirigh na nEaspag i lár an naoiú aois deag agus "bunaíocht" an lae inniú an dearcadh caol céanna? Ar bhealach d'fhéadfá a rá gur dibríodh as an tír é! Plus ça change, plus c'est la même chose!

Nár dhírigh an tUachtarán Ó hUiginn le deanaí ar an bhfadhb ceanann céanna nuair a dúirt sé le déanaí (i mBéarla) go nglacann an chuid daoine "a narrow and utilitarian view of ... an education – that we exist to be made useful – which leads to a great loss of the capacity to critically evaluate, question and challenge." Nach macalla é seo ar dhearcadh an naoimh aitheanta nua?

Meas tú an bhfuil an ceacht sin foghlamtha ag lucht ollscoile nó an gá don bpobal iad a náiriú i gcónaí!
Giolch an Taoisigh Leo Varadkar aréir!

No comments:

Post a Comment