7.6.10
Thuas seal thíos seal!
Bhí mé is Sasana ag bainis i rith na deireadh seachtaine agus thaistigh ó na mná dul ag siopadóireacht i Chester, cathair ársa atá ar abha Dee agus gearr do theorainn na Breataine Bige. Is sean cathair Rómánach é Chester - is dócha go dtagann an ainm ón bhfocal Laidineach "castra" - ach tá an ailteareacht ó aimsir Tudor ann agus tá na sean sráideanna le siopaí ar dhá stóir - tugtar "rows" ortha. Tá tuilleadh faoi i Wikipedia (Béarla).
Nuair a bhíomar ann bhí paráid de chuid airm na Breataine, le cheol agus saighdiúirí a bhí gléast don cogadh sa bhfásach san Iaráic is dócha. Bhí na daoine ar thaobh an mbóthar ag bualadh bos dóibh - "our boys" - ach cheap mé nach ag tabhairt tacaíocht don cogadh a bhíodar ach do na buachailí óga a chuireann na poiliteoirí amach chun troda sna áiteacha seo. Tá mé ag ceapadh go rabhadar ag dul nó ag teacht abhaile ó thréimse soir ann.
Nil an cathair chom mór sin agus rinneadar máirséail thuas an mbaile agus ansin casadar timpeall agus thanadar anuas. Smaoinigh mé ar an Grand old Duke of York a rinne a chuid saighdiúirí a máirseáil thuas agus thíos cnoc agus nuair nach rabhadar ach leath bhealaigh thuas ní rabhadar thuas nó thíos...
Nach ait na smaointe a buaileann le duine?
Lipéid
Airm na Breataine,
Chester,
Cogadh,
Sasana
Subscribe to:
Post Comments (Atom)
"our boys" ?
ReplyDeleteÓs rud gur bhunaigh an Rómhánach an chathair sin, is cuí a chuimhniú gur thug sé "nostri" ar na saighdiúirí aigesean.
Iarsma impireachta?
Is léir nach bhfuil aitheantas ag an cailíní a shiúlann i mbéal an bháis ar ordú rialtais go fóill
Fearn
Quad erat demonstrandum? Meas tú?
ReplyDeleteBhal, níl mé cinnte cad tá le demonstrere.
ReplyDeleteAch mar a deir an seanfhocal "Cad a dhéanfadh mac na himpireachta ach mionphobal a mharú?"
Fearn