8.2.11

Díospóireacht na dTaoiseach dóchasacha

Beidh gné nua sa bhfeachtas olltoghcháin reatha mar gur dheimhnigh TG4 inniu go gcraolfaidh sé an chéad díospóireacht cheannaireachta riamh as Gaeilge ar an teilifís ar an gCéadaoin 16 Feabhra. Ghlac ceannairí Fhine Gael, (Béarla) an Lucht Oibre (Béarla) agus Fhianna Fáil (Béarla agus beagáinín den Gaeilge tríd!!!), an triúr atá san iomaíocht do phost an Taoisigh san Olltoghchán, le cuireadh TG4 páirt a ghlacadh sa díospóireacht speisialta seo.

An Réiteoir
Beidh sí ar an gcéad díospóireacht triúir idir Enda Kenny, Éamon Gilmore agus Micheál Ó Máirtín ó thús an fheachtais. Is í Eimear Ní Chonaola, láithreoir Nuacht TG4 a bheidh sa gcathaoir ar an díospóireacht, a tharlóidh i gCeannáras TG4 i mBaile na hAbhann agus a chraolfar ag 7pm (athchraolta ag 10.30pm an oíche chéanna sin).

Pléifear sa díospóireacht polasaithe na bpáirtithe ar mhórcheisteanna an fheachtais – an eacnamaíocht, fostaíocht, airgeadas poiblí, aisíoc na bhfiacha náisiúnta, leasú ar an gcóras polaitiúil, sláinte agus imirce – nithe nach bhfuil na ceannairí ar aon fhocal fúthu. Díreofar freisin sa díospóireacht ar cheisteanna a mbeidh suim ar leith ag lucht féachana TG4 iontu – an Ghaeilge, cúrsaí oideachais, forbairt réigiúnach, an Ghaeltacht, talmhaíocht agus iascaireacht. Craolfaidh TG4 fotheidil Bhéarla ar an díospóireacht mar áis don lucht féachana nach bhfuil lán-líofacht Ghaeilge acu.

D’fháiltigh Ardstiúrthóir TG4, Pól Ó Gallchóir, roimh dheimhniú na gceannairí go mbeidh siad páirteach sa díospóireacht chraolta seo. “Is ábhar bróid dúinn an craoladh ceannródaíoch seo,” a dúirt sé “agus is mór againn chur leis an dioscúrsa náisiúnta le linn an fheachtais Olltoghcháin.”

Dhearbhaigh sé gur beartas tábhachtach do stádas agus do phróifíl na Gaeilge í an díospóireacht stairiúil seo agus mhol sé na ceannairí a thoiligh a bheith páirteach inti mar léiriú ar an stádas lárnach sin.

2 comments:

  1. "Enda Kenny, Éamon Gilmore agus Micheál Ó Máirtín"

    Cén fáth nach bhfuil Gaeilge curtha ar ainmneacha na beirte eile? Tá Gaeilge níos fear acu.
    Déarfainn go bhfuil tú ag taispeáint do chlaonadh polaitíochta!

    "Díospóireacht na dTaoiseach dóchasacha"

    An gcreideann tú nó TG4 go bhfuil seans ar bith go mbeidh Michael Martin ina Thaoiseach, nó Gilmore fiú.

    ReplyDelete
  2. Ní claonadh pearsanta é seo ach b'shin mar a scríobh TG4 féin iad iad. Measaim féin go leor sloinne amháin d'éinne. Ní glaotar Joe Green ar Guisseppi Verdi. Ar aon nós ní fios dom cad é an leagan ceart Gaeilge ar Kenny nó Gilmore.

    ReplyDelete