12.10.09

Scéal brónach

Bás amhránaí óg eile

Fuarthas coirp Stephen Gately ar an Sathairn. Ni raibh sé ach 33 bliain d'aois.

Ní raibh aithne agam ar. Is beag eolas atá agam ar a shaol ná ar a chuid cheoil. And t-aon rud a bhí ar eolas agam faoi ná go raibh claonadh aige i dtreo na fír. Bhí sé aerach!

I cosúil gur duine tarraingteach, ciúin, béasach a bhí ann. Is cinnte go raibh cion mór ag a phobal air.

An céad smaoineamh a bhí orm nuair a chuala mé an scéal ná a aois, 33 bliain. An aois céanna a bhí ag ár shlánaitheoir nuair a básíodh é. Spéisiúil mar smaoineamh.

Níl cead agam, ní cheart dom , breithiúnas a thabhairt ar roghanna saoil aon duine. Tá go leor le deanamh agam le mé fhéin a choimeád ar an mbóthar ceart. Ach tá daoine ann a déinfidh cáineadh ar a bhfear seo agus ar na roghanna a rinne sé. Seans nach bhfeiceann siad an béama atá ina súil féin.

Tá súil agam go raibh saol sásúil ag Stephen Gately. Go raibh tioncar maith aige ortha siúd a bhuail leis i rith a shaol gairid. Tá súil agam leis go mbeidh sólas ag a fhear. Cé nach dtuigim an cineál sin gaol idir beirt den gnéas céanna is cosúil go raibh grá doimhin idir an bheirt seo. Agus ní peaca an grá.

Ar dheis Dé, go raibh sé, go gcánadh sé leis na haingil i gcuideachta lucht an ghrá mar mar a deireann an soiscéalaí is é Dia an grá. Go mbeadh an Dia céanna ina shólás agus ina dhídean dúinn go léir.


Seo Amhrán do Stiofán scríofa ag Marion Gunne a deireann "gan choinne a tháinig éirim an amhráin sin chugam le moch maidine inniu!"(16/10/2009)
(Fonn: “No Matter What” le Boyzone)


Curfá:
Is cuma cad a deir siad
Maidir le beart is briathar
Is cuma faoina dteagasc
Linne an lá sa deireadh thiar

Meabhraimis fios ár mbealaigh
Más cogadh ann de shíor
Meabhraigh an rud is tábhachtaí
Mar atá, duit féin bí fíor

Seasaim leis an rud is ceart
Dar liomsa, seachas cách,
Bíodh saol fada ann nó gearr
Sealbhaím an grá go brách

Dá mb’ionann gol is gáirí
Dá mb’ionann oíche is lá
Dá mb’ionann fáil is iarraidh
Chloisfimis guth Dé a rá


Curfá

Is mé do choimhde is do sciath
Is cumhachtaí tú dá chionn
As áit nach léir ach fásach
Tig aisling úr anonn
Pé ceannasaí a leanann siad
Pé áit a bhfuil a dtriall
Pé breith a thugaid orainn
Bainfeadsa an t-uaigneas díot
Más doineann nó más soineann dúinn
Más olc nó maith ár scéal
Is cuma cad is críoch dó
Ó chuir tú tús lem shaol

Cas amhráinín do Stiofáinín
Glac leis an saol go réidh
Ar ndóigh, ar ndóigh,
Beidh an grá ann amárach
Díreach mar a bhí inné
Is cuma cad

Foilsithe le caoin chead ó Marion Gunne

3 comments:

  1. Go ndéanaí Dia trócaire ar a anam.

    ReplyDelete
  2. Buachaill deas gan dabht agus é ró-óg ag fáil bhás.Go n-deana Dia trochaire ar a anamh.

    ReplyDelete