19.11.10

Duais mór nuachtáin idirnáisiúnta do Ghaelscéal

Tá aitheantas idirnáisiúnta tugtha don nuachtán náisiúnta Gaeilge, ‘Gaelscéal’, agus gan é ach sé mhí ar an bhfód! Tá ceann de na príomhdhuaiseanna sa Chomórtas Eorpach Nuachtáin (Gearmáinis) buaite ag an nuachtán, a bhíonn ar fáil ar fud na tíre gach Aoine agus ar líne.


Gaelscéal ist ein sympathischer Newcomer aus Irland in gälischer Sprache. Die sehr kleine Mannschaft aus 3 Redakteuren, einem Fotografen und einem Layouter zeigt, was man mit gutem Design und Konzept erreichen kann: eine sehr moderne Zeitung.

Die Typografie ist zeitgemäß und unverwechselbar, die Leserführung mit kleinen Landkarten sehr klar und übersichtlich.

Das Projekt startet vielversprechend und es bleibt zu hoffen, dass sich Gaelscéal auch in den kommenden Jahren am European Newspaper Award beteiligt.
Roghnaigh painéal de shaineolaithe agus dearthóirí idirnáisiúnta nuachtáin an foilseachán ‘Gaelscéal’ as 219 nuachtán ó 27 tír san Eoraip as ucht ‘feabhas an dearadh agus ardchaighdeán an t-ábhar, cé nach bhfuil acu ach foireann bheag’. Bhí Gaelscéal san iomaíocht le mór nuachtáin na hEorpa ar fad, leithéid an ‘Bild Zeitung’ ón Ghearmáin a dhíolann 3 mhilliún cóip sa lá.

Deir Bainisteoir Tionscadail Gaelscéal, Trevor Ó Clochartaigh, go bhfuil ríméad orthu faoin duais. ‘Is aitheantas iontach é seo ó phainéal daoine a bhfuil scil faoi leith agus taithí na mblianta acu in earnáil na nuachtáin. Tá moladh tuillte ag an fhoireann ar fad, an lucht deartha, eagarthóireachta agus díolachán, gan trácht ar na scríbhneoirí agus colúnaithe ar fad a chuireann ábhar den scoth ar fáil dúinn ó sheachtain go seachtain. Deimhníonn an duais go bhfuil muid ag comhlíonadh ár ngealltanas d’Fhoras na Gaeilge agus pobal na tíre go gcuirfeadh muid nuachtán ilghnéitheach, nua-aimseartha d’ardchaighdeán ar fáil ar fud an oileáin agus ar líne agus tá muid buíoch dóibh as ucht an mhuinín a chuireann siad ionainn agus do na léitheoirí agus fógróirí ar fad a thacaíonn linn. Tús maith leath na hoibre, deirtear agus beidh Gaelscéal ag iarraidh barrfeabhais a chuir ar an nuachtán go leanúnach as seo amach chomh maith.’

Deir Ciarán Dunbar, Eagarthóir Gaelscéal, ‘Léiríonn an deascéala seo, go bhfuil muintir na hÉireann ábalta a bheith chun tosaigh sna meáin agus deiseanna nua a chruthú a sheasfaidh an fód in aghaidh comórtas ar bith ar domhan, ach an misneach a bheith againn tabhairt faoi. Tugann seo spreagadh dúinn feabhas agus forbairt bhreise a chuir ar Gaelsceal sna míonna agus blianta atá romhainn.’

Deir Colm McSherry, dearthóir Gaelscéal, “Is onóir ollmhór é seo a bheith curtha san áireamh i measc cuid de na dearaidh is fearr san Eoraip agus a bheith aitheanta ag na dearthóirí clúiteacha seo – go hairithe tar éis ocht mí go díreach”

Bronnfar na 12ú Duaiseanna Eorpacha Nuachtáin le linn na Comhdhála Eorpaigh Nuachtáin i Vín, príomhchathair na hOstaire mí Aibreán seo chugainn. Beidh Foireann ‘Gaelsceal’ ar an ardán ansin leis na buaiteoirí móra eile ó ‘Diario de Noticias’ as Madeira na Portaingéile, ‘Bergens Tidende’ ón Iorua, ‘Politiken’ na Danmhairge, an ‘Sunday Herald’ as Alba agus ‘Frankfurter Rundschau’ na Gearmáine.

Is comhfhiontar é ‘Gaelscéal’ idir Eo Teilifís agus an ‘Connacht Tribune’. Tá oifigí acu sa Spidéal agus i nGaillimh agus buanfhoireann de chúigear acu. Tá painéal leathan de scríbhneoirí agus colúnaithe fud fad na tíre agus thar lear ag ‘Gaelsceal’ chomh maith, a chuireann ailt ar fáil go rialta. Bíonn meascán de nuacht, cúrsaí reatha, nuacht réigiúnach, gné-ailt, anailís, ábhar oideachasúla agus spórt le fáil i Gaelscéal gach seachtain.

1 comment:

  1. Aidhe, comhghairdeas a Ghaelscéil.

    Taitníonn tú liom


    Fearn

    ReplyDelete