Bhíomar i mBaile Átha Cliath lenár n-ioníon, don Nollaig i mbliana agus mhol mo bhean dom dul chuig Reilig Glas Naoín chuig uaigh mo thuismitheoirí. Cleas b'fhéidir mé a chuir as an teach agis iad ag ullmhú do béile níos déanaí sa lá?
Tá sé an suimiúil bheith ag tiomáint i gcathair ar maidin Lá Nollag. Is beag trácht atá ann agus corr dhuine ar na gcosáin - corr duine ag déanamh ar an Aifreann b'fhéidir.
Níor thóg sé mórán ama Reilig mór Ghlas Naoín a bhaint amach. Bhí na sluaite ann - rud nach raibh mé ag súil leis. Ní raibh seirbhís bus ar siúl ar ndóigh agus mar sin bhí carranna páirceáilte ar thabh an mbóthar mór Fionglaise. Bhí bláthanna, plandaí agus bláthfhleasca chuilinn á dhíol ag na geataí. Bhí veaineanna ag na díolteoirí lán go duras dá gcuid earraí.
Chuaigh mé isteach ag geata agus bhí siúlóid cuísach fad le déanamh agam go dtí an áit ina bhhuil mo mhuintir curtha. Mar a dúirt mé bhí an-chuid daoine ann agus iad á beannú a cheile. "Nollaig Shona!" "Beannachtaí na Nollaig!" "Lá deas!" agus eile. Cuid acu bhí bláthanna le leagan ar uaigh a mhuintire.
Agus mé ag siúl thug mé faoi deara go raibh ceithre no cúigear leads le gluais rothair ag uaig máisithe go mór - leach a bhí maisithe go gáifeach (dár liomsa). Cheap mé go raibh sé go deas go mbeadh leads óga, déagóirí deanach nó luath feichidí, ag tabhairt ómós dá comráidí b'fhéidir. Thosaigh siad a rothair ansin, ní Harleys a bhi ionta ach bhféidir cinn níos eatroma - rothair sléibhe(?) ach bhí torann glórach astu - omós de short éigin eile a bhí ann. Bhí se deas!
Shuíl mé ar aghaidh thár uaigeann eile, Túr Uí Chonaill agus uaig an Coilleánaigh chomh fada le uaig mo shínsir. Tá ár shin shean athair agus a bhean ann (Mac Cába - athair & máthair mo shean mháthar féin), cuid dá bpáistí (bhí aithne agam ar beirt acu) agus ansin m'Athair agus mo Mháthair. Duairt mé paidir beag ar a son ar ndóigh. Is i sean-chuid den reilig atá se o 1886. Cuireadh an leach ann nuair a fuair mo mháthair bás. Nach íontach an méid gur féidir a fhoghlaim ó leach in reilig. Agus nach íontach an méidTá na Rianaigh curtha in áit éigin eile sa reilg ach bhí an uaig sin "lán" nuair a fuair mo thuismitheoirí bás.
Ansi thug mé aghaidh chuig Áit Uaighe na n-Aingeal atá in aice leis ina bhfuil deifiúir óg againn (3 mhí) curtha. Scríobh mé píosa faoi sin cheanna.
Thosaogh mé a siul thár n-ais chuig an charr ansin. Agus mé beagnach ann thug me faoi dear a fear ag seasamh go ciúin ós comhair. Sílim go raibh sé sna daicheadí. Bhí cuma an bhrónach, aonarach air. N'fheadair cén scéal a bhí ansin, bean óg b'fhéidr a d'fhag "gan cara, gan compánach" é. Duirt mé paidir beag ar a shon leis. Chuir sé an ndán úd le Pádraig Ó hÉigeartaigh ag caoimeadh a Dhonncha óg.


No comments:
Post a Comment