Inné rinneamar an chéad phíosa de thuras go dtí na mór roinne. Thógamar bealach nua aniar ó Ghallimh soir ó dheas go Ros Láir.
Bé tré Luimneach, Tiobrad Árainn, Cluan Meala, Pór Lairige agus Ros Mhic Treoin an turas a bhí againn i gcónaí ach chuir mé ceist ar Googlemaps ar an mbeallach is fearr. Agus roghnaíodar bealach eile ar fad.
Béile ar An tSráidbhaile! |
Stopamar ag An Sráidbhaile (Co Laoise) le haghaidh beagáinín le n-ithe i gcafé beag neamhthaispeántach an Court Restaurant. Áit deas glán le bia maith folláin blasta, den sean-déanamh.
Leanamar ar aghaidh agus shroicheamar Ros Láir timpeall ceithre uair ón uair a fhágamar cathair na Gaillimhe.
Anois ar agahaidh linn ar bhórd an Oscar Wilde!
Ros a'Mhíl go Ros Láir |
Go dtí tú slán, a chara..:-)
ReplyDeleteGo néirí an bóthar (agus na tonnta ) libh,
ReplyDeleteFearn
Níl na tonntracha ró-árd! I ndairíre táid an chúin, BLD!
DeleteGo maire siad ciúin dhaoibh!
DeleteFearn